Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
diminsean uile-Éireann all-Ireland dimension
" "Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae," arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.
Fiontraíocht Éireann Enterprise Ireland
" Oifig nua ======= Ag tús na bliana seo d'oscail Fiontraíocht Éireann oifig nua i nDubai.
Scéala Éireann* The Irish Press
" Ag caint le *Beo!*, dúirt Tim Pat Coogan go bhfuair sé cuireadh ó Ambasadóir na Breataine dul go Londain le léargas a thabhairt ar an dearcadh poblachtánach nuair a bhí sé ina eagarthóir ar *Scéala Éireann*.
eadar mi fhin agus tè shònraichte bho eilean Éireann between myself and a certain woman from the island of Ireland
" Tá an méid seo le rá ag Calum Mac Gill Eáin ina réamhrá don leabhar: "Dòmhsa dhe, thàinig seo uile à gaol mòr eadar mi fhin agus tè shònraichte bho eilean Éireann".
chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann he submitted a report to the Broadcasting Council for Northern Ireland
" Le gairid, chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann.
trí bhonn uile-Éireann three All-Ireland medals
" Ach sin é a rinne JBM agus tamall ina dhiaidh sin thug Jimmy Barry cúl le peil agus bhuaigh trí bhonn uile-Éireann san iománaíocht, i '76, '77 agus '78.
Príomhaire Thuaisceart Éireann the Prime Minister of Northern Ireland
" " Cainteanna na seascaidí ======= Ceann de na gníomhartha ceannródaíocha ina raibh Whitaker lárnach le linn a ré féin sa státseirbhís ná na cainteanna sna seascaidí idir an Captaen Terence O'Neill, Príomhaire Thuaisceart Éireann, agus an Taoiseach, Seán Lemass.
Stiúrthóir Thaisce Cheol Dúchais Éireann Director of The Irish Traditional Music Archive
" AÓC: Nioclás Ó Cearbhalláin, Stiúrthóir Thaisce Cheol Dúchais Éireann, a chuir é sin i dtoll a chéile.
Muir Éireann the Irish Sea
" An áit is fearr liomsa - mar a scríobh mé cheana - ná Loch Cuan, a thosaíonn thart fá 15 ciliméadar ó Bhéal Feirste ag Baile Nua na hArda agus a shíneann 30 ciliméadar go dtí Muir Éireann.
trí bhonn Uile Éireann three All-Ireland medals
" D'imir a athair le foireann chaithréimeach na n*Dubs* sna 1970í agus bhuaigh sé trí bhonn Uile Éireann, móide boinn Laighean agus boinn sraithe náisiúnta, in achar sé bliana.
foireann uile-Éireann sacair an all-Ireland soccer team
" An mhí seo caite, mhol George Best, mar a mhol Derek Dougan roimhe, gur cheart foireann uile-Éireann sacair a bhunú.
de Mhuir Éireann of the Irish Sea
" Tá siad díreach cosúil le go leor láithreán in Éirinn; is amhlaidh go raibh an cultúr céanna le fáil ar an dá thaobh de Mhuir Éireann, agus go deimhin tháinig tuatha ó Éirinn go hiarthar na Breataine Bige agus chuir siad fúthu ansin.
Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann Northern Ireland Film and Television Commission
" Tá Killoran i gceannas ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann (CSTTÉ) agus tá breis is dhá mhilliún déag punt sa chiste sin le caitheamh ar chláracha Gaeilge idir 2005 agus 2009.
Suirbhéireacht Ordanáis Éireann the Ordnance Survey of Ireland
" Is dráma tábhachtach é dúinne i gConradh na Gaeilge i Learpholl, mar Craobh Sheáin Uí Dhonnabháin an t-ainm atá ar ár gcraobh anseo (bunaíodh í in 1896), in ómós an scoláire a bhí ag obair le Suirbhéireacht Ordanáis Éireann idir 1830 agus 1842.
laoch thar laochra Éireann a hero above all heroes of Ireland
" “Sin-sin-sin-sin-seanuncail leis ab ea Cú Chulainn Ó hEochaidh, laoch thar laochra Éireann, agus d’fhulaing Charlie a chuid créachtaí polaitiúla go calma agus go cróga, mar a rinne Cú Chulainn.
ar Mhuir Éireann on the Irish Sea
" Seo an áit a dtagadh oilithrigh i dtír i ndiaidh taisteal ar Mhuir Éireann, a bhí ina príomhbhealach ar feadh na mílte bliain.
Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann the Northern Ireland Department of Education
" Cá huair a bunaíodh CnaG agus cé a bhunaigh é?*** Bhunaigh Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann an eagraíocht sa bhliain 2000 mar chuid den reachtaíocht a tháinig amach as idirbheartaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Institiúid Teangeolaíochta Éireann the Linguistics Institute of Ireland
" ” Luaim Institiúid Teangeolaíochta Éireann le Risteard ansin, eagras eile a raibh baint aige leis go dtí gur chuir an rialtas deireadh leis roinnt blianta ó shin.
baile úr Thaisce Cheol Dúchais Éireann. the new home of the Irish Traditional Music Archive.
" Smaoinigh mé ar dhán Mary Howitt nuair a shiúil mé isteach in uimhir 73 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, baile úr Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
i bhfad Éireann níos slítheánta. far more sly.
" Ach tháinig ciníochas eile ina áit, ciníochas atá i bhfad Éireann níos slítheánta.
é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, to convince Iarnród Éireann and the government of this,
" Ach go dtí gur féidir leo é seo a chur ina luí ar Iarnród Éireann agus ar an rialtas, ní bheidh an dara rogha ag muintir na hUaimhe atá ag obair i mBaile Átha Cliath ach dul isteach ina ngluaisteáin agus cúpla uair a chaitheamh i bplódú tráchta.
a bhuaigh bonn uile-Éireann who won an All-Ireland medal
" I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
buachaint gradam uile-Éireann winning all-Ireland awards
" Tá siad ag tarraingt ar an leathchéad anois ach 20 bliain ó shin bhí siad ag buachaint gradam uile-Éireann agus mar sin de.
sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, in the struggle towards a united Ireland,
" Bhí luach leis an ghníomh agus leo féin mar dhaoine sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, dar leo.
ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann on the Irish Traditional Music Archive
" ” Bronnfar an brabús ar fad ón oíche ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann (www.
do Choimisiún Béaloideasa Éireann for the Irish Folklore Commission
" “Bhí m’athair ag bailiú do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus nuair a bhí muidinne beag bhí sé i gcónaí ag taifeadadh rudaí.
Tionól Thuaisceart Éireann the Northern Ireland Assembly
" Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas ar cosúla le comhairle contae é – le fadhbanna a mhuintire.
Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, the Northern Ireland Film and Television Commission,
" Mar aon leis an obair a dhéanann sé le Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, tá sé thar a bheith bródúil as an obair ar fad atá déanta aige leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ón am a bunaíodh é in 2005.
ar bhonn uile-Éireann. on an all-Ireland basis.
" Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste, in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann The Northern Ireland Film and Television Commission
" “Chuaigh mé a fhad le Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann agus bhí dúil ag gach dream sa scannán ar an toirt agus chuir siad go léir tacaíocht ar fáil go measartha gasta.
Bhuaigh sé bonn Uile Éireann he won an All-Ireland medal
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) conference of the Science Foundation of Ireland
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
Institiúid Teangeolaíochta Éireann. linguistics Institute of Ireland
" Bhí ceisteanna suimiúla ardaithe ar Nuacht TG4 ag an Dr Pádraig Ó Riagáin as Coláiste na Tríonóide, saineolaí ar shuirbhéireacht agus iarfhostaí de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann.
Aontas Múinteoirí Éireann, the Teachers' Union of Ireland,
" Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “*designer difficulties*” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
bunú Saorstát Éireann the establishment of the Irish Free State
" Sa tsraith seo, a bhfuil ceithre chlár inti, beidh scéalta daoine éagsúla a raibh baint acu le bunú Saorstát Éireann faoi chaibidil.
fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann an employee from the Folklore Commission of Ireland
" An bhliain dár gcionn, chuir an rialtas fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann sall go Manainn chun cuid de na cainteoirí dúchais a thaifeadadh.
Suirbhéireacht Ordanáis Éireann Ordanance Survey of Ireland
" Cé go bhfuil léarscáil foilsithe ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, mar is gnách i gcás gach áite in Éirinn, caithfidh tú cead speisialta a fháil chun an léarscáil sin a úsáid.
ó Oifig Thuaisceart Éireann from the Northern Ireland Office
" Is coimisiún é a bhogann i dtreo na gaoithe a shéideann ó Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ), agus faoi láthair, ba mhaith le OTÉ brú a chur ar an DUP glacadh le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminster go dtí an Tionól, ar mór-éileamh é de chuid Shinn Féin.
Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol Irish World Academy of Music and Dance
" Bhuel, thosaigh siad le cúrsaí de chuid an acadaimh a bhfuil mise ag déanamh MA ann: Damh Chruinne Éireann Rince agus Ceol.
Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann The Alliance Party of Northern Ireland
" Bhí sé mar a bheadh aisling Pháirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann fíoraithe! Dúradh liom go raibh bratach na hÉireann le feiceáil ag na *Proms* i Londain agus i Manchain, ach d'imigh an bheirt againne ó Halla na Cathrach píosa maith roimh "Rule Britannia".
Uile-Éireann All Ireland
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
i bhfad Éireann an awful lot more
" Caoithiúlacht an tseanráitis Thiocfadh leis an Aire tinfeadh agus spreagadh a fháil, áfach, ó cháipéis a scríobh a athair mór, Éamon de Valera, faoi thábhacht chur chun cinn na Gaeilge le linn tréimhse a bhí i bhfad Éireann níba shuaite ná na dúshláin atá le sárú san am i láthair.
Tionól Thuaisceart Éireann NI Assembly
" I ndiaidh na stailceanna ocrais i 1982, le gluaiseacht a chur faoin pholaitíocht, mhol Jim Prior, an Rúnaí Stáit Coimeádach an ama, go mbunófaí Tionól Thuaisceart Éireann.
shlua ban Éireann the women of Ireland
" SMM: Ceist mhór, do shlua ban Éireann a Dháithí.
i bhfad Éireann by far
" Tá sé i bhfad Éireann ró-oilte mar ealaíontóir chun cleas tuatach, garbh mar sin a fhéachaint orainn.
Chumann Múinteoirí Éireann TUI
" bhail, níl siad féin cinnte cad é a bhí siad á lorg, ach mar a dúirt Seáinín Ó Gluaisteáin, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann: “Cibé rud a bhí muid á lorg, ní bhfuair muid é, agus tá muid sásta dul amach ar stailc arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh muid é.
i bhfad Éireann by far, a lot
" ) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)! Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge.
i bhfad Éireann a hell of a lot
" Ach tá i bhfad Éireann níos mó ná sin amháin á fhiosrú ag an léirtheoir óg mná seo.
uile Éireann all Ireland
" Spriocanna Bainte ======== Craobh iomána uile Éireann a bheith buaite ag Áth Cliath faoin mbliain 2008, agus an iomáint a bheith sa chéad áit i measc na gcluichí Gaelacha i mBaile Átha Cliath faoin mbliain 2010 a bhí san fhís a leag an mheitheal athbhreithnithe síos in 2001.
bonn uile Éireann an All-Ireland medal
" I 1984 bhuaigh sé, mar bhall de Chumann Bhaile Baodáin Naomh Éanna, bonn uile Éireann le foireann mhionúr peile Átha Cliath.
Tógra Thuaisceart Éireann Project Northern Ireland
" Gach aontachtach a nochtann a aghaidh ar an teilifís na laethanta seo, bíonn sé ag caint ar na sluaite Caitliceach (tá a súile siadsan níos cóngaraí dá chéile, tá a fhios agat) atá ag tarraingt orthu, iad uilig réidh le seanualach na hÉireann Aontaithe a chaitheamh uathu, a muinchillí a thiontú suas agus gach díograis dá bhfuil ina gcolainn a chaitheamh ar son Tógra Thuaisceart Éireann mar atá cuid de na meáin ag tabhairt ar athdhearú na Sé Chontae.
Geilleagar uile-Éireann an all Ireland economy
" "Geilleagar uile-Éireann, sin an tslí chun tosaigh," a dhearbhaigh sé agus thug sé an dul chun cinn atá déanta ag eagraíochtaí trasteorann ar nós *Tourism Ireland* mar dea-shampla den obair seo.
leasófaí dlí na Éireann that Irish law would be reformed
" D'admhaigh sé fosta go raibh 'cás láidir' le déanamh le go leasófaí dlí na Éireann i leith cead slí.
dtuaisceart Éireann the north of Ireland
" Cuireann siad na cruinnithe athbheochana i gcuimhne dom a chonaic mé uair nó dhó i bpubaill faoin tuaith i dtuaisceart Éireann, le ministéirí ag greadadh leabhair go tréan agus ag gríosadh na n-éisteoirí chun gnímh.
deichiú bonn uile Éireann tenth All Ireland medal
" Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?
bpictiúrlanna Éireann Ireland’s cinemas
" Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread.
Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada ICUF
" Ón bhliain 2009, le maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, chuir Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF) dámhachtainí ar fáil chun teagascóirí Gaeilge a fhostú ar feadh bliana le Gaeilge a theagasc i roinnt ollscoileanna in Oirthear Cheanada.
Ardrí Éireann, re freasúra high-king of Ireland, with opposition
" Níos cóngaraí don bhaile is mór an spéis a bheadh ag cuairteoir Éireannach in uaigh Dhonnchaidh mhic Bhriain Bhóraimhe (Ardrí Éireann, re freasúra, sa 10ú aois) atá le feiceáil sa séipéal.
in aghaidh Phoblacht Uile-Éireann to an all-Ireland republic
" Cruthú an Ama ====== **SMM: Déarfadh daoine go bhfuil cur i gcoinne láidir ó dheas in aghaidh Phoblacht Uile-Éireann.
Chumann Múinteoirí Éireann TUI
" Tá sé ina bhall gníomhach den Pháirtí Sóisialach agus ina eagraí ceantair do Chumann Múinteoirí Éireann.
is eachtra eile i bhfad Éireann níos saibhre it’s another trip richer by yards entirely
" Thiocfadh liom dul chun na leabharlainne agus leabhair staire a léamh ach is eachtra eile i bhfad Éireann níos saibhre a bheith ar an láthair agus cead a cinn a thabhairt don tsamhlaíocht agus dhá chodarsna a dhéanamh; a bheith sáite san am i láthair ar modh eisíoch - an ghrian, an ghaoth, fuaimeanna an dúlra, srl.
nGluaiseacht Cearta Sibhialtachta Thuaisceart Éireann NICRA
" Thug sé cur síos ar an am a chaith sé i nGluaiseacht Cearta Sibhialtachta Thuaisceart Éireann agus sna Clubanna Poblachtacha.
Ard-Aighne Thuaisceart Éireann NI Attorney General
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
Tionól Thuaisceart Éireann the NI Assembly
" aspx)) Maidir leis an mhéid a bhí le rá ag an Bhanríon Eilís faoin Tuaisceart sa lá atá inniu ann, ar an drochuair chonaic muid i lár na míosa seo caite Tuarascáil Chomhairle na hEorpa ar an Ghaeilge ina bhfuil Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar.
tá bonn amháin uile Éireann aige he has one All Ireland medal
" D’imir sé i gcluiche ceannais na hÉireann faoi dhó agus tá bonn amháin uile Éireann aige.
dTuaisceart Éireann Northern Ireland
" ’Sé an Bord Scrúdaithe i dTuaisceart Éireann, an CCEA, a bhíodh ag cur na cáilíochtaí Gaeilge ar fáil i Sasana.
uile-Éireann all-Ireland
" Is dream uile-Éireann iad féin agus Sinn Féin agus is iad páirtí Sinn Féin an páirtí is mó vótaí in Éirinn cheana féin.
i bhfad Éireann níos láidre a hell of a lot stronger
" Tá an damhsa sean-nóis i bhfad Éireann níos láidre ná mar a bhíodh.
Tionól Thuaisceart Éireann Northern Ireland Assembly
" Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann.
thionól Thuaisceart Éireann the Northern Ireland assembly
" Measann Robert McMillen go n-íocfaidh David Trimble agus an UUP go daor as a n-easpa misnigh sa toghchán do thionól Thuaisceart Éireann ar an 26 Samhain.
Áras Nua Ealaíne na Éireann Irish Museum of Modern Art
" Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar an chéad mhórthaispeántas dá chuid in Éirinn atá ar siúl in Áras Nua Ealaíne na Éireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
bunú Shaorstát Éireann the founding of the Irish free state
" Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh baint mhór aige le bunú Shaorstát Éireann.
go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann that that could greatly benefit Northern Irish society
" Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, to the Northern Ireland Police Service,
" Deir Robert McMillen go raibh sé i gcónaí i gceist ag Sinn Féin tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann, ó aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta ar aghaidh.
do Thionól Thuaisceart Éireann for the Northern Ireland Assembly
" Tá súil ag Robert McMillen go mbeidh rialtas i gcumhacht a bheidh in ann feidhmiú i gceart, i ndiaidh an toghcháin do Thionól Thuaisceart Éireann ar an 7 Márta.
gCnuasach Bhéaloideas Éireann Irish Folklore Collection
" Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
trí bhonn uile Éireann three All-Ireland medals
"trí bhonn uile Éireann ag Dara Ó Cinnéide agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2004.