Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Agus an moladh glórach sin faighte agam with that ringing endorsement
" " "Agus an moladh glórach sin faighte agam, an bhfuil sibh uilig ar an rum?" arsa Tadhg.
go raibh an bua faighte ar na Peirsigh that the Persians had been defeated
" Maratón atá ann i ndáiríre – táimid ar nós an tsaighdiúra Ghréagaigh Pheidippides, a seoladh ó bhaile Maratón go dtí an Aithin le cur in iúl go raibh an bua faighte ar na Peirsigh i gcogadh Mharatóin.
níl pingin rua faighte agam I haven't received a penny
" Ar ndóigh, níl pingin rua faighte agam ó na crannchuir thuasluaite mar níor líon mé na foirmeacha isteach leis an airgead a bhí dlite dom a fháil.
gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat. without getting our money's worth
" Dá bharr sin, ba chrá croí a bhí sa rud ar fad go minic – ag dul i mbun camchuairteanna agus ag teacht abhaile gan mórán de luach saothair a bheith faighte agat.
Aonad Faighte Eolais Information recovery unit
" Mura bhfaigheann siad eolas beacht ar chuid ar bith díobh seo, rachaidh na cásanna chuig an Aonad Faighte Eolais (Information recovery unit) a bheas mar chuid den Choimisiún fosta.
faighte have got
" Tá iPhone faighte agam ón am a foilsíodh m’alt deireanach.
faighte obtained
" Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
Tá cuireadh faighte aige he received an invitation
" Tá cuireadh faighte aige dul ag imirt le club sa Ghearmáin i rith an tsamhraidh seo chugainn.
Tá an tsáith ghránach de faighte agam I’ve had my fill of it
" Tá an tsáith ghránach de faighte agam.
raibh cead faighte aige he had received permission
" Cheap Mac Gearailt go raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae the county committee officials saw enough to convince them
" Ach léas dóchais dó gur ceapadh é mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi bhliain is fiche don bhliain 2010 agus cé gur bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais sin, bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae le post an bhainisteora shinsearaigh a thairiscint do Mhag Géibheannaigh nuair a d’éirigh John Joe Ó Dochartaigh as an bpost.
do lucht faighte na mbronntanas to the people who receive the presents
" Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
an méid is mó riamh faighte the most ever received
" Tá éacht déanta ag an rap-amhránaí PSY, ó Phoblacht na Cóiré lena amhrán corraitheach *Gangnam Style*, atá i ndiaidh breis is 810 milliún amas a fháil ar *YouTube* (an méid is mó riamh faighte ar an suíomh físeán seo go sea) agus atá ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine fud fad na cruinne.
Tá tacaíocht faighte ag an ngluaiseacht the movement has received support
" Tá tacaíocht faighte ag an ngluaiseacht ó pholaiteoirí agus ó fhiontraithe agus tá comhlacht Sheáin Uí Shúilleabháin (*Dragons Den*) ag tacú leis an ngluaiseacht.
bhfuil drochíde go leor faighte ag a chorp he’s suffered enough physically
" An fáth is mó a deirim sin ná go bhfuil drochíde go leor faighte ag a chorp, a chloigeann go háirithe, toradh ar ndóigh ar a chrógacht.
Admhálacha faighte faoi bhagairt admissions obtained under duress
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
Tá deimhniú faighte anois acu they have received confirmation
" Tá deimhniú faighte anois acu den tábhacht a bhaineann leis na turasanna chun na Gaeltachta sa samhradh.
faighte go flaithiúil given generously
" Le tacaíocht faighte go flaithiúil aige óna chairde agus ó *Miss Panti*, shocraigh an léachtóir ar oíche nua a imríonn le cultúr na Gaeilge agus le cultúr na homaighnéasachta a chur ar bun.
siondróm easpa imdhíonachta faighte SEIF AIDS
" In ainneoin gur dhílleachtaí cuid mhaith de na leanaí agus go raibh siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF) ar chuid mhaith eile díobh, bhí cíocras léinn orthu uilig.
bhí post mar mhúinteoir faighte agam I had a teaching job
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
buille faighte ag an rian sin hits received by that track
" Tá níos mó ná trí mhilliún buille faighte ag an rian sin ó shin, agus ní shin deireadh an scéil.
raibh bagairtí éignithe faighte aici she received threats of rape
" I gCaisleán Átha Cliath, ag an gcomhdháil 'Women ón Air' i mí na Bealtaine, nocht an t-iriseoir agus láithreoir TG4, Una Mullally, go raibh bagairtí éignithe faighte aici ar na meáin shóisialta agus ar fhóraim chainte bunaithe ar a bpíosaí tuairimíochta.
cead vótála faighte obtained voting rights
" Má tá cead suí ar bhus agus cead vótála faighte, tá obair ollmhór shóisialta le déanamh go fóill.