Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa teach téarnaimh in the convalescence home
" Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380.
téarnamh a healing
" Is léir go bhfuil sí an-bhreoite - tá seisean chun í a thabhairt i bhfianaise raon iomlán a cuid sceimhle, d’fhonn téarnamh agus leigheas d’fháil di.
téarnamh recovery
" Braithfidh an téarnamh ar na beartais a chuirfear i bhfeidhm sna blianta beaga atá romhainn.
ag téarnamh recovering
" Thosaigh mé an chróise arís i ndáiríre timpeall 5 bliana ó shin nuair a bhí mé ag téarnamh tar éis aipindicítis.
théarnamh geilleagair economic recovery
" Bhí ina measc Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus CGFÉ, agus iad a mhaíomh go gcuirfeadh na spriocanna uaillmhianacha sa bhille isteach ar théarnamh geilleagair na tíre.
ag téarnamh coming to, recovering
" Tá na Gaeil ag téarnamh de réir a chéile, d’ainneoin na mbacainní ar fad atá curtha roimh an *‘social fact par excellence’*.
bíodh dóchas agat i dtéarnamh trust in healing
" Ach cá bhfios? Níl an bhiaiste ach ina tús go fóill, ach is cosúil cheana féin go mbeidh na vótóirí ag roghnú idir dhá rud shimplí i ndeireadh báire: “gearradh rialtais, agus ceannasaíocht an mhargaidh” (na Poblachtaigh) nó “fan an cúrsa, agus bíodh dóchas agat i dtéarnamh” (na Daonlathaigh).
gnéithe de scéal an téarnaimh aspects of the recovery
" An dtig linn corraí? Grinníonn lucht saineolais gnéithe de scéal an téarnaimh, más téarnaimh é, ag Tóstal na Gaeilge a cheistíonn nó a dheimhníonn nach amháin go bhfuil gothaí orainn ach go bhfuil an cur chuige i gceart.
téarnamh beag geilleagair a small financial recovery
" Le sé mhí anuas tá na figiúirí éagsúla geilleagair ag teacht lena chéile agus gan aon amhras ann ach go bhfuil an cúlú thart agus go bhfuil téarnamh beag geilleagair faoi lán tseoil.
nach scriosfadh an téarnamh geilleagair wouldn’t ruin the economy
" Ní fheicim féin siocair ar bith nach bhféadfaí na scéalta seo uilig a chur i gcrích ar bhealach nach ngríosódh fearg na tíre agus, ag an am chéanna nach scriosfadh an téarnamh geilleagair.
an téarnamh an-éagothrom the very unequal recovery
" Tá fadhb eile ag an rialtas maidir leis an gheilleagar, mar atá, go bhfuil an téarnamh an-éagothrom.