Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar chúla téarmaí in secret
" Agus nach amhlaidh a thiocfadh sí le duine dá comhscoláirí nó aisti féin ar chúla téarmaí.
téarmaí tagartha terms of reference
" Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Sinn Féin chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais.
théarmaí ilghnéitheacha diverse terms
" Oll-liosta de théarmaí ilghnéitheacha atá beagnach réidh le heisiúint ar an suíomh gréasáin, (www.
théarmaí póilíneachta policing terms
" Le tamall anuas táimid ag comhoibriú leis an nGarda Síochána a bhfuil foclóir de théarmaí póilíneachta á ullmhú acu.
téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire the terms of reference of the minister's review
" Creideann dlíodóir an Róistigh, Eamonn Carroll, toisc téarmaí tagartha athbhreithnithiú an Aire a bheith sách leathan, go mbeidh ar an Aire míniú sách cuimsitheach a thabhairt den chéad uair ar pé cinneadh a ghlacfaidh sé.
lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo to ensure that these conditions are fulfilled
" Ach bhí air a admháil nach ndéantar aon saghas scrúdú lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo.
téarmaí tagartha terms of reference
" Ní cheadaíonn téarmaí tagartha an Bhreithimh dó moladh ar bith a dhéanamh.
Téarmaí tagartha terms of reference
" Téarmaí tagartha Choiste na Gaeilge.
téarma príosúnachta prison sentence
" D'fhéadfaí téarma príosúnachta cúig bliana a ghearradh air má chiontaítear é.
téarmaí fada príosúnachta long prison sentences
" In aimsir na bhFíníní sna 1860í, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht.
téarma príosúntachta prison term
" Astu sin daoradh téarma príosúntachta ar 176 tionónta ach ar deireadh níor chaith ach cúigear seal sa phríosún.
téarma príosúin prison term
" Gearradh téarma príosúin trí bliana ar Pauline Hanson agus David Ettridge, beirt de bhunaitheoirí an pháirtí chiníoch One Nation an mhí seo caite.
sna téarmaí tagartha in the terms of reference
" Nuair a cuireadh an Coinbhinsiún ar bun ní dhearnadh tagairt do bhunreacht sna téarmaí tagartha.
théarmaí teicniúla technical terms
" Rinne Foras na Gaeilge an ghluais seo de théarmaí teicniúla a aistriú roimh ré, bunaithe ar a bhfoclóir nua *Foclóir Ríomhaireachta is Teicneolaíocht Faisnéise*.
théarmaí ríomhaireachta computing terms
" Mar an gcéanna agam i ndiaidh tamaill Matamaitic na hArdteistiméireachta, stair Chonradh na Gaeilge, liosta de théarmaí ríomhaireachta, úrscéal do dhéagóirí nó saothar litríochta de shórt ar bith.
téarmaí réamhphósta pre-marital terms
" Ainneoin áilleacht románsúil chaisleán Leeds, is beag suirí, gan a bheith ag caint ar shuirí phoiblí, a bheas ar siúl taobh istigh, ach tá na téarmaí réamhphósta le feiceáil.
téarmaí tagartha terms of reference
" Leathnaímis téarmaí tagartha an tsean-nóis seachas a bheith ag iarraidh muid féin a choinneáil scartha amach ón tsaol mór.
téarma fionraí term of suspension
" Cuir i gcás go gcuirtear imreoir den pháirc ar an gcéad Domhnach den mhí, nó den séasúr, d’fhéadfadh sé féin agus a chlub bheith ag fanacht cúpla seachtain le fáil amach cén téarma fionraí a bhí bronnta air.
téarmaí tagartha terms of reference
" Ach, thar aon rud, is é is mó atá ag cur as do mhuintir Rossiter ná nach bhfuil aon tagairt i dtéarmaí tagartha an fhiosrúcháin d’fhianaise Anthony O’Sullivan agus Tony Buck.
téarmaí tagartha terms of reference
" Ach, thar aon rud, is é is mó atá ag cur as do mhuintir Rossiter ná nach bhfuil aon tagairt i dtéarmaí tagartha an fhiosrúcháin d’fhianaise Anthony O’Sullivan agus Tony Buck.
agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air and that he was jailed for twelve months
" D'inis sé dom go raibh an feirmeoir, Martin Leigh, os comhair na cúirte i Chester an tseachtain sular bhuail mé leis agus gur gearradh téarma dhá mhí dhéag sa phríosún air as trí chúis is fiche.
téarmaí fionraíochta terms of suspension
" Ni thuigim cén mhaith a dhéanfaidh sé ach oiread téarmaí fionraíochta a leagadh ar imreoirí áirithe seachas a chéile nuair ba léir don saol mór go raibh beagnach gach imreoir páirteach sa scliúchas.
trí théarma príosúin saoil three life sentences
" Gearradh trí théarma príosúin saoil ar Ronnie McCartney i gCúirt Chorónach Winchester i mí na Bealtaine 1976 as iarracht a dhéanamh triúr póilíní a dhúnmharú i Southampton.
téarmaí príosúin prison terms
" Bhí aird na meán cumarsáide dírithe ar an Derry Club i Learpholl i mí Iúil nuair a gearradh téarmaí príosúin ar bheirt bhall den chlub a bhí ina mbaill den “UVF Liverpool Battalion”, a bhí lonnaithe ansin.
sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta before he would announce the prison term
" Níor ghlac an breitheamh leis gur iarracht ar mharú a bhí i gceist ach mórdhíobháil choirp agus d’iarr sé tuairiscí síceolaíochta Haddock sula bhfógródh sé an téarma príosúnachta.
i rith na dtéarmaí scoile during the school term
" Cén fáth ar bunaíodh é?***Bunaíodh é le go mbeadh seirbhís náisiúnta ar fáil i rith na dtéarmaí scoile do dhéagóirí a bheadh ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, go háirithe iad siúd a bheadh tar éis freastal ar chúrsaí samhraidh Choláiste na bhFiann.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta that she would share her political wisdom with him in simple agricultural terms
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
i dtéarmaí simplí talmhaíochta in simple agricultural terms
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
díreach roimh an mbriseadh lár téarma, just before the mid-term break,
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
téarmaí príosúnachta prison terms
" Gearradh téarmaí príosúnachta ar an bheirt acu: ar Myatt, a d’admhaigh go raibh sé ciontach ón chéad lá, agus ar Drewe, a shéanann go fóill go bhfuil aon choir déanta aige.
i dtéarmaí teibí in abstract terms
" Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
ag an bhriseadh lár téarma. at the mid-term break
" Na múinteoirí bochta! Tá siad i ndiaidh cúig seachtaine a chur isteach gan saoire thar lear, na créatúir! Ní bhfuair siad a dhath ar bith ón phróiseas tagarmharcála, agus anois tá an priompallán sin Micí Ó Leery ag ardú phraghas na n-eitiltí amach as Baile Átha Cliath chuig Monte Carlo agus Nice agus Monaco agus na háiteanna eile is ansa le múinteoirí na hÉireann dul ag an bhriseadh lár téarma.
téarma oifige term of office, ie length of time in office
" Ní foráil ar leith leagtha síos maidir leis an téarma oifige – bíonn fad an téarma “*at her majesty’s pleasure*”, mar a deirtear sa Bhéarla – ach de ghnáth tréimhse cúig bliana a bhíonn i gceist.
ar chúla téarmaí in secret
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
níb fhóirsteanaí mar théarma, more suitable as a term,
" Bheadh *Caint na Dála *níb fhóirsteanaí mar théarma, b’fhéidir.
dara téarma an rialtais reatha the second term of the current government
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh ar mhuintir na tíre fanacht go dtí dara téarma an rialtais reatha, ar a laghad, sula mbeidh deis acu vótáil arís ar cheist na poblachta.
lár téarma midterm
" Agus sin uilig ráite – nuair atá tú i lár téarma, bíonn ort oibriú – agus bíonn neart de le déanamh.
téarma reatha current term
" Mar a dúirt mé cheana, próiséas fada atá ann - ainneoin nach mbeidh constaic ar bith roimpi ar bhealach an ainmnithe, caithfear fanacht go gcríochnóidh téarma reatha na Cúirte (tá sí ag tógáil áit bhreitheamh atá ag éirí as), agus is beag seans go bhfeicfear deimhnithe í go dtí mí Lúnasa.
téarma term
" Ar ndóigh, is téarma acadúil é Pigmí a thagraíonn do na fiagaithe-cnuasaitheoirí ísle arb as na foraoiseacha meánchreasa agus na limistéir máguaird san Afraic Láir dóibh.
téarmaí terms
" Is draíochtúil a bheith ag foghlaim focla úra, a bheith ag cur aithne ar na seanfhocla a bhíodh sa chaint, b’fhéidir fiú na téarmaí úra atá ag teacht isteach sa chaint, go dtiocfadh linn téarmaí níos nádúrtha a thabhairt isteach sa chaint.
Théarmaí terms
" Múnlú Théarmaí na Smaointeoireachta Ach ná habair os ard nach é an ‘faisisteachas Ioslamach’ – cibé céard é féin – ach an Síónachas atá ina bhagairt is mó do shíocháin dhomhanda, nó is cinnte go gcuirfear frith-Sheimiteachas i do leith.
lár téarma midterm
" Beidh toghcháin ‘lár téarma’ ar siúl ar an 2ú lá de Shamhain i mbliana.
ar chúla téarmaí on the qt, imperceptibly
" *‘Language is the social fact par excellence’* - Saussere =============================== Anuas tríd an chuntas sin ar chúla téarmaí, beagnach, ritheann uimhreacha daonra.
téarma term
" 
Léigh mé comhrá ar an idirlíon ina raibh daoine ag iarraidh oibriú amach cé a chéadchum an téarma ‘Taliban Lite’ le cur síos ar an DUP agus creidim go bhfuil an gradam sin tuillte agam féin - scríobh mé faoi na DUPs agus na Wee Frees mar ‘Taliban Lite’ - ar beo.
ar chúla téarma in the background
" Is iomaí alt a scríobhadh ar an drochobair chéanna i dtíortha eile a chomharthaíonn nach é rialtas na tíre a toghadh a rialaíonn an tír, ach gur dream beag bunaíochta nó gustail a rialaíonn os a gcionn ar chúla téarma.
daortha do théarma condemned to a term
" Ghlaoigh na cimí “an Guillotine tirim” ar an nGuáin, toisc gur gheall le breith an bháis a bheith daortha do théarma ann.
téarmaí agus coinníollacha terms and conditions
" (Féach an nasc de leataobh) De réir a gcuid téarmaí agus coinníollacha, níor chóir d’aon úsáideoir íomhá a roinnt air gan chead an úinéir chóipcheart na híomhá.
uachtarán aon téarma a one term president
" D'fhógair Mitch Mc Connell, ceannaire na bPoblachtánach sa Seanad ceithre bliana ó shin gurbh é "sprioc uimhir a haon" dá pháirtí "uachtarán aon téarma" a dhéanamh de Barack Obama.
cérbh iad na téarmaí tagartha what were the terms of reference
" Níl a fhios agam cérbh iad na téarmaí tagartha a tugadh do *Stillwater Communications*, mar níl siad tugtha sa tuarascáil, rud a mbeifeá ag súil leis.
gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha clause in their terms and conditions
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
sna téarmaí cuimsitheacha sin in those comprehensive terms
" ”
 Ag Roinnt an Eolais ======== Ach níorbh é an chead duine é a chonaic é féin sna téarmaí cuimsitheacha sin.
ionann is leath dá théarma in oifig caite as much as half of its term spent
" Fán am a scoirfidh an Dáil i mí Iúil, beidh ionann is leath dá théarma in oifig caite ag an rialtas seo.
ag lorg téarmaí tagartha an athbhreithnithe seeking the terms of reference of the review
" " Scríobh íospartach eile, Gearóid Ó Conchúir, chuig Coimisinéir an Gharda Síochána i mí Bealtaine seo caite ag lorg téarmaí tagartha an athbhreithnithe ach ní bhfuair sé sásamh ar bith.
nach réitíonn an téarma sin leat doesn’t that term agree with you
" “Cén fáth nach réitíonn an téarma sin leat a Phríomh-Aire?” arsa rúnaí chomhaireacht na hÉireann Dermot Nally.
a bhain feidhm as an dtéarma who used the term
" Forbairt na Fantasmagoria ============= B’fhéidir gurbh é Thomas Walgensten a bhain feidhm as an dtéarma Laterna Magica den chéad uair.
i rith an chéid téarma during the first term
" Agus é ag iomrascáil le pionós an bháis i Meiriceá, admhaíonn sé go ndearna sé botún tubaisteach i rith an chéid téarma a chaith sé ar an gCúirt Uachtarach i 1976 nuair a thug sé cead dosna caoga stát an éiric sin a ghearradh ar dhúnmharfóirí speisialta dá mba rud é gur chuir na stáit rialacha speisialta i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint.
téarma term
" Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.