Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
céatadán eisceachtúil exceptional percentage
" Dúshlán ======= Is cinnte go dtugann sé dúshlán don chóras oideachais seirbhís a chur ar fáil do dhream atá ag taisteal agus i Ráth Caola tá céatadán eisceachtúil Taistealaithe sa phobal.
an-eisceachtúil very exceptional
" Ba rud an-eisceachtúil é sin ag an am mar, cé gur bhuaigh Áth Cliath Craobh Iomána na hÉireann sé huaire ar fad ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael, is beag duine de bhunadh na cathrach a bhí ar na foirne sin.
eisceachtúla exceptional
" An sochaí thinn í sochaí Thuaisceart Éireann? Chuir mé an cheist sin orm féin i ndiaidh a bheith ag éisteacht leis an iriseoir Malachi O'Doherty ag rá go neamhbhalbh nach sochaí thinn atá anseo ó thuaidh, ach áit mar áit ar bith eile, ach amháin go raibh fadhbanna eisceachtúla ag cur as di.
eisceachtúil exceptional
" Tá an RHA eisceachtúil mar shuíomh - tá sé ardsíleálach, tá neart spáis agus solais ann, agus staighre leathan maorga.
eisceachtúil exceptional
" I 1986 thug Garret Fitzgerald bille maidir leis an gCartlann Náisiúnta isteach sa Seanad, seachas sa Dáil, ach ar an iomlán is go heisceachtúil a dhéantar é seo.
eisceachtúil exceptional
" Ar deireadh, tháinig sé go dtí an Daingean, cé gur rud eisceachtúil é sagart a chur thar n-ais go dtí a pharóiste dúchais féin.
eisceachtúla exceptional
" Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
eisceachtúil exceptional
" Tá seisear nó seachtar den phainéal peile ina n-iománaithe den scoth agus iománaí amháin ar a laghad ina pheileadóir eisceachtúil.
eisceachtúil exceptional
" Chaith mé beagnach dhá uair an chloig le Máire Mhac an tSaoi an mhaidin sin, agus nuair a d'fhág mé an teach, mhothaigh mé go raibh mé tar éis bualadh le duine maith, duine eisceachtúil.
eisceachtúil exceptional
" Is mian leo a thaispeáint gur foireann mhór, eisceachtúil í foireann seo Chill Chainnigh.
an-eisceachtúil ar fad extremely exceptional
" Dá bhrí sin ba laoch spóirt an-eisceachtúil ar fad é Éamonn Mac Gearailt.
tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo this exceptional, historic project
" Labhair **Antaine Ó Faracháin** le hAntoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, faoin tionscadal eisceachtúil, stairiúil seo.
eagraíocht an-eisceachtúil agus an-tábhachtach an very exceptional and very important organization
" Léiríonn an Suibhneach gur eagraíocht an-eisceachtúil agus an-tábhachtach é CLG do mhuintir na hÉireann agus mura mbeadh sé ann gur deacair a shamhlú céard a thógfadh a áit.
eisceachtúil exceptional
" Í a bheith ina teanga inroghnaithe, gan gá le leithscéal, ag saoránaigh na hÉireann, gan í a bheith eisceachtúil.
eisceachtúil exceptional
" ” Braitheann sí nach raibh rud ar bith eisceachtúil fúithi féin mar iriseoir.
eisceachtúil exceptional
" Duine eisceachtúil atá ann agus bhí sé i gceannas ag an am ceart san áit cheart chun foireann a bhí meánach go leor a ullmhú chun Craobh na hÉireann a bhaint amach.
eisceachtúil exceptional
" ’ Agus an rud a deirim le daoine anois ná ‘An chéad triail scáileáin a dhéanfaidh tú, drochsheans go bhfaighidh tú é mura bhfuil tú eisceachtúil, fíoreisceachtúil.
eisceachtúil exceptional
" **B** Wille O’Dea, An tAire Cosanta: Níl a dhath as casán déanta aige ach níl a dhath eisceachtúil déanta ach chomh beag.
cúinsí eisceachtúla exceptional circumstances
" 2 billiún a bhí caite ag an rialtas ar dheontais d’fheilméaraí le cúig bliana roimhe sin (“cúinsí eisceachtúla” mar a tugtar air).
lena ghuth eisceachtúil. with his exceptional voice.
" Tá ceol traidisiúnta atá bríomhar agus snasta le fáil air agus liricí comhaimseartha a chuireann Andrew Murray i láthair go cumasach lena ghuth eisceachtúil.
eachtraí eisceachtúla exceptional incidents
"eachtraí eisceachtúla iad ach an oiread, ach gnátheachtraí a tharlaíonn go minic.
eisceachtúil exceptional
"eisceachtúil” an focal a chluineann tú go minic agus daoine ag trácht ar mhuintir Mhic Grianna.
ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil. on the lives of twelve people who were exceptional
" Ar an ábhar sin amháin a chuirfinn fáilte roimh *Fáithe an Fichiú hAois* (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Séamus Ware, cnuasach eolach aistí ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil.
áit eisceachtúil exceptional place
" Is áit eisceachtúil é Giobráltar, a bhfuil stair an-suimiúil ag baint leis.
an cúlra eisceachtúil sóisialta the exceptional social circumstances
" Aithním an cúlra eisceachtúil sóisialta agus polaitiúil as ar eascair an nuachtán.
fear eisceachtúil an exceptional man
" B’onóir é aithne a chur ar Sheán Ó Tiarnaigh, fear eisceachtúil agus duine a rinne a chion féin don Ghaeilge.
cuimhne eisceachtúil exceptional
" “Fill Arís – Fág Gleann na nGealt thoir,” a deir King ag déanamh tagartha do dhán an Ríordánaigh agus é ach caint ar an gcinneadh a theaghlach a lonnú ansin (caithfidh mé a lua, déanann sé an dán *ina iomláine* a rá – 23 líne! Caithfidh go bhfuil cuimhne eisceachtúil ag an bhfear seo.
eisceachtúil exceptional
" ”Ní aontaím léi faoi sin; is duine eisceachtúil í Roche.
eisceachtúla special
" D’fhógair Uachtarán na Fraince, Jacques Chirac, staid éigeandála sa tír ar an ochtú Samhain a thug cumhachtaí eisceachtúla do na húdaráis áitiúla chun déileáil leis na trioblóidí: cuirfiú a fhógairt, tithe a chuardach agus cosc a chur ar aon teacht le chéile poiblí.
eisceachtúla execeptional
" Bheinn ag déanamh áibhéile dá maífinn gurbh fhiú an €175 a íoc as an gcúrsa ar son na mbrioscaí amháin ach bhí gach duine ar aon intinn gur bhrioscaí eisceachtúla iad.
eisceachtúla exceptional
" Thug na Stáit Aontaithe eiseamláir eile dúinn ag tús na bliana, go dtagann ceannairí eisceachtúla chun tosaí ann in uair na cinniúna.
heisceachtúil exceptional
" Cineál Idaho beag atá ann, le coinníollacha foirfe lena bhfás – créafóg dhearg ghainmheach shaibhir, geimhreadh fuar fada, agus mar a deir an connoisseur fíona den chéad rogha – ar an tslí chéanna leis an dóigh gur féidir leat an chréafóg a bhlaiseadh i gcaora fíniúna – is mar gheall ar an chréafóg shaibhir dhearg seo atá an blas chomh heisceachtúil.
bhonn eisceachtúil exceptional basis
" Ach le cúig bliana anuas, ba mar ghnáthchleachtas seachas ar bhonn eisceachtúil a bhíothas ag baint úsáide as.
eisceachtúil exceptional
" Thóg sé an dara thaispeáint orm chun a bheith iomlán sásta go raibh rud speisialta, eisceachtúil ar siúl idir Rahim, Audiard agus an ceamradóir Stéphane Fontaine.
eisceachtúil exceptional
eisceachtúil exceptional
" Tá deireadh an scéil seo eisceachtúil.
eisceachtúil exceptional
" Faoin reachtaíocht eisceachtúil seo, má stopann póilíní stáit is áitiúla duine éigin ar chúis dhlisteanach, beidh sé de dhualgas orthu doiciméid aitheantais a iarraidh ar an duine sin má bhíonn amhras measartha orthu go bhfuil sé in Arizona go neamhdhleathach.
eisceachtúil exceptional
" ‘Cás eisceachtúil’ ab ea cás Commins, dar leis an Aire Martin.
tsaorspioraid eisceachtúil unique free spirit
" Bheadh scileanna scannáin Leni Riefenstahl de dhíth ar an té a léireodh teacht chun talún an tsaorspioraid eisceachtúil áirithe seo.
eisceachtúil exceptional
" Tá an dealbh seo eisceachtúil agus is é an chéad rud a fheiceann cuairteoir ag dul isteach sa taispeántas dó.
eisceachtúil exceptional
" Bhí an bheirt gléasta i slacks níolóin, bróga sleamhna snasta, agus na léinte bána orthu don ócáid eisceachtúil seo.
duine eisceachtúil an exceptional person
" Saoi nó draoi - sin í an cheist! Níl aon amhras ach gur duine eisceachtúil a bhí ann is gur thuig sé cumhacht agus féidireachtaí na teichneolaíochta digítí.
deis eisceachtúil an exceptional opportunity
" Tá taispeántas mór ríthábhachtach de shaothar Leonardo da Vinci ar siúl sa Dánlann Náisiúnta i Londain faoi láthair agus is deis eisceachtúil atá ann cnuasach dá shaothar péintéireachta a fheiceáil nach bhfacthas le chéile in áit amháin riamh roimhe seo.
eisceachtúla exceptional
" Nárbh ait an bhliain í 2011? Cíoradh brí na beatha in dhá scannán eisceachtúla le beirt auteur, duine amháin, Malick, gafa lena fhoinse - Von Trier, tógtha lena scrios.
eisceachtúil exceptional
" Ní raibh aon rud eisceachtúil faoi.
tallann eisceachtúil peile an exceptional football talent
" Ba léir do chách go raibh tallann eisceachtúil peile aige ach, ní ar fhoireann shinsir Átha Cliath a thug Jim aghaidh, ach ar Astráil na gréine agus na *Melbourne Demons*.
An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne are you exceptional in being very confident
" **SMM: An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne? - Sa mhéid go bhfuil tú in ann imeacht ó thír go tír, agus ó theanga go teanga gan mórán stró, mar bheadh daoine go leor eile a bheadh rófhaiteach lena leithéid a dhéanamh?** BL: Tá mé á dhéanamh le blianta anois agus tá mé cleachta leis, ach braithim go bhfuil mé ag tuirsiú.
bhí sé eisceachtúil agus aisteach it was strange and exceptional
" An t-athrú teanga a tharla in Éirinn, bhí sé eisceachtúil agus aisteach as scála idirnáisiúnta: ‘Rinneadh pobal le Béarla amháin de phobal le Gaeilge amháin in aon ghlúin amháin.
atá eisceachtúil, uathúil which is exceptional, unique
" Creidimse go mbaineann fócas, cur chuige agus paisean le dornálaithe atá eisceachtúil, uathúil agus go ndéanann an dornálaí íobairtí ar son an bhua nach ndéanann mórán daoine eile i réimsí eile – níl sé feicthe agamsa ar aon nós.
Níl aon rud eisceachtúil there’s nothing exceptional
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
cuairt ar na daoine eisceachtúla sin a visit to those exceptional people
" Is é an feall nach dtugann an dream óg atá thuas sa saol anois cuairt ar na daoine eisceachtúla sin.
an dream éachtach eisceachtúil that wonderful exceptional group of people
" Tá oiread sin le foghlaim uathu, an dream éachtach eisceachtúil, is gur mór an peaca gan suí sa charr amárach, inniu, nó láithreach, agus an chuairt sin a thabhairt.
chun imirt eisceachtúil a dhéanamh to play exceptionally
" Is amhlaidh go mbíonn brath ag duine go bhfuil an fhoireann ar tinneall chun imirt eisceachtúil a dhéanamh.
eisceachtúil go maith fairly exceptional
" Bhí scéal Dina Gottliebova eisceachtúil go maith.
eisceachtúil exceptional
" Oidhreacht na Bliana ========= Toradh suntasach eile ar an bhliain eisceachtúil seo is ea go bhfuil meanma agus féinmhuinín an phobail i ndiaidh fás go mór.
eisceachtúil exceptional
" Dá ndéanfaí athdhúichiú ar an tsaothar seo ar fad, cé chomh fada siar ba cheart dul, agus an gcruthódh sé fasach a bheadh inoibrithe? Tá mórán den bharúil gur cás eisceachtúil é dealbha an Phartanóin mar go léiríonn siad ní hamháin buaicphointe shibhialtacht agus cultúr ársa na Gréige, ach tá an saothar sin de dhlúth agus d’inneach fhéiniúlacht na tire chomh maith agus is cúis mhór buartha do phobal na Gréige nach bhfuil an saothar ealaíne seo le feiceáil sa tír is dual dó.
sách eisceachtúil exceptional enough
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
eisceachtúil exceptional
" Níor ghlac Balor le eiseamláir Chathail Uí Éanacháin RTÉ le dul i mbun agallaimh, ach chuaigh a bhealach eisceachtúil éagsúil féin i mbun cainte le ceannaire úr an domhain uile olúil.
eisceachtúla exceptional
" Deir sé gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.
a shnoí an saothar eisceachtúil seo who carved this exceptional work
" Dealbhóir cáiliúil na hEilbhéise, Alberto Giacometti, a shnoí an saothar eisceachtúil seo.