Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
arbh fhiú trácht orthu that would be worth mentioning
" Muna mbainfear triail as gníomhaíochtaí úrnua agus muna mbíonn na móreagraíochtaí ag díriú ar chur chun na Gaeilge ar bhealaí nua-aimseartha, ní bheith fuinneamh ná forbairtí i saol na Gaeilge arbh fhiú trácht orthu.
arbh fhiú trácht air worth mentioning
" Níl aon dreasacht ann arbh fhiú trácht air don táirgeoir ná don tomhaltóir le húsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite agus is beag maoiniú a dhéantar ar thaighde ina leith.
arbh í drochstaid pholaitiúil na tíre ba chúis leis. the reason for which was the bad political state of the country
" Bhí foréigean á dhéanamh uirthi ina tír dhúchais, arbh í drochstaid pholaitiúil na tíre ba chúis leis.
arbh fhiú an braon fola é. was it worth the drop of blood.
" Murach gur chuir sé deireadh le stailc ocrais 1980, an bhfaigheadh deichniúr eile bás i 1981? Ghoill an smaoineamh sin go mór air go lá a bháis agus é ag meabhrú ar na “cultacha Armani” i Stormont agus ag cur ceiste air féin arbh fhiú an braon fola é.
arbh é athair an linbh a rugadh di was he the father of the baby she had
" Bhí Lunny ag siúl amach leis an rac-cheoltóir Sinead O’Connor agus theastaigh ó na meáin fáil amach arbh é athair an linbh a rugadh di in 2004.
arbh iad na manaigh ba chúis léi. for which the monks were responsible
" Dar leis an Sasanach seo – a thug cuairt ar an Tibéid sa bhliain 1895 – bhí tíorántacht dhofhulaingthe i gceist sa tír, arbh iad na manaigh ba chúis léi.
arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine that Hugh Orde had to remind people of
" Sin an rud arbh éigean do Hugh Orde a chur i gcuimhne do dhaoine agus é ag caint ar an sceimhlitheoireacht dhomhanda.
arbh fhearrde an ócáid ina éagmais in whose absence the occassion would be better
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
arbh áil leo who would like
" Is ardonóir í a bheith ainmnithe mar Astrálach na Bliana agus bíonn deis ag na daoine atá ainmnithe cúiseanna áirithe arbh áil leo a chur chun cinn le linn na bliana a mbíonn an teideal acu.
arbh fhiu was (it) worth
" Mhair go leor acu fríd na Trioblóidí fuilteacha – arbh fhiu an braon fola? - fuil a sileadh in aisce, agus ní mian leo dul ar ais chuig laethanta na himeagla nuair a bhíodh eagla ort do dhoras a oscailt go mall san oíche.
arbh fhiú would be worth
" Is cosúil gur beag scéim Gaeltachta arbh fhiú a choinneáil agus go hindíreach tá cibé aitheantas a bhí ag an Ghaeltacht mar cheantar sonrach le stádas ar leith, le cur ar ceal nach mór, d’aon ráib amháin.
arbh fhíor was it true
" Ní rabhas ariamh i dTexas, cé go raibh an chuid is mó de stáit eile Mheiriceá siúlta agam, agus ba mhór m'fhonn a fháil amach arbh fhíor a deir daoine faoin stát.
arbh fhiú worth
" Cé gur oileán sceirdiúil é, gan aon chrann arbh fhiú crann a thabhairt air le feiceáil ann, tá talamh maith féarach ann agus tá neart garrantaí curtha le glasraí de gach cineál ar an taobh foscúil den oileán.
Arbh fhíor would it be true
" ” An Ghaeilge, ar ceal Cé gur as Béarla atá suíomh idirlín Ivana, tá cúpla abairt Ghaeilge ar an leathanach tosaigh a chuireann in iúl go bhfuil “beagáinín Gaeilge agam, ach táim ag obair air!” Arbh fhíor a rá nach bhfuil sna habairtí sin ach béalghrá? “Bhíodh fáinne airgid agam nuair a bhí mé ar an mbunscoil in iarthar Chorcaí.
arbh éigean who had to
" Mar sin, caithfidh sé gur cheart aitheantas ar leith a thabhairt do dhuine arbh éigean dó treabhadh trí dhá thréimhse seachráin éagsúla - polaitíocht na Sé Chontae agus polaitíocht na Gaeilge, ag an am chéanna! Má mholann an obair an fear, tá rath an Iontaobhais Ultaigh ag mealladh na ngártha molta dá stiúrthóir, Aodán Mac Póilin.
arbh é who was
" “Cén tír í seo, a chairde?” Ní hé go gcuirtear an cheist amach díreach ag tús an leabhair ‘Indignez-vous!’ (Bígí feargach!), leabhar a scríobh Stéphane Hessel, duine a sheas le de Gaulle sa Dara Cogadh Domhanda agus arbh é ambasadóir na Fraince é ina dhiaidh sin i Saigon, i gCathair na hAilgéire agus sa Ghinéiv.
Arbh é was it
" **SMM: Arbh é d’athair ba mhó a chur i dtreo na gaelscoile sibh?** RÓS: Bhí sé sin ag teacht ón dá thaobh.
arbh áil leo which they wish to
" Is ardurraim ag duine a bheith ainmnithe mar Astrálach na Bliana, agus bíonn an deis ag na daoine a thabhaíonn an teideal dul i mbun stocaireachta ar son aon chúis arbh áil leo le linn a mbliana sa spotsolas.
arbh fhiú which were worth
" ”* Is Bách Lucht Aon Cheirde =============== I measc na gcairde míchlúiteacha atá ag Soros, tá Mikhail Khodorkovsky, iarcheannasaí Ola Yukos, a raibh sócmhainní arbh fhiú níos mó ná $30 billiún carntha aige ag aois 32 sa ‘phríobháidiú’ iarshóivéadach de mhaoin faoi úinéireacht an stáit i gceantanna rigeáilte.
arbh fhiú an tairbhe an trioblóid was it worth the trouble
" Canóin an Fhrainc-Phólannaigh áirithe seo curtha sa phota - n’fheadar, an uair seo, arbh fhiú an tairbhe an trioblóid.
arbh fhearr libh would you prefer
" Domhnach Broc ====== **SMM: Mura ndéanfar an nascadh sin idir an dá sheirbhís, arbh fhearr libh a bheith scartha le Domhnach Broc, nó tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le Domhnach Broc?** ENíCh: Tá caidreamh agus teagmháil eadar Casla, Baile na nGall, Doirí Beaga agus Domhnach Broc i bhfad níos dlúithe anois ná mar a bhí.
Arbh í Ériu a mbanríon was É. Their queen
" Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód.
arbh as who was from
" Ina measc siúd bhí Patrick Francis Moran, an chéad chairdinéal san Astráil, arbh as Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, dó.
arbh eol suim ar leith a bheith acu who were known to be particularly interested
" Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi .
Arbh é an grá a choiméad manaigh was it love which kept the monks
" Arbh é an grá a choiméad manaigh Tibhirine ann, nó uabhar spioradálta? Mar is fíor i gcónaí, is tábhachtaí an cheist curtha ná an fhreagra.
arbh fhíor a thuairim if his opinion would hold up
" Níl an Pholannais ar a thoil ag an fhear seo, faraor, agus níl a fhios againn arbh fhíor a thuairim, faoi mhaireachtáil in Éirinn gan Béarla a labhairt.
arbh fhiú trácht air worth talking about
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
arbh acmhainn leo iad a cheannach who could afford to buy them
" Thaistil sé fud fad na hEorpa ag eagrú taispeántais de na lóchrainn draíochta nua-chruthaithe sin agus dhíol sé iad leo siúd arbh acmhainn leo iad a cheannach.
arbh í oidhreacht Mhary was it M’s offspring
" N’fheadar arbh í oidhreacht Mhary a chuir leac os cionn ár gcara Brion? Is an-chomhluadar go deo dúinn taibhsí na muintire seo.
arbh as who was from
" Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.
arbh fhéidir a rá which could be said
" Tá athruithe curtha i bhfeidhm ar chúrsaí inimirce na hAstráile ag rialtas an Lucht Oibre arbh fhéidir a rá fúthu, dar le Bearnaí Ó Doibhlin, nach bhfuil siad aon bhlas éagosúil leis an Pacific Solution, córas na gCoimeádach féin.
arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe which a person could find useful
" Bhí Mícheál Ó hAodha ag machnamh ar ghnéithe zenúla na scríbhneoireachta a d’eascair as tuairimí William Strunk, tuairimí arbh fhiú do dhuine a leagan roimhe mar mhíreanna treorach, b’fhéidir, i réimsí eile saoil.