Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
córas scagtha screening system
" Cén dóigh gur féidir le hotharlanna smacht a fháil ar an fhadhb, mar sin, nuair a bhíonn othair ag teacht isteach chucu le mianach marfach den ghalar? Arís eile, níl aon réiteach simplí ar an scéal ach b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag na hotharlanna móra córas scagtha a chur ar bun sula dtugtar leapacha d’othair.
iomarca scagtha too much analysis
" Cuireann an dara guth tuairim eile chun cinn agus léargas breise ach bíonn an iomarca scagtha á dhéanamh go minic.
cumas scagtha ability to scrutinize
" Níl an cumas scagtha seo ag an leanbh óg.
i mbun scagtha researching, teasing out
" Cloisim daoine ar RTÉ ag plé cuairt na banríona ar Éirinn roimh i bhfad, ach ní chloisim éinne i mbun scagtha faoi ról an teaghlaigh ríoga sa mharú in Afganastáin agus i dtíortha eile.
scagtha teased out
" Tá scéal scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde scagtha go minic ag Keneally ina shaothar, sa leabhar The Great Shame ach go háirithe.
ina gcuid scagtha in their discussion
" An Fhírinne Ghlan ========= Caithfear a rá go bhfuil gach imreoir agus daoine eile a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an leabhair seo an-oscailte agus macánta ina gcuid scagtha agus tuairimíochta.
bailithe agus scagtha collected and tease out
" ’Sé sin, tá gach ríomhphost a sheol éinne ar *Yahoo, Hotmail, Outlook*, nó *Gmail* ariamh, agus gach glaoch teileafóin a rinne éinne ar Skype nó Google ariamh, bailithe agus scagtha ag an NSA cheana féin, gach comhad a sheoladh nó a uaslódáladh tríd an idirlíon, cuma an saoránach de chuid Mheiriceá nó na hÉireann an seoltóir.
lucht scagtha the analysts
" Bhí go leor plé ar an ábhar seo le déanaí le linn Chorn na Cruinne sa sacar nuair a bhí tráchtairí agus lucht scagtha ag iarraidh teacht ar mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana agus fhoireann na Brasaíle go háirithe.