Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eisceacht exception
" Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá gur cheadaigh siad do Trimble a fhís a fhíorú, ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil fís ag ceannaire an UUP ná ag an pháirtí ina iomláine, taobh amuigh de chúpla eisceacht.
eisceacht exception
" An eisceacht í a leithéid, nó an bhfuil go leor againn, inár gcroí istigh, den tuairim chéanna? Chuirfeadh sé seo i gcuimhne duit an ciúnas a bhíonn ann, nuair a bhíonn eisimirce throm in Éirinn, mar a bhí sna hochtóidí.
eisceacht exception
" Deir sé go n-éiríonn beagnach gach aisteoir bréan de bheith sa ról céanna bliain i ndiaidh bliana agus nach eisceacht ar bith é féin.
eisceacht exception
" Tá a lán cumann, go mór mhór sna cathracha agus sna bailte móra (eisceacht é Biorra seans) atá ag streachailt in aghaidh fórsaí láidre coimhthíocha agus fadhbanna sóisialta a dhéanann an-deacair dóibh é dul chun cinn a dhéanamh.
eisceacht exception
" Céard a chiallaíonn an ceiliúradh seo ar fad chomh fada is a bhaineann sé linne anseo in Éirinn? Cén fáth gur eisceacht í ár bhfoireann sacair nár bhuaigh aon chomórtas riamh? An t-aon spórt geall leis nár éirigh linn comórtas idirnáisiúnta ar bith a bhuachaint ann, déanaimid mar náisiún ceiliúradh agus comóradh agus rírá mór mar gheall air.
Cé is móite d'eisceacht nó dhó apart from one or two exceptions
" Cé is móite d'eisceacht nó dhó, mar shampla, Uíbh Fhailí i gcoinne Chorcaí sa bhliain 2000, is beag cluiche iontach a tharla de bharr an chúldorais ó 1998 agus bhí go leor cluichí aontaobhacha ann i mbliana faoin gcóras a thugann an dara seans do gach foireann.
eisceacht exception
" Nuair a bhí stailc den chineál céanna ann i 1971, d'fhan an chathair réasúnta ciúin - le heisceacht amháin.
eisceachtaí exceptions
eisceacht exception
" Ní maith le chuile dhuine go mbeadh gach aon riail, gach aon fhoriail agus gach aon eisceacht luaite.
Eisceacht exception
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
eisceacht exception
" Pobail scoir ======= Gan amhras, is cinnte go gcuireann an tslí a bhfágann na daoine óga an baile ag lorg oideachais agus fostaíochta le timthriall seo an díláithriúcháin, agus ní eisceacht ar bith mé féin.
eisceacht exception
" Cé gur phléigh seansaothair ar nós *An Magna Carta* (1215), *Bille Cearta Shasana *(1689) agus *Forógra na bhFrancach maidir le Cearta an Duine agus an tSaoránaigh *(1789) le ceist na gcearta daonna, i ngach cás rinneadar uilig eisceacht nó d'fhágadar ar lár dream éigin daoine de bharr a gcreidimh, nó dath a gcraicinn, nó fiú a n-inscne.
eisceacht exception
" Ní haon eisceacht é anois dinnéar stéice agus prátaí a chosnaíonn os cionn fiche euro, gan trácht ar réamhchúrsa nó milseog agus caife.
Eisceacht exception
eisceachtaí exceptions
" An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.
eisceacht exception
" Thuas seal, thíos seal - sin mar a bhíonn an saol teicneolaíochta go hiondúil agus ní haon eisceacht iad iarrachtaí eolaithe spásárthaigh a thuirlingt ar Mhars le déanaí.
eisceacht exception
" Is cuid den chultúr ginearálta anois é dul i muinín an dlí agus éileamh a dhéanamh ar dhamáiste i gcásanna éagsúla agus ní eisceacht é an spórt anois, ach a mhalairt.
eisceacht exception
" " Ní raibh ach eisceacht amháin ann le linn an ama sin, nuair a tharla achrann idir na haontachtaithe agus thit siad amach lena chéile.
eisceachtaí exceptions
" Tá an dlí nua chomh casta sin, agus tá oiread forialacha agus eisceachtaí ag baint leis, go gcosnóidh sé na milliúin euro ar an gcáiníocóir é a chur i bhfeidhm.
cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha apart from a handful of famous exceptions
" Chomh fada siar agus is cuimhin liom féin, tá lagiarrachtaí na nÉireannach ag na Cluichí Oilimpeacha (cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha ar nós Ronnie Delaney, Michael Carruth, John Treacy, Dr.
eisceacht exception
" Ní leor a rá gur eisceacht é briseadh ghiall Thomáis Uí Shé.
eisceacht exception
" Is iondúil go gcuirtear fáilte roimh chuairteoirí san Astráil ach tá eisceacht amháin don riail sin - an bhuaf chána (*Bufo marinus*).
eisceacht exception
" Tá Micí sásta eisceacht bheag bhaoideach amháin a cheadú sna rialacha úra.
eisceacht exception
" Tá Anna dóchasach, áfach, gur eisceacht, go pointe áirithe, é Má Nuad.
eisceacht exception
" Ach ní eisceacht é Má Nuad ar chor ar bith.
eisceacht exception
" De réir dealraimh, b’eisceacht é Ó Muirí, áfach; ní hamháin gur chríochnaigh sé a Ph.
eisceacht exception
" Níorbh aon eisceacht Blaney ná Ó hEochaidh sa mhéid seo - mic le hiaróglaigh ab ea an bheirt acu.
eisceacht exception
" Tá an t-idirlíon tar éis eolas ar an iliomad rudaí a scaipeadh ar fud an domhain agus ní eisceacht iad na cluichí Gaelacha.
eisceacht exception
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
eisceacht exception
" Bíonn an chéad chúpla bliain an-deacair i gcás gach comhlachta, gan amhras, agus ní haon eisceacht é Gaelchultúr.
gan eisceacht without exception
" Mar sin, tá oidhreacht an choilíneachais achan áit ar oibir mé, gan eisceacht.
eisceacht exception
" Bíonn an chéad chúpla bliain an-deacair i gcás gach comhlachta, gan amhras, agus ní haon eisceacht é Gaelchultúr.
ach gur chóir eisceacht a dhéanamh but that an exception should be made
" D’fhéadfaí an bhrí a bhaint as go raibh siad ag rá go raibh sé ceart go leor daoine as tíortha eile a chur chun báis ach gur chóir eisceacht a dhéanamh i gcás daoine as an Astráil.
eisceacht exception
" Deir an tuarascáil gur eisceacht í an tír seo i measc thíortha na hEorpa mar go bhfuil sé i gceist níos lú airgid ná anuraidh a chaitheamh iontu siúd.
eisceacht exception
" Anois is arís, áfach, bíonn eisceacht ann.
eisceacht exception
" Níl ganntanas roghanna ann ó thaobh áiteanna spéisiúla de má tá tú sa tóir ar shaibhreas cultúrtha agus staire agus, gan aon amhras, ní eisceacht ar bith é seoid na hOllainne, Amstardam.
Eisceacht exception
" Eisceacht atá sna Gaelscoileanna, áfach, mar gur léirigh Tuarascáil Harris go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge iontu.
eisceacht exception
" ’ Agus an rud a deirim le daoine anois ná ‘An chéad triail scáileáin a dhéanfaidh tú, drochsheans go bhfaighidh tú é mura bhfuil tú eisceachtúil, fíoreisceachtúil.
eisceacht exception
eisceacht exception
" (Mar a tharlaíonn sé, ba chlár a rinneadh faoi bhean as Conamara – Caitlín Maude – a bhí i gceist leis an aon eisceacht amháin!) Tá caithréim Chonamara sna duaiseanna cumarsáide ag teacht leis an chlaonadh náisiúnta ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.
eisceacht exception
" Tá daoine ag rá freisin gur eisceacht a bhí sa tréimhse 1950-2000, an “ré órga”, nuair a bhí neart báistí ann agus na feilméaraí uilig sona sásta agus ag carnadh an airgid.
eisceacht exception
" Is minic a spreagann na saothair a bhíonn ar ghearrliosta chomórtas bliantúil ealaíne an Turner conspóid agus, go deimhin, ní eisceacht é taispeántas na bliana seo.
eisceacht exception
" Ní fios cé chomh forleathan is atá cinsireacht mar sin sna meáin chumarsáide, ach ní dóigh liom gurbh eisceacht an eachtra thuasluaite.
Gan eisceacht, without exception,
" Gan eisceacht, b’in an spreagadh a bhí agam le gach amhrán atá agam a fhoghlaim.
eisceachtaí exceptions
eisceacht shuntasach notable exception
" Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó – ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.
eisceacht exception
" Agus ní eisceacht ar bith í an tsraith is déanaí dá chuid.
eisceacht exception
" Níl ann don tionscadal Gaeilge nach gcreideann go bhfuil a thuilleadh airgid de dhíth air lena chuid oibre a chur i gcrích, agus ní eisceacht ar bith é *Lá Nua*.
eisceachtaí exceptions
" Bhí an Taoiseach féin agus Micheál Martin an-chumasach, ach eisceachtaí a bhí iontu siúd.
eisceacht exception
" I bhfírinne, tá Alasca ar cheann de na stáit tuaithe dheireanacha sa tír, agus is eisceacht é nó tá an stát dubh le hola.
eisceacht exception
" Agus ní haon eisceacht é an earnáil fógraíochta agus an tseirbhís Google AdWords.
eisceacht exception
" Níorbh aon eisceacht í earnáil na Gaeilge ach an oiread.
gan eisceacht without exception
" In áit na bpíosaí éagsúla dealbhóireachta ó ealaíontóirí as na ballstáit uilig (rud a bhí geallta ag Cerný), is é rud a tairgeadh taispeántas a bhí ina ábhar magaidh, gan eisceacht, ar na tíortha go léir san Aontas Eorpach.
eisceacht exception
" Is fíorannamh go deo a théann na meáin chorporáideacha go croílár an scéil, agus ní haon eisceacht é an scéal seo.
eisceachtaí exceptions
" Níos measa fós, cé go bhfuil eisceachtaí ann, níl siad féiceálach don phobal.
Eisceacht an exception
" Eisceacht is ea siopa Charlie Byrne i nGaillimh anois agus roinnt bheag eile timpeall na tíre.
eisceacht an exception
" Is tír nua é Meiriceá go fóill, agus is annamh, mar sin, go bhfeictear cathracha le foirgnimh agus radharcanna deasa, ach is eisceacht é San Francisco.
eisceacht exception
" Cé gur déanadh ciorrú mór ar bhuiséad na heagraíochta, níorbh aon eisceacht é i measc eagrais stáit a d’fhulaing a mhacasamhail de shrianta.
eisceacht exception
" Is cuid den ‘The Hidden Ireland’ mar a thug Dónal Ó Corcra uirthi, Comórtas Peile na Gaeltachta Éire, nach dtugann meáin chumarsáide mhóra Bhéarla na tíre (An Irish Examiner ina eisceacht) aird uirthi toisc nach bhfuil aon spéis acu inti is dóigh.
eisceacht exception
" Ní mhúintear an Ghàidhlig ar chor ar bith sa ghnáthchóras scolaíochta in Albain, cé is moite de chorr eisceacht.
eisceachtaí exceptions
"eisceachtaí ann: leabhar Séamus Ennis mar shampla, ach bhí dlúthbhaint aige le Conamara.
eisceacht exception
" Ba léir óna chuid cainte nár chreid sé gur eisceacht a bhí sa Roinn Oideachais agus gurb amhlaidh an scéal i gcuid mhaith ranna rialtais agus eagrais stáit eile.
eisceacht exception
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
Ní eisceacht ar bith í it’s no exception at all
" Athruithe de Dhíth ========= Ní eisceacht ar bith í an tír seo, áit ar bhuail an tubaiste sinn agus a bhfuilimid ag caint ar dheireadh a chur le Teach Uachtarach an Oireachtais.
ní hé an eisceacht é it’s not the exception
" “Sa tír seo, is í an riail go mbíonn cónaí ar dhaoine in áiteanna contúirteacha agus ní hé an eisceacht é,” a dúirt uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, cúpla lá tar éis na tubaiste.
is eisceachtaí anseo iad exceptions in this respect are
" An Fhírinne nó Cruinneas Áirithe ================ Cé gur chuir an iliomad scribhneoirí idir scribhneoirí Gaeilge agus Béarla spéis iontu i gcaitheamh na mblianta is beag leabhar a bhfuil léargas réalaíoch déanta ar an mionlach seo iontu, léargas a bhfuil fírinne nó cruinneas áirithe ag baint leis – (is eisceachtaí anseo iad an léargas a thugann Pádraic Ó Conaire ar Lucht Siúil na Seónna Taistil in Deoraíocht agus an dream ar tugadh na ‘tincéirí’ uair amháin orthu sa nóibhille Eitleán le Seán MacMathúna).
eisceacht exception(s)
" D’fhógair Bowen freisin nach mbeadh aon eisceacht i measc na dteifeach sna báid, cinneadh a chiallaíonn go gcuirfear gach duine - mná torracha, páistí agus mionaoisigh gan tionlacan san áireamh - ar aghaidh chun na Malaeisia.
Níor eisceacht wasn’t an exception
Eisceacht shuntasach a notable exception
" Eisceacht shuntasach ab ea Lá an Phaoraigh le Seán Óg agus Aoife de Paor (2007 Cló Iar-Chonnacht).
eisceacht an exception
" Is eisceacht í an próiseas comhairliúcháin seo mar sin, óir gurb iondúil nach lorgaítear moltaí ón phobal nuair a bhíonn leasuithe á ndéanamh ar fhormhór na reachtaíochta.
gan eisceacht without exception
" Bíonn gach cathair lán de choimhthíos, gan eisceacht, lán de fhadhbanna sóisialta idir dhrugaí, dhroch-chaighdean tithíochta agus bhrú tráchta.
Ní haon eisceacht is not any exception
" Ní haon eisceacht 'Amour', lenar bhain sé an Palme D'Or arís i Cannes i mbliana.
fiú smaoineamh i leith eisceacht sainiúil don to consider even as a distinct exception for
" Muna rabhadar sásta fiú smaoineamh i leith eisceacht sainiúil don bhean seo amháin, ní léir in aon chur cad ba chúis leis na ráitis truamhéile seo a leanas uathu: *‘The Court appreciates, of course, that from Ms.
aon nasc idir an eisceacht speisialta sin any link between that special exception
" Ní dhearna siad aon nasc idir an eisceacht speisialta sin a chabhródh le Mrs Fleming amháin agus na deacrachtaí ginearálta sin san Ísiltír.
is eisceacht iad lucht na córa the just are few and far between on the ground
" Is léir gur mór aici iad agus gur dream fiúntach iad a rachadh as a mbealach féin leis an chóir a imirt, ach faraor, is eisceacht iad lucht na córa.
ndéanfaí eisceacht de an exception ought to be made
" Ar an rud is lú ba cheart a éileamh go ndéanfaí eisceacht de na Gaelcholáistí i leith an riail nach dtig tosaíocht a thabhairt do scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna friothálacha sa chóras iontrála.
Ba eisceacht was an exception
" Ba eisceacht an Gearmánach a bhí pósta isteach sa chomharsain, nó an tIodálach thall is abhus.
deineadh eisceacht an iarraidh seo an exception was made this time
" Ní ghnáthchleachtas é d'iriseoirí taifid den chineál sin a thabhairt do na Gardaí gan ordú cúirte ach deineadh eisceacht an iarraidh seo.
Eisceacht an exception
" Eisceacht i measc meáin chumarsáide na hÉireann dar ndóigh is ea TG4 a dhéanann urraíocht ar pheil na mban agus a chraolann cuid mhór cluichí i gcaitheamh na bliana.
Ní eisceacht iad na pubanna the pubs are not immune
" ) Ní eisceacht iad na pubanna maidir le hathrú cultúir ach oiread.
eisceacht a dhéanamh de to make an exception of
" Má bhíodar in ann eisceacht a dhéanamh de Raidió na Life agus don Áisaonad, níl cúis ar bith nach bhféadfaidís slí a chruthú d’eagraíocht amháin pobail ar a laghad i dTuaisceart Éireann.
eisceacht a dhéanamh an exception be made
" An bhféadfaí eisceacht a dhéanamh mar sin lena chinntiú go dtabharfaí deis don dornán scoláire atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach ann? I ráiteas a d’eisigh rialtóir na gcáilíochtaí, an tOifig um Scrúduithe agus Cáilíochtaí sa Bhreatain (nó Ofqual mar is fearr aithne air), do Beo.
le heisceacht amháin with one exception
" Ghlac Jenkins leis an gcomhairle sin, le heisceacht amháin.
gur eisceacht mise that I’m an exception
" Cén fáth? “D’fhéadfainn an lá a chaitheamh á phlé seo! Níl mé cinnte an fíor a rá go bhfuil aos óg na Gaeltachta ag déanamh neamhairde den Ghaeilge, ná gur eisceacht mise,“ ar sí.
eisceacht an exception
" (Is eisceacht é Éamonn Maloney TD an Lucht Oibre, nach nglacann le costais mar Theachta Dála.
eisceacht exception
" Léirigh clár faisnéise ar RTÉ an mhí seo caite go rabhthas ag caitheamh go dona le seandaoine i dteach altranais i mBaile Átha Cliath, ach ní haon eisceacht é an cás seo – tá a leithéid an-choitianta ar fud na tíre.