Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coincréit a scairdeadh pour concrete
" "Ní féidir leat coincréit a scairdeadh sa bháisteach.
ag scairdeadh gushing
" Dúirt BP ag an am go raibh an tobar ag scairdeadh 5,000 bairille ola in aghaidh an lae amach san fharraige, ach faoi cheann roinnt seachtainí bhí orthu an uimhir sin a mhéadú go 60,000 bairille (níos mó na dhá mhilliúin galún).
ag scairdeadh airgid money is flooding
" Fágann sé seo go bhfuil comhlachtaí ag scairdeadh airgid isteach i bhfeachtais iarrthóirí áirithe, agus níos measa fós, go bhfuilid á dhéanamh go rúnda.
ag scairdeadh spraying out
" Is cuimhin liom na smaichtíní ag teacht anuas orainn ó na póilíní capaill, agus fuil ar eitilt tríd an aer, ag scairdeadh mar anlann trátaí as buidéal a fáisceadh i siopa sceallóige.
ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair spraying weed killer on the verge /roadside
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.