Pota Focal Intergaelic
rian | Iran | táin | tan | tiar
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
trian a third
" Ar deireadh, dúirt an Nua-Shéalainn go dtógfaidís tuairim is trian de na daoine le próiseáil go bhfeicfí an teifigh i ndáiríre iad.
trian one-third
" Dar le suirbhé a rinne an comhlacht Amárach Consulting níos luaithe i mbliana, bíonn trian de na daoine fásta a bhíonn ag baint úsáide as an idirlíon in Éirinn á úsáid fhad is atá siad ag obair - sin os cionn 300,000 duine.
dhá thrian two-thirds
" " Clódóirí Lurgan ======= Cúig bliana ó shin cheannaigh Ó Céidigh dhá thrian den chomhlacht Clódóirí Lurgan i gConamara (is le hÚdarás na Gaeltachta an trian eile) ón dream a bhí ag obair ansin.
os cionn dhá thrian over two-thirds
" Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
trian one-third
" Ar an 19 Feabhra, foilsíodh tuairisc a léirigh nach dtabharfadh ach trian de na Protastúnaigh tacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta dá mbeadh reifreann eile ann.
dhá thrian two thirds
" Idir 2002 agus 2003, thit an líon bailte a raibh drochfhadhb bruscair acu ó dhá thrian go dtí an ceathrú cuid, agus anuraidh bhí seacht gcinn a bhí ar comhchéim leis na bailte is glaine san Aontas Eorpach.
dhá thrian two-thirds
" Cé a bheas leis? ======= Tá Bairbre de Brún ag suirí leis an SDLP, ag iarraidh cleamhnas toghchánaíochta a oibriú amach, ag dúil go bhfaighidh beirt náisiúnaithe dhá thrian de na trí shuíochán atá ar fáil.
dhá thrian den daonra two-thirds of the population
" "Ní thiocfadh leat a bheith as Rossville Street ar Thaobh an Bhogaidh gan fios a bheith agat go raibh leatrom á dhéanamh ar Chaitlicigh na cathrach - ní raibh oiread agus Caitliceach amháin ag obair sa *Guildhall* agus ba Chaitlicigh iad dhá thrian den daonra.
dhá thrian two-thirds
" Nuair a bhí na vótaí go léir caite ag an gComhdháil, bhí an móramh a bhí ag teastáil, is é sin breis agus dhá thrian de vótaí na dteachtaí a bhí i láthair, ar son Riail 42 a chur ar ceal agus cead a thabhairt d’Ardchomhairle na heagraíochta cinneadh a dhéanamh maidir le Páirc an Chrócaigh a ligean ar cíos d’eagraíochtaí eile.
trian one third
" Ach ná déan dearmad go bhfuil trian de mhuintir na hAstráile a bhfuil oidhreacht Éireannach acu agus iad bródúil as sin.
aon trian one third
" Cuimhnigh fosta gur adhmhaigh na húdaráis sláinte gur féidir aon trian de na cásanna MRSA a tholgaítear sna hotharlanna a sheachaint.
thrian one-third
" Beidh an chéad toghchán eile i Meiriceá i mí na Samhna i mbliana, toghcháin mheántéarma, nuair a sheasfaidh iarrthóirí do gach suíochán Comhdhála agus do thrian de shuíocháin an tSeanaid.
dhá thrian two-thirds
" Léiríonn an suirbhé go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí.
aon trian one-third
" Tharla titim thubaisteach ó shin a leith, áfach, sa mhéid is nach bhfuil caighdeán sásúil labhartha ach ag aon trian de dhaltaí na hÉireann anois.
fágadh trian de na tithe gan díon a third of the houses were left without a roof
" In Innisfail fágadh trian de na tithe gan díon agus ar a laghad 2,000 duine gan dídean.
dhá thrian de na daltaí two-thirds of the pupils
" Bhí dhá thrian de na daltaí dá- nó trítheangach agus ag leanúint an churaclaim trí mheán an Bhéarla.
trian de chéimithe a third of graduates
" Fágann trian de chéimithe an tuaisceart gach bliain agus ní philleann 75% acu sin.
trian de dhaonra na hÉireann a third of the Irish population
" Ní rud neamhghnách é seo agus trian de dhaonra na hÉireann ina gcónaí sa chathair féin nó thart timpeall na cathrach.
de vóta tromlaigh dhá thrian by a two thirds majority vote
" Mheas formhór na bpoblachtach gur chóir go ndéanfadh an rialtas an t-uachtarán a roghnú, is é sin, go ndéanfadh an pharlaimint náisiúnta cinneadh – de vóta tromlaigh dhá thrian – maidir leis an té a cheapfaí don uachtaránacht.
trian one third
" Dearbhaíodh ann go mbeadh aon trian d'aibhléis na tíre á ghineadh as fuinneamh in-athnuaite agus cé gur méadú mór é ar an seacht faoin gcéad d'aibhléis na tíre atá ginte as na foinsí sin faoi láthair, fós féin tá an páipéar cáinte ag saineolaithe áirithe mar nach bhfuil sé uaillmhianach go leor.
trian third
" Cé gur mionlach beag iad - thart ar aon trian den phobal Giúdach i Meiriceá - i measc mionlaigh 1.
trian a third
" Cé gur lucht Búda iad a bhformhór, tá suas le trian díobh ina gCríostaithe.
dhá thrian two thirds
" An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú? Chuir stailceanna leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith.
thrian a third
" Os a choinne sin, tá cónaí ar thrian de dhaoine bochta an domhain san India.
trian a third
" Le linn an eirligh a rinneadh i Ruanda i 1994, cur i gcás, maraíodh tuairim is trian de dhaonra Batwa na tíre sin.
thrian a third
" Ar ndóigh, ní as an aer a thagann an spéis atá ag gar do thrian de mhuintir na hÍsiltíre i bpáirtí de chuid na heite fíordheise, cé go bhféadfaí a rá gur tháinig an oscailt súl a chuir deireadh le finscéal na sochaí ilchultúrtha as an spéir.
dhá thrian 2 thirds
" Léirígh an Tuarascáil go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí, ach nach bhfuil caighdeán sásúil labhartha ach ag an tríú cuid de dhaltaí na hÉireann anois.
trian third
" Aon trian amháin den ghás aiceanta atá le haimsiú ar domhan fós, tá sé anseo, agus nuair a chuirtear san áireamh gurb í an Rúis an t-onnmhaireoir is mó de ghás aiceanta dá bhfuil ann faoi láthair, is follasach gur mian leo an ról sin a dhaingniú.
dtrian thirds
" Léirigh na torthaí freisin go bhfuil sa bhreis ar dhá dtrian den lucht vótála a thacaigh le Páirtí an Lucht Oibre ar son tacú le pósadh comhghnéis.
aon trian one third
" Tá sé curtha roimhe ag Bord Soláthair an Leictreachais go mbeidh aon trian dár gcuid leictreachais ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020 agus go mbeidh Éire neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2035.
a thrian one third
" Ba Éireannaigh iad beagnach a thrian den bhunlonnaíocht Eorpach san Astráil sa 17ú agus san 18ú céad… Dá bharr sin, bhí an-tionchar ag na Gaeil ar phearsantacht na hAstráile, níos mó ná ar thír ar bith eile.
a thrian a third
" Ní chuireann ach thart ar a thrian de na teaghlaigh sa Ghaeltacht oifigiúil, isteach ar an scéim.
dhá thrian two thirds
" Foilsíodh pobalbhreith le linn fheachtas na gclubanna móra inar léirigh dhá thrian de na rannpháirtithe go dtacóidís le haon iarracht dul i ngleic le fadhb an iomarca gealltóireachta ar na fearais chearrbhachais.
trian a third
" Caitheann na fir suas le trian dá gcuid ioncam míosúil ar an narcotic bog seo.
dhá dtrian two thirds
" Gnóthaíonn an tionscal tuairim is $94 billiún in aghaidh na bliana agus tá saoirí intíre freagrach as dhá dtrian den chaiteachas seo.
beagnach trian almost a third
" Bhí beagnach trian den lucht oibre fós ag obair sa réimse sin sa bhliain 1960.
dhá dtrian two thirds
" 20% de na daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí - dhá dtrian acu ina gCaitlicigh - tharla siad fá mhíle de Girdwood.
aon trian one third
" 25%, beagnach aon trian níos fearr ná an ráta de 44% do na tograí ar fad.
i bhfeidhm ar aon trian effect on one third
" Léirigh staidéar ar 16,000 mac léinn go ndeachaigh dálaí áirithe na haimsire i bhfeidhm ar aon trian de chailíní agus ar an gcúigiú cuid de bhuachaillí ar bhealach diúltach.
dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh moving like a Polaris submarine half of the time
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
toghtar trian de na suíocháin a third of the seats are elected
" Níl ach 81 suíochán faoi chaibidil sa toghchán seo (toghtar trian de na suíocháin gach dhá bhliain), agus níl cuma na maitheasa ar Dhaonlathaigh ach i 26 cinn de na rásaí.
trian a third
"trian den ioncam fógraíochta a bhíodh ag RTÉ caillte ó thosaigh an cúlú geilleagair i 2008.
ach aon trian de na rianta ar fáil just one third of the tracks
" Cé nach féidir leo coinneáil suas go fóill leis an 10,000 rian nua atá ag gabháil ar an tseirbhís chuile lá, agus níl mar sin ach aon trian de na rianta ar fáil ar ardchaighdeán d’úsáideoirí Premium go fóill.
dá dtrian díobh two thirds of them
" Bhí seachtar nó ochtar ag fanacht leis an mbus faoi seo, agus ba de bhunadh na hiasachta dá dtrian díobh.
dhá dtrian two thirds
" Deirtear gur tháinig 1207 de na daoine sin isteach sa Teach Ceartúcháin dá ndeoin féin – sin dhá dtrian de na daoine nó 64 faoin gcéad díobh.
dhá dtrian de ar a laghad at least two thirds of it
" Cé go bhfuil mé i mo chónaí i mBéal Feirste i rith mo shaoil - chaith mé seal i Meiricea 30 bliain ó shin, an tréimhse is faide amuigh as an chathair - tá dhá dtrian de ar a laghad nach bhfuil aithne ar bith agam uirthi.
an dá thrian nár buaileadh leis the two thirds who were ill with
" Braithim gur chóir dúinne, an dá thrian nár buaileadh leis an ailse, slán mar a n-instear, an scéal a chíoradh, thar mar a táthar á dhéanamh ar aon nós.
a thrian de a third of
" Chuir cliseadh Sráid Wall go mór lena ndeacrachtaí agus fá 1931 bhí a thrian de fhórsa oibre na cathrach díomhaoin.
os cionn an trian above the third
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
chreid níos mó ná aon trian more than a third believed
" Fógraíodh an mhí seo chugainn gur bhuaigh scata forbróirí an duais cháiliúil seo toisc gur chreid níos mó ná aon trian de mheitheal moltóirí go raibh siad ag plé le Eugene Goostman, buachaill de trí déag ón Ucráin in ionad a bheith i mbun cumarsáide le clár ríomhaire.
dhá dtrian two thirds
" Sileadh Vótaí Anonn Chuig Taobh na bhFear ===================== In 1996, dúirt dhá dtrian de mhná gur mhian leo níos mó mná a fheiceáil i bParlaimint agus ar na comhairlí cathrach agus nach raibh na páirtithe polaitíochta ag riar doibh.
beagnach a thrian almost a third
"beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí.