Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Feidhmeannas the Executive
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
Fheidhmeannas executive
" Bhí an t-uafás oibre ann, in ainneoin cúnamh (airgid, srl) a bheith ar fáil ó Chomunn na Gàidhlig agus ón Fheidhmeannas.
Fheidhmeannas Executive
" Bhí sí ina hAire Talmhaíochta san Fheidhmeannas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil - ainneoin gan taithí ar bith a bheith aici ar chúrsaí talmhaíochta - agus fuair sí moladh ó achan dhream mar gheall ar an dóigh ar láimhsigh sí an ghéarchéim áirithe sin.
feidhmeannas executive
" Níorbh aon ionadh é, mar sin, nuair a chuir an Taoiseach a mholadh os comhair an fheidhmeannais - go bhfágfaí Baile Átha Cliath theas faoin Uasal Ryan agus tuaisceart na cathrach faoin Uasal Brady le linn thoghchán 2004 - gur dhiúltaigh an feidhmeannas glacadh leis.
Fheidhmeannas Executive
" Is í Bairbre de Brún an t-iarrthóir is airde próifíle sa rás - ball sinsearach de Shinn Féin agus iar-Aire Sláinte san Fheidhmeannas ó thuaidh - agus Eamonn McCann, fear atá ag plé le cúrsaí polaitíochta le 35 bliain anuas agus a bhíonn le feiceáil go minic ar an teilifís agus sna nuachtáin.
fheidhmeannas executive
" Bhí sé ina bhall de Chlub an Lucht Oibre agus de Pháirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann, agus bhí sé ar fheidhmeannas an pháirtí faoin am a d'fhág sé an ollscoil.
Fheidhmeannas Executive
" Anois, cad é an chiall atá leis sin? An gciallaíonn sé go ligfidh Rialtas na Breataine don DUP an luas lena mbogann an próiseas chun tosaigh a láimhseáil? Nó an gciallaíonn sé go gcuirfear i bhfeidhm modhanna oibre a ligfidh don Fheidhmeannas agus don Tionól agus a chuid coistí bheith níos éifeachtaí gan an Comhaontú a bhriseadh? Measann náisiúnaithe go bhfuil an chéad léamh beacht; deir aontachtaithe nach bhfuil siad ach ag iarraidh feabhas a chur ar obair na n-institiúidí.
an Fheidhmeannas the Executive
" Maíonn poblachtánaigh gur plota de chuid an Bhrainse Speisialta leis an Fheidhmeannas ó thuaidh a scrios a bhí sa ruathar ar oifigí Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus go leor fianaise acu, dar leo.
feidhmeannas executive
" Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint.
sula n-athchruthófar an feidhmeannas before the executive is re-created
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
feidhmeannas executive
" Tuigeann an tUasal Adams muna n-athchruthaítear an feidhmeannas i Stormont agus Sinn Féin mar chuid lárnach de, go bhféadfaí cuid mhór den dul chun cinn a rinneadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a chailliúint.
sula n-athchruthófar an feidhmeannas before the executive is re-created
" Tuigeann sé freisin, agus Sinn Féin mar an páirtí náisiúnach is mó sna Sé Chontae, go mbeidh ar a pháirtí fórsa póilíneachta an PSNI a aithint go hoifigiúil sula n-athchruthófar an feidhmeannas.
feidhmeannas executive
" Tá neart dúshlán roimh Mhac an Fhailigh, an feidhmeannas agus an bord.
Feidhmeannas na hAlban the Scottish Executive
" Ní nach ionadh, chuir Feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
in iarrachtaí Fheidhmeannas na hAlban in the efforts of the Scottish Executive
" “Tá suim mhór á léiriú in iarrachtaí Fheidhmeannas na hAlban deireadh a chur leis an seicteachas sa tír,” ar sé.
feidhmeannas executive
" Ní nach ionadh, chuir feidhmeannas na hAlban fáilte roimh an mholadh agus chuir siad coiste ar bun le féidearthachtaí comhoibrithe le hÉirinn, thuaidh agus theas, a iniúchadh.
an feidhmeannas, the executive,
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
ag comhoibriú san Fheidhmeannas, co-operating in the Executive,
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
i bhFeidhmeannas in an Executive
" Ach tá Sinn Féin páirteach i bhFeidhmeannas ina bhfuil an chomhfhreagracht mar bhunchloch an chórais.
go dtitfeadh an Feidhmeannas. that the Executive would fall.
" Nuair a dúirt an UUP ach go háirithe nach raibh siad sásta le cuid de na moltaí, mhaígh Robinson mura n-aontódh gach páirtí leis an bhuiséad pleanáilte, go dtitfeadh an Feidhmeannas.
an Feidhmeannas the Executive
" Ba é an 26 Márta an spriocdháta a thug sé do na páirtithe le teacht ar shocrú a chuirfeadh ar a chumas an Feidhmeannas in Stormont a athbhunú.
an Fheidhmeannais. The Executive
" Is dóigh liom chomh maith gur cheart go mbeadh comhfhreagraí polaitíochta ag nuachtán náisiúnta agus braithim gur locht mór ar *Lá Nua* gan duine sonrach mar sin a bheith ag scríobh go laethúil faoi chúrsaí an Oireachtais agus an Fheidhmeannais.
san Fheidhmeannas in the Executive
" Anois, tá Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire agus tá ceathrar airí acu as an dáréag atá san Fheidhmeannas ó thuaidh.
as an Fheidhmeannas from the Executive
" Ó aire comhshaoil a chreideann go bhfuil an comhshaol slán go haire cultúir atá in éadan an chultúir! Tá Edwin díbeartha anois as an Fheidhmeannas agus Gregory Campbell tagtha ina áit.
Fheidhmeannais Executive
" Ní raibh cruinniú de chuid an Fheidhmeannais ar siúl ó bhí mí an Mheithimh ann cionn is nach bhfuil an dá pháirtí is mó sa chomhrialtas éigeantach sásta comhoibriú lena chéile.
Fheidhmeannas Assembly
" Beidh Robinson agus McGuinness ag bualadh lena chéile le bealach chun cinn a oibriú amach an tseachtain seo, ach ní dócha go mbeidh cruinniú den Fheidhmeannas – an chéad cheann a bhí le bheith ar siúl ó bhí mí an Mheithimh ann – ag dul ar aghaidh Déardaoin.
Feidhmeannas administration
" Is é an Feidhmeannas nó an Rialtas a dhéanann na dlíthe in áit an Oireachtais féin.
feidhmeannas uilepháirtí multi party administration
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte HSE
" Clamhairt Ghabhail, an Gonorrhoea Lectem Tá Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte i ndiaidh rabhadh a chur amach faoi ghalar gnéas-tarchurtha atá thar a bheith contúirteach agus nimhneach amach is amach.
feidhmeannas executive
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
fheidhmeannas executive (bord)
" Fóram amscaí, fadálach a bhí ann agus ba rómhinic nach raibh na comhaltaí ach ag ceadú nithe a bhí socraithe ag an fheidhmeannas cheana féin.
Feidhmeannas executive
" Is é sin gur chóir go mbeadh scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An t-Uachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Congress agus an Seanad), agus na breithiúna.
Feidhmeannas executive
" Ní rialtas ardcheannasach (*sovereign*) é Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus is beag cumacht atá aige airgead a thógáil chun sochar seirbhísí pobail agus infheistíocht i gcruthú postanna.
Feidhmíodh an Feidhmeannas let the Executive perform
" Feidhmíodh an Feidhmeannas Anois! ================== Ba dhoiligh ag an Rúnaí Stáit Coimeádach, Owen Paterson, a lúcháir a cheilt agus é ag maíomh gur faoin Fheidhmeannas amháin a bheas sé an córas uisce a chur ina cheart.
Fheidhmeannas Executive
" Tá sé dochreidte mar shampla go mbeadh 'comhairleoir' de chuid an Aire Danny Kennedy, Dr Brian Crowe, ag iarraidh táille gnéis a ghearradh ar chailín a bhí ag iarraidh cruinniú leis an Aire Fostaíochta agus Foghlamtha san Fheidhmeannas ó thuaidh.
mbunófaí feidhmeannas an executive would be founded
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
fiú le feidhmeannas even with the executive
" Go hoifigiúil, is é Bratach an Aontais bratach oifigiúil an stáit ó thuaidh agus fiú le feidhmeannas ag comhoibriú ag *Stormont*, níl an chuma ar an scéal go bhfeicfidh muid arís é ach iompraítear go fóill é.
Fheidhmeannas Tithíochta housing executive
" De réir ailt ar an North Belfast News, léiríonn staidreamh ón Fheidhmeannas Tithíochta ó thuaidh, tá 2427 duine ar an liosta feithimh do thithe i dtuaisceart Bhéal Feirste, 970 acu ina gCaitlicigh, 283 a bhfuil creidimh eile acu, 779 nár léirigh an creideamh a bhí acu.
faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais about the Executive’s effectiveness
" Maidir leis an pholaitíocht, tógann sé ceisteanna faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais sa ghéarchéim geilleagair ó thuaidh, an tAire Airgeadais Sammy Wilson agus a choiste airgeadais.
ach ar an dea-uair atá feidhmeannas againn but luckily enough we have an executive
" Níor chuala mé aon duine a rá, “tá mé iontach buartha faoi chúrsaí airgid, ach ar an dea-uair atá feidhmeannas againn i Stormont.
bhFeidhmeannas Sláinte HSE
" Seirbhísí a fháil trí Ghaeilge ón bhFeidhmeannas Sláinte 3.
ag iarraidh ar an Fheidhmeannas asking the Executive
" Ba é Sinn Féin a mhol an rún ag iarraidh ar an Fheidhmeannas reachtaíocht a thabhairt isteach leis an phósadh comhghnéis a cheadú ach cailleadh an rún 53 vóta in éadan 42.
an Feidhmeannas the executive
" Cionn is gur ghearr an Feidhmeannas ó thuaidh siar ar líon na bhfógraí stáit a bheadh sna nuachtáin, thráigh tobar luachmhar ioncaim, mar sin níl na hacmhainni airgid ag na nuachtáin infheistíocht a dhéanamh san iriseoireacht iniúchach, gné atá an-chostach ó thaobh airgid agus ama de.
an coiste feidhmeannais the management board
" Ní raibh ann riamh ach saincheadúnas de chuid General Motors (GM) agus rinne an coiste feidhmeannais sa cheanncheathrúin in Detroit an cinneadh deireadh a chur le táirgeadh Astrálach.
oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas it shall work along with the executive
" In Aguisín B Chomhaontú Chill Rímhinn (Deireadh Fómhair 2006) gheall Rialtas na Breataine go mbeadh Acht Teanga Ghaeilge ann: ‘agus go oibreoidh sé i gcomhar leis an Fheidhmeannas atá le teacht le forbairt na Gaeilge a mhéadú agus a chosaint.
Feidhmítear feidhmeannas An executive ought to execute (work)
" Feidhmítear feidhmeannas nó cad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.