Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go fo-chomhfhiosach subconsciously
" Umhlaíocht is náire ======= D'umhlaigh na Baváraigh don dearcadh seafóideach sin gan fhios dóibh féin agus ghlac go fo-chomhfhiosach leis go raibh Gearmáinis cheart nó "mar ba chóir" á labhairt ag an dream a tháinig aduaidh (rud nach fíor, dála an scéil!).
idirdhealú fo-chomhfhiosach sub-conscious discrimination
" Ní raibh sa gclár faisnéise sin ach cruthú eile go ndéanann muid idirdhealú fo-chomhfhiosach idir daoine geala agus daoine dubha maidir leis an ról ba chóir dóibh a bheith acu inár sochaí.
oibriú amach go fo-chomhfhiosach work out subconsciously
" Mar shampla, ceist diúide mar "An bhfaca tú an cluiche mór inné?" Ag brath ar an duine a bhfuil tú ag caint leis, caithfidh tú oibriú amach go fo-chomhfhiosach agus go hiontach gasta an bhfuiltear ag caint ar *Manchester United* in éadan *Arsenal* nó ar Thír Eoghain in éadan Bhaile Átha Cliath sa Chraobh.