Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a choinneodh that would keep
" Ach i ndeireadh na dála b'fhéidir gurb é an comhthéacs nua reachtaíochta, leis an Acht um Stádas Comhionainn 2000, a chuirfidh an brú cuí ar an tseirbhís oideachais seasamh a thógáil i gcoinne na bhfórsaí a choinneodh na Taistealaithe ar an taobh amuigh.
Choinneodh sí sa tsiúl céad she'd keep a hundred going/busy
" "Choinneodh sí sa tsiúl céad.
coinnítear ar leataobh iad they are kept aside
" Tá roinnt ag an Arm, ach coinnítear ar leataobh iad le haghaidh na dturasanna thar lear.
a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin that were kept secret at the time of the general election
" Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin.
coinnithe ar páipéar kept on paper
" Cosaint ar ghalair ======= Deir an Roinn go bhfuil taifead cinnte coinnithe ar páipéar faoi na beithígh atá ag dul chuig an seamlas, agus go gcuirfear an t-eolas cuí isteach sa gcóras ríomhaireachta nuair a bheas an t-aighneas thart.
coinnithe beo kept alive
" Is iontach an rud é go bhfuil éinne fágtha ar na hoileáin seo in aon chor, gan trácht ar a dteanga agus a gcultúr bheith coinnithe beo acu.
coinnithe ag imeacht kept going
" B’fhearr liomsa bheith coinnithe ag imeacht in áit a bheith i mo shuí thart.
choinnigh mé leo I kept at it
" Ba ghearr gur fhoghlaim mé nach raibh an fheadóg stáin éasca ná an ceol Gaelach ach an oiread ach choinnigh mé leo.
ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda in which the wrongs of the Second World War will be remembered
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.
ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí in which holy books, bells and relics used to be kept
" Tá comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
coinníodh súil orainn we were watched
" Ní raibh cead amach againn chomh minic agus is dóigh gur coinníodh súil orainn i ngan fhios dúinn, gan a bheith ag caint an iomarca leis na cailíní agus leis na mná óga a bhí ag staidéar linn, riail nár chomhlíon cuid againn chomh maith sin!” D’fhág Ó Ciardha na cléirigh tar éis dhá bhliain go leith ach deir sé nach raibh sé sin chomh dian is a cheapfadh daoine é sin a dhéanamh.
a choinnigh rudaí ag imeacht who kept things going
" Dár ndóigh, tá Eddie McCaffrey ann, a chaith seal fada sa ghort linn i gcónaí, a choinnigh rudaí ag imeacht nuair nach raibh sé éasca – i mblianta an ghorta, abraimis.
coinníodh i bhfolach kept secret
" De réir a chéile, faigheann muid amach cad ba chúis le bás Jackie, agus scaoiltear rúin a coinníodh i bhfolach le fada an lá.
coinníodh rúin secrets were kept
" Insíodh bréaga agus coinníodh rúin leis an chaidreamh bréagach seo a choinneáil ag dul.
coinnítear sa dorchadas é he is kept in the dark
" Bhuel, ar nós an bheacáin, coinnítear sa dorchadas é agus cothaítear é le cuid mhór seanchaca.
an té nach gcoinníonn a chos ar an troitheán, he who doesn't keep his foot on the pedal
" Dúirt Jacques Delors, tráth, go raibh Aontas na hEorpa mar a bheadh rothar ann – an té nach gcoinníonn a chos ar an troitheán, titfidh sé as.
Choinnigh sé He kept
" Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu.
nár choinnigh spéis an léitheora seo ann. that didn't keep this reader's interest in it.
" Tá os cionn 350 leathanach ann – eipic scríbhneoireachta is ea é, ach ceann nár choinnigh spéis an léitheora seo ann.
choinnigh mé mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha. I kep my mouth shut and my head down
" Bheadh rud ar bith a déarfainn ar na leathanaigh tosaigh, mar sin choinnigh mé mo bhéal dúnta agus mo chloigeann cromtha.
a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; who keeps track of player attendance;
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
Coinnigh gnéasach é keep it sexy
" Is é seo a dúirt sí liom: “Coinnigh gnéasach é, a Phóil.
a choinníonn an nimh beo which keeps the enmity alive
" An bhfuil sé de cheart againn na pictiúir seo a bhaint anuas mar sin nó an bhfuil siad mar chuid shuntasach d’oidhreacht fhuilteach an tuaiscirt ? An cóir iad a shábháíl nó an uafás iad a ghoilleann ar an intinn agus a choinníonn an nimh beo i gcuisle daoine agus ar cheart dúinn a bheith réidh leo? Dar leis an ealaíontóir áitiúil Peadar Seoighe, atá ag obair ar an cheathrú pictiúr i lár eastát tithíochta protastúnach i nDoire go bhfuil daoine sásta go bhfuil athrú ag teacht ar a dtimpeallacht.
choinnigh kept
" (Thosaigh guthán Cathy ag déanamh gleo ag an phointe seo agus d’ainneoin mise a bheith á scaoileadh leis an scairt a ghlacadh, níor ghlac sí leis an ghlao ach ina áit sin, ghlac sí leithscéal liom faoi! “Tá brón orm” a deir sí agus choinnigh sí ar aghaidh leis an agallamh, “.
Níor choinnigh mé suas é I didn't keep it going
" -“Níor choinnigh mé suas é ach ba mhaith liom a thosú arís, mí Márta le cúnamh Dé.
choinnigh an lóchrann lasta held the candle
" Bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht – an tobar sin nach dtugann muid cuairt air leath rialta go leor le muid féin a thumadh in oidhreacht ár sinsir agus le casadh go hómósach arís leo siúd a choinnigh an lóchrann lasta sna laethanta dorcha.
Choinnigh kept
" Choinnigh siad thar oíche é go dtí gur glacadh lena gcuid éileamh maidir le híocaíochtaí breise iomarcaíochta.
choinnigh kept
" Tá an forhalla, nó an *lobby*, cósúil le dánlann – roinnt de na pictiúir ar taispeáint ann a choinnigh an t-óstán in ionad íocaíochta.
coinnithe kept
" Cuid mhaith de na garrantaí, a bhíodh coinnithe glan ag an seandream rompu, tá siad faoin dris is faoin raithneach anois.
choinnigh greim le béal na nglúnta fed generations
" An gabháltas talún, a choinnigh greim le béal na nglúnta san am a caitheadh, breathnaítear air anois mar shuíomhanna ar a bhféadfaí tithe a thógáil, más féidir bealach timpeall ar an gcóras pleanála a aimsiú.
Choinnigh kept
" Choinnigh sé ansin í ar feadh 24 bliain, go dtí gur bhuail tinneas duine de na páiste a bhí aige léi tar éis dó í a éigniú.
choinnigh dlús kept the pressure
" “Ní ginearál maith a theastaíonn uaim” mar a dúirt Napeoleon, “níl uaim ach ginearál ádhúil!” Nuair a bhí an geilleagar ag moilliú is ag meath ar domhan, thosaigh na Gaeil ag díol is ceannach tithe lena chéile, rud a choinnigh dlús faoi anseo seal sa bhreis.
choinnigh kept
" Casadh orm “Torunn” in Osló blianta fada ó shin agus choinnigh muid i dteagmháil.
choinnigh kept
" D’fhostaigh sé daoine den scoth leis an bpáipéar a fhoilsiú agus bhí an chuma ar an scéal gur choinnigh sé a ladar amach as an eagarthóireacht.
Coinnigh keep
" Íoctar a leithéid ar scrúdú i ngaráiste, gan aon bhall den charr a chóiriú ar chor ar bith chor ar bith! Coinnigh an t-airgead sin in do phóca.
choinnigh kept
" Chreid an Inuit, cuirim i gcás, go raibh sealgaire darb ainm Tarqeq ina chónaí ar an ghealach agus gur choinnigh sé súil ghéar ar an chine dhaonna agus ar a gcuid míghníomhartha.
choinnigh kept
" Eagraíocht shóisialta, chultúir thar aon ní eile is ea an Cumann Lúthchleas Gael a choinnigh an nasc leis an nGaeilge, más go siombalach é.
coinneoidh continue to
" Is cuma cad é, coinneoidh tú ort ag labhairt i nGaeilg.
coinneoidh mé for example I keep
" – cloisimse an nuacht ag a seacht a chlog ar maidin, agus coinneoidh mé súil ar cad tá ar siúl sa tír, caithfidh tú a thuiscint céard tá ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath! Tá an-fhaisean ag muintir Bhaile Átha Cliath a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus níl aon neart acub ar sin, ach sin é an fáth a léimse, chomh minic is atá mé in ann, an Connacht Tribune, an Meath Chronicle agus The Farmers Journal, mar tuigfidh tú ansin .
choinnigh kept
" Ar ndóigh, is ag trácht ar nuachtáin sa mhúnla traidisiúnta (a fhoilsítear agus a cheannaítear i siopaí) atá mé, óir tá moladh mór tuillte ag an iriseoir Eoghan Ó Néill a choinnigh beatha san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne Nuacht 24.
Coinnigh Cuimhne remember
" ’ ‘Coinnigh Cuimhne ar an nGorta Mór’ atá greanta ar an leacht cuimhneacháin i Learpholl i dteanga nach raibh/bhfuil againn, de réir an Dochtúra Belcham.
choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail make ends meet
" **CMS: Mar dhornálaí amaitéarach lán-aimseartha conas a mhaireann tú – conas a choinníonn an tsnáithe faoin bhfiacail?** KT: Tá deontas ón Chomhairle Náisiúnta Spóirt agam agus cuidíonn sé sin liom maidir le costais mhaireachtála a íoc.
coinníodh was kept
" , dom inniu féin, buíochas a Roinne sise a chur in iúl anseo inniu chomh maith, tharla gur coinníodh breis is 20 milliún €uro sa tír seo de bharr obair an phortaigh i mbliana.
Coinníonn sé he keeps
" Coinníonn sé i dteagmháil lena mhuintir in Éirinn trí litreacha i nGaeilge, go háirithe le Úna Ó Callanáin, agus tagann sé ar cuairt gach tríú bliain go hÉirinn.
coinníodh was kept
" Is cosúil gur coinníodh Keenan agus daoine eile ar nós Terry Anderson, Terry Waite agus John McCarthy ina ngialla chun brú a chur ar rialtais an Iarthair, an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go príomha, agus ar Iosrael scaoileadh le cuid de na príosúnaigh Mhoslamacha a bhí cuibhrithe acu.
coinnithe kept
" Tá an cultúr ábhartha Ceilteach coinnithe acu ansin go fóill go fairsing faoin tuath.
Coinníonn keeps
" Coinníonn grianghraif cuimhní beo, úr.
Choinnigh mé orm I kept going
" Choinnigh mé orm an bealach trí pháirceanna agus coillte lastuaidh den abhainn, agus cé go raibh sé deas, bhí sé cineál uaigneach fosta agus shíl mé gur ainm contráilte a bhí ann, Slí Ribble.
choinnigh kept
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
Coinneoidh shall keep
" Coinneoidh an t-eireaball teilgthe ag lúbarnaíl as féin go draíochtúil i do láimh cúpla nóiméad.
coinníodh were kept
" D'éalaigh triúr a bhí ag déanamh staidéir ar phróisis shíochána ó cheann de na córais dhlíthiúla ba mheasa ar domhan an tuigbheáil atá ag Ruane agus í ag cur síos ar na cages inar coinníodh na fir i gcuideachta mangairí drugaí, agus paramilitares den eite dheis, gardaí armtha gach áit.
choinnigh kept
" Ar ndóigh, dhiúltaigh an tUachtarán Obama a bheith ina arracht na seacht gceann uilig, agus choinnigh a theastas sa tarraiceán.
choinnigh kept
" Is ar éigean a choinnigh an t-airgead a fuair siad ón Roinn Leasa Shóisialaigh beo iad.
coinníonn sé súil ar he keeps an eye on
" Na laethanta seo, coinníonn sé súil ar stráice bóthair óna seacht a chlog ar maidin go dtí a seacht a chlog san oíche.
Choinneofaí ar an mbealach seo would in this way be kept
" Choinneofaí ar an mbealach seo an ghné dhaonlathach a bhaineann le Bord an Údaráis agus bheadh an saineolas cuí ar fáil ag leibhéal an bhoird, le go bhféadfadh an bord feidhmiú mar stiúrthóirí ag déanamh cinnte de go raibh an eagraíocht ag comhlíonadh a chuid dualgaisí reachtúla i leith caomhnú na Gaeilge mar mheán cumarsáide sa bheagán den Ghaeltacht atá fágtha.
greim docht coinnithe a firm grip kept
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
coinnithe reserved
" Bíonn seomra faoi leith coinnithe i mbeagnach chuile theach don chogaint khat.
choinnigh sé smacht iontach ar a bhéal he kept his piece perfectly
" ”* Cé go bhféadfadh sé a bheith sách gangaideach go príobháideach, mar pholaiteoir, choinnigh sé smacht iontach ar a bhéal agus é ag caint go poiblí.
Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos I kept on talking in case
" Choinnigh mé orm ag caint ar fhaitíos go dtitfeadh a chodladh air sa gcarr.
níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail art didn’t pay the bills
" Cé go ndearna Lawrence cúrsa sa Manchester Municipal College of Art i 1905, níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail - d'oibrigh sé mar bailítheoir cíosa agus shiúil sé thart Manchain ag bailiú smaointe ar phiciúir chomh maith leis an airgead cíosa.
choinnigh mé an teagmháil I kept in touch
" Agus chuir sí suim ionam thar na blianta agus nuair a chuas go Nua-Eabhrac le Dancing at Lughnasa bhí sí an-bhródúil agus choinnigh mé an teagmháil léi thar na blianta.
Níor coinníodh uisce leo they weren’t watered
coinníodh baill coirp a n-iníne body parts of their daughter were kept
" Déantar staidéar ar na braistintí scoiteacha a mhothaíonn an bheirt acu agus iad ag dul i ngleic lena gcailliúint chomh maith leis an scéala gur coinníodh baill coirp a n-iníne, Teresa, san otharlann i ngan fhios dóibh.
Choinnigh muid beirt we both kept
" Choinnigh muid beirt, súil ar an bheirt bhan taobh eile na sráide ag caint, an bhean aibí ag labhairt go cneasta leis an mbean óg fíorálainn seo.
choinnigh kept
" Cé gur fhan an Daonlathach Barack Obama sa Teach Bán, agus gur choinnigh an Páirtí Poblachtánach greim ar Theach na nIonadaithe, tá fadhbanna ollmhóra roimh an dá pháirtí a chaithfear réiteach go tapa.
coinníodh fianaise thábhachtach siar important evidence was concealed
" Tháinig eolas eile chun tosaigh gur coinníodh fianaise thábhachtach siar ón chúirt agus go raibh camastaíl ar bun i roghnú baill an ghiúire, rud a chinntigh gur Protastúnaigh ar an mhórgóir a bhí air.
choinnigh sé air ag dortadh it kept on pouring
" Thosaigh an bháisteach ag a naoi a chlog ar maidin, agus cé nach raibh sé chomh trom is a bhí báisteach Spéirling Irene, a thug cuairt orainn i 2011, choinnigh sé air ag dortadh go dtí an lá dár gcionn.
coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre kept by a judge who was started in his job
" ’ De réir meamram de chuid na Roinne Dlí is Cirt an ama sin, comhairlíodh don Ard-Aighne nach bhféadfadh go mbeadh dualgas ar an rialtas a chinntiú go leanúnach go mbeadh líofacht Ghaeilge coinnithe ag breithimh a cuireadh i mbun oibre i limistéir chúirte ina bhfuil ceantar Gaelachta ann.
tá míchumas air a choinnigh he has a disability which has kept
" Ós rud é nach acmhainn dó an obráid is cóir a dhéanamh ar a chos, tá míchumas air a choinnigh i Maracó é, ag brath ar an déirc.
coinnigh do cheann isteach keep your head in
" Is é sin, coinnigh do cheann isteach agus, le cuidiú Dé, imeoidh an cnap oighir uait ar a bhealach síos san fhodhomhain.
choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta Irish people kept the wheels of empire
" Is beag leathanach in Encounters: How Racism Came to Ireland nach raibh firicí ann nach raibh ar eolas agam nó a ndearna mé dearmad orthu - an fáth go gcuireann muid daoine gorma ar dhaoine ‘dubha’, mar a d'fhuadaigh foghlaithe mara ó thuaisceart na hAfraice céad go leith duine as Dún na Séad i gContae Chorcaí i 1631; mar a choinnigh Éireannaigh rotha na hImpireachta ag dul go héasca san India.
choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh continued to laugh after them
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
Choinnigh siad orthu they kept moving
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
choinnigh kept
" Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile áfach agus choinnigh Luigi grianghraf Mokryna i gcónaí chomh maith le ribí gruaige dá cuid.
fianaise eile coinnithe siar other evidence not produced
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint it wasn’t produced in order to protect national security
" Níos measa fós, sceith Ian Cunliffe, iarfheidhmeannach i Roinn an Phríomh-Aire in Canberra, an rún go raibh faisnéis ag seirbhís rúnda na hAstráile a léirigh go raibh na fir neamhchiontach, ach gur coinníodh siar í le slándáil náisiúnta a chosaint.
choinnigh siad an béal druidte they kept their mouths shut
" D’fhóir an ainriail sin don Ghearmáin gan a dhath a rá, agus choinnigh siad an béal druidte.
Choinnigh mé orm á sheachaint I continued to avoid it
" Choinnigh mé orm á sheachaint i rith na seachtaine, go dtí inniu.
Coinníodh scéal news of G. was kept
" Coinníodh scéal Goldsboro faoi rún go dtí an mhí seo caite nuair a scaoileadh é i gcáipéis oifigiúil.
coinníonn sí a saol pearsanta she keeps her personal life (to herself)
" Cé go bhfuil sí go mór os comhair an phobail, coinníonn sí a saol pearsanta di féin.
gcoinníonn sí smacht ar na meáin keeps a lid on the media
" Is maith an rud é go gcoinníonn sí smacht ar na meáin toisc go léiríonn sé an meas atá aici uirthi féin agus ar a teaghlach.
a choinnigh an pobal aerach faoi chois which kept the gay community oppressed
" Ba é toradh a shaothair é nuair a fuarthas réidh le reachtanna victoriacha coiméadacha a choinnigh an pobal aerach faoi chois.
coinníodh were kept
" Ní dearnadh dochar uafásach don tír, mar coinníodh na seirbhísí ‘éigeandála’ ar oscailt, ach dúnadh forais thábhachtacha mar an Áisínteacht um Chosaint na Timpeallachta, an Roinn Dlí, rialtóirí airgeadais an rialtais, agus na páirceanna náisiúnta go léir.
a choinníonn cuntas cruinn ar who keeps ‘a proper track’ of
" Dúirt sé go suíonn sé isteach ina Bugatti Veyron (luach £2,000,000) gach maidin agus go dtiomáineann sé síos go dtí oifig a chuntasóra é, sula dtiomáineann sé suas go dtí teach a ghníomhaire é, agus ansin tiomáineann sé é thart ar an timpeallán cúig nó sé huaire ar mhaithe leis an spraoi, sula dtiomáineann sé an Bugatti síos go dtí teach an fhir a choinníonn cuntas cruinn ar an mhéid carranna atá aige.
a choinníonn le chéile muid which keep us together
" Ócáid is ea an Nollaig nuair is ceart dúinn machnamh a dhéanamh ar na rudaí sin a thugann agus a choinníonn le chéile muid mar dhaoine muinteartha, mar chomharsana, mar chomhshaoránaigh agus mar dhaoine daonna.
a choinnigh é féin agus a chine faoi chois who kept himself and his people subjected
" An rud ba mhó a chuaigh i gcionn ar dhaoine ná an dóigh nár léirigh Mandela aon ghoimh ina dtaobh siúd a choinnigh é féin agus a chine faoi chois.
aon dream a choinneodh faoi chois iad any group which would keep them oppressed
" Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
is minice a choinníonn ar siúl muid most often keeps us going
" Níl Córas Saoi gan Locht ======== De réir Kahneman, is é an chéad chóras a dhéanann bunús na hoibre agus is minice a choinníonn ar siúl muid.
choinnigh sé leis he kept at it
" Chaill Yanukovich an lá sin ach choinnigh sé leis gur toghadh é mar uachtarán sa bhliain 2010.
muid coinnithe istigh faoi dhíon while we were kept indoors
" Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.
Coinníonn sé eolas it keeps information
" Coinníonn sé eolas faoin gcóras suite domhanda, nó faoi GPS an tile, ar ndóigh, ach chomh maith leis sin úsáideann siad pobal úsáideorí Tile chun teacht ar rudaí.
Coinnigh an Cloigeann keep the head, stay cool
" Coinnigh an Cloigeann ======== Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige? “Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seo tá i bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.
coinnigh súíl amach fána choinne keep an eye out for it
" Tá a scéalta á n-inse faoi láthair sa dráma Shreiking Sisters - coinnigh súíl amach fána choinne.
coinníodh was kept
" Bean darb ainm Sibel Edmonds a coinníodh ciúin sa chás seo.
Choinnigh kept
" Choinnigh Eilís Ní Dhúill an cloigeann nuair a mheas sí an scannán ‘samhlaíoch’ scéiniúil a taispeánadh ina scannán lánfhada ag Film Fleadh na Gaillimhe i mí Iúil.
Coinnigh do lámh i do phóca don’t buy anything
"Coinnigh do lámh i do phóca’ an moladh atá ag Muiris Ó Meara duit an chéad Lá Vailintín eile, nó tá an iomarca measa, agus airgead dá réir, caite ar an ‘it’ a éiríonn amach as chuile chearn an tráth sin bliana.
coinníonn siad orthu ar son na cúise they keep going for the sake of it
" Maraítear iad nó bagraítear a leithéid orthu, ach coinníonn siad orthu ar son na cúise.