Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dualgas reachtúil statutory duty
" An t-aon réiteach atá ar an fhadhb seo ná Bille Cearta Teanga a chur i bhfeidhm sa tslí go mbeidh dualgas reachtúil ann na seirbhísí seo a bheith ar fáil go forleathan gan cheist.
ionstraimí reachtúla statutory acts
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
dualgas reachtúil statutory duty
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Aonad na Gaeilge? Tá dualgas reachtúil ar Ollscoil Luimnigh, mar aon le hollscoileanna eile, i leith chur chun cinn na Gaeilge (Acht na nOllscoileanna 1997 agus Acht Ollscoil Luimnigh (Díscor Choláiste Thuamhumhan) 1991).
eagraíocht reachtúil statutory organization
" Tá Bord na Breatnaise, eagraíocht reachtúil leis an Bhreatnais a chur chun cinn, bunaithe.
reachtúil statutory
" Tá easaontas idir an NNI agus an rialtas leis faoi cé acu ar cheart an chomhairle nua a bhunú ar bhonn reachtúil nó nár cheart.
Chinnteodh comhairle reachtúil a statutory council would ensure
" Chinnteodh comhairle reachtúil go mbeadh ar gach nuachtán a dháiltear sa stát seo, idir chinn dhúchasacha agus chinn ón Bhreatain, cloí leis na rialacha céanna.
eagras reachtúil statutory body
" Tabharfar aitheantas do Bhord na Gàidhlig (BnG) mar eagras reachtúil sa tír a mbeidh sé mar dhualgas air an teanga a chur chun cinn i measc an phobail go léir.
reachtúil statutory
" Ba cheart, dar liom, a bheith sásta leis na doiciméid is tábhachtaí a bheith ar fáil i nGaeilge, na conarthaí agus a leithéid; an dúshraith bhunreachtúil.
grúpaí reachtúla statutory groups
" Tá an oiliúint mar chuid thábhachtach den obair atá ar bun ag an MRHPU agus oibríonn siad le coláistí, grúpaí áitiúla, grúpaí deonacha agus grúpaí reachtúla.
mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire. as chairman of the new the statutory corporation.
" Nuair a d’fhógair TG4 go mbeadh an stáisiún neamhspleách ar RTÉ ó 1 Aibreán 2007 ar aghaidh, ba é Peter a roghnaigh an stáisiún le bheith mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire.
creatlach reachtúil statutory framework
" Bhí a leithéid de dhíth le fada agus tá moladh tuillte ag an iar-Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell, as creatlach reachtúil den chineál seo a chur ar bun.
dúshraith reachtúil statutory base
" Rún de chuid David McNarry, ball sinsearach den Ord Oráisteach, a bhí ann, agus seachtain i ndiaidh é a bheith curtha ar an chlár aige, chinn an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, nach gcuirfí dúshraith reachtúil faoi chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae.
cúram reachtúil legislative care
" Anuas ar sin, cuirfear i bhfeidhm polasaí ar a dtugtar “no exit to homelessness” i dtaca le daoine a scaoilfear as cúram reachtúil agus as an bpríosún.
reachtúil legal
" Is trua, áfach, nach dtugtar mioneolas ar na critéir teangeolaíochta a bheidh in úsáid feasta sa sainmhíniú nua reachtúil den Ghaeltacht.
reachtúil statutory
" Ní leigheas ar an ngéarchéim sin, deireadh a chur leis an aon eagras reachtúil atá dírithe ar an nGaeltacht, mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
go reachtúil by law
" Chuir Rialtas Londain an *National University of Ireland* ar bun go reachtúil céad bliain ó shin.
reachtúla legal
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
ionstraimí reachtúla legal instruments
" Rialaigh an Chúirt ar an 6 Bealtaine nach bhfuil aon dualgas Bunreachta ann, go ginearálta, ionstraimí reachtúla a bheith ar fáil i nGaeilge.
cúraimí reachtúla statutory responsibilities
" Buntáistí Oideachais do theangacha mionlaithe - Na 7 gCumhacht - Foras fostáit - Scoileanna & Oideachas = an ceann is tábhachtaí do mhionlach - Dúnghaois: aitheantas/pobail, cultúr, cúrsaí agus daonlathas An Chéad Chéim ======= Deir sé go bhfuil COGG ann, atá ina bhord comhairleach, an chéad chéim eile atá le tógáil ná bord le cúraimí reachtúla ann a dhéanamh as.
COGG reachtúil statutory
" ” Dúirt sé go mbeadh an t-athrú céime ó COGG comhairleach go COGG reachtúil, ag glacadh cuid den chumhacht ón Roinn Oideachais agus é a thabhairt do COGG agus seans a thabhairt do dhaoine vóta a chaitheamh dá n-ionadaithe i COGG mar a dhéanann siad leis an Údarás agus le heagraíochtaí eile.
dualgas reachtúil constitutional obligation
" ” Rinne Údarás na Gaeltachta fíor-dhrochjab den dualgas reachtúil a bhí is atá ar an eagraíocht maidir le caomhnú na Gaeilge sa nGaeltacht go dtí seo.
dualgas reachtúil legal duty
" Ba cheart don Chomhrialtas leasú a dhéanamh ar Alt 11 den Acht faoina bhfuil dualgas reachtúil ar os cionn 600 eagras stáit go leor doiciméidí toirtiúla teicniciúla, ar nós tuarascálacha bliantúla agus cuntais airgeadais, a fhoilsiú ‘go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’.
dualgaisí reachtúla legal obligations
" ” An toradh tubaisteach a bhí ar na hathruithe is ea nach bhfuil an státchóras in acmhainn na dualgaisí reachtúla agus bunreachtúla atá orthu, i dtaobh na Gaeilge, a chomhlíonadh.
reachtúil legislative
" I staidéar a rinne an tOllamh Micheál Ó Cinnéide do Choimisiún na Gaeltachta deich mbliain ó shin, dúirt sé go neamhbhalbh nach bhféadfaí a rá go raibh an príomhchuspóir reachtúil a tugadh don Údarás á bhaint amach aige.
comhlíonadh a ndualgas reachtúil fulfilling their legislative obligations
" Locht ar an mBord ========== Mura raibh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge, tá cuid mhaith den locht ar Bhord an Udaráis.
chun cloí lena ndualgais reachtúla to comply with their statutory obligations
" Tharraing sé aird ar seo siocair go raibh comhlachtaí stáit áirithe ag maíomh go raibh deacrachtaí acu daoine le líofacht Ghaeilge a earcú chun cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.
sáraíodh gealltanas reachtúil legislative promises were broken
" Ní hamháin sin, ach sáraíodh gealltanas reachtúil a bhí déanta ag an Gharda Síochána ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na cáilíochtaí riachtanacha sa Ghaeilge ag gach comhalta a chuirfí ar dualgas i stáisiún Gaeltachta.
an sárú reachtúil seo this contravention of legal rules
" An bhfuil aon bhaol ann go dtarlódh a mhacasamhail de dhúshlán maidir le bailíocht na hoibre a bheadh ar bun ag garda atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus nach bhfuil ábalta an teanga a labhairt? B'olc an scéal é dá gceisteofaí údarás aon gharda faoi leith mar thoradh ar an sárú reachtúil seo.
stádas reachtúil legislative status
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
Níl de rogha acu go reachtúil they’ve no choice legally
" Níl de rogha acu go reachtúil, ach nach ndéanfadh siad cailliúint ar an bhliain seo chugainn.
an dualgas reachtúil seo this legal obligation
" Ar an gcuid is mó, is airgead amú an caiteachas stáit a eascraíonn as an dualgas reachtúil seo.
i bhfianaise an dualgas reachtúil in light of the legal obligation
" Is dócha go bhfeictear sa státseirbhís gur ‘dul chun cinn’ an méid sin i bhfianaise an dualgas reachtúil atá le 10 mbliain anuas ar na Ranna agus Oifigí Rialtais céanna, seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla! Pleanáil Teanga ===== Chuireas spéis faoi leith sa ‘dul chun cinn’ a bhí le tuairisciú maidir le Pleanáil Teanga, an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh sa Ghaeltacht.
dá gcuid dualgais reachtúla their legislative obligations
" ” Ar ndóigh ní hé an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an t-aon roinn stáit a ghlac le cúraimí nua le dornán blianta anuas agus is bocht an leithscéal é sin le droim láimhe a thabhairt dá gcuid dualgais reachtúla.
dualgas reachtúil a legal obligation
" ” Deir siad go bhfuil dualgas reachtúil orthu scrúdaithe Gaeilge a chur ar fáil i dTuaisceart Éireann, ach nach bhfuil an ceangal sin orthu i Sasana.