Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thaitin le hachan duine which appealed to everyone
" Bhí muid ag iarraidh go mbeadh téama spreagúil agus dóchasach sa dearadh agus thóg sé tamaillín teacht ar théama a thaitin le hachan duine.
Thaitin sin liom. I liked that.
Thaitin sé liom. I liked him.
Thaitin sé liom I liked him
fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin. Barry asked me whether I like any of the apartments
" Faoi dheireadh, d’fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin.
thaitin pleased
" Buachaill ‘dána’ a bhí ann agus buachaill báire, agus thaitin sin leis an slua, ach níor thaitin sé leis na húdaráis agus bhíodh siadsan agus é in adharca a chéile go minic.
Níor thaitin sin le that didn't please
" Cogadh na Sceimhlitheoireachta Níor thaitin sin le Washington, áfach.
thaitin like, agree with
" Níor thaitin seo liom cé gur thuigeas an iarracht a bhí á dhéanamh acu teacht ar bhealach ceolmhar le cur síos ar ní éigin nó rud éigin sa saol.
thaitin pleased
" ” Is cinnte gur thaitin focail Bush (ach ní móide gur chum sé féin iad) go mór le Perle agus a chairde sa tionscal ‘cosanta’, mar a thugtar air.
thaitin liked
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
Thaitin pleased
Thaitin like
" Thaitin dearcadh Trócaire léi cionn is gur thug sé cumhacht do mhuintir na háite ar an talamh.
Thaitin sé léi she liked
" Thaitin sé léi a bheith ag déanamh cur síos uirthí féin agus mhínigh sí go raibh seo amhlaidh mar gur chaith sí an oiread sin ama ina haonar agus go raibh aithne níos fearr aici uirthi féin ná ar dhuine ar bith eile.
thaitin pleased, agreed
" Caidé mar a thaitin Air Force 1 leat?” “Ó bhí sé ar fheabhas ar fad, a Bheairic,” arsa Balor.
thaitin go mór le greatly pleased
" Ceol feadóige den scoth atá le cloisteáil ar an albam seo - ‘The Dublin Reel’, ‘The Ivy Leaf’ agus ‘Seán sa Cheo’, píosa a thaitin go mór le Donncha.
Thaitin an t-úrsceal sin le enjoyed that novel by
" Thaitin an t-úrsceal sin le Jack Kerouac go mór liom, caithfidh mé a rá.
Níor thaitin didn’t like
" Níor thaitin Béal Feirste liomsa ar aon chor i dtosach mar ní raibh mé ann riamh roimhe agus is iontach an t-athrú a bhí thuas ansan i gcomparáid le Bhaile Atha Cliath.
Thaitin saol an choláiste go mór liom I really liked college
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
Ceann amháin a thaitin go mór liom a good one I really liked
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
Níor thaitin sé seo le this didn’t please
" Níor thaitin sé seo le cara mo ghasúir agus thosaigh sé ar racht maslaí.
b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn that’s why we liked Ó N.
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
thaitin a gcuid ceoil go mór liom I really liked his music
" Ní raibh mórán thart ag an am sin go bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.
thaitin an stíl phioctha sin go mór liom I really liked the neat style
" “Is ag éisteacht le blue grass agus rockabilly a bhí mé ag an am ar scríobh mé an ceann beag seo agus thaitin an stíl phioctha sin go mór liom.
ba mhó a thaitin leis na girseacha which the girls liked most
" Ach ba é an rud ba mhó a thaitin leis na girseacha ná an leipreachán.
thaitin sé leis gunna a iompar leis he liked having a gun with him
" Cé gur cosúil go ndearna sé gach rud de réir na rialacha, bhí cor eile sa scéal - thaitin sé leis gunna a iompar leis, piostal Kel-Tec 9mm, agus é i mbun a chuid dualgaisí.
thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin she really liked singing from then on
" Thosaigh sí ag canadh agus í ceithre bliana d’aois agus thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin.
gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom that I enjoyed secondary very much
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
thaitin sé amhlaidh go mór leo it suited him just perfectly so
" Ní minic gur féidir obair le foireann teilifíse gan dul i muinín na Fraincise agus thaitin sé amhlaidh go mór leo.
thaitin an cruth a bhí air léi she liked its shape
" Bhí sí ocht mbliana d’aois agus ní shíleann sí gur chuala sí cláirseach ach thaitin an cruth a bhí air léi.
mar sin thaitin an ghné sin liom so that aspect I really liked
" "Ar na rudaí is mó a thaitin liom faoi Owenvarragh ná go raibh muid ag éisteacht leis an fhíor-Bhéal Feirste, an trácht, rithimí na cainte, an blas, an dá thraidisiún mhóra, chuala muid sin uilig agus is aoibhinn liom an chathair seo, mar sin thaitin an ghné sin liom.
Thaitin an áit go mór liom I really liked the place
" Thaitin an áit go mór liom.
Cé gur thaitin amhráin although they liked song(s)
" Cé gur thaitin amhráin agus cluichí leo, ba é an rud ba mhó a dtug siad taitneamh dó ná sleachta a scríobh ina gcóipleabhair agus iad a chur de ghlanmheabhair.
thaitin siad go mór leo they really enjoyed them
" Penalty Shoot Out, Shot Stopper, Pass Master, d’fhéach siad iad uilig agus thaitin siad go mór leo.
Thaitin sé thar barr liom I really liked it
thaitin le pobal pleased (the NJ) people
" Ní Bhíonn Tréan Buan ======== D'fhreagair Chris Christie do gach rud a thaitin le pobal Nua-Gheirsí.
thaitin an teideal go mór liom I really liked the title
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
a thaitin liom faoin réiteach seo which pleased me about this solution
" Rud amháin a thaitin liom faoin réiteach seo ar fadhb na gadaíochta rothair ná gur éist siad leis na léirmheastóirí agus cruthaigh siad leagánacha éagsúla a d’freagair na ceisteanna a ardaíodh faoi infheiceacht na huirlise.