Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
díchoimisiúnú decommissioning
" Nuair a bhí díchoimisiúnú faoi chaibidil, dúirt an *Portadown News* gur iarr Gerry Adams ar a bhean na soithí a ní.
díchoimisiúnú decommisioning
" Ba é an chéad rud a d'éiligh Trimble ná díchoimisiúnú an IRA.
díchoimisiúnú airm na bparamíliteach the decommissioning of paramilitary weapons
" Ag scríobh dó san *Irish Times* an mhí seo caite, luaigh Peter Robinson, leascheannaire an DUP, ceithre réamhéileamh a bheadh le comhlíonadh sula mbeadh páirtí s'aige toilteanach cumhacht a roinnt le Sinn Féin: deireadh críochnúil le gníomhaíocht pharamíliteach; díchoimisiúnú airm na bparamíliteach; rún daingean na hinstitiúidí polaitiúla a oibriú gan stad gan staonadh; agus tacaíocht don tseirbhís phóilíneachta ó achan ghrúpa ó thuaidh.
díchoimisiúnú decommissioning
" Táthar ag plé modhanna ina mbeidh an díchoimisiúnú atá ag teacht chomh "feiceálach" agus is féidir gan an IRA a náiriú.
díchoimisiúnú decommissioning
" Is é atá sa UDA – ann féin nó faoina *nom de guerre*, an UFF – ná eagraíocht a mharaigh 408 duine le linn na dTrioblóidí agus nach bhfuil díchoimisiúnú dá laghad déanta acu.
nach bhfuil lá rúin acu díchoimisiúnú. that they have no intention of decommissioning.
" Tá ráite acu nach bhfuil lá rúin acu díchoimisiúnú.