Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcumarsáid bhéil oral communication
" Le déanamh cinnte go leanfadh an buntáiste sin, shocraigh Gaillimh le Gaeilge an pobal gnó i nGaillimh a spreagadh le go dtabharfaidís aitheantas don chaiteachas mór sin trí úsáid na Gaeilge a thabhairt isteach i gcomharthaíocht, i stáiseanóireacht, i bhfógraíocht agus i gcumarsáid bhéil le custaiméirí.
cúr a bhéil the foam of his mouth
" Ba léir cúr a bhéil le craiceann an chonablaigh.
hiarratais scríofa agus bhéil written and oral requests
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
dhá thaobh a bhéil the two sides of his mouth
" Ní haon rud nua é polaiteoir labhairt as dhá thaobh a bhéil ag an am céanna, ach is feiniméan ar leith é an *Bertie Speak*.
an Bhéil Bhinn of the sweet mouth
" "Bhí an ceart agam, mar is iondúil," a mhaíonn Balor an Bhéil Bhinn.
cruth an bhéil the shape of the mouth
" Baineadh úsáid as ceamara gréasáin le scrúdú a dhéanamh ar aghaidh duine chun príomhthréithe na haghaidhe a aithint – cruth an bhéil, mar shampla, malaí cruinnithe nó éadan rocach – agus an t-eolas sin a sheachadadh chuig bogearra speisialta a dhéanann anailís air agus a dhéanann íomhá dhigiteach de.
an phíb mhór, cairdíní agus orgáin bhéil bagpipes, accordions and mouth-organs
" Bhí scéalaíocht, amhránaíocht agus gach saghas ceoil – an phíb mhór, cairdíní agus orgáin bhéil – mar chuid den saol laethúil agus daoine ina suí thart ar an tine champa nó sa teach.
Ian an Bhéil Mhór Ian of the Big Mouth
" Tá agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, mar atá agallamh idir Ian an Bhéil Mhór agus Balor na Súile Nimhe; nó mar a déarfadh Ian féin: idir Ian an Bhéil Bhinn agus Balor an Bhéil Mhóir; nó mar déarfadh Balor féin: idir Ian an Bhéil Nimhe agus.
Ian an Bhéil Bhinn Ian of the sweet Mouth
" Tá agallamh eisiach againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, mar atá agallamh idir Ian an Bhéil Mhór agus Balor na Súile Nimhe; nó mar a déarfadh Ian féin: idir Ian an Bhéil Bhinn agus Balor an Bhéil Mhóir; nó mar déarfadh Balor féin: idir Ian an Bhéil Nimhe agus.
leathmhaig a bhéil the side of his mouth
" Feictear na mothúcháin agus na smaointe atá againn go furasta – an bealach a n-amharcfadh duine ort go cionmhar nó an tslí a dtitfeadh leathmhaig a bhéil ar dhuine agus drochscéal faighte aige.
déanann sí sceith bhéil di féin she makes a show of herself
" Éiríonn sí caochta leis an ól agus déanann sí sceith bhéil di féin, agus dar leis an athair, tá sí tar éis an teaghlach a náiriú.
Bhéil Bhinn mellifluous mouth
" Agus cé a rinne an cur síos maslach seo? Cé eile ach Balor an Bhéil Bhinn, nó tharla go raibh sé féin i láthair ag an scliúchas ar bhruach Loch Léin.
idé bhéil a telling off
" Thug an múinteoir idé bhéil di agus thug sí *“noticebox”* uirthi.
Bhéil Bhinn sweet mouth
" Ach ansin tháinig an muirear teaghlaigh, agus i bhfaiteadh na súl bhí an focal ar bharr gach goib sa tír – fiú ar bharr a ghoib ag Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, chomh maith.
i bpluais a bhéil mhóir in the hollow of his mouth
" Is é an dá mhar a chéile é agus é ag ithe: téann an dá stéig gheadáin - uimhreacha a 13 agus a 14 – isteach i bpluais a bhéil mhóir in aon sclog amháin.
is túisce an gáire chun a bhéil he laughed/smiled sooner
" Ní raibh sé grod ná gránna le duine ar bith, ariamh, go bhfios dom, agus is túisce an gáire chun a bhéil ná a dhath eile.