Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fúithi about it
" Taobh istigh de chúpla bliain, áfach, bhuaigh Bobby Sands toghchán, chuaigh na poblachtánaigh le polaitíocht thoghchánach agus iad níos dáiríre fúithi ná mar a bhí Bernadette féin, fiú.
ag luí fúithi submitting to her, giving in to her
" Rinne Gerry gnúsachtach nach gcuirfeadh sásamh nó míshásamh in iúl ach a bhéarfadh le tuigbheáil nach raibh sé ag luí fúithi.
chomh luath agus a fuair sí a cos a chur fúithi as soon as she managed to stand
" Rinne sí iarraidh éirí ach chomh luath agus a fuair sí a cos a chur fúithi bhuail an phian í.
fúithi about it
" Céard a thaitníonn liom fúithi? Cad iad na tréithe a bhaineann léi? Céard iad na slata tomhais a d'úsáidfinnse chun portaireacht duine éigin a mheas? Céard iad na rudaí nó na tréithe a lorgóinn ón bportaireacht a chabhródh liom an chéad, an dara nó an tríú háit a bhronnadh ar dhuine? An bhfuil aon rud fúithi nach dtaitníonn liom? Seo thíos cuid de na rudaí a luaigh mé leis na hiomaitheoirí agus leis an lucht éisteachta an lá sin.
chuir sí fúithi she settled
" Ach nuair a thosaíomar ag labhairt lena chéile, shílfeá nach raibh ann ach an tseachtain seo caite go rabhamar inár ndlúthchairde!" Is léir go ndeachaigh Gaillimh i bhfeidhm ar Mhairéad le linn a hóige mar chinn sí ar chéim ollscoile (sa Ghaeilge agus san fhealsúnacht) a dhéanamh ansin agus chuir sí fúithi sa chontae tar éis di a céim a bhaint amach sna seachtóidí.
Shuigh sí fúithi tamall she sat down for a while
" Shuigh sí fúithi tamall nuair a bhí sin déanta aici agus chaith sí greim bí.
chuir sí fúithi she settled
" Tar éis na céime, chinn sí ar luigh isteach ar staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis agus chuir sí fúithi in Bordeaux le hiarchéim a bhaint amach sa teanga sin.
d’fhill sí le cur fúithi she returned to settle down
" D’imigh mo chara ansin ar feadh seachtaine saoire agus, mí ina dhiaidh sin, d’fhill sí le cur fúithi sa chathair.
d’fhill sí le cur fúithi she returned to settle down
" D’imigh mo chara ansin ar feadh seachtaine saoire agus, mí ina dhiaidh sin, d’fhill sí le cur fúithi sa chathair.
á rá fúithi being said about it
" Gan amhras, tá an tír go mór i mbéal na ndaoine ar fud an domhain, ach is annamh a chloistear mórán rudaí fabhracha á rá fúithi sa lá atá inniu ann.
go gcloisfear go leor fúithi that plenty will be heard about her
" Is duine í Natasha Fennell atá misniúil agus ardaidhmeannach agus is cinnte go gcloisfear go leor fúithi sna blianta atá romhainn.
ag cur fúithi living
" Bhí sí ag cur fúithi i Londain ag an am agus ba mhinic daoine ag fiafraí di cén áit in Éirinn arbh as í de bhrí go raibh cuma Éireannach uirthi, dar leo.
má deirtear fúithi if it is said of her
" Ardmholadh do bhean is ea é san Astráil má deirtear fúithi gur *Great Looking Sheila* í.
fágaimis an cinneadh fúithi let's leave the decision to her
" ’ Bhí ar a laghad dhá insint ar an scéal (3): (a) tá lánchead ag Dati dul ar ais ag obair aon uair is mian léi taobh istigh den tréimhse ama atá dlite di, fágaimis an cinneadh fúithi féin nó (b) ag dul ar ais ag obair chomh luath sin, nach bhfuil Dati ag tabhairt le fios gur tábhachtaí a cuid oibre ná a hiníon agus nach gá saoire máithreachais chomh fada a bheith ann in aon chor.
cur fúithi living
" Bhí Mary ag cur fúithi cheana sa Fhrainc, i mbaile gar don ardchathair, ag obair léi agus ag iarraidh cúrsaí a eagrú sula dtiocfadh an bheirt againne ag deireadh an tsamhraidh.
béal fúithi upside down
" Seo chugaibh, scríofa fá mhana cáiliúil na hamharclainne iompaithe béal fúithi, ‘Scread na Gréisclí, Boladh an Lucht Féachana’! Chonac trí léiriú suntasach le bliain anuas – *‘Waiting for Godot’* i dTeach an Opera cois chuain i Sydney, ‘Annrai IV Cuid a hAon’ ar bhruach abhainn y Tafwys i Southwark, agus *‘Pretending To Be Me’*, seó aonair Tom Courtenay ar shaol is ar shaothar an fhile Philip Larkin, in Amharclann na Maighdine Mara i mBrí Chualann.
tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi it grew and developed
" Ach d’éirigh chomh maith leis an scéim seo is gur tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi le deich mbliana anuas.
gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi ordinary folk able to speak about it
" “Bhí mé ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi agus iad amach don oíche,” dúirt sé liom ag an t-am sin.
nó fúithi siúd or about her
" Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd.
ag magadh fúithi mocking her
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi the car people mostly ask me about
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
bhí an t-aiseolas fúithi the feedback was
" Nuair a chonaic muintir na hEorpa an 159 den chéad uair thit siad i ngrá léi agus bhí an t-aiseolas fúithi chomh maith sin gur ghnóthaigh sí an tríú háit i nDámhachtainí Eorpacha Charr na Bliana 2006.
a bhfuil borradh spéise arís fúithi which has a further interest in it again
" Na híomhánna adhfhuafara sin, ba iad bunchlocha na gluaiseachta Gotaí iad, gluaiseacht a bhfuil borradh spéise arís fúithi, i réimse na hacadúlachta ach go háirithe.
ag cur fúithi sa mhainistir ar an iargúil living in the monastery in the back of beyond
" Tá Voichita ag cur fúithi sa mhainistir ar an iargúil nó go dtagann bean óg eile Alina ar cuairt chuici.
an chathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti the city where she's living
" Déanann Liz Curtis cur síos ar na himeachtaí iontacha a bhíonn ar siúl i mí Lúnasa i nDún Éideann, an chathair a bhfuil sí ag cur fúithi inti faoi láthair.
gealladh fúithi she has promise
" Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse.
agus gealladh fúithi le tamall anuas while on the up
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.