Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag déanamh margaíochta engaged in marketing
" Tá Virgin ag déanamh margaíochta ar fud an domhain - bhí sin de dhíth orainne.
ag déanamh angaidh rankling, festering
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
ag déanamh tríligh twittering
" Dúirt Peadar liom: "An bhfaca tú na héin sna crainn sa reilig?" D'amharc mé suas agus chonaic mé a lán éan beag sna craobhacha agus iad ag déanamh tríligh gan stad, gan staonadh.
déanamh dá ceal do without it
" Ach tá rogha le déanamh ag an bpobal maidir leis an oidhreacht luachmhar shainiúil seo a bhuanú sa leithinis nó déanamh dá ceal.
ag déanamh tríligh le chéile twittering away with one another
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
ag déanamh léirmheasa reviewing
" " Fuair Neasa post le Raidió na Gaeltachta ar fhilleadh di - í ag éirí ag a ceathair ar maidin ag déanamh léirmheasa don stáisiún ar na scéalta nuachta a bhí i mbéal an phobail.
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air get that off, it looks terrible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air get that off, it looks terrible
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
ag déanamh thinking
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
ag déanamh thinking
" Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá.
a ghoradh a dhéanamh leis warm himself by it
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
ag déanamh suas chatting up
" Níos faide suas ar choirnéal an staighre bhí plásaí ceart a bhí ag déanamh suas le bean bheag chruinn a raibh lorg an óil uirthi.
ag déanamh athchognadh reviewing
" Ach is ag déanamh athchognadh ar an chóisir dheireanach a raibh siad aici a bhí sé agus labhair sé sa deireadh.
a ghoradh a dhéanamh leis warm himself by it
" Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis.
ag déanamh suas chatting up
" Níos faide suas ar choirnéal an staighre bhí plásaí ceart a bhí ag déanamh suas le bean bheag chruinn a raibh lorg an óil uirthi.
ag déanamh athchognadh reviewing
" Ach is ag déanamh athchognadh ar an chóisir dheireanach a raibh siad aici a bhí sé agus labhair sé sa deireadh.
rud a dhéanamh air to obey his wishes
" Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
ag déanamh an racáin making a racket
" " Leis sin, tháinig an fear a bhí ag déanamh an racáin amach as cúl an tseastáin.
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" Is dóigh mura bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir an tAigéan Indiach agus an tAigéan Ciúin nach díol iontais é nach mbeadh ar a gcumas plé ró-stuama a dhéanamh ar aon cheo beagán níos casta.
ní raibh sé ag déanamh lá difir it wasn't making any difference
" Ach is cuma cén chuimilt a thug sé don urlár ní raibh sé ag déanamh lá difir don tsalachar.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh that he could have slept soundly
" Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
a chead aici a bealach féin a dhéanamh she could look after herself
" Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
chun uainíocht a dhéanamh ar a chéile to take turns
" Tá téacs An Nuacht agus Gaeltext Aertel san áireamh san athstruchtúrú sin agus tá beirt fostaithe cheana féin chun uainíocht a dhéanamh ar a chéile chun seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil.
iniúchadh a dhéanamh to scrutinize
" Aithníonn an tAcadamh go bhfuil athruithe ollmhóra cultúrtha ag tarlú taobh istigh chomh maith le taobh amuigh den tír agus tá sé mar sprioc aige iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe seo agus a dtionchar ar shochaí na hÉireann a mheas.
Níl tarrtháil le déanamh ort There's no saving/helping you
" "Níl tarrtháil le déanamh ort.
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil Sinéad got up to make (for the purpose of making) a bottle
" D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air.
an dtig leat neamhiontas a dhéanamh can you ignore
" Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht? Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
ag déanamh manufacturing
" Cé gur thosaigh an Banc Ceannais ag déanamh na mbonn euro ag a ionad in Áit an Ghainimh i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 1999, tosaíodh táirgeadh na mbancnótaí i mí an Mheithimh 2000.
ag déanamh ceannródaíochta leading the way
" Tá Ollscoil na Gaillimhe ag déanamh ceannródaíochta maidir le seo agus is cóir gach tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd agus d'institiúidí eile tríú leibhéal atá ag forbairt sa treo céanna.
ag déanamh tinnis bothering
" Tuigeann Balor anois nach ollmhéid a tóna a bhí ag déanamh tinnis do Bhanríon Eilís Shasana nuair a bhí sí ag gearán faoin *annus horibilis* a bhí aici.
thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh I could have laughed my fill
" An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh ach go bé gur ag cur scrúdú ort a bhí mé.
déanamh amhlaidh do the same
" Is cinnte go bhfuil daoine sásta airgead mór a íoc chun dul chuig drámaí agus ceolchoirmeacha, mar sin cén fáth nach mbeadh siad sásta déanamh amhlaidh i gcás taispeántas? Gan amhras ar bith, déanfaidh an gailearaí brabach ar an taispeántas luachmhar seo.
bheadh sí ag déanamh go raibh léithi she'd be thinking she had succeeded
" Ach ansin arís má chaith sé moll mór airgid uirthi bheadh sí ag déanamh go raibh léithi.
ag déanamh thinking
" "Cad é atá ag caitheamh ort?" "Ná gabh a gháire anois ach tá an diabhal bronntanas Vailintín seo ag déanamh buartha domh," arsa Tadhg.
leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht to amend this flaw in the constitution
" Tá rialtais faoi bhrú ó shin leasú a dhéanamh ar an lúb ar lár seo sa bhunreacht le daingniú a dhéanamh ar dhlí na tíre ionas nach mbeadh aon cheist faoi ghinmhilleadh de chinéal ar bith a bheith ar fáil ach i gcásanna ar leith.
Gan trácht a dhéanamh ar not to mention
" Cén fáth (nó cad chuige/cad ina thaobh) an Pholainn? Cad atá ann? Cá bhfuil sí? An Ghaeilge?! Na créatúir bhochta! Gan trácht a dhéanamh ar an méid uaireanta a chuala mé an seanphort céanna sin gurb ionann Lublin agus *Dublin* ach litir amháin a athrú.
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" An réamhbhlaiseadh eile é seo? An mbeimid in ann idirdhealú a dhéanamh idir an t-earra ceart agus an t-earra bréige? Cheannaigh Eithne scairf di féin sa *souk*, margadh na dteicstílí.
lena míle dícheall a dhéanamh to do their very best
" Nuair a rith na fír óga as Biorra, Droichead an Chláirín, Nemo agus Baile an Doire amach ar Pháirc Semple ar Lá Fhéile Pádraig, a gcroí lán le bród agus paisean dá n-áit dhúchais is dá bpobal féin, bhí siad réidh lena míle dícheall a dhéanamh ar son cairde agus comharsana ar fhás siad suas in éineacht leo.
a dhéanamh bailí to validate
" B'éigean dom féin mo bhealach a dhingeadh trí na daoine le mo thicéad a dhéanamh bailí.
ar mian leis clár a dhéanamh who wishes to make a programme
" Tá sé ar fáil do dhuine ar bith ar mian leis clár a dhéanamh.
rud inteacht a dhéanamh to do something
" Chinn Rob ar rud inteacht a dhéanamh le cuidiú a thabhairt daofa.
Fear déanta cíoracha comb maker
" Fear déanta cíoracha cuir i gcás, an teaghlach ag gabháilt den cheird chéanna le 15 glúin anuas.
aithris a dhéanamh copy
" Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh! Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d'airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh aithris a dhéanamh ar éinne eile.
bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh he was so out of breath he couldn't even talk
" Ach fán am a dtáinig Bríd ar Thomás bhí dhá chuid á dhéanamh den fhocal ina bhéal leis an smeacharnaigh.
aon cheo a dhéanamh to do anything
" Ar ndóigh tá daoine ag rá gurb é an deacracht atá ag an rialtas go mbraitheann siad go mór ar na cánacha a bhailíonn siad ar thobac agus go bhfuil leisce orthu aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an bhfoinse airgid sin.
an chumas chun rogha a dhéanamh the ability to choose
" Ní raibh daoine ábalta glacadh leis an fhíric scanrúil sin gur féidir leis an olcas a bheith mar chuid de nádúr gach duine, gur rugadh muid ar fad leis an chumas chun rogha a dhéanamh.
ag déanamh aclaíochta exercising
" Lá amháin, i ndiaidh argóna, pholl sí a fear céile, a bhí seachtó bliain d'aois, le scian chistine agus é ag déanamh aclaíochta ar urlár an tseomra suí.
ag déanamh ár mbarainne ar giving careful consideration to
" Thuig muid féin a chéile, chaon duine againn ag déanamh ár mbarainne ar an mí-ádh a chorraigh amach as ár nead te teolaí féin muid.
le mo mhachnamh a dhéanamh ar chúpla rud to reflect on a few things
" Ar sise: "Tá mé ag dul go hInis Oírr le cúpla lá a chaitheamh ansin, le mo mhachnamh a dhéanamh ar chúpla rud.
sin a raibh ionam a dhéanamh that's all I could manage
" " "Órú cúpla coiscéim damhsa, sin a raibh ionam a dhéanamh," ar sise léi.
An ag déanamh éada atá tú Are you jealous?
" "An ag déanamh éada atá tú anois?" arsa Jemma.
do mhachnamh a dhéanamh ar reflect on
" "Is féidir leat bualadh isteach anseo chun do mhachnamh a dhéanamh ar an Ghorta.
spaisteoireacht a dhéanamh to take a stroll
" Tá an chathair scoilte ina dhá chuid ag an abhainn udaí Aurajoki, agus bíonn sé iontach deas spaisteoireacht a dhéanamh cois na haibhne sa tsamhradh.
le tagairt a dhéanamh to refer to
" Bhí rud eile ann a fuair mé an-fhurasta, áfach: an dóigh a ndeirtear "tá sé agam" sa Ghaeilge le tagairt a dhéanamh don úinéireacht, gan aon bhriathar ar leith a chiallódh "to have".
a mharana a dhéanamh ar to reflect on
" Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin.
Tá sé ina bhróis déanta he's a total mess
" "A Dhia mór na glóire, an bhfeiceann tú Tadhg? Tá sé ina bhróis déanta," arsa Siobhán.
cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid just decide to stand on the street
" Ní féidir le bean cinneadh a dhéanamh díreach seasamh ar an tsráid.
teagmháil a dhéanamh leo make contact with
" An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú, teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo.
aon bhlas a dhéanamh do anything
" Ach nuair a thosaigh oifigigh de chuid na hIaráice ag fiafraí cén fáth a mbeadh Astrálaigh ag troid san Iaráic, agus ag tagairt do chonarthaí cruithneachtan gur fiú na céadta milliún in aghaidh na bliana iad, dúirt ceannairí na bhfeilméaraí go sciobtha nár chóir don Rialtas aon bhlas a dhéanamh a chuirfeadh an margadh sin i mbaol.
ag déanamh iarrachta making an attempt
" Ina dhiaidh sin thosaigh na póilíní ag déanamh iarrachta a bheith cairdiúil le grúpaí mionlaigh.
ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí lobbying politicians
" Nuair a theip ar de Róiste eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise faoin méid a tharla dó, thosaigh sé ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí.
corr-rois cainte a dhéanamh to have the odd short conversation
" Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta.
go bhfuil agam lena áit a dhéanamh that I have to take his place
" Déarfaidh mé leo go bhfuil agam le dhul ag obair, go bhfuil duine inteacht tinn agus go bhfuil agam lena áit a dhéanamh.
ag déanamh an mhóir den bheagán making a mountain out of a molehill
"ag déanamh an mhóir den bheagán".
Nílid ag déanamh faic they're not doing anything
" Antaine: Céard faoi na scoileanna sa cheantar - an bhfuil aon rud ar siúl iontu sin? Éilís: Nílid ag déanamh faic deireadh seachtaine na hÉigse i mbliana ach táid á dhéanamh an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin.
tá líomháintí á ndéanamh allegations are being made
" Ach fós, gach uile sheachtain beagnach, tá líomháintí á ndéanamh i gcoinne Teachta Dála éigin agus amhras á chaitheamh ar a ionracas.
ag déanamh fonóide jeering
" Is cuimhin liom Dunphy tar éis an bhua sin i Wembley i 1989 ag gearán ar an raidió faoi lucht leanúna Liverpool agus Everton, mar bhí muid ag déanamh fonóide agus faírí i rith "God Save the Queen" roimh an chluiche.
ag déanamh scriosta orthu destroying them
" Cé gur throid na Bleá Cliathaigh go cróga an lá sin, dar le Mícheál ba í taithí Chill Chainnigh a sheas dóibh agus a chabhraigh leo teacht ar ais sa chluiche nuair a bhí Áth Cliath ag déanamh scriosta orthu.
An bhfuil tú ag déanamh? Do you think so?
" "An bhfuil tú ag déanamh?" arsa Aoife.
ag déanamh a díchill doing its best
" Ach mar sin féin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an iris ag déanamh a díchill gan an duine a bheadh níos feiliúnaí ná éinne eile a roghnú dá n-onóir: an tUachtarán George W.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh I could do the same myself
" Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
déanamh amhlaidh to do the same
" Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh I had to take some action
" Chuir mé ceist orm féin, 'Cé hiad na strainséirí sa tír seo go stairiúil?' Bhuel, leis an fhírinne a rá, bhí mé go hiomlán ainbhiosach ar na cúrsaí a bhí ag cur isteach ar mo tír dhúchais, agus ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh.
idirdhealú a dhéanamh to differentiate
" Dúirt George Bernard Shaw uair faoi lucht nuachta nach bhfuil ar a gcumas idirdhealú a dhéanamh idir taisme rothair agus díothú sibhialtachta.
ag déanamh dóthain doing enough
" Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
ina chlabhstar déanta a right stupid person
" Ach ní raibh Stiofán ina chlabhstar déanta ar chor ar bith nó bhí sé ina sheasamh ar chúl dhoras an tseomra ag éisteacht le deireadh agus bhí plean aige.
déanamh make
" Ach cuireadh na bréaga inár láthair ar bhealach chomh místuama sin an chéad seachtain gur thit an straitéis óna chéile, agus ó shin i leith tá na hIarácaigh ag déanamh go maith sa gcoimhlint bholscaireachta.
ag déanamh brabúis ón chogadh profiteering from the war
" Mhaígh an lucht agóide go raibh siad ag gníomhú i gcoinne na meán agus na gcorparáidí atá, dar leo, "ag déanamh brabúis ón chogadh".
ag déanamh neamhiontais don ignoring
" Nuair a shocraigh muid san Astráil, áfach, agus iad sa bhunscoil, thosaigh siad ag labhairt an Bhéarla agus ó shin i leith tá siad ag déanamh neamhiontais don Ghaeilge agus don tSeapainis.
ag déanamh ar Thoraigh heading for Tory
" Ansin, nuair a thiocfas lá fada te sa tsamhradh agus sibh ag déanamh ar Thoraigh le laetha saoire a chaitheamh ann, beidh rud beag réamheolais agaibh faoin oileán agus faoi na daoine breátha atá ina gcónaí ansin.
ní bhíonn tada eile déanta nothing else is done
" Agus nuair a thagann nuachtáin an Domhnaigh isteach sa teach ní bhíonn tada eile déanta an chuid eile den lá! Tharla go raibh mé ag déanamh ceardlainne sna Sceirí i gContae Átha Cliath ar lá an olltoghcháin i mí na Bealtaine anuraidh, agus caithfidh mé a admháil gur chaith mé formhór an deireadh seachtaine sa leaba ag faire ar na torthaí agus iad ag teacht isteach.
ag déanamh brabúis making a profit
" Cén fhad a thógfaidh sé go dtí go mbeidh an comhlacht ag déanamh brabúis, dar leat? Tá sé ana-dheacair a rá, ach measaim go ndíolfaidh Gaeltalk.
laethúil a mhacasamhail a dhéanamh to do the same
" Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí to engage in date mining
" Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón.
a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach to make out its location on the surface of the earth
" Ón difríocht ama idir na comharthaí sin, bíonn an glacadóir ábalta a fhad ó na satailítí a ríomh agus, uaidh sin, a shuíomh ar dhromchla an domhain a dhéanamh amach.
dóthain á dhéanamh enough being done
" Tarraingíonn an plean aird ar thuarascáil choiste de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh le déanaí a deir nach raibh dóthain á dhéanamh ag an stát seo maidir le cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha mhuintir na hÉireann a chosaint.
ag déanamh a dhíchill doing his best
" Sna laetha atá le theacht, beidh Blair ag déanamh a dhíchill tuilleadh soiléirithe a fháil ón IRA ach ní dócha go bhfaighidh sé é.
ar tí a ghnaithe a dhéanamh about to do its business
" Leis sin, chuala sí sceamhlach cait agus chonaic sí cat rua na gcomharsan agus é ar tí a ghnaithe a dhéanamh faoi scáth na gcrann.
ag déanamh ar an teach making for the house/going towards the house
" "A Dhaidí," a scairt sí agus í ag déanamh ar an teach, "ná hith uilig é sula bhfaighidh mé a fhad leis.
ag déanamh géarstaidéir ar a chéile closely scrutinizing each other
" Siúlann na mná ar deiseal agus na fir ar tuathal, timpeall na cearnóige, agus iad ag déanamh géarstaidéir ar a chéile go dtí go n-aimsíonn siad an duine a bhfuil dúil acu ann.
níl cent rua déanta againn we haven't earned a cent
" Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo níl cent rua déanta againn.
tá mé ag déanamh I think
" Tá folcadáin fheamainne na hÉireann níos cúthalaí, agus tá mé ag déanamh go bhfuil siad i bhfad níos saoire fosta! Tá cuma bhreá gheal ar na "Celtic Seaweed Baths" san Leathros.
céard ba ghá a dhéanamh what had to be done
" Agus é ina sheasamh ar 18ú tí don bhabhta deiridh, chuir sé ceist ar a ghiolla faoin staid ina raibh sé agus céard ba ghá a dhéanamh.
ag déanamh trua dhó feeling sorry for him
" Bhí daoine tosaithe ag déanamh trua dhó agus b'fhaoiseamh mór dá lucht leanúna nuair a d'éirigh leis sa Ghearmáin.
beart a dhéanamh de réir a mbriathar to fit their actions to their words
" Anois, tá eagraíocht curtha ar bun chun brú a chur ar rialtais na dtíortha forbartha beart a dhéanamh de réir a mbriathar.
Amadáin déanta right ejits
" "Amadáin déanta," arsa Seán ach ní raibh mórán a thiocfadh leo a dhéanamh faoi anois agus thiontaigh siad ar an obair arís.
nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta that an attempt isn't being made
" Tionscal na n-aistí bia ======= Tá oiread Meiriceánach i bhfad róthrom, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta meáchan a chailleadh.
le ceiliúradh a dhéanamh to celebrate
" Úsáideann muid bia fosta le ceiliúradh a dhéanamh ar an ghaol le daoine eile.
ag déanamh a dhíchill doing his best
" Níl mórán scríbhneoirí óga ag teacht chun tosaigh, dar leis, ach tá seisean ag déanamh a dhíchill, ag iarraidh daoine óga a spreagadh le ceardlanna agus ranganna.