Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coinnithe ar páipéar kept on paper
" Cosaint ar ghalair ======= Deir an Roinn go bhfuil taifead cinnte coinnithe ar páipéar faoi na beithígh atá ag dul chuig an seamlas, agus go gcuirfear an t-eolas cuí isteach sa gcóras ríomhaireachta nuair a bheas an t-aighneas thart.
coinnithe beo kept alive
" Is iontach an rud é go bhfuil éinne fágtha ar na hoileáin seo in aon chor, gan trácht ar a dteanga agus a gcultúr bheith coinnithe beo acu.
coinnithe ag imeacht kept going
" B’fhearr liomsa bheith coinnithe ag imeacht in áit a bheith i mo shuí thart.
coinnithe kept
" Cuid mhaith de na garrantaí, a bhíodh coinnithe glan ag an seandream rompu, tá siad faoin dris is faoin raithneach anois.
coinnithe kept
" Tá an cultúr ábhartha Ceilteach coinnithe acu ansin go fóill go fairsing faoin tuath.
greim docht coinnithe a firm grip kept
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
coinnithe reserved
" Bíonn seomra faoi leith coinnithe i mbeagnach chuile theach don chogaint khat.
coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre kept by a judge who was started in his job
" ’ De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
fianaise eile coinnithe siar other evidence not produced
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
muid coinnithe istigh faoi dhíon while we were kept indoors
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.