Pota Focal Intergaelic
conjurer | aló | aos | lao | aol | aol-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
cloigeann mhór a bheith ort to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
" Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
amharcóidh sé fosta he will also look
" Agus amharcóidh sé fosta ar na slite beatha nua a dtéann siad leo in ionad na múinteoireachta, agus cén fáth.
leis also
" Ach bhí sé cairdiúil le ceoltóirí leis, mar sin tugaimid gach éinne isteach chun go mbeadh ceol agus rince ann chomh maith.
leis also
" Bhí tráth, nach fada ó shin é, a raibh daoine sa pharóiste nach raibh aon Bhéarla acu ach anois tá formhór na n-áitreabhach sa pharóiste dátheangach agus nuair a thagann an chrú dtín dtairne is é an Béarla is fearr leis an ndream óg a labhairt.
Cumann tú amhráin freisin you also write songs
" AÓF: Cumann tú amhráin freisin, nach gcumann? Céard a spreagann chun cumadóireachta thú? DNíS: Is cumadóir mé ceart go leor.
níos faide soir fosta further east also
" Ach tá a leithéid scaipthe fud fad iarthar na hEorpa, agus níos faide soir fosta, mar shampla in aice leis an Mhuir Dhubh, san Iordáin, agus fiú sa Chóiré.
leis also
" Ach tá cáipéisí oifigiúla de chuid sheirbhís rúnda na Breataine, MI5, agus phóilíní Nua-Eabhrac feicthe ag Beo! a thugann léargas eile ar fad maidir leis an saghas duine is ea David Rupert.
leis also
" Nuair a d'fhógair méara Chontae Laoise, Joe Digan, an mhí seo caite, go raibh súil aige seanionad banaltrais in aice Chúl an tSúdaire a chóiriú ina ionad d'fhir gan dídean, chuir ní hamháin ionadaithe ó na páirtithe polaitiúla eile ina choinne ach chuir go leor óna pháirtí féin leis.
leis also
" Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.
leis also
" Chailleas cuid acu don fhalsacht, ar ndóigh, ach chloígh an chuid ba mhó acu leis na ranganna.
leis also
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
leis also
" " Deir sé gur cuidiú mór a bhí ann fosta eagarthóirí cumasacha a bheith ag plé leis an saothar.
leis also
" B'ollmhór, draoibeach, bréan a bhí sé, mar namhaid, agus seanléine air nár níodh leis na blianta, mar aon le gruaig chasta, rópach, neamhfhaiseanta.
leis also
" Cé go dtéann cinneadh santach na bpáirtithe polaitíochta stop a chur leis an bheirt seo ainmniúcháin d'fháil glan i gcoinne spiorad an daonlathais, tugann an méid atá ag tarlú thall faoi láthair i Stáit Aontaithe Mheiriceá orm a cheapadh go mb'fhéidir go ndearnadar an rud ceart.
leis also
" Ní raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d'fhill sé abhaile i ndiaidh na hócáide (ní raibh an fhoireann fógartha roimh ré) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine.
leis also
" AÓF: Ar chas tú mórán i nGaeilge agus tú thar lear? Cén chaoi ar thaitin sin leis na héisteoirí a bhí agat? MÓS: Is dócha gurb é tocht agus fonn an amhráin na rudaí tábhachtacha.
ag brath freisin ar intending also
" Bhí an rialtas ag brath freisin ar an gcás a chur os comhair na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta san Háig.
leis also
" Thiomáineamar go hIonad Ealaíon Chluainín Uí Ruairc i gContae Liatroma leis an taifeadadh a dhéanamh.
leis also
" Ach ní raibh baint ag an IRA leis, dar leis an bpáipéar – naimhde phróiseas na síochána faoi ndear an bhásaithe.
dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin. if they could also win the other three.
" Fiú ag déanamh talamh slán de na cúig shuíochán thuasluaite, b’iontas amach is amach é dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin.
Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin I also want to congratulate the Roscommon hurlers
" Dochreidte! Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin as a mbuanna i gCorn Nicky Rackard agus i gCraobh Faoi 21 B na hÉireann, agus le foireann Dhoire Faoi 21 a bhuaigh Craobh Uladh agus buanna maithe ar an Dún agus ar Aontroim i gceist.
a sheinneann an fheadóg chomh maith who also plays the whistle
" AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam? LMacM: An píobaire Mícheál Ó Briain, a sheinneann an fheadóg chomh maith ar an albam, Caoimhín Ó Raghallaigh ar an bhfidil, ar an bhfeadóg mhór agus an bhfeadóg stáin agus ar uirlis thaibhsiúil ón Iorua darb ainm an hardanger.
tá peil ollscoile ann, there is also university football,
" Chomh maith leis sin, tá peil ollscoile ann, a imrítear sa séasúr céanna, atá in ainm is a bheith neamhphroifisiúnta.
fosta also
" Seo achoimre bheag ar Kings, scannán Gaeilge atá i mbéal an phobail anseo in Éirinn ach atá ag tarraingt airde air féin i Meiriceá fosta.
Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise evidence was also ignored
" Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise atá ag Gaelscoileanna fadbhunaithe a léiríonn, dar leo féín, nach raibh aon cheist faoi chaighdeán an Bhéarla atá ag a ndáltaí – ach a mhalairt.
a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith. who is also musically talented
" Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith.
Ina theannta sin also
" Ina theannta sin, cuireadh i gcuimhne dúinn gur chun leas na tíre atá an borradh seo faoin daonra.
leis also
" Ní hionann sin le rá, áfach, nach bhfuil a gcuid déanta acu ar son na teanga agus níl dabht ar bith ach go dtapaíonn an eagraíocht, agus a n-Ard Stiúrthóir, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, gach deis leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
fosta also
" Glacaim leis fosta nár cheart ciorruithe dá leithéid a cháineadh gan a mhalairt de bheartas a chur chun cinn.
Anuas ar sin also, as well as that
" Anuas ar sin, tá mótarbhealach leathan agus bóthar eile eadrainn.
cuideachd also
" Bidh cuideachd cuirm òigridh ann an Eden Court air oidhche h-Aoine, 19 Òg-mhìos, far am faicear air an àrd-ùrlar cuid de na còmhlain dheugairean as fhèarr a' seinn ann an diofar chànanan Ceilteach agus Albais.
fosta also
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
eisean he also
" Lean cáil chrógacht Jim Kenny eisean isteach sa tsíoraíocht chomh maith.
ag teip fosta failing also
"ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
Fritheadh fosta was found also
" Fritheadh fosta gur bhraith gasúirí go raibh sé níos fusa labhairt le fir faoi chúrsaí maistíneachta agus faoi fhadhbanna chaithreachais.
leis also
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
lena chois sin also
" net) Bhí sé crua le mo linn, ach thugadar an-oideachas teicniúil do dhuine, ach lena chois sin, bhí meas ar luach an duine.
leis also
" Bhí an banna ar mire leis – óir bhí orthu dhá amhrán a chanadh seachas na trí chinn a bhí ag dul dóíbh.
fosta also
" Bhí Conraitheoirí eile as Glaschú agus as Manchain ann fosta, chomh maith le baill den Manchester Irish Language Group, an Coventry Irish Society agus as Coláiste na nGael, atá lonnaithe in Essex agus Londain.
fosta also
" Bhí prátaí liom fosta a bhain m’athair díreach amach as an talamh.
san áireamh also, included
" Bhí fórsaí as 22 tír páirteach san oibríocht, díorma Éireannach san áireamh.
fosta also
" Tá a ghnó caomhnaithe féin aige fosta : thethatch.
fosta also
" Bhí an folús cló le feiceáil fosta sa chíoradh a bhain leis an idirbheartaíocht maidir leis an Straitéis Fiche Bliain i leith na Gaeilge agus plean tárrthála na Gaeltachta.
fosta also
" "*He was a member of the Irish Parliament which passed a bill to castrate Irish priests in 1719*," a dúirt sí fosta.
leis, ar ndóigh also indeed
" Tá cur amach againn, leis, ar ndóigh, ar an mbrúidiúlacht a imríodh ar mhuintir na hIaráice le linn do Shaddam a bheith i gcumhacht ó 1979 go 2003.
Anuas air sin also
" Anuas air sin tá foclóir ar líne acu.
Ina theannta sin also
" Ina theannta sin, cuirfear ranganna ar fáil d’éinne ó fhoireann Rialtas na hAlban gur mian leo an teanga a fhoghlaim agus maítear go dtabharfar tuilleadh deiseanna inmheánacha dóibh í a úsáid.
fosta also
" Ba chúis mórtais dúinn gur tugadh an dara Duais Booker d’Éireannach as Learpholl, JG Farrell ag tús an tsamhraidh fosta, as a leabhar *‘Troubles’*, 40 bliain tar éis lá a foilsithe.
fosta also
" B’fhada nimh san fheoil ag an dá dhream dá cheile, le linn na dtrioblóidí ach ag dul siar sa stair fosta sular tháinig an tIRA ar an saol.
Cuimhnímis leis let’s remember also
" Cuimhnímis leis, go bhfilleann an plaisteach ar an bplaistire!
tógfaidh tú an tigh leis you’ll build the house also
" “Ól é sin!” arsa é “Ól piúnt na haon tráthnóna is tógfaidh tú an tigh leis”.
Sna sála ar sin also
" Sna sála ar sin, léirigh Tuarascáil Harris (féach an nasc) a foilsíodh in Iúil na bliana 2006 a dhonacht is a bhí caighdeán na Gaeilge i mbunscoileanna na tíre.
fosta also
" ”* Turas a bhí ann do na taobhanna éagsúla fosta - próiseas seachas ócáid - inar tháinig siad i méadaíocht in imeacht ama.
san áireamh as well, also
" Rúiseach doscúch é Artur Chilingarov, a bhfuil 80 bliain slánaithe aige, agus an chuma air gur tháinig sé díreach ó ré chlasaiceach na dtaiscéalaithe, féasóg mhairnéalaigh san áireamh.
fosta also
" Ba cheoltóir é fosta.
Feabhra, leis February also
" Comhairim na laethanta is faighim amach go bhfuil mí Feabhra, leis, tagtha is imithe ar nós brionglóide.
dáiríreacht freisin a serious side also
" Má tá greann i gceist leis an slógadh, tá dáiríreacht freisin - is comhartha é do Ghlenn Beck agus dá lucht leanúna nach féidir leis a shlógaí polaitiúla a eagrú gan freagra éigin.
Anuas ar sin also
" Anuas ar sin, rinne na gabhálaithe Eorpacha léirscrios ar a ngnáthóga agus iad ag glanadh na talún le tionscail tuaithe éagsúla a bhunú.
Tuigtear freisin it’s understood also
" Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero! Criogair na hÉireann agus na Gréige ================ Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean.
fosta also
" Ní miste a rá fosta gur éirigh go breá leis an chuairt, agus léi féin, ar mhórán bealaí.
áiteacha nach iad other places also
" Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
fosta also
" Tá roinnt eolais ann faoin fhoireann fosta.
fosta also
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
fosta also
" Bhí a dheartháir, Irish Guardsman John Davies, i láthair fosta.
fosta also
" Bhí go leor daoine cáinteach fosta nach raibh spriocóg faoi leith leagtha síos don Ghaeltacht sa Dréachtstraitéis laistigh den 250,000 sin.
Chomh maith leis sin also
" Chomh maith leis sin, d’fhéach sí lena glór féin a úsáid mar ábhar ina saothar.
ina theannta sin also
" Iontu féin, is cuntas iad ar eachtraí a tharla, agus ina theannta sin oibríonn siad chun forleathnú a dhéanamh ar an téacs.
fosta also
" Choinnigh mé orm an bealach trí pháirceanna agus coillte lastuaidh den abhainn, agus cé go raibh sé deas, bhí sé cineál uaigneach fosta agus shíl mé gur ainm contráilte a bhí ann, Slí Ribble.
freisin also
" ”* Tábhacht Leanúnach Fhadtéarmach =============== Is dóigh liomsa go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfeicfimis freisin go bhfuil tábhacht leanúnach fhadtéarmach ag baint le cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí na teanga.
do TG4 leis for TG4 also
" Dhein sí ceann do TG4 leis.
freisin also
" Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
leis i mbliana also this year
" ) Bíonn gach Tosú Conspóideach ================ Bhí conspóid bainteach leis an dámhachtain ón chéad lá riamh, mar a léirigh an scéal thuas, agus bhí cúrsaí amhlaidh leis i mbliana, mar a mhíneoidh mé thíos.
fosta also
" Itheann siad feithidí beaga ar chlocha nó ar an bhféar, análaíonn siad fad is atá siad ar thalamh tirim agus iad lánábalta an cleas seo a dhéanamh faoin uisce fosta.
chomh maith also
" Táim i mo bhall de chumann iomána Bhaile Uí Bhearaigh chomh maith agus bím ag oiliúint daoine óga san iománaíocht.
freisin also
" Bhínn ag déanamh a lán reatha trastíre freisin ar scoil agus bhuaigh mé Craobh na hÉireann faoi 16 bliain i 1976.
fosta also
" Tá rialtas coimeádach Aontachtach sa Bhreatain fosta agus tá faoiseamh éigin ansin dóibh.
úsáidtear leis is used also
" Baintear feidhm as iriseoirí cathrach chun na scéalta a ghoradh nó a fhás agus úsáidtear leis Twitter agus Facebook agus ligtear do na léitheoirí iad féin gach uile scéal a chíoradh ina bhfocail féin.
fosta also
" ” Toraigh á Léiriú ======== Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais.
Ceapaim arís I also feel
" Ceapaim arís go bhfuil dearcadh i leith na Gaeilge i nGaillimh athraithe, níl mé ag rá mar gheall ar Ghaillimh le Gaeilge amháin.
chomh maith also
" Caithfidh mé a rá gur chuireas féin dóchas ann chomh maith nuair a ceapadh é i 1997 mar Aire Sóisearach le freagracht na Gaeltachta/Gaeilge.
fosta also
" Agus bhí sonóg na reisiminte, Conmeal an faolchú, i láthair fosta chun an uasmhéid poiblíochta a fháil sa nuachtán áitiúil *The Liverpool Daily Post* agus nios mó earcach a mhealladh ón chomhphobal de bhunadh Éireannach anseo le taobh na Mersey, nó ‘ar lannau Merswy’.
freisin also
" Caithfear a rá freisin go bhfuil réada go leor eile ann a bhaineann le hÉireannaigh abhus a bhí frithúdarás, go fiú réabhlóideach, leithéidí William Smith O Brien, Charles Gavan Duffy agus Michael Dwyer as Cill Mantáin.
fosta also
" Dar leo tá siad tinn tuirseach fosta de bheith ag teacht i gcabhair ar na náisiúin Eorpacha eile a chaith a maoin go rabairneach.
fosta also
" Ba láidir an caidreamh a bhi eatarthu ach bhí sé casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic.
fosta also
" Tá triúr fostaithe go buan san ISS, agus oibríonn achan duine eile go deonach.
an-áisiúil leis very handy also
" Is breá liom an cláirín Instagram freisin a bhfuil gnéithe líonraithe ann féin a thaitníonn liom thar, mar shampla, CameraPlus atá an-áisiúil leis.
freisin also
" Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit.
fosta also
" Tugtar ‘sárurghaire’ air cionn is go gcuirtear cosc, chan amháin ar fhoilsiú an eolais ach ar aitheantas an té atá i gceist fosta.
chomh maith also
" Sa tréimhse chéanna áfach, bhuaigh foireann peile Átha Cliath Craobh shinsir na hÉireann sé huaire agus craobh Laighean seacht n-uaire déag gan trácht ar roinnt craobhacha mionúr agus ‘faoi bhliain is fiche’ a bheith bainte chomh maith.
fosta also
" Mhol Ó Muirí an tUachtarán Íosa Mhic Giolla Mháire fosta as binneas agus cruinneas a cuid Gaeilge.
lena gcois also
" Caithfear a rá leo chomh maith go bhfuil coinníollacha oibre an-mhaith ag meánmhúinteoirí na hÉireann i gcomórtas lena gcomhleacaithe i dtíortha eile na hEorpa - laethe saoire fada, tuarastal agus pinsean maith agus córas cigireachta fíorbhog lena gcois.
fóirfidh sé freisin it shall also fit the bill
" Samhlaímid go mbeidh an-tóir ag lucht leanúna Uí Riada ar an mbailiúchán seo agus fóirfidh sé freisin mar bhlaiseadh dá shaothar do ghlún nua.
Anuas air sin also, on top of that
" Anuas air sin, tá an-ráchairt sa mhargadh idirnáisiúnta ar thráchtearraí talmhaíochta, leithéidí cruithneachta agus olla.
bhí tóir freisin ar also sought after were
" Bhain mórán den turgnamh sin le húsáid drugaí agus le cúrsaí gnéis; bhí tóir freisin ar léargais spioradálta an Oirthir agus conas droim láimhe a thabhairt don tsaint agus don ábharachas a chruthaigh cuid mhór fadbhanna, na cogaí móra domhanda ina measc.
lena chois sin also
" Tuigtear do na póilíní lena chois sin go bhfuil líonra mór daoine ag tabhairt lámh chúnta don NSU lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích.
mharaíodh leis were killed also
" Is mó saighdiúir, ar ndó, a mharaíodh leis ann.
isteach sa charcair lena cois into jail also
" Caitheadh roinnt polaiteoirí de chuid an fhreasúra isteach sa charcair lena cois agus theith a fear céile chun Poblacht na Seice, áit a bhfuair sé tearmann polaitiúil.
tá moltaí ann fosta there are recommendations also
" Tá iarratas ar £10m d'airgead Eorpach Peace III curtha isteach ach anuas ar sin, tá pleananna ag Ollscoil Uladh £250 milliún a infheistiu i dtuaisceart na cathrach agus tá moltaí ann fosta ‘dorchla cultúir’ a thógáil agus foirgnimh stairiúla i sráid Dhún na nGall agus ar Bhóthar Chromghlinne, an charcair san áireamh, a fheabhsú.