Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hAontachtaithe bunreachtúla the constitutional Unionists
" Tá troid fhíochmhar ar siúl idir na hAontachtaithe bunreachtúla, sprid an ghnáthphobail s'acu in ísle brí (agus is rud an-chontúirteach é seo, rud nach dtug náisiúnaithe a n-aghaidh mar is ceart air go fóill).
deighilt bhunreachtúil constitutional separation
" An-smaoineamh, déarfá, ach de ghnáth ní shamhlófá tionscadal den sórt seo leis na Poblachtaigh choimeádacha, mar gheall ar an deighilt bhunreachtúil idir stát agus eaglais a bhíonn mar mhaide mullaigh acu ina gcuid fealsúnachta.
go bunreachtúil constitutionally
" Idir 1904 agus 1977 bhain Éire neamhspleáchas amach agus d'ainmnigh an Ghaeilge go bunreachtúil mar an chéad teanga náisiúnta.
an Chúirt Bhunreachtúil the Constitutional Court
" D'éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh.
an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó the biggest constitutional nationalist party
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
bunreachtúil constitutional
" Is léir, mar sin, go raibh gach gné den ghluaiseacht náisiúnta ann, idir na réabhlóidithe agus an lucht bunreachtúil, agus go minic bhí forluí ann leis an lucht cultúrtha.
an pholaitíocht bhunreachtúil constitutional politics
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
bunreachtúil constitutional
" Deir campa amháin nach bhfuil le déanamh ach corrcheartúchán anseo is ansiúd, agus deir an taobh eile - Éire ina measc - gur comhlacht flaitheasach an chomhdháil idir-rialtasach agus nach mbeadh sé "bunreachtúil" gan gach ceist agus gach gné de gach ceist a oscailt don athphlé.
mí-bhunreachtúil unconstitutional
" Níor cuireadh a mholadh riamh i bhfeidhm, áfach, ar an ábhar gur ceapadh go mbeadh sé mí-bhunreachtúil.
seachas leasú bunreachtúil instead of a constitutional amendment
" Is cinnte go scoiltfeadh reifreann ar an cheist pobal an stáit seo agus tá an ceart acu siúd a mholann díriú ar reachtaíocht nua seachas leasú bunreachtúil.
bunreachtúil constitutional
" "Ní páirtí ceart bunreachtúil go fóill iad Sinn Féin," a dúradar.
an dúshraith bhunreachtúil the constitutional base
" Ba cheart, dar liom, a bheith sásta leis na doiciméid is tábhachtaí a bheith ar fáil i nGaeilge, na conarthaí agus a leithéid; an dúshraith bhunreachtúil.
i bhfráma bunreachtúil na Spáinne in Spain’s constitutional framework
" Mar sin, beidh sé iontach suimiúil a fheiceáil an mbeidh spás ann do náisiún Catalónach, agus b’fhéidir do náisiúin eile, i bhfráma bunreachtúil na Spáinne amach anseo.
i bhfráma bunreachtúil na Spáinne in Spain’s constitutional framework
" Mar sin, beidh sé iontach suimiúil a fheiceáil an mbeidh spás ann do náisiún Catalónach, agus b’fhéidir do náisiúin eile, i bhfráma bunreachtúil na Spáinne amach anseo.
i bhfráma bunreachtúil na Spáinne in Spain’s constitutional framework
" Mar sin, beidh sé iontach suimiúil a fheiceáil an mbeidh spás ann do náisiún Catalónach, agus b’fhéidir do náisiúin eile, i bhfráma bunreachtúil na Spáinne amach anseo.
rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil something which violates constitutional law
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
a bhfuil bunús bunreachtúil faoi which has a constitutional basis
" Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint as Conradh Liospóin ná go mbunófar ollstát feidearálach a bhfuil bunús bunreachtúil faoi – nó “Stáit Aontaithe na hEorpa”, mar a thugtar air go coitianta – agus gur saoránaigh an Aontais a bheas ionainn uilig feasta.
cad é faoi chearta bunreachtúla what about constitutional rights
" Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge (nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.
monarcacht bhunreachtúil constitutional monarchy
" Is monarcacht bhunreachtúil í an Astráil arb é monarc na Ríochta Aontaithe a ceann stáit.
géarchéim bhunreachtúil constitutional crisis
" Ach sa bhliain 1975 bhí géarchéim bhunreachtúil san Astráil de bharr gur dhiúltaigh an seanad glacadh leis an gcáinaisnéis a chuir an rialtas faoina bhráid an bhliain áirithe sin.
bunreachtúil constitutional
" Ó 1922 ar aghaidh bronnadh saoránacht na hÉireann ar gach duine a rugadh sa Stát ach i 2004 chuir rialtas Bertie Ahern leasú bunreachtúil faoi bhráid an phobail a d’athródh cúrsaí sa mhéid is nach mbeadh ceart ag leanaí a shaolófaí in Éirinn chun saoránachta ach amháin ar choinníoll go mbeadh duine dá dtuismitheoirí ina shaoránach sa stát.
bunreachtúil constitutional
" Dúradh go fiú i dTuarascáil a d’eisigh dream saineolaithe a bhunaigh an Rialtais dhá bhliain ó shin, nach bhfuil aon chosc bunreachtúil ar a leithéid a dhéanamh.
cearta bunreachtúla constitutional rights
" Ba sna nuachtáin Bhéarla a tharla an díospóireacht faoi chostaisí aistriúcháin agus cearta bunreachtúla phobal na Gaeilge agus níor mhiste a rá go raibh cuid de bunaithe ar aineolas is ar chlár oibre folaithe.
tacaíocht bunreachtúil constitutional support
" Níl tacaíocht bunreachtúil ag an teanga ó thuaidh; ní úsáidtear mórán í sa tseirbhís phoiblí, ní theastaíonn sí le dul i mbun bunmhúinteoireachta, tá jabanna sna meáin Ghaeilge níos teoranta ná mar atá ó dheas.
bunreachtúla constitutional
" Elaine Byrne ag agóid go tréan ar son athruithe bunúsacha bunreachtúla a chuirfeadh, dar léi, cuma úrnua ar fhorais pholaitiúla na tíre agus a thabharfadh ar oifigigh an stáit a bheith ionraic, freagrach agus iad i mbun a gcuid dualgas.
bunreachtúla constitutional
" Is faoin Ard-Chúirt amháin atá sé rialú a dhéanamh ar chearta bunreachtúla.
leasuithe bunreachtúla constitutional amendments
" Chuir an Lucht Oibre roinnt mhaith leasuithe bunreachtúla i bhfeidhm fosta a d’athraigh rialú na Breataine go mór agus a cheaptar a bheidh i measc na n-athruithe is mó a fhágfaidh siad san fhadtéarma.
bunreachtúla constitutional
" In ainm an ‘chogaidh ar sceimhle,’ tá an t-uafás reachtaíochta tugtha isteach ag an seanadóir neamhspleách ó Connecticut ó bhí 9/11 ann a bhfuil bonn bainte aige de chearta bunreachtúla na saoránach ansin.
bunreachtúil constitutional
" ” Go deimhin nuair a liostálfaí na buanna agus na deiseanna oifigiúla atá ag an Ghaeilge anseo, dar leis, ba dheacair a chreidiúint go bhféadfadh sí a bheith faoi bhrú nó i mbaol ar bhealach ar bith; idir aitheantas Eorpach, aitheantas bunreachtúil mar phríomhtheanga oifigiúil, Acht Teanga, Aire agus Roinn Rialtais a bhfuil an teanga mar chúram ar leith orthu, stáisiún teilifíse is raidió agus dhá nuachtán.
Bunreachtúil Constitutional
" Séard atá insna Boird Oideachais seo ná Coiste Bunreachtúil Dleathach le cumhachtaí, freagracht, agus le rialacha.
bunreachtúil constitutional
" Gheall an Lucht Oibre go mbunóidís comhthionól bunreachtúil a dhéanfadh scrúdú ar an bhunreacht ar fad agus a dhéanfadh moltaí dá thoradh sin.
bunreachtúla constitutional
" ” An toradh tubaisteach a bhí ar na hathruithe is ea nach bhfuil an státchóras in acmhainn na dualgaisí reachtúla agus bunreachtúla atá orthu, i dtaobh na Gaeilge, a chomhlíonadh.
bunreachtúil constitutional
" Tháinig socrú (doiligh) bunreachtúil ar cheist an Tuaiscirt tar éis sos cogaidh na nóchaidí.
teorainn bhunreachtúil a chur ar to constitutionally limit
" Feictear mothúcháin as riocht i mbreithiúnais Sachs, ach go háirithe nuair a cuireadh iachall air teorainn bhunreachtúil a chur ar chearta an chreidimh.
bunreachtúla constitutional
" Le cúlra dlí na beirte, bhíodar cáilithe go maith le dualgaisí bunreachtúla na huachtaránachta a chomhlíonadh.
bunreachtúil constitutional
" Tá athleasú ó bhun go barr de dhíth (sin é an fáth a bhfuil súil agamsa go leanfar leis an choinbhinsiún bunreachtúil sa tír seo an bhliain seo chugainn).
tréas bunreachtúil constitutional treachery
" Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin.
a chur ar bonn bunreachtúil placing on a constitutional footing
" Is níor chuala mé aon rud faoi na Coistí Dála a chur ar bonn bunreachtúil nó seasamh níos fearr a thabhairt dóibh.
hathrú bunreachtúil constitutional change
" Go bunúsach, tá an rialtas ag moladh go nglacfaí le hathrú bunreachtúil a thabharfadh cead don stát cur isteach ar shaol an teaghlaigh níos furasta maidir le ceisteanna a bhaineann le cúram páistí.
aontacht bhunreachtúil constitutional unity
" Níorbh í aontacht bhunreachtúil Mheiriceá ná fuascailt na sclábhaithe daite ná duais na huachtarántachta féin príomhaidhm Abraham Lincoln ina shaol.
cearta bunreachtúla constitutional rights
" Ina áit sin, d’éirigh leis na Poblachtaigh “saoirse” agus “cearta bunreachtúla” a chur chun tosaigh.
aon chúis bhunreachtúil ann no constitutional reason
" Níl aon chúis bhunreachtúil ann nach mbeadh vóta ag gach saoránach i roghnú na Seanadóirí.
stair bhunreachtúil na hÉireann Irish Constitutional history
" Chuirfeadh an saol mór béim ar líofacht Hogan ós rud é go labhraíonn sé go poiblí go minic ag comhdhálacha éagsúla a bhaineann le stair bhunreachtúil na hÉireann.
Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne he saw our constitutional reforms
" Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne a bhain le “ceart na mbeo gan bhreith” agus níor éirigh leis iad a thuiscint ós rud é gur thug an Bunreacht céanna cosaint dóibh in áit amháin agus cead dá máthracha iad a dhúnmharú lasmuigh den Stát in áit éigin eile.
níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla the constitutional implications were not questioned
" Dar liomsa rinne Gluaiseacht na Gaeilge botún straitéiseach ag an am: tógadh seasamh láidir ina aghaidh deireadh a bheith curtha le Gaeilge éigeantach sna scrúduithe agus níor ceistíodh i gceart na himpleachtaí bunreachtúla agus eile a d’eascródh as deireadh a bheith curtha le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís.
a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil its legal and constitutional obligations
" Creidim féin go mba cheart go mbeadh 20% ar a laghad in ann a gcuid oibre a dhéanamh gan stró liomsa nó leatsa tré Ghaeilge ionas go mbeadh an stát in ann a dhualgas reachtála agus a dhualgas bunreachtúil a chomhlíonadh.
an timpeallacht bhunreachtúil the constitutional environment
" Measann Aontachtaithe go fóill gur cruthaíodh Reich Míle Bliain i 1921 agus nach ceadmhach aon athrú cé go bhfuil an timpeallacht bhunreachtúil, pholaitiúil, shóisialta, mhorálta, thart orthu athraithe as a riocht mar sin, faigheann tú fir an lae inné, Michael Mc Gimpsey agus Tom Elliott ag rá go gcuirfeadh sé deireadh le Comhaontú Aoine an Chéasta (Mc Gimpsey) agus “Ní thugann Uachtarán na hÉireann ionadaíocht do mhuintir Thuaisceart Éireann.
measann saineolaithe ar dhlí bunreachtúil constitutional law experts feel
" Chuir rialtas slacht ar fhoclaíocht an bhille chun é a neartú in éadan dúshláin, ach measann saineolaithe ar dhlí bunreachtúil go bhfuil cinneadh na hArd-Cúirte idir dhá cheann na meá.
cloí leis an dualgas bunreachtúil sin to apply that legal requirement
" Bíonn deacracht ag an stát, cloí leis an dualgas bunreachtúil sin ceal dlí-aistritheoirí oilte.
fuascailt fadhbanna bunreachtúla éagsúla a leigheas to put to rest the settlement of various constitutional problems
" Teastaíonn uaidh sa leabhar seo fuascailt fadhbanna bunreachtúla éagsúla a leigheas.
ceart bunreachtúil constitutional rights
" Brown go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh imní a chur ar dhaoine i dtaobh na sceimhlitheoireachta sa dóigh is go mbeidh siad sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh.
go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil that the old constitutional tie will be severed
" Tá gach cosúlacht ar an scéal go ngearrfar an sean-nasc bunreachtúil idir an Bhreatain agus an Astráil san am atá romhainn.
na Cúirte Bunreachtúla of the Constitutional Court
" Chuir JP McCarthy spéis i gcaint Albie Sachs, Breitheamh na Cúirte Bunreachtúla san Afraic Theas.