Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chothromais equities
" Ba chóir d'infheisteoirí atá ag lorg toradh níos fearr ar a n-infheistíocht breathnú ar chuntas infheistíochta bunaithe ar chothromais.
caillteanas cothromais loss of equity
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
easnamh cothromais negative equity
" Beidh ceannlínte mar seo le feiceáil sna nuachtáin i 2015: “Méadú mór sa líon daoine atá ag táirgeadh a gcuid bia féin” Teaghlaigh in easnamh cothromais tar éis thitim na bpraghsanna Capaill oibre níos daoire ná tarracóirí anois Ach dá mbeadh freagairt éirimiúil agus thapa ó na rialtais Eorpacha tar éis na géarchéime in 2007? Bhuel, sin an cás deireanach: “**Roinnt Chothrom**”.
cothromas inscne. gender equality.
" *Ach, ar ndóigh, feicim na buntáistí atá agam féin agus ag mo thír – geilleagar láidir, caighdeán maith fostaíochta, oideachas, rogha slite maireachtála, sláinte, cothromas inscne.
cur chun cinn an chothromais the promotion of equality
" Arís eile in agallamh le *Hot Press*, dúirt Paisley *fils* gur chuir daoine aeracha déistin air agus ba é ab iontaí faoin scéal ná go raibh Ian Óg ina Aire i roinn a raibh cur chun cinn an chothromais mar chúram amháin dá cuid! Ach níl mórán cumhachta ag “an vóta bándearg” agus ligeadh do Paisley leanúint leis ag déanamh dochair dá pháirtí.
easnamh cothromais negative equity
" Níl aon taithí ag mórchuid na glúine sin ar dhífhostaíocht nó ar shochar leasa shóisialta, gan trácht ar easnamh cothromais – rud atá i ndán go cinnte don dream donasach sin a cheannaigh tithe le bliain anuas ar bheagán cothromais agus ar mhorgáistí móra.
ar bheagán cothromais with little equity
" Níl aon taithí ag mórchuid na glúine sin ar dhífhostaíocht nó ar shochar leasa shóisialta, gan trácht ar easnamh cothromais – rud atá i ndán go cinnte don dream donasach sin a cheannaigh tithe le bliain anuas ar bheagán cothromais agus ar mhorgáistí móra.
cothromas equity, equality
" B’fhearr liom an focal ‘cothromas’ ná ‘fás/forbairt’.