Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag déanamh an mhóir den bheagán making a mountain out of a molehill
"ag déanamh an mhóir den bheagán".
ag déanamh a mhór do bhronntanas Aindí praising Aindí's present
" "Óch, ag déanamh a mhór do bhronntanas Aindí atá muid," arsa Frank.
a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige who has done more than his bit
" Craobh na hÉireann sa dornálaíocht ======= Duine amháin a bhfuil níos mó ná a chion déanta aige ar son aos óg na háite agus ar son na peile agus na dornálaíochta i gCamus is ea Colmán Ó Flatharta.
ag iarraidh scéal mór a dhéanamh as trying to make a lot of it
" " Rogers: "Tá (an Seanadóir Edward) Kennedy ag iarraidh scéal mór a dhéanamh as.
ní mór cinneadh a dhéanamh cén táirge atá á dhíol it is necessary to decide what product is being sold
" Sula ndírítear ar mhargadh, ní mór cinneadh a dhéanamh cén táirge atá á dhíol.
go bhfuil níos mó oibre le déanamh that more work must be done
" Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” – mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
déanamh a mhór de making a big deal of
" “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff.
Is Leor ó Mhór a Dícheall a Dhéanamh one can only do one’s best
" Is Leor ó Mhór a Dícheall a Dhéanamh ============== Bhí ‘Mary’ ar 25% de mhná Shasana, agus ‘John’ ar 20% de na fir sa bhliain 1800, ach thart ar an bhliain 1850, tháinig fás an-mhór faoi líon na n-ainmneacha a bhí coitianta.
is mór is fiú cuardach a dhéanamh it’s well worth searching
" Más blogger thú is mór is fiú cuardach a dhéanamh ag úsáid search.
ní mór deimhin a dhéanamh de it must be ascertained
" Ag an am céanna, ní mór deimhin a dhéanamh de nach é an t-imreoir club a bheas thíos le pé socrú nó cinneadh a dhéantar.
Tá gar mór déanta ag has done a great favour
" Tá gar mór déanta ag an Taoiseach, Enda Kenny, mar sin as suntas a thabhairt don ní a bhí ar eolas ag madraí na sráide le fada - nach bhfuil an Teach Uachtarach ag feidhmiú mar ba cheart dó a bheith.
ní mór duit an dá rud a dhéanamh you must do both things
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
le gearradh siar mór millteach a dhéanamh to make a massive cutback
" Anois céard déarfá! Más amhlaidh atá, tá cás íontach láidir déanta ag na ‘Irish language broadcasters’ céanna le gearradh siar mór millteach a dhéanamh ar uaireanta craolta na gcraoltóirí céanna! Mura bhfuil aon tionchar rathúil ar chraolacháin i nGaeilge ó thaobh cur le líon na gcainteoirí Gaeilge nó ó thaobh a bheith úsáideach do fhoghlaimeoirí na teanga, is deacair an cás a dhéanamh go mba cheart €60 milliún in aghaidh na bliana d’airgead poiblí a thabhairt do na craoltóirí céanna le cláracha i nGaeilge a chraoladh! Caoinfhulaingt na Gaeilge: ============ ‘Caoinfhulaingt dhea-mhéiniúil na Gaeilge in RTÉ’ an ceannteideal atá ar an tarna chuid den tuarascáil.
tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht assistance has dropped off big time
" Rinne sé sin leas mór dhó chomh maith, ach tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht’, leis an nGaeilge a choinneáil ag imeacht.
ach b’fhéidir ní b’ mhó a dhéanamh faoi but more could be done about it
" **SMM: Inis Gé, an dtéann daoine isteach ansin sa samhradh, an sprioc turasóireachta é an turas farraige sin, isteach ar na hoileáin?** PÓMurchú: Tá siad ag déanamh beagán faoi ach b’fhéidir ní b’ mhó a dhéanamh faoi.
ag déanamh seirbhís mhór dá pobal doing a great service for her community
" **‘Grá mo Chroí an Óige’ le Gearóidín Breathnach:** Sa chnuasach seo, tá Gearóidín Breathnach ag déanamh seirbhís mhór dá pobal.
ag déanamh scéal mór de making a big deal of
" Bhí sé ar intinn agam alt a scríobh an mhí seo ag plé fógairt Google Glass agus Fóin Facebook, ag déanamh scéal mór de gur seoladh péire táirge ó Google, mar atá ann i ndáiríre.
Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór while he pleaded with his almighty father
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
déanamh na huibhe uirthi nach mór almost built like an egg
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
a bhfuil machnamh mór déanta aige who has thought a lot
" Is fear é a bhfuil machnamh mór déanta aige ar stair na tíre seo agus creidim go bhfuil tuiscint ghrinn aige ar an bhealach chasta, dheacair a thug muintir na hÉireann, Thuaidh agus Theas, ó bhunadh an stáit go dtí an lá atá inniu ann.
tá dul chun cinn mór déanta great progress has been made
" Ach é sin ráite tá dul chun cinn mór déanta.
scéal mór a dhéanamh de to make a big deal of
" " Is léir nach bhfuil fonn air scéal mór a dhéanamh de na físeáin, agus ní thugann sé aon cheann don tuairim go bhfuil níos mó déanta acu chun íomhá dhearfach a chothú don teanga i measc an aosa óig ná mar atá déanta ag aon tionscnamh eile le blianta fada.
ag déanamh mór is fiú dínn féin making a big deal of ourselves
" An bhfuil saothar an Phartanóin mar chuid den oidhreacht ilréimseach dhomhanda is linne, an cine daonna ar fad, nó, an bhfuil muid ag déanamh mór is fiú dínn féin sa chás seo agus ar chóir saothar luachmhar oidhreachtúil a thabhairt ar ais do na tíortha as ar tháinig siad?