Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chéim step
" Ní scrúdú ródhian a bhí ann ach féachadh air mar chéim thábhachtach i saol an dalta - chuir sé in iúl go raibh deireadh ag teacht le ré amháin agus go raibh tús á chur le ceann eile.
chéim step
" Tógtar na grúpaí sin ón gcéad chéim nuair a chuireann siad glaoch ar an oifig go dtí go mbaineann siad aitheantas sealadach amach ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
chéim mhuiníneach confident step
" Tá go leor eile den bharúil, áfach, gur léiriú é an leacht ar chéim mhuiníneach chun tosaigh ó thaobh cúrsaí ailtireachta de, agus nach bhfuil eagla orainn a bheith difriúil.
chuile chéim every step
" Spuaiceanna ag éirí níos mó le chuile chéim, ach iad ar gach aon taobh de mo chos.
chéim step
" Céard is féidir linne a dhéanamh faoi? An chéad chéim ná a thuiscint gur féidir rud éigin a dhéanamh faoi, nach gá dúinn an biachlár BigMac seo a shlogadh go deo.
an chéad chéim eile the next step
" Is faoin gcoiste seo a bheidh sé a bheartú cad í an chéad chéim eile ba chóir a ghlacadh.
athoscailt céim ar chéim phased re-opening
" " Deir Carey, má théann gach rud de réir an phlean atá leagtha síos, go bhféadfadh údaráis Battery Park City "athoscailt céim ar chéim" a bheith acu go luath, b'fhéidir ó 19 Meitheamh ar aghaidh.
chéim dhochtúireachta doctorate
" Ag ceann de na deirí seachtaine, bhuail mé le scoláire as Éirinn, Cormac Mac Fhionnlaoich, a bhí ag obair ar chéim dhochtúireachta in ollscoil Maryland.
Bronnadh an chéim air he was awarded the degree
" Bronnadh an chéim air agus d'fhill sé ar Éirinn, ach táimid i dteagmháil le chéile fós.
leis an chéad chéim a ghlacadh to take the first step
" Más duine mar sin tú féin nó má tá smaoineamh agat a shíleann tú féidearthachtaí a bheith ag baint leis ó thaobh gnó de, téigh i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta leis an chéad chéim a ghlacadh i saol nua! Tuilleadh eolais: (www.
chéim degree
" Thaitin an coláiste léi, ach faoin am a bhí an chéim bainte amach aici, bhí sí réidh le rudaí nua a thriail.
chéim radacach radical step
" Tá lucht an tionscail fháilteachais ag rá go gcaillfear vótaí agus postanna má ghlactar an chéim radacach seo ach, iontas na n-iontas, tá na polaiteoirí ag seasamh le chéile chun sláinte thromlach an phobail a chosaint.
chéim degree
" Rinne mé staidéar ar an Bhreatnais - ní ar an Ghaeilge - ach ba é an stair an mórábhar a rinne mé don chéim," arsa Aled.
chéim degree
" " "Agus mo chéim bainte amach agam, d'aithin mé go raibh orm Gàidhlig a fhoghlaim i gceart - mar sin, chun bóthair liom chuig Coláiste Sabhal Mòr Ostaig san Oileán Sgitheanach ar dhianchúrsa lánaimseartha bliana.
chéim mháistreachta masters degree
" " Dhírigh an Seoigheach ar chéim mháistreachta ansin agus thosaigh ar thráchtas a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin Uí Eithir.
an chéad chéim loighciúil eile the next logical step
" "Braithimid gurb é seo an chéad chéim loighciúil eile.
chéim step
" Níor thuig gluaiseacht na poblachta sin go dtí na 1980í, nuair a tháinig McGuinness agus Adams i réim, agus aithníonn siad le hachan chéim siar ón fhoréigean a thugann siad, is amhlaidh is mó vótaí a fhaigheann siad.
céim ar chéim step by step
" Caithfimid a bheith oscailte do gach iarracht a dhéantar chun í a labhairt agus caithfimid gach cabhair agus spreagadh a thabhairt do dhaoine úsáid laethúil a bhaint as an mbeagán atá acu; sa tslí sin fásfaidh sí céim ar chéim.
an chéim thábhachtach slándála sin that important security step
" Ach tá a fhios againn go léir nach dtarlaíonn an chéim thábhachtach slándála sin i gcónaí.
chéim stages
" Is mór an dul chun cinn é an méid sin ón ngéarchéim a bhí ann tamall beag de bhlianta ó shin, nuair a bhí daoine á ligint chun siúil ó Telegael mar gheall ar an tionchar a d'imir deacrachtaí airgid TG4 ar an gcomhlacht.
chéim step
" Nuair a craoladh ansin ar an raidió iad, an chéad chéim eile ná féachaint arbh fhéidir iad seo a chur ar fáil i leagan níos buaine agus iad a scaipeadh ar an mórphobal.
a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí to keep up with the debates
" Ba é mo mhian riamh a bheith céim ar chéim leis na díospóireachtaí agus leis na forbairtí sin uilig nó, cé gur mheas mé gurbh amaideach an mhaise ag acadúlaithe agus ag criticeoirí na nua-litríochta Gaeilge dul i ndeabhaidh i sciorta ar bith den díospóireacht nuair nár ghá ná nár thairbhe dóibh é, ba é gort sin na critice an gort a bhínnse ag iarraidh a shaothrú.
chéim ollscoile university degree
" Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!" Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
chéim degree
" Amharclann na Mainistreach ======= Bronnadh an chéim ar Ray i 1980 agus cúig bliana ina dhiaidh sin, nuair nach raibh sé ach cúig bliana is fiche d'aois, ceapadh é mar Leas-Stiúrthóir Ealaíon in Amharclann na Mainistreach.
chéim step
" An chéad chéim b'fhéidir sula dtugann sé féin arís faoi cheannasaíocht Pháirtí an Lucht Oibre a bhaint amach.
chéim degree
" "Titeann sé amach go minic, go háirithe i gcás céime mar chéim innealtóireachta, go mbíonn dearcadh an-chúng ag duine.
chéim degree
" Ba é an chéad phost lánaimseartha a bhí agam tar éis dom mo chéim a bhaint amach san ollscoil ná ag obair le Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe i Washington, DC.
chéim degree
" " Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge a degree in philosophy and Irish
" ” Ollscoil na Ríona ======= Thug Ó Muirí faoi chéim san fhealsúnacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste tar éis dó an scoil a fhágáil.
chéim innealtóireachta a degree in engineering
" ” Céim san innealtóireacht ======= I 1967, d'fhág Donncha Cluain Mealla agus Tiobraid Árann, agus thug aghaidh ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar thug sé faoi chéim innealtóireachta.
chéim step
" Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.
chéim step
" Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.
chéim degree
" ” In ainneoin na béime seo ar an eolaíocht sa scoil, agus in ainneoin gur Ollamh le Fisic ab ea a hathair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, chinn Muireann ar chéim a dhéanamh sna healaíona.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin as an important step in quality control
" Bíonn obair aistriúcháin ag teacht isteach ónár n-aistritheoirí go rialta agus deintear profáil ar an ábhar sin mar chéim thabhachtach i rialú caighdeáin.
chéim step
" An chéad chéim a thóg mé ná litir a sheoladh chuig an nuachtán *The Irish Post* i Londain ag lorg eolais i dtaobh ranganna Gaeilge.
an chéad chéim eile the next step
" Maraíodh Denis Donaldson an lá sula raibh an dá Rialtas le ráiteas a eisiúint le chéile faoi cad é an chéad chéim eile a bhí beartaithe acu maidir leis an phróiseas síochána.
ó chríochnaigh mé mo chéim since I finished my degree
" Cén ról atá agat féin in Feachtas agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú go lánaimseartha mar dhuine d’Oifigigh Forbartha Feachtas agus tá mé sa phost ó chríochnaigh mé mo chéim le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i samhradh na bliana 2004.
a chéim his degree
" Chríochnaigh sé a chéim in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, agus chaith sé trí bliana ag múineadh i gColáiste Belvedere.
ar chéad chéim on the first step
" Nach mbeadh sé iontach, a dúirt sé agus slócht éigin air, iontach dá mbeadh gach uile phíosa ceoil a taifeadadh riamh i do chartlann? Bhí sé suite ar chéad chéim an staighre—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha arís—agus a bhéal oscailte, na fiacla buí nochta aige, iad fliuch le seile agus cúr, rud gránna.
an chéim seo this step
" D’eisigh Thomson Scientific ráiteas ag rá go raibh orthu an chéim seo a ghlacadh toisc go raibh orthu costais inmheánacha a laghdú chun dul in iomaíocht i gceart sa mhargadh.
dá chéim of his degree
" Bhí sé ag smaoineamh ar an eacnamaíocht a dhéanamh agus ansin céim sa dlí, nó gairm a athar a leanstan sa chuntasóireacht, ach sa bhliain dheireanach dá chéim in Ollscoil Chicago, rinne sé cúrsa dhá mhodúl faoi stiúir Emmet Larkin, saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus an scoláire Yeats, Frank Kinahan.
an chéad chéim the first step
" ” Ach caithfidh go raibh éadóchas air tar éis dó an chéad chéim a bhaint amach nuair a thuig sé an méid oibre a bhí le déanamh aige? “Ní bhíonn éadóchas orm faoi aon rud.
ceithre chéim four stages
"ceithre chéim faoin gcóras seo agus cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí.
gan trácht ar chéim not to mention a degree
" “Gheall gach aon duine acu istigh i Sráid Fhearchair go gcaithfidís vóta dó, ach is é an rud nár thuig Dáithí Bocht nach bhfuil an Ardteist féin ag an chuid is mó de na liúdramáin sin, gan trácht ar chéim ó Ollscoil na hÉireann.
ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: on the first two steps of the application process:
" Réiteoidh cúrsa Europus rannpháirtithe le haghaidh tástálacha an AE agus cuirfidh sé béim faoi leith ar an gcéad dá chéim den phróiseas iarratais: an páipéar ceisteanna ilroghnacha agus an páipéar ceisteanna ar an Eoraip féin.
chéim thábhachtach important step
" Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
céim ar chéim. step by step
" Bhí tús curtha le próiseas a rabhthas ag súil go dtógfaí air céim ar chéim.
an chéim a bhaint amach to graduate
" ” Tar éis na hArdteiste, chuaigh Liam ar aghaidh go Coláiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile agus, cé nach scoláire mór a bhí ann, dar leis féin, d’éirigh leis an chéim a bhaint amach agus post a fháil láithreach ag múineadh i nGaelscoil, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart na cathrach céanna sin.
chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil. to take the next step in the learning process
" Tá aitheantas tugtha don obair agus don dul chun cinn atá déanta ag an bhfoghlaimeoir agus spreagtar é chun an chéad chéim eile sa phróiseas foghlama a thógáil.
Is é an chéad chéim sa treo sin the first step in that direction
" Is é an chéad chéim sa treo sin ná an t-atmaisféar a athrú, agus is cuidiú é an soiléiriú a thug Foras na Gaeilge do na húdaráis ó thuaidh maidir le tábhacht na meán clóite don Ghaeilge.
céim ar chéim, step by step,
" Míneoidh sé duit, céim ar chéim, cén chaoi ar chóir duit tabhairt faoin jab – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar YouTube nó About.
gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim that a two step process should be undertaken
" Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach.
chéim mhór chun cúil a big step back
" Dúradh gur chéim mhór chun cúil a bheadh anseo ag am nuair a bhíothas ag iarraidh stad a chur le meath na Gaeltachta.
céim ar chéim step by step
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
gan chéim without a degree
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
Níl sna trí chéim sin ach an buntús that’s just for starters
Ba chéim mhór chun tosaigh it was a great step forward
" Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
chéim thábhachtach san fheachtas an important step in the campaign
" ' In ainneoin sin, amharctar ar an eachtra anois mar chéim thábhachtach san fheachtas chun cead slí a thabhairt don ghnáthdhuine i gceantair thuaithe.
Ba chéim ollmhór chun cinn é sin that would be a great advance
" Ba chéim ollmhór chun cinn é sin don ghluaiseacht Aerach, agus ba bhuille mór é dóibh siúd (lucht creidimh a bhformhór) a chreideann gur comhcheangal idir fir agus mná amháin é an pósadh.
sular thóg mé an chéim before I took the step
" Rinneamar an t-uafás cainte ar chuile ní sular thóg mé an chéim m’ainm a chur chun cinn agus ballraíocht a ghlacadh.
chéim chun tosaigh step forward
" Nó an é “*land grab of Android*” atá ar siúl ag Facebook mar a scríobh Walt Mossberg an *NY Times*? Bhí sé ar intinn agam scríobh faoin chéim chun tosaigh a bhí i gceist le Google Glass, uirlis a ligeann duit do lámha a scaoileadh ó thiorántacht an ghutháin ach nach scaoileann do lámha go hiomlán go fóillín.
gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann it shall be a very retrograde step
" Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.
le linn chéad chéim during the first period
" 1: 1968-1978* Ruan O Donnell, Irish Academic Press (2012) Leabhar thar a bheith tábhachtach is ea Special Category, leabhar toirtiúil úrnua a scrúdaíonn cad a tharla nuair a cuireadh os cionn 200 príosúnach Poblachtach faoi ghlas i gcarcracha Shasana le linn chéad chéim na dTrioblóidí.
mol an chéim chéanna do dhaoine eile advise others to take the same step
" Éirigh as a léamh láithreach agus mol an chéim chéanna do dhaoine eile.
le linn di bheith ag dul don chéim while she was doing the degree
" ”
 Thosaigh Róisín ag obair ar RTÉ agus í 19 mbliana d'aois ag léamh na nuachta le linn di bheith ag dul don chéim in DCU.
ba chéim bheag it’d be a small step
" Má fhaigheann muintir an tuaiscirt vóta i dtoghcháin uachtaránachta, ba chéim bheag ach tábhachtach é chun aitheantas a thabhairt dom mar Éireannach.
an chéim a bhaint amach in obtaining the degree
" **CB: Eachtraigh dom beagáinín fé do thréimhse san ollscoil?** DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach.
Fuaireas mo chéim I obtained my degree
" Fuaireas mo chéim ach ní chuas riamh leis an múinteoireacht ach an oiread! Is dócha go raibh seans liom ag an am – ré an tíogair cheiltigh ab ea é.
An Dá Chéim i nDiaidh do Chúil your two steps to the rear
" In aitheasc a thug Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin, dúradh go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar na hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! An Dá Chéim i nDiaidh do Chúil =========== Ina áit na Gaeilge éigeantaí, tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige.
Mar chéad chéim initially
" Mar chéad chéim, caithfidh a fhios a bheith againn go mbeidh tacaíocht an phobail ann.
a chéim his degree
" Is as Beirlin é Andreas ach rinne sé a chéim ollscoile i Sabhal Mór Ostaig ar Eilean Sgitheanach.