Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-spéisiúil very interesting
" "Bhí sé an-spéisiúil ar fad, mar tá suim mhór agam sa cheol, is cuma cen saghas ceoil é.
an-spéisiúil very interesting
" Shíl mé go raibh na cláracha beo a raibh muid ag plé leo, go raibh siad sin an-spéisiúil, go raibh duine amháin ag láithriú an chláir lá amháin agus go mb’fhéidir go mbeadh an té sin an chéad lá eile i mbun na fuaime nó rud éigin sa stiúideo.
an-spéisiúil very interesting
" Tá stair an-spéisiúil ag baint leis an teach féin.
an-spéisiúil very interesting
" Shíl mé go raibh cuma an-álainn uirthi mar theanga – neamhchoitianta ach an-spéisiúil.
an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla the best and most interesting league
" Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin.
an-spéisiúil very interesting
" Mairimid i dtréimhse an-spéisiúil i saol na hiriseoireachta.
spéisiúil an léargas an interesting insight
" Is spéisiúil an léargas é agus is fiú a léamh: <http://aonghus.
alt an-spéisiúil a very interesting article
"alt an-spéisiúil ar an ábhar seo scríofa ag The Nestor.
an-spéisiúil agus an-spraoiúil very interesting and great fun
" Bhí sceitimíní ar an dtriúr againn agus bhí an ceart againn: bhí neart rudaí le feiceáil ann a bhí an-spéisiúil agus an-spraoiúil.
roinnt léitheoireachta an-spéisiúil go deo some really very interesting reading
" com/yt/advertise/> - roinnt léitheoireachta an-spéisiúil go deo ann.
an rud is spéisiúla faoina leithéid the most interesting thing about subh
" Cuairt Feirme ====== Foinse eile dar ndóigh ná Google féin agus an rud is spéisiúla faoina leithéid ná go dtugann sé léargas géar duit faoin méid oideas atá ar an idirlíon.
Is fochultúr cruthaitheach agus spéisiúil é an dream seo this group is a creative and interesting subculture
" com/pyconslides/whos-there-home-automation-with-arduino-and-raspberrypi-by-rupa-dachere) Is fochultúr cruthaitheach agus spéisiúil é an dream seo agus táimse an-tógtha leis na féidearachtaí a bhaineann leis.
síol de smaoineamh an-spéisiúil the guts of a really interesting idea
" Agus bhí neart ceisteanna ag na saineolaí rothair! Go pearsanta cheap mé go raibh síol de smaoineamh an-spéisiúil ag an dream seo.
fear comhrá an-spéisiúil a very interesting conversationalist
" Ní thuigeann daoine go bhfuil fear comhrá an-spéisiúil atá ag sleamhnú tharstu i ngan fhios ar a bhealach chun na leabharlainne.