Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tríd an idirlíon through the Internet
" D'fhiafraigh mé de faoin "chóras gréasáin teicneolaíochta eolais" agus dúirt sé nach raibh i gceist ach córas le hearraí a dhíol tríd an idirlíon.
tríd an dorchadas through the darkness
" Chonaic mé a choiscéimeanna ag an droim ar a cúig a chlog agus lean mé ar aghaidh tríd an dorchadas.
tríd an Tollán through the Tunnel
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
tríd an Tollán through the Tunnel
" Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le *Friends of the Earth*, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán).
tríd an chlós feirme through the farmyard
" De réir an leabhráin eolais, chuaigh an tslí díreach tríd an chlós feirme ach bhí an geata faoi ghlas.
tríd an Ghréasán. through the Web.
" D'fhéadfá a rá go bhfuil Gaeltacht fhíorúil ann agus tá mé cinnte go mbeidh an teanga slán a fhad is a bheidh cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí ar fud an cruinne ag labhairt le chéile tríd an Ghréasán.
na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo the gusts of wind which blow through this high gap
" Ábhar iontais dom nach scuabann na ráigeanna gaoithe a shéideann tríd an mbearna ard seo chun siúil iad.
tríd an gcúldoras. through the backdoor.
" An fhianaise dó sin ná nár bhuaigh aon chontae an chraobh seachas na contaetha móra – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann – ó 1998, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí í tríd an gcúldoras.
tríd an gCrannchur Náisiúnta through the National Lottery
" Bealach amháin a dtarlaíonn sé seo ná tríd an gCrannchur Náisiúnta – daoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais is mó a cheannaíonn ticéid chrannchuir ach is ar áiseanna, fhoirgnimh agus araile na gcumann gailf, seoltóireachta, rugbaí, cluichí Gaelacha is mar sin de a chaitear an t-airgead.
tríd an aclaíocht sin through that fitness
" Go bunúsach, dhéanfadh sé cinnte go mbeadh foireann Átha Cliath níb aclaí ná aon fhoireann pheile eile sa tír agus tríd an aclaíocht sin go mbeadh an fhoireann chomh láidir agus chomh bríomhar sna nóiméid dheireanacha den chluiche is a bhíodar ag an tús.
tríd an slua through the crowd
" D’amharc mé ar an triúr ar feadh bomaite, iad gléasta i raonchulaith de chuid Everton, agus ansin chuaigh muid tríd an slua le chéad chluiche an lae a fheiceáil.
seachas tríd an bhfilíocht. except through poetry.
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
tríd an nGorta, tríd an mbochtanas. through the Famine, through poverty.
" Agus bhí oiread measa aige ar na glúnta a choinnigh beo é seo trí na Péindlíthe, tríd an nGorta, tríd an mbochtanas.
go mall tríd an trácht, slowly through the traffic
" Chomh maith leis sin, má shiúlann duine – duine beag ach go háirithe – amach díreach roimh thiománaí leoraí agus é ag tiomáint go mall tríd an trácht, tá seans ann nach mbeidh sé ábalta an duine a fheiceáil mar go bhfuil sé thuas sa chábán.
is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte. it is through the music that an insight is gio ven on the feelings of the two people
" Úsáideann siad ceol mar mhodh cumarsáide agus is tríd an gceol a thugtar léargas mar gheall ar mhothúcháin na beirte.
go fairsing tríd an Eoraip widely throughout Europe
" Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal *A Study in Scarlet* ón tsraith *Sherlock Holmes* a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887.
gan an chraic a bheith fite fuaite tríd. without the crack being an integral part of it.
" Bhíodh a chuid ranganna beoga agus léannta; agus ní raibh sé in ann ceacht a thabhairt gan an chraic a bheith fite fuaite tríd.
a scaip tríd an aer thar achar fairsing which dispersed through the air over a wide area
" Scaoileadh saor ón imoibreoir cleitín truaillithe radachuir a scaip tríd an aer thar achar fairsing.
briseadh tríd an gCuirtín Iarainn break through the Iron Curtain
" Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
tríd an chladach through the shore
" Sa deireadh, thóg siad bóthar díreach tríd an chladach síos go dtí an ché.
tríd an cheol through music
" An Tinfeadh ====== Chuir cuid den ghlúin sin a mianbhac in iúl tríd an cheol, ach fuair David Jacques inspreagadh i saothar an ealaíontóra Mheicsicigh Diego Rivera agus thosaigh sé féin ag péinteáil.
Chuaigh deann tríd an slua a frissance swept through the crowd
" Chuaigh deann tríd an slua le linn na hiontróide ardáin.
Tríd an ngail through the steam
" Tríd an ngail, chonaic mé nach raibh mórán ban sa seomra romham.
gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg colonialism and through imperialism
" Tuigimid gur scaipeadh na cluichí sin timpeall an domhain tríd an gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg.
tríd an luaithreach through the ash
" Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te.
tríd an cheadúnas through the license
" Íocann siad ar shon na seirbhíse, tríd an cheadúnas, ceadúnas an cháiníocóra, dar ndóighe, ach is páirt lárnach de RTÉ muid.
tríd an bhonn through the sole
" Áireoidh mé na hearraí seo leanas ina measc: - i) Buataisí de chuid Bose London a bhí ar díol ar €140 agus a ceannaíodh faoi cheant in Éirinn ar €70, scaoileann siad uisce aníos tríd an bhonn a luaithe a sheasfaidh tú amach ar chosán fliuch.
hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd attempts to rejuvenate the language through
" Ina leabhar siúd, *Compulsory Irish: Language and Education in Ireland (Irish Academic Press, 2002)*, chuir an Dr Adrian Kelly an teoiric chun cinn go léiríonn na hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd an chóras oideachais an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do *“ideology to win over pragmatism in the formulation of policy.
D’éalaigh gáire beag tríd an tslua a laugh went through the crowd
" Cumas an chainteora dúchais a bhaint amach sa Ghaeilge D’éalaigh gáire beag tríd an tslua nuair a chonaic siad an méid sin, ach tuigeadh go paiteanta as an chaint a cuireadh leis gur doiligh ainliú in aghaidh an tsrutha láidir Béarla áit ar bith in Éirinn.
tríd an sprioctheanga amháin through the target language only
" An cuspóir atá acu ná, Gaeilge a thabhairt dá bpáistí, trí thumoideachas nó córas ina múintear gach ábhar tríd an sprioctheanga amháin.
leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn a half hour of slipping through muck ahead of us
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
tríd na cnoic agus an doineann through the hills and bad weather
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas to put legislation through the houses
" Vótáil na daoine i reifreann chomh fada siar leis an mbliain 1979 chun a chur ar chumas an rialtais reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas le go dtabharfaí an vóta sna painéil ollscoileanna do na céimithe ó na coláistí tríú leibhéal ar fad.
tríd an chóras bainc through the banking system
" Daoine nár leo an t-airgead in aon chor a fuair an biseach as tríd an chóras bainc.
rinneadh tríd an gcomhlacht made through the business
" Pléascadh an rúndacht seo ar an 5ú Meitheamh nuair a thug an Guardian le fios go raibh seirbhísí rúnda Mheiriceá tar éis sonraí gach taifid teileafóin a rinneadh tríd an gcomhlacht Verizon a bhailiú, agus gur mó is dóichí go raibh sé seo ar siúl le blianta fada.
uaslódáladh tríd an idirlíon uploaded through the net
" ’Sé sin, tá gach ríomhphost a sheol éinne ar *Yahoo, Hotmail, Outlook*, nó *Gmail* ariamh, agus gach glaoch teileafóin a rinne éinne ar Skype nó Google ariamh, bailithe agus scagtha ag an NSA cheana féin, gach comhad a sheoladh nó a uaslódáladh tríd an idirlíon, cuma an saoránach de chuid Mheiriceá nó na hÉireann an seoltóir.
leath bealaigh tríd an mbliain halfway through the year
" Is é an coincheap atá taobh thiar de ná go mbeidh fonn ar níos mó daoine an pláta ‘is déanaí’ a cheannach leath bealaigh tríd an mbliain.
tríd an bpeil Ghaelach through Gaelic football
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
déantar an lucht féachana a threorú tríd the audience is lead through
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.