chuireadar fúthu
they settled
Tháinig Liútaraigh as Siléis na Gearmáine a d'fhág a dtír dhúchais de bharr achrann creidimh agus
chuireadar fúthu sa mBarossa Valley in aice le hAdelaide san Astráil Theas.
iad siúd a raibh amhras fúthu
suspects
Bhí na cúisitheoirí thar a bheith sásta nuair a tháinig tástáil DNA chun cinn mar gheall ar an dóigh a bhféadfadh sé
iad siúd a raibh amhras fúthu a cheangal le coireanna go cruinn, go háirithe coireanna foréigneacha mar ionsaí, éigniú agus dúnmharú.
gan luí fúthu
not to be too servile
Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach
gan luí fúthu san am céanna.
chuir siad fúthu
they settled
Tá cuid eile acu ina ndochtúirí; tháinig siad go hÉirinn mar mhic léinn agus ansin
chuir siad fúthu anseo.
cé go raibh fuadar fúthu
although they were in a rush
Bhí daoine cneasta, cabhrach
cé go raibh fuadar fúthu.
tá scaoll fúthu
they're in a panic, running scared
Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus
tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
le cur fúthu ar tír mór
to settle on the mainland
Ach ó 1948 ar aghaidh, thosaigh na teaghlaigh a fhágáil Ghabhla agus na n-oileán eile
le cur fúthu ar tír mór.
le cur fúthu
to settle down
Ceoltóirí óga fuinniúla iad an bheirt seo a d'fhág a dtír dhúchais ghrianmhar, Meicsiceo, trí bliana ó shin
le cur fúthu in Éirinn.
scaoll fúthu
in a panic
Ansin ligeadh scairt: "Táimid ar an bhád mícheart!" Beirt bhan Mheiriceánacha a bhí ann, agus
scaoll fúthu.
chuir siad fúthu
they settled
Nuair a bhí sí sna déaga, phill siad ar an tír chéanna agus
chuir siad fúthu i Milano.
agus chuir siad fúthu
they settled
D'fhág a theaghlach siúd Éire sa bhliain 1844,
agus chuir siad fúthu i Séú Barda Nua-Eabhrac.
chuir siad fúthu
they settled down
I ndiaidh tamaill bhog siad go Tuaisceart Éireann agus
chuir siad fúthu i gContae an Dúin.
ag cur fúthu
living
Tá na daoine ag teacht le chéile agus tá dream de bhunadh na hIaráice atá
ag cur fúthu i dtíortha eile ag pilleadh abhaile le seasamh i gcoinne na n-ionróirí.
ag cur fúthu
living
Tá siad
ag cur fúthu go lánaimseartha i nGaoth Dobhair anois, cúpla céad slat ón stáisiún.
Snámhann na seilidí fúthu
the bugs crawl under them
Snámhann na seilidí fúthu, ansin bailítear ar maidin iad.
thug sí fúthu
she got stuck into them
Chuaigh sí síos ar a dhá ghlúin agus
thug sí fúthu.
ag cur fúthu iontu
living in them
De bharr go mbítear den tuairim agus bruachbhailte á dtógáil go mbeidh carranna ag na daoine go léir a bheas
ag cur fúthu iontu, bíonn achar fada idir limistéir chónaithe agus na ceantair áitiúla gnó, rud a chiallaíonn gur gá tiomáint chuig siopaí grósaera, pictiúrlanna, tábhairní agus bialanna.
cur fúthu
to settle
Mar sin de, bhí obair, sléibhte arda agus lochanna aoibhne ar fáil san áit chéanna, agus ba iad na nithe seo a spreag daoine ó reigiúin eile na Gearmáine le
cur fúthu sa mBaváir.
ag cur fúthu
residing
Bhí dhá chéad duine ina gcónaí ann tríocha bliain ó shin, anois tá timpeall trí mhíle
ag cur fúthu ansin.
agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu
and to kick away the ladder from those who were below them
"Bhí siad sásta cibé deontais a bhí ag teacht ón Eoraip agus ón Bhreatain a ghlacadh
agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu.
a chuireann fúthu
who settle down
Ag cuimhneamh ar an stair atá ag an tír seo ó thaobh na himirce de, bheifí ag súil go ndéanfaí dlithe inti a léireodh meon caoin, fáilitiúil i leith na n-eachtrannach
a chuireann fúthu anseo gach bliain.
nuair a chuireann siad fúthu ansin
when they settle there
I measc na n-eisimirceach go dtí an Bhreatain, is iad na hÉireannaigh an t-aon ghrúpa amháin a n-ardaíonn a ráta mortlaíochta
nuair a chuireann siad fúthu ansin.
ag magadh fúthu
making fun of them
Is minic nach dtuigeann siad ach oiread, is léir, saothar agus díograis an Gharda Síochána i gcásanna drugaí agus, go deimhin, tarlaíonn sé uaireanta go bhfágtar na gardaí lasmuigh de na tithe cúirte agus na mangairí drugaí
ag magadh fúthu.
ag easaontú fúthu
disagreeing about them
Ach bíonn daoine
ag easaontú fúthu.
ag cur fúthu
settling down
Chomh maith leis sin, tá mórán daoine anois ag bogadh amach as an limistéar mór uirbeach seo agus
ag cur fúthu i mbailte measartha mór mar Cheatharlach agus Chill Chainnigh.
an oiread clampair fúthu
as much commotion about them
Táim ag trácht dar ndóigh ar na rialacha atá i bhfeidhm ó thús na bliana sna cluichí idirchontae sinsear, ach nach bhfuil in úsáid ag aon leibhéal eile!
Nuair a scríobhas faoin ábhar seo cheana, sular thosaigh comórtais na hathbhliana, ba dheacair a shamhlú go mbeadh
an oiread clampair fúthu is a bhí chomh luath sa tréimhse thrialach.
chuireadar fúthu anseo
they settled down here
Nílim cinnte cén fáth gur roghnaigh mo mhuintir féin an tír seo, ach stopadar in Éirinn agus
chuireadar fúthu anseo.
is fúthu atá sé
it's up to them
Tá siad i gceannas ar bhord Stáit, agus
is fúthu atá sé polasaí boird Stáit a leagan síos.
chuir siad fúthu ansin
they settled down there
Tá siad díreach cosúil le go leor láithreán in Éirinn; is amhlaidh go raibh an cultúr céanna le fáil ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, agus go deimhin tháinig tuatha ó Éirinn go hiarthar na Breataine Bige agus
chuir siad fúthu ansin.
a chuir fúthu ann
who settled there
B’as Oileán Sgitheanach na hAlban iad na chéad Eorpaigh
a chuir fúthu ann san 18ú haois.
a chuir fúthu
who settled
Meascán de Chaitlicigh agus Protastúnaigh go príomha
a chuir fúthu i Wisconsin ar dtús, iad ag teitheadh ó dhíoltas na rialtas tar éis éirithe amach 1848 timpeall mhór-roinn na hEorpa.
ag cur fúthu ansin
living there
”
Tar éis dó Toraigh a fhágáil, ní raibh fonn ar Eoin filleadh ar Bhaile Átha Cliath, mar sin bhog sé go baile beag fearainn in aice le hAnagaire, Doire na Mainséar, agus chonaigh sé le beirt chairde dá chuid as Baile Átha Cliath a bhí
ag cur fúthu ansin.
cad é a bhí fúthu
what they were up to
”
Chlaon Tomás a cheann ina treo, ag tabhairt le fios di gur thuig sé go maith
cad é a bhí fúthu.
atá ag cur fúthu anois
who are settled now
Bíonn meascán bocht canúintí le cluinstin ann agus thabharfá suntas ach go háirithe don mhéid daoine ó Ghaeltachtaí beaga
atá ag cur fúthu anois i gContae na Gaillimhe.
ag cur fúthu go buan
settling down permanently
Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad
ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
ag cur fúthu go buan
permanently settled
Bhí Spáinnigh
ag cur fúthu go buan in Florida ó 1565 amach, agus Francaigh ar abhainn San Labhrás (i gCeanada an lae inniu) ó 1535 amach.
ag cur fúthu go buan
living permanently
Bhíodh cónaí ar roinnt maith daoine anseo ag tús an chéid seo caite, ach anois níl mórán daoine
ag cur fúthu go buan ann.
atá i ndiaidh curtha fúthu
who have settled
I measc na ndaoine
atá i ndiaidh curtha fúthu go sásta ansin bhí Lotte Glob, Danmhargach ar ealaíontóir criadóireachta í.
áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu.
where most of the Irish settled.
An amhlaidh – agus níl anseo ach buille faoi thuairim – gur cuireadh an focal isteach mar aitheantas don chanúint áitiúil? Ní focal é a shamhlaíonn tú le cathracha na Stát,
áit ar chuir formhór na nÉireannach fúthu.
ag cur fúthu
settled
Is beag Éireannach sa lá atá inniu ann nach bhfuil aithne aige ar Pholannach amháin ar a laghad agus daoine den chine sin
ag cur fúthu i ngach baile, idir bheag is mhór, ó cheann ceann na hÉireann.
ag cur fúthu
settling
Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor
ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
a bhí sásta cur fúthu sa Rinn
who were happy to settle in Ring
Mar shampla, dar le hIrial, ba é an dúshlán ba mhó a bhí riamh acu ná “daoine maithe oilte a raibh Gaoluinn acu agus
a bhí sásta cur fúthu sa Rinn a fháil.
le cur fúthu anseo.
to settle here
Sa chaoi seo, beidh páirtithe dídeanaithe in inmhe teacht go hÉirinn
le cur fúthu anseo.
iarratas a dhéanamh ar iad a thabhairt go hÉirinn le cur fúthu anseo.
to apply to get them to Ireland to settle here
Cáineadh go géar an dlí a chuireann cosc ar thuismitheoirí a bhfuil leanaí níos sine ná ocht mbliana déag d’aois acu
iarratas a dhéanamh ar iad a thabhairt go hÉirinn le cur fúthu anseo.
trí eolas fúthu a dhíol le fógróirí.
by selling information about them to advertisers
Go tobann, thosaigh a lán úsáideoirí nua ag clárú mar bhaill, ach chomh tobann céanna, rinne an comhlacht iarracht airgead a shaothrú astu
trí eolas fúthu a dhíol le fógróirí.
ar tugadh fúthu
which were undertaken
Pléann sé cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann sé cur síos ar na feachtais éagsúla
ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachta – agus ní ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilge – á mbunú.
ag cur fúthu
living
Diaidh ar ndiaidh thosaigh na Mormannaigh a bhí
ag cur fúthu in Nauvoo ag cur oilc ar na daoine eile a raibh cónaí orthu sa stát.
curtha fúthu ansin
settled there
I dteach an tsagairt áitiúil, tá grianghraf le feiceáil d'Éireannaigh a bhí
curtha fúthu ansin in éineacht le hÉamon De Valera.
agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
about those people who are now (since) dead
In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire
agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
cur fúthu
to settle
Ní ba dhéanaí, tugadh cead do chuid acu
cur fúthu san Astráil, ach cuireadh na daoine eile ar ais chun a dtíre dúchais.
chuir fúthu
settled down
Tugtar ‘Aotearoa’ ar an Nua-Shéalainn i Maorais, teanga na bPolainéiseach a
chuir fúthu inti corradh is míle bliain ó shin.
cur fúthu
to settle down
Is léir ó na coinníollacha seo nach raibh aon fháilte roimh an lucht dídine ar na víosaí cosanta sealadacha
cur fúthu sa tír seo.
ag cur fúthu
living, settled
Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá
ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
ag cur fúthu
settled
Tá na hOgoni
ag cur fúthu sa Deilt Nigéireach le breis is cúig chéad bliain.
cur fúthu
living
html)
Coimhthíocha ar Lorg Adhmaid
Ní hiad na hOgiek amháin atá ag
cur fúthu i Mau anois, áfach.
ag cur fúthu
living
Ag féachaint siar ar bhillí aibhléise don tréimhse Meitheamh 2008/2009 don árasán ina bhfuil cónaí orm féin anseo sa Fhrainc agus don teach ina raibh mo mhac agus triúr eile
ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, is féidir liom comórtas éigin a dhéanamh idir chostas an dá thír.
dheántaí magadh fúthu
were made fools of
An corrdhuine a raibh sé de ghus iontu labhairt amach go poiblí,
dheántaí magadh fúthu: dúirt Bertie Ahern i 2007, nár thuig sé cén fáth nár chuir na saineolaithe geilleagair, a bhí ag ceistiú a chuid polasaithe ag an am, deireadh leo féin!
Bonn Náisiúnach Ilaicmeach
D’fhás mise aníos in Éirinn, a bhí faoi smacht polaitíochta ag Fianna Fáil.
ag cur fúthu
living
Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine
ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
Thug mé fúthu
I attacked them
Thug mé fúthu as a bheith ag magadh faoi mhuintir Mheiriceá, agus chuir mé an triúr acu amach sa loch le mo chathaoir mhór rotha.
ag cur fúthu
living
Bhog an teaghlach go Polkowice, baile beag in iardheisceart na Polainne, nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois, áit a bhfuil a tuismitheoirí fós
ag cur fúthu.
ag cur fúthu
living
” Ní chiallaíonn sé sin go mbeidh ar 100% de na daoine atá
ag cur fúthu sa nGaeltacht máirseáil chun go dtarlóidh na hathruithe seo, ach más féidir leo tacaíochta a thabhairt, a bheith níos dóchasaí ina gcuid suirbhéanna, más féidir leo litir a scríobh chuig an TD, más féidir leo a bheith i láthair ag na cruinnithe poiblí agus a dtoil láidir a léiriú go bhfuil siad ag iarraidh an teanga Ghaeilge agus an tsaíocht ar fad a bhaineann leí a chaomhnú, mura dtaispeántar an toil láidir seo nó mura mbíonn sé ann, níl tú chun aon difríocht a dhéanamh do stádas na Gaeilge.
nár chuir fúthu
didn’t live
Ba dhream fánaíochta iad an Masai go traidisiúnta, treibh
nár chuir fúthu in aon cheantar ar leith go fadtéarmach.
cur fúthu i dtithe
settled in houses
Dá thoradh sin, tá na treibheanna níos socraithe síos i gceantair ar leith sa lá atá inniu ann, díreach mar atá baill áirithe den lucht siúil in Éirinn tar éis
cur fúthu i dtithe le blianta beaga anuas.
ní fúthu sin
not about them
’
- **Ó Domhnaill**: ‘Ach,
ní fúthu sin an scannán seo.
fúthu
about them
Cinnte nár chuala mé féin
fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin.
chuir fúthu
settled
Bhí Éireannaigh go leor i measc na saighdiúirí agus na gcoilíneach ar an gCéad Loingeas freisin, áfach, agus i measc na gcoilíneach a
chuir fúthu de bhonn tola ina dhiaidh sin.
chur fúthu ann
settled there
Chothaigh na Gaeil a
chur fúthu ann machnamh ar neamhspleáchas, ar cad atá cothrom sa saol agus cad ná fuil.
ag cur fúthu ó thuaidh
settled in the north
An Seicteachas agus an Ciníochas
==================
Do dhream a bhfuil dearcadh an imhshuí go láidir iontu, ní hiontas ar bith é go mothódh dílseoirí inmíoch le méadú mór (ó bhun thar a bheith íseal) ar líon na gcoimthíoch atá
ag cur fúthu ó thuaidh, ach tá an críochachas go láidir sa dá phobal ó thuaidh.
gcáilíochtaí is tarraingtí fúthu
their most attractive qualifications
Tá saoirse agus nuaíocht as an ngnách ag baint le scéalta Kerouac agus tá na tréithe sin i measc na
gcáilíochtaí is tarraingtí fúthu.
an meitheal sínte fúthu
the group of workers reclined
I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus
an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.
chuir siad fúthu
they settled
Sa 12ú aois déag, le linn do Geisa II a bheith ina rí ar an Ungáir, nuair a bhí cogadh na croise á chur ar Ioslam, tháinig pobal ó cheantar an Réin in iarthar na Gearmáine agus
chuir siad fúthu sa Transalváin.
raibh amhras fúthu
were suspect
Ba mhinic daoine a
raibh amhras fúthu i dtaobh a ndílseachta don pháirtí (dá laghad nó dá neamhiontaoibhe an t-amhras céanna) curtha i ngéibheann, nó seolta chuig na mianaigh agus na Cumannaigh i gceannas na tíre.
is gá dúinn cinneadh a dhéanamh fúthu
we must decide about them
Agus cosúil linn ar fad, tá cuntaisí sóisialta éagsúla aici agus
is gá dúinn cinneadh a dhéanamh fúthu agus faoin ábhar a bhaineann leo freisin.
ná suí fúthu
nor sitting down
Cé go raibh leithead mór iontu, agus airde dá réir, agus an chuma orthu go raibh siad ar a laghad seachtó bliain d’aois, bhí an-aclaíocht iontu, agus ní raibh stró ar bith orthu éirí den urlár
ná suí fúthu arís agus arís eile.
coilínigh a chur fúthu iontu
colonists who settled there
Bhí siad araon daite dearg ar an léarscáil, mar a bhíodh na tíortha eile sa Chomhlathas Briotanach ar fud na cruinne, agus ba de shliocht Briotanach iad na
coilínigh a chur fúthu iontu.
ag cur fúthu ann
living there
Rinne na húdaráis abhus neamhaird iomlán den ghabháltas sin go ceann caoga bliain go dtí gur thosaigh coilínigh as an Astráil
ag cur fúthu ann.
le cur fúthu abhus
to live here
Tá corradh is leathmhilliún duine de bhunadh Nua-Shéalannach ina gcónaí san Astráil agus tagann na mílte eile
le cur fúthu abhus gach bliain.
ag cur fúthu
settled
Insíonn Leanne Best an scéal le blas Scouse ar a cuid cainte, ach níl Learpholl luaite sa dráma a chor ar bith, agus thiocfadh leis an scéal a bheith as cathair ar bith i Sasana ina bhfuil na hÉireannaigh
ag cur fúthu.
le cur fúthu
to settle
Tá iarsmaí sna cnoic thart ar Bhéal Feirste a théann siar go dtí an tréimhse neoiliteach, i ndiaidh d'fheirmeoirí teacht as Albain
le cur fúthu in Éirinn idir 4500 – 2500 RC.
ag cur fúthu
settling in
Cé nach bhfacthas í, dúradh linn go raibh díthreabhach ina chónaí áit éigin sa díseart!
Ar ndóigh, baineann turasóireacht le Deiridh Seachtaine Gaeltachta freisin, agus ba léir go raibh áthas ar phobal Keswick an slua seo as Toronto a fheiceáil
ag cur fúthu agus ag ceannach a n-earraí sna siopaí áitiúla.
fuadar fúthu
make them move along
Dar ndóigh ní raibh na hOráistigh sásta leis seo mar go gcuirfeadh sé deifir orthu agus
fuadar fúthu.
ag tabhairt fúthu
attacking them
Agus cé a bhí ag fanacht leo? Cuid mhór de mhuintir óg Ard Eoin le bheith
ag tabhairt fúthu agus leath na bpéas de chuid an PSNI le hiad a chosaint agus chun an dá thaobh a choinneáil óna chéile.
ag cur fúthu
living
Tá inimircigh
ag cur fúthu gan cead i mbeagnach gach stát ar domhan.
chuir fúthu de bhonn tola
settled down by their own design
Ní raibh fiú réad amháin ann, áfach, a bhain le labhairt na Gaeilge i measc na ndaoránach agus na gcoilíneach Éireannach a
chuir fúthu de bhonn tola i mblianta luatha na coilíneachta.
ag cur fúthu
living
Dar le foinsí rialtais go bhfuil suas le 100,000 inimirceach
ag cur fúthu sa tír gan cead, ach maíonn eagraíochtaí neamhrialtasacha go bhfuil suas le 500,000 díobh sa tír.
le cur fúthu anseo
to settle here
D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh
le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
ag cur fúthu
living
Tá mionlach Protastúnach
ag cur fúthu sa tSiria freisin.
ceart ag baill dá dteaghlaigh cur fúthu
members of his family right to reside
Níor fhág saoránacht na leanaí Éireannacha go raibh
ceart ag baill dá dteaghlaigh cur fúthu in Éirinn.
gur cuma le gach duine fúthu sin
no one cares about them
Níor ionsaigh muid aon duine go poiblí (seachas easpag nó dhó agus cúpla cairdinéal – agus ós rud é
gur cuma le gach duine fúthu sin, glacaimid leis gur cuma leatsa fosta).
tar éis cur fúthu
have settled
Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach
tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
ina gcuireann formhór na dteifeach fúthu
where most of the refugees settle
Léiríonn siad freisin, áfach, go bhfuil an cheist ina mórúdar imní sna ceantair
ina gcuireann formhór na dteifeach fúthu.
bhfuil raic fúthu
there’s a rumpus about them
Tuigim go maith go
bhfuil raic fúthu ach níl an tarna rogha tugtha ag Aontas na hEorpa don rialtas ach na portaigh a chaomhnú, bíodh raic ann nó ná bíodh.
Fúthu féin an cinneadh sin
that’s up to themselves
Cad é tá mé a mhaíomh mar sin, tharla gur Béarla a labhraíonn formhór mór na nÉireannach faoi láthair, ó cheann ceann an oileáin?
Fúthu féin an cinneadh sin dar liom.
a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu
which you could be sure about
Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú
a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
fúthu is tharstu ar an suíomh
all around them
)
Bhí foireann bheag spídeoirí tosaithe ag ionsaí, faoi ainm(neacha) cleite,
fúthu is tharstu ar an suíomh.
céard fúthu siúd a mhealladh
what about winning them over
Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar,
céard fúthu siúd a mhealladh?**
TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
ag cur fúthu
living
Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar 2% de na Guatamalaigh a rinne iarratas air le linn na n-ochtóidí, tá suas le milliún Guatamalach
ag cur fúthu sna Stáit faoi láthair.
an t-aon rud buan fúthu
the only thing that’s constant about them
Is é an t-athrú seo
an t-aon rud buan fúthu.
Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha
they were busy writing slogans
Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha ar ghiotaí cartchláir agus ag péinteáil aghaidheanna a chéile.
ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg
disparage Irish in every way
Ní hiad lucht an díspeagtha an fhadhb i ndáiríre, Meyers, Mc Sharry nó eile, ach is iad muintir na Gaeilge féin nach amháin atá á cheadú, ach d’fhéadfaí a mhaíomh gur á mealladh atá siad chun a bheith ag maslú agus
ag díspeagadh fúthu is tharstu faoi Ghaeilg agus faoi lucht a labhartha.