Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comharsana neighbours
" D'fhiafraigh sé díom cad é mar a bhí mo chuid comharsana.
na comharsana béal dorais the next-door neighbours
" De ghnáth ar maidin! Ach is aoibhinn liom a bheith ag seinnt tar éis meán oíche agus bíonn na comharsana béal dorais ag gearán.
comharsana dainséaracha dangerous neighbours
" Ar na deacrachtaí eile a bhíonn i gceist agus a bhí le feiceáil sa scannán, tá árasáin bhrocacha, comharsana dainséaracha, agus "aíonna" a thagann chun tí gan choinne.
comharsana neighbours
" Bhí bó againn agus cearca agus muca, agus thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn.
faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí oppressed by more powerful neighbours
" Tá an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí.
na comharsana the neighbours
" “B’as Ciarraí na comharsana agus bhí siad líofa sa teanga,” a dúirt sé liom.
na comharsana cneasta the kind neighbours
" Lean Barry leis lena chaint san aer faoi “áilleacht na háite” agus “na comharsana cneasta”.
thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn. the neighbours used to give us great help.
" Bhí bó againn agus cearca agus muca, agus thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn.
beag beann ar na comharsana. without heed to his neighbours
" Déanann an gnáth-Alascach mar is mian leis, beag beann ar na comharsana.
comharsana neighbors
" Chruinnigh na comharsana ar an tsráid agus faoiseamh orainn go léir gur tháinig muid féin agus ár dtithe slán tríd an anfa teasa.
comharsana neighbours
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
comharsana neighbours
" Is minic go dtarraingíonn obair na móna trí ghlúin an aon teaghlaigh lena chéile, chomh maith le comharsana a bheith ag obair ina meithle le chéile.
comharsana neighbours
" Is ionann sin agus ceithre mhilliún duine a mhothaíonn scoite amach ón gcuid eile den phobal nó ina n-aonar, nach mbíonn ach fíorbheagán caidrimh acu le daoine muinteartha leo, le comhghleacaithe oibre, le cairde nó le comharsana.
comharsana neighbours
" Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
comharsana neighbours
" Chuala mé neart scéalaíochta agus seanchais cois tine ó mo mhuintir agus ó na comharsana.
in éineacht le comharsana with neighbours
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
comharsana béal dorais next door neighbours
" Is comharsana béal dorais iad an Pholainn is an Úcráin, agus sular bhain an Pholainn ballraíocht den AE amach, bhí saorchead isteach go dtí an Pholainn ag muintir na hÚcráine.
choimhlint idir comharsana neighbourly rivalry
" Cé go bhfuil sé ráite gurb í an choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘*Dubs*’.
na comharsana bradacha the thieving neighbours
" B’fhéidir nach raibh an cur chuige sin sách ‘sofaisticiúil’ leis an mbua a fháil ar leithéidí Real Maidrid, Bharcelona nó Milan ar bhonn rialta, ach, ar an láimh eile, b’fhéidir go mba thábhachtaí do Ferguson na comharsana bradacha, Learpholl agus Manchester City ach go háirithe, a choinneáil faoi chois ná a bheith róbhuartha le foirne allúracha i bhfad i gcéin.
do na comharsana mar sin for our neighbours then
" Teachtaireacht ó na Creachadóirí do na comharsana mar sin: ligigí don dá theanga meascadh ina chéile más mian libh, ach coinnigí súil ar ollphéist na Denglische sula n-itheann sí creatlach bhur dteanga.
ar na comharsana to our neighbours
" Sa bhliain atá amach romhainn, leanfaidh mé le mo lán dhícheall a dhéanamh ar son leas agus fónamh mhuintir na hÉireann, abhus anseo sa mbaile, agus i gcéin, agus tá mé ag súil go mór leis an gCuairt Stáit ar na comharsana agus ar na cairde is gaire dúinn sa Ríocht Aontaithe i mí Aibreáin.
comharsana neighbours
" Ach ansin chuala Garth Brooks (nó Gearóid Ó Srutháin, mar a thugann sé air féin nuair a bhíonn sé in Éirinn) go raibh comharsana Chumann Lúthchleas Gael ag lorg tuilleadh stoirmeacha ceoil le go mbeadh na sráideanna beaga cúnga thart ar Pháirc an Chrócaigh plódaithe le meisceoirí agus múisceoirí as achan chontae in Éirinn, nach mbeadh aon bhealach isteach ná amach ag na cónaitheoirí agus go mbeidís mar a bheadh cimí ina gcuid tithe beaga féin.
atá cuid de na comharsana some of the neighbours are
" Ní thuigeann na daoine a chaith vóta (ná na himircigh thar lear nach bhfuair cead) chomh feargach is atá cuid de na comharsana in aice leo.