Pota Focal Intergaelic
isló | ism | im | im- | iom-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an líon is mó the greatest number
" Ó thaobh na náisiúnaithe de, beidh sin ag brath ar cé a bheas ábalta - i measc rudaí eile - an líon is mó athruithe san RUC a bhaint amach.
an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó the biggest constitutional nationalist party
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
sa tréimhse is mó idéalachais dá saol in the most idealistic period of their lives
" Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na *Shinners* - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.
an fhreagracht is mó the greatest responsibility
" Agus cé go dtagaim go hiomlán leis na daoine a deir gur chóir cosc a chur ar fhógaí don "ghreim ghasta", faoi mar atá déanta le fógraí tobac, tuigim go maith gur orainn féin sa mbaile atá an fhreagracht is mó.
is mó a bhainfidh leas as an teip seo who will benefit most from this failure
" Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.
an chloch is mó atá ar an bpaidrín the biggest concern
" Obair ag teastáil ======= Ó thaobh cúrsaí daonra de, is í an chloch is mó atá ar an bpaidrín anois do cheantar Charna ná deis a thabhairt don daonra daoine óga atá ann fanacht sa gceantar.
an naoú comhlacht déag is mó the nineteenth biggest company
" Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de.
an chloch is mó ar a pháidrín its greatest concern
" Más "craoltóir tráchtála" feasta é, cuireadh sé deireadh leis an tseanmóireacht faoi thábhacht an stáisiúin agus admhaíodh sé gurb é leas na hinstitiúide agus ní leas an náisiúin an chloch is mó ar a pháidrín.
an rud is mó a ghoilleann air what bothers him most
" Ach an rud is mó a ghoilleann air ná an phraiseach a rinne sé i gcúrsaí ama.
an meall is mó ar deireadh last but not least
" Agus an meall is mó ar deireadh: tá drogall ar na Gearmánaigh a admháil gur chlis ar an gcóras a rabhadar chomh bródúil sin as.
is mó chuaigh i gcion orm which had the most impact on me
" Ach is stíl fhidléireachta iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin.
is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua who will take most advantage of the new markets
" Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
na fostóirí is mó the biggest employers
" Fostaíocht ======= Is iad Marine Harvest na fostóirí is mó sa cheantar seo.
tréith is mó the biggest trait
" Ach caithfidh gurb é an tréith is mó a bhaineann le ceannaire an UUP na laetha seo ná éiginnteacht.
sa spórt úr is mó ráchairt in the most popular new sport
" " Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh sé ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí samhraidh na hÉireann: "Aimsigh an Turasóir Meiriceánach".
tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis most of the walkers seize the opportunity
" Is cúrsa dátheangach é mo chúrsa siúil sléibhe i nGleann Cholm Cille agus, de ghnáth, tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh cuid den am.
is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo it is the Irish people who would suffer the most as a result of this
" Agus, ainneoin dhearcadh an phobail i leith an cheathrú eastát, i mo thuairmse is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo.
murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán unlike most of the people from the island
" Ní raibh aithne agam air nuair a bhí mé ar scoil, mar níor Chaitliceach é, murab ionann agus an chuid is mó de na daoine ón oileán, ach chas mé air ag seisiún ceoil Ghaelaigh, mar go bhfuil an traidisiún céanna acu.
is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama there will be more interest in the songs with the passing of time
" Is breá le daoine amhráin agus is mó suim a bheidh sna hamhráin le himeacht ama.
Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis it will be the fishermen who will suffer most
" Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm.
an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh the biggest nationalist party in the north
" Anois, 23 bliain ar aghaidh, agus Sinn Féin mar an páirtí is mó náisiúnach ó thuaidh, tá siad ag caint ar an chóras toghchánaíochta sa Tionól a athrú.
an chloch is mó ar a phaidrín his biggest concern, his priority
" Abair, níl mé ag iarraidh a bheith dian ar dhaoine mar tá daoine díograiseacha ann i gcónaí, ach ar éigean go bhfuil scríbhneoir ar bith Gaeilge arb é an cháil atá air gurb í an drámaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, rud atá spéisiúil.
réitíodar le chéile den chuid is mó they got on for the most part
" Toisc teanga, stair, traidisiúin, agus nósanna ólacháin na ndaoine seo bheith mórán mar an gcéanna, réitíodar le chéile den chuid is mó agus níor éirigh eatarthu riamh.
ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú one of the best-known loyalist areas
" " B'in a dúirt fear amháin le hiriseoir agus b'ionann "these people" agus Caitlicigh atá ina gcónaí in aice le Sandy Row, ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú i mBéal Feirste.
an chartlann mionteanga is mó ar domhan the biggest minority language archive in the world
" Is ag RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin atá an chartlann mionteanga is mó ar domhan.
is mó a chuaigh i gcion orm who made the biggest impression on me
" Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste.
an éagsúlacht is mó the greatest variety
" B'fhéidir go mbíonn níos mó daoine ag tabhairt airde ar Chorn Sacair an Domhain, ach is cinnte gur ag na Cluichí Oilimpeacha atá an t-aicsean, an dráma, an t-iontas agus an éagsúlacht is mó maidir le cúrsaí spóirt.
i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta after the biggest and most glamorous event
" De ghnáth, áfach, ní bhíonn na himreoirí sin ag ceapadh gur san ospidéal a bheidh siad coicís i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta i gcúrsaí spóirt na tíre seo.
an imní is mó the greatest concern
" Tá úsáid guthán póca i measc na bpáistí is óige tar éis an imní is mó a chur ar dhaoine, go háirithe ó d’fhoilsigh an Bord Náisiúnta um Chosaint Raideolaíoch (NRPB) foláireamh ag rá nár cheart do pháistí faoi ocht mbliana guthán póca a úsáid.
go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim that the biggest industry in the country would recover from the crisis
" Buille an bháis ======= Rinne pobal na tíre seo gnaithe maith aimsir an ghalair crúibe is béile nuair a tharraing muid le chéile lena chinntiú go dtabharfadh an tionscal is mó sa tír na cosa leis ón ghéarchéim.
an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó the two biggest supermarket companies
" Bhí siad míshásta leis an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó sa tír, Coles agus Woolworth’s, a bhfuil formhór an mhargaidh do bhia acu ar fud na tíre.
is mó éilimh most popular
" AÓF: Céard iad na hócáidi is mó éilimh? LÓM: Na comórtais amhránaíochta ar an sean-nóis, an damhsa ar an sean-nós, na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, ach tá lucht leanúna dílis, mar shampla, ag leithéidí an chomórtais d'amhráin nua-chumtha agus is breá le daoine na comórtais amhránaíochta ar an sean-nós do na daoine óga.
a chuireann an chuid is mó den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt which hides most of this magical technology
" Tá bogearraí simplí saor in aisce ar fáil a chuireann an chuid is mó den teicneolaíocht draíochta seo faoi cheilt agus a chinntíonn gur féidir le daoine díriú ar an gcomhrá agus ní ar an teicneolaíocht féin.
ceann de na cinn scríbe is mó éilimh one of the most popular destinations
" Loch álainn ======= Bhí go leor cloiste agam faoi Loch Bled, ceann de na cinn scríbe is mó éilimh sa tSlóivéin.
na duaiseanna is mó the biggest prizes
" Taobh amuigh den eaglais, tá clú agus cáil ar an bheirt mar amhránaithe Gaelacha, a bhaineann na duaiseanna is mó sna comórtais.
is mó ráchairte most popular
" Is ceantar náisiúnach den chuid is mó é arb iad na cluichí Gaelacha an spórt is mó ráchairte ann, agus ina roinntear an chumhacht sa chomhairle áitiúil.
is mó gradam most prestigious
" Chuir sé iontas an domhain uirthi nuair a fuair sí scéala go raibh an dara leabhar sin ar ghearrliosta an Orange Prize for Fiction, ceann de na duaiseanna liteartha is mó gradam sa Ríocht Aontaithe.
an t-ábhar iontais is mó the greatest surprise
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
an t-ábhar iontais is mó the greatest surprise
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
na dúshláin is mó the biggest challenges
" Cad iad na dúshláin is mó a bhíonn agat agus tú ag teagasc i Meiriceá? Seosaí Nic Rabhartaigh: Is dócha go mbaineann cuid de na dúshláin le gach múinteoir teanga.
an feachtas is mó pleanála teanga the biggest language planning campaign
" Seo é an feachtas is mó pleanála teanga ar thug aon eagraíocht Stáit faoi ó bunaíodh an Stát.
ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu most of them were independent socialists
" Ba Chumannaigh iad, cuid acu ina mbaill de Chumann Uí Chonghaile, dála Uí Ríordáin féin, ach ba shóisialaithe neamhspleácha iad an chuid is mó acu agus bhí neart iarthrodaithe de chuid na Briogáide Idirnáisiúnta ina measc.
an cáineadh is mó the greatest criticism
" “Is é sin an cáineadh is mó a bheadh aige ar dhuine ach is deimhnitheach nach bhféadfadh aon duine a rá gur duine leamh ab ea é féin.
bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu most of them are very fluent
" Bíonn suas le cúig dhuine dhéag sa rang áirithe sin agus bíonn an Ghaeilge ar a dtoil ag an chuid is mó acu.
a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair who concentrates mostly on her work
" com), a bhunaigh sí le cara dá cuid, Sandy Neal, i 1993, ach ní duine í a dhíríonn an chuid is mó dá haird ar an obair, mar a dhéanann go leor daoine sna Stáit Aontaithe.
an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid to use the biggest resource in the area
" Cailleadh go leor postanna ar an Eastát Tionsclaíochta i nGaoth Dobhair le dornán blianta anuas agus beart críonna é an acmhainn is mó atá sa cheantar a úsáid agus postanna teangalárnaithe a chruthú ann.
an t-ábhar misnigh is mó the biggest reason to have hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
an tionscal is mó the biggest industry
" Is í an turasóireacht an tionscal is mó i nDún na nGall fosta.
is mó a bhí thíos leis. who suffered most.
" Thug mé faoi deara i gcónaí gur mhinic na daoine ó na teaghlaigh sin nach raibh aon taithí acu ar an chineál seo saoil is mó a bhí thíos leis.
is mó a bheas thíos leis. which will suffer the most.
" Beidh tuilleadh galar, tuillte, stoirmeacha agus ganntanas uisce ann, agus is iad tíortha bochta an domhain is mó a bheas thíos leis.
ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh most of the people killed by the fascists were Basques, Catalans and Spaniards
" Ar ndóigh, ba Bhascaigh, Catalónaigh agus Spáinnigh iad an chuid is mó de na daoine a mharaigh na faisistigh agus, sa lá atá inniu ann, tá rialtas sóisialach na Spáinne ag déanamh iarrachta déileáil le hoidhreacht Franco.
is mó atá a dtriall that they head for the most
" Mar a bheifí ag súil, is ar thíortha a bhfuil Béarla á labhairt iontu is mó atá a dtriall ach chuirfeadh sé iontas ar go leor daoine go bhfuil an Spáinn (761,000) sa dara háit ar an liosta.
uaillmhian is mó biggest ambition
" AÓF: Cad í an uaillmhian is mó ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de gur mhaith leat a bhaint amach i 2007? TM: Smacht a fháil ar na diabhal *regulators* ar an bpíb uilleann! AÓF: Cad é an rud is mó go bhfuil tú ag súil leis i 2007? TM: Tá mé ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh Na Píobairí Uilleann ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe i Sráid Henrietta.
an bhuairt is mó the biggest worry
" Mar a deir Breandán Delap ina alt an mhí seo, is é an bhuairt is mó atá ar dhaoine ná go bhfuil deireadh á chur le gné de shaol na tuaithe, gné a bhí mealltach agus tarraingteach do go leor daoine.
roinnt de na radharcanna is mó cáil some of the most famous views
" Tá trá i ndiaidh trá ann, iad fada foirfe, agus roinnt de na radharcanna is mó cáil san Astráil – Oileán Fraser (an t-oileán gainimh is mó ar domhan), Oileáin Whitsundays, Bá Byron, srl.
an clú is mó the greatest fame
" Scríobhann sé cineálacha éagsúla leabhar: úrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus, an rud a tharraing an clú is mó air is dócha, scripteanna scannán.
thar lear den chuid is mó. abroad for the most part.
" Tá Ihimaera tar éis a chuid leabhar a scríobh thar lear den chuid is mó.
an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort the trait which makes the biggest impression on you
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
an-dearfach den chuid is mó very positive for the most part
" Bhí daoine an-dearfach den chuid is mó faoi chluichí rugbaí a bheith á n-imirt i bPáirc an Chrócaigh, cé go raibh mionlach láidir, agus ní seanfhondúirí ar fad ab ea iad, a bhí go láidir in aghaidh cluichí rugbaí/gallda a bheith á n-imirt ar fhód beannaithe an Chrócaigh.
an dá chatagóir is mó the two main categories
" Ficsean agus Filíocht an dá chatagóir is mó atá ann.
is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána that made the biggest impression on the world of hurling,
" Ina theannta sin, nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan i 1987 tar éis 14 nó 15 de bhlianta gan í, d’fhógair a gcaptaen go raibh an gorta thart! Laethanta órga cinnte! Le filleadh ar na nóchaidí, ba iad Uíbh Fhailí agus an Clár na foirne is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána agus a spreag spéis san iomáint i measc daoine a bhí neodrach.
an t-ardchlár sléibhe is mó the biggest mountain plateau
" I mí Feabhra 1943 thuirling grúpa saighdiúirí Ioruacha, le cuidiú an RAF, ar an Hardangervidda, an t-ardchlár sléibhe is mó sa Eoraip (150 míle trasna), atá ó thuaidh ó Ryukan.
an duais airgid is mó the biggest money prize
" Tá cineál ceant ar siúl faoi láthair ag dílseoirí éagsúla, gach drong acu ag iarraidh an duais airgid is mó a shú ó Rialtas na Breataine, i.
dea-scéalta den chuid is mó good stories for the most part
" Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu.
an teach foilsitheoireachta is mó the biggest publishing house
" Is iad an Gúm an teach foilsitheoireachta is mó a aithnítear le leabhair do pháistí agus is iad is mó a leagann síos an tslat tomhais don réimse seo léitheoireachta.
an t-iarrthóir is mó cáil the most famous candidate
" Gan dabht, is é Barack Obama an t-iarrthóir is mó cáil i láthair na huaire.
na himeachtaí is mó the biggest events
" Faoi láthair, is iad na himeachtaí is mó atá ag teacht chun cinn ina shaol ná pósadh a chuid mac an bhliain seo chugainn.
an tomhaltóir peitril is mó the biggest consumer of petrol
" Beifear ag plé cúrsaí eitleáin níos déanaí, ach is é an t-iompar bóthair an tomhaltóir peitril is mó anseo.
an bád seoil is mó sa chathair, the biggest sailing boat in the city,
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
an chuid is mó dá shaol most of his life
" Is fear é Gearóid a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite aige i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge agus i mbun fiontar chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh the judge's main priority
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an bhreithimh ná cur i bhfeidhm phróis chuí an dlí.
de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan of the most well-known artists in the world
" D’éirigh le Drewe cur ina luí ar a chomhchealgaire Myatt saothair de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan a chóipeáil.
tá an Mhaoiris ar an dara teanga is mó Maori is the second biggest language
" 9% de na daoine sa tír, ach tá an Mhaoiris ar an dara teanga is mó ar féidir le daoine gnáthchomhrá a bheith acu inti (4.
an bhagairt is mó the biggest threat
" “Is é an t-arm is géire in armlann Gharage, an bhagairt is mó a d’fhéadfadh Ó Mórghuth a chur ar dhuine ar bith, ná go gcaithfeadh sé uair a chloig ag caint leis nó léi mura gcaithfidís vóta dó.
An t-ábhar is mó dóchais the most hopeful thing
" É sin ar fad ráite, sílim gur Cill Chainnigh a bhuafaidh Craobh na hÉireann arís! An t-ábhar is mó dóchais i mbliana ó thaobh dul chun na hiomána sa todhchaí ná bua Átha Cliath i ngrád na mionúr agus Faoi 21 i gCúige Laighean agus an fhoireann Faoi 21 ag dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann.
an tríú hiarrthóir is mó the third biggest candidate
" Má tá smál ar an mbeirt phríomhiarrthóirí Daonlathacha, tá seans go fóill ag an tríú hiarrthóir is mó – John Edwards.
an aidhm is mó the biggest aim
" Is é an aidhm is mó atá agam anois ná a bheith i mo láithreoir ar chlár as Béarla agus dá dtairgfeadh RTÉ nó TV3 jab dom ghlacfainn leis ar an toirt.
na tionchair is mó the biggest influences
" Is iontach an rud é go bhfuil na teicneolaíochtaí is nua ar fad in úsáid chun an comhluadar Gaelach a neartú ar an idirlíon – bímis ag blagadóireacht ar son na cúise! Ceann de na tionchair is mó atá ag an bhlag ar na meáin chumarsáide ná go bhfuil sé níos deacra anois idirdhealú ceart a dhéanamh idir iriseoireacht ghairmiúil agus amaitéarach.
an locht is mó ar fad the biggest fault of all
" Is é an locht is mó ar fad atá agam ar an saothar, áfach, an teideal *Cúpla Focal* a bheith air.
déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, Lincoln becomes the town with the biggest population in the state,
" In Nebraska, mar shampla, déantar an chathair is mó daonra sa stát de Lincoln, baile na hollscoile stáit, ar laethanta na gcluichí peile, mar gheall ar an 90,000 breise a líonann an staid.
Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá. This is the biggest university stadium in America
" Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá.
bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile. most of them are submerged totally and utterly in the cult of football
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
den chuid is mó. for the most part.
" Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó.
is mó an tsuim atá agam sa ghrúpa Iosraelach I have a greater interest in the Israeli group
" Seo an tríú huair dom cuairt a thabhairt ar Majdanek agus is mó an tsuim atá agam sa ghrúpa Iosraelach atá sa champa in éineacht linn.
an dúshlán is mó the biggest challenge
" Is é an dúshlán is mó a bheas le sárú ag meáin chraolta na Gaeilge ná a chinntiú nach gcaillfidh siad an sciar beag dílis den mhargadh atá acu nuair a thiocfaidh rabharta cainéal breise teilifíse agus raidió ar an aer tríd an chóras digiteach.
na fadhbanna is mó the biggest problems
" ” **Earnáil léirithe na Gaeilge** Cé go bhfuil sé cruthaithe ag Irial go bhfuil éagsúlú ríthábhachtach san earnáil seo, nuair a chuirim ceist air mar gheall ar na fadhbanna is mó atá san earnáil léirithe Ghaeilge faoi láthair, ní hé “easpa éagsúlaithe” an freagra a thugann sé.
sa chuid is mó de thábhairní na tíre. in most of the pubs in the country.
" Beidh cuimhne ag Éireannaigh d'aois áirithe ar am nach mbíodh ach trí bheoir - Guinness, Harp agus Smithwicks - ar fáil sa chuid is mó de thábhairní na tíre.
an chuid is mó acu most of them
" Tá breis is 1,500 grúdlann faoi leith i Meiriceá anois, agus tá an chuid is mó acu ann le fiche bliain anuas.
is ea is mó airgead the more money
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
an chreidiúint is mó, the greatest credit,
" Sin an chreidiúint is mó, b’fhéidir, atá ag dul do Joe Éinniú.
difríochtaí is mó biggest differences
" Is iad na difríochtaí is mó idir an dá chineál damhsa ná go mbíonn an corp díreach taobh thuas den choim sa damhsa céime agus bíonn na géaga le taobh an damhsóra.
gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra that the dancer's biggest priority
" Ach tá rud éigin an-fhoirmleach agus teicniúil fá dtaobh de, a thugann le fios gurb iad na clocha is mó ar phaidrín an damhsóra ná luas, chomh hard agus is féidir leis léim san aer agus cleasaíocht, seachas léiriú dá chuid paisin.
gurbh é an pléisiúir is mó that the biggest pleasure
" I ndáiríre, caithfidh mé a rá gurbh é an pléisiúir is mó a bhain mé as an bpróiseas taifeadta ar fad ná na hamanna a shuigh mé istigh sa seomra taifeadta leis na ceoltóirí oilte seo ar fad.
gurbh é an pléisiúir is mó a lot of enjoyment
" I ndáiríre, caithfidh mé a rá gurbh é an pléisiúir is mó a bhain mé as an bpróiseas taifeadta ar fad ná na hamanna a shuigh mé istigh sa seomra taifeadta leis na ceoltóirí oilte seo ar fad.
an bua is mó the biggest gift
" Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
na paisin is mó the biggest passions
" ”Taisteal Deir Darach gurb iad na paisin is mó atá aige ina shaol ná an taisteal agus an tseoltóireacht.
an buntáiste is mó the biggest advantage
" ”Agus céard é an buntáiste is mó a thugann an taisteal do dhuine, dar leis?“Nuair a fheiceann tú an chaoi a maireann daoine i dtíortha bochta, bíonn níos mó measa agat ar an méid atá agat.
Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board the biggest priority of the British Air Accident Investigation Board is
" Is é an chloch is mó ar phaidrín an British Air Accident Investigation Board anois ná imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra.
an chuid is mó most of them
" Ritheann an cheist chéanna liom arís is arís eile agus mé ag breathnú orthu: cén sórt oideachais a fuair na daoine óga seo ó thaobh an cheoil de? Oideachas ceoilTuigim go maith nach bhfuair an chuid is mó acu oideachas foirmiúil ceoil riamh – agus ní gá go gciallódh sé sin go bhfuil siad lochtach ó thaobh an cheoil de mar gheall ar an easpa sin.
an líon is mó the greatest number
" Ba i nGaeltacht na Gaillimhe a leagadh coinníoll teanga den chéad uair agus is ann atá an líon is mó eastát úr Gaeltachta.