Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thar aon rud eile above all is
" Tógann an scríbhneoireacht, thar aon rud eile, tógann sé an-chuid ama.
ar aon intinn fá achan rud in agreement on everything
" Ar an teilifís an mhí seo caite, dúirt Gregory Campbell go raibh gach uile bhall den pháirtí ar aon intinn fá achan rud, íomhá scanrúil dá mbeadh sé fíor, ach níorbh fhíor do Ghregory.
gan trácht ar aon rud eile not to mention anything else
" Tá baol ann go mbeadh traenálaí sa chúirt de bharr scread a ligean le gasúr gan trácht ar aon rud eile.
chóir a bheith gach aon rud nearly everything
" Nuair a tharla na tuilte, chaill mé chóir a bheith gach aon rud.
Níor cúisíodh é as aon rud he wasn't charged with anything
" Níor cúisíodh é as aon rud, ach eitlíodh chun na hIordáine é, ansin seoladh ar aghaidh chun na Síre é, áit ar caitheadh i bpríosún rúnda de chuid an CIA é.
is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil I was barely able to see anything
" Tar éis dom teocht de 35 céim Celsius a fhágáil i mo dhiaidh i Sydney agus Singapore, céard a bhí ag fanacht orm i mBaile Átha Cliath? Agus an t-eitleán ag dul i dtreo Aerfort Bhaile Átha Cliath, is ar éigean a bhí mé in ann aon rud a fheiceáil tríd an mbáisteach agus na scamaill mhóra liatha.
sciob aon rud who snatched anything
" I dtús báire bhí bratach na dtaoiseach aontaithe ann agus meirge coilíneach (mar chomharthaí cosantacha do longa i gcoinne na n-údarás a sciob aon rud nach raibh marc ríoga air).
Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, I don't remember anything about the race,
" Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, ach amháin go ndeachaigh ceiliúradh agus caint na ndaoine ní ba shine i bhfeidhm ar an aois óg.
aon rud faoi leith anything in particular
" AÓF: Cén treo ina bhfeiceann tú do chuid ceoil ag dul as seo amach? An bhfuil aon rud faoi leith ba mhaith leat a bhaint amach ó thaobh an cheoil de? TC: Ba mhaith liom pilleadh ar mo phréamhacha.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
An t-aon rud a rith liom the only thing that occurred to me
" An t-aon rud a rith liom ná ‘ní féidir liom breathnú ar chorp eile.
Ní móide go mbuafaimid aon rud, it is unlikely we will win anything
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
Níor ghá dó aon rud a fhoghlaim roimh ré. He didn't need to learn anything beforehand
" Bhí Skaggs ábalta suí síos le Liam O’Flynn agus Paddy Glacken agus an fhidil a thógáil amach agus a rá leo, “*Right, what will we play?”* Níor ghá dó aon rud a fhoghlaim roimh ré.
chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne to complete anything efficiently on-line
" Bíonn tionchar ag hipirtéacs ar an léamh (Caibidil 7), an caidreamh atá idir ár ngníomhaíocht ar líne agus ár gcumas cuimhnimh (Caibidil 9) agus féith an lámhchleasaithe iltascálaigh atá ag teastáil chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne (Caibidil 7).
cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid tv programs which only concern themselves with nonsense
" Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd.
ní shásódh aon rud eile nothing else would satisfy
" Ach ní shásódh aon rud eile fear Oxford ach síniú aitheantais Tarantino – an doirteadh fola grafach.
Níl aon rud eisceachtúil there’s nothing exceptional
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
aon rud is féidir anything possible
" Tuigeann an ghlúin óg go bhfuil fadhbanna móra sa tsochaí acu agus ba mhaith leo go ndéanfadh an rialtas níos mó chun na saoránaigh a chosaint - aon rud is féidir, mar a dúirt Obama tar éis na hionsuithe i Newtown.
an t-aon rud buan fúthu the only thing that’s constant about them
" Is é an t-athrú seo an t-aon rud buan fúthu.
Gheobhadh sí aon rud a dhéanamh lena láimh she could turn her hand to anything
" Gheobhadh sí aon rud a dhéanamh lena láimh chomh maith.
aon rud a áitiú orthu to convince, make a case with them
" Níor ghá do na nuachtáin aon rud a áitiú orthu.
aon rud luachmhar le feiceáil nothing special to be seen
" Tá sé liath, plaisteach – agus níl aon rud luachmhar le feiceáil ann.
dhiúltaigh aon rud a dhéanamh refused to do anything
" B’í sáinn na heisimirce príomhbhéim na haiste seo, ach go háirithe iadsan a dhiúltaigh aon rud a dhéanamh chun é a leigheas ós rud é go gceaptaí go raibh buntáistí creideamhacha agus sóisialta ag baint leis an sruth daonna ollmhór sin.
aon rud is rogha leo anything they want
" Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.