Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbun ceirde at their craft
" Is rud iontach é máistrí a fheiceáil i mbun ceirde, agus is é sin a bhí mar radharc againn ar pháirc álainn an Chrócaigh ar cheann de na laethanta Féile Pádraig is breátha dá dtáinig le fada.
i mbun a ceirde doing her thing
" Ba deas an radharc Joan agus í i mbun a ceirde.
shaol rúnda na ceirde seo the secret world of this trade
" Mar chúiteamh, a léitheoir, radharc agam duit ar shaol rúnda na ceirde seo.
siopaí beaga ceirde little craft shops
" Anois, tá siopaí beaga ceirde agus caifí thart ar an *piazza*, agus bíonn páistí ag súgradh ina lár.
scileanna teicniúla na ceirde the technical skills of the trade
" Tá cuid acu le cloisteáil beo ar an aer, agus daoine eile ag obair leo sa stiúideo, ag meascadh na fuaime nó i mbun eagarthóireachta, agus iad ag foghlaim scileanna teicniúla na ceirde.
siopaí ceirde craft shops
" Cruthaíonn an lucht siamsaíochta sráide spiorad carnabháil agus tú ag siúl thart ag sú isteach na radharcanna thart timpeall ort, mná na hoíche i mbun a ngnó i gceantar na soilse dearga, cuir i gcás, agus iad gualainn ar ghualainn le siopaí ceirde agus caifí beaga teolaí.
cúpla siopa deas ceirde a few nice craftshops
"cúpla siopa deas ceirde ann agus tá iarsmalann bheag an-mhaith sa chearnóg, in aice leis an oifig turasóireachta.
uirlisí ceirde craft instruments
" Tá an-chuid uirlisí ceirde le feiceáil ann, sábha, céachtaí, agus muileann ina measc.
mionsonraí na ceirde, the small details of the craft,
" Ach nuair a fhoghlaimíonn tú mionsonraí na ceirde, éiríonn sé an-deacair ar fad.
taobh na ceirde the trade's aspect
" Is dóigh liom go bhfuil an-tábhacht leis an dá ghné sin, taobh an duine féin agus taobh na ceirde nó na teicneolaíochta.
ceirde trade, profession
" Bhí sé iontach deas a bheith obair leosan, ag foghlaim na ceirde, cineál.
na Ceirde of the trade
" Dua Tosaigh na Ceirde ======== D’inis sé dom cé chomh deacair is a bhí sé foilsitheoir a fháil le haghaidh a chéad úrscéal, *‘The Commitments’*.
mbéarlagair na ceirde trade jargon
" *‘Honey traps’* nó ‘póg-agus-inis’ a thugtar ar a leithéid de chleachtas i mbéarlagair na ceirde.
ag foghlaim na ceirde learning the trade
" Bhí baint ag an Spáinneach le campa leadóige Carlos Moyá, a bhí ar an imreoir ab fhearr ar domhan i ndiaidh réimeas Phete Sampras i 2002, agus chaith Daithí mí ann ag foghlaim na ceirde ó Charlos.
tuismitheorachta, teicneolaíochta, ceirde parental, technical, craft
" Dírithe ar dhreamanna áitiúla don chuid is mó, tá neart cumainn siúil, teanga, tuismitheorachta, teicneolaíochta, ceirde agus cultúir ann.
gongannaí uilig na ceirde tuillte go maith aige he deserves all the gongs in the business .
" Agus beidh gártha molta an tslua agus gongannaí uilig na ceirde tuillte go maith aige.
i rún na ceirde leis in on the secret of what he does
" Tá Irving ag titim i ngrá le Sydney – cé a thógfadh sin air? Dhéanfadh sí biata blasta dá chuid cliantaí, ach í a thabhairt isteach i rún na ceirde leis.
ní hamháin ar ealaín na ceirde not just of the art of reporting
" Gheobhaidh an léitheoir spléachadh ní hamháin ar ealaín na ceirde ach ar an chleasaíocht a bhíonn ar bun i seomraí nuachta na tíre.
a thuigfeadh lucht ceirde which people in the trade would understand