Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar trying to persuade
" " Bhíodh Mac Coille agus iriseoirí eile sa tuaisceart ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar a gcomhghleacaithe ó dheas cur i gcoinne na cinsireachta agus ba chúis mhór díomá dó nach raibh ach fíorbheagán acu sásta seasamh a ghlacadh ar an cheist.
D'fhéadfaí a áiteamh it could be argued
" D'fhéadfaí a áiteamh, áfach, go bhfuil laigí ag baint leis an mhéid atá le rá ag Maier faoi na fir sa teaghlach, a n-andúil sa ghnéas agus a solúbthacht pholaitiúil.
dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine to persuade people
" Is dóigh go raibh an-mhisneach againn nuair a chreid muid dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine, bídís ina n-iriseoirí nó bídís ina mbaill den phobal, breathnú ar na cláracha sula dtabharfaidís breithiúnas, go n-éireodh linn.
a áiteamh to argue
" Ar an chéad ásc, níor mhór a áiteamh gur léir go bhfuil tromlach an phobail i bhfabhar cur chuige na nGardaí i leith tiomáint faoi thionchar an óil.
áiteamh mention
" Cad tuige mar sin nach mbainfí leas as seirbhís atá an rialtas ag íoc as cheana féin? Cad tuige an mbeadh gá leis an chostas a dhúbailt? Níor mhór a áiteamh fosta go mbeadh ar a gcuid tiománaithe an carr stáit a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath go dtí na haerfoirt réigiúnda sin le hiad a bhailiú ag an taobh eile, rud a chiallaigh go raibh a dhúbailt de chostas ar an stát.
áiteamh argue(d)
" D’fhéadfaí a áiteamh gurb é an bonn láidir pleanála teanga atá inti ó thús deireadh an bua is mó dá bhfuil aici.
níor mhór a áiteamh it would have to be argued
" Ach níor mhór a áiteamh go bhfuil daingniú déanta ag cúirt iomlán de chúigear Breitheamh ar an bhreithiúnas cháiliúil a deineadh sa chás Ó Beoláin v.
is áiteamh é a chloistear coitianta go maith it’s an argument heard often enough
" Mar a dúirt an tOllamh Seán Ó Tuama cúpla bliain ó shin agus cosaint á thabhairt aige d’oidhreacht liteartha Daniel Corkery, “is áiteamh é a chloistear coitianta go maith ag antraipeolaithe lenár linn féin; go mbíonn bunchóras luachanna le haithint i ngach cultúr fé leith, córas a mbíonn cruth faoi leith agus buaine áirithe ag baint leis, agus mar ghnathnós, go mbíonn rian láidir den chóras sin le haithint ar shaothar agus ar iompar gach duine a bhaineann leis an gcultúr sin.
Dá mbeinn ag áiteamh ar son were I to be arguing for
" Dá mbeinn ag áiteamh ar son an teicneolaíocht a úsáid ar saoire, cé na deiseanna teicneolaíochta nár chóir a fhágáil i do dhiaidh sa bhaile? Ach roimh imeacht as an teach fiú amháin, is dócha ceann de na hathruithe is mó atá ann ná an méid réamheolais is féidir linn a bhailiú ónár dtolg féin.
Is iomaí áiteamh maith many good arguments
" Is iomaí áiteamh maith is féidir a chur chun cinn ar son an bhirt seo, go háirithe i gcás inimirceach a bhfuil a lán ama tugtha acu i Stát áirithe agus i gcás daoine a bhfuil naisc teaghlaigh acu leis an tír ina bhfuil siad ag cur fúthu go neamhdleathach.
D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht it could justifiably be argued
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.
báúil don áiteamh sympathetic to the argument
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
Níl san áiteamh seo this point is just
" Níl san áiteamh seo, ar ndóigh, ach seafóid.
a gcuid áiteamh siar orainn their arguments home on us
" Ealaín áititheach is ea an pholaitíocht, áfach, agus is trí mheán na reitrice a chuireann polaiteoirí a gcuid áiteamh siar orainn de ghnáth.
D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht it could be well argued
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo as chuimhní cinn General Grant, fear eile a chuir spéis ghairmiúil i ndathanna na n-aibhneacha.
chun seandílseachtaí a áiteamh to argue old loyalties
" ”* Is féidir macalla Meiriceánach eile a bhrath i bprós Hitchens, guth níos seanda ná é féin a rinne iarracht an bás a úsáid chun seandílseachtaí a áiteamh agus seanfhiacha a dhíol.
cúpla áiteamh ina gcoinne some arguments against it
"cúpla áiteamh ina gcoinne.
d’fhéadfaí a áiteamh it could be argued
" Más ea, d’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gurb ionann tubaiste Ignatieff agus an iarracht uaidh an tubaiste chéanna a scagadh.
ag áiteamh san alt seo argues in this article
" Tá Fidelma Ní Ghallchobhair ag áiteamh san alt seo gur cruthaíodh Caighdeán Oifigiúil 2012 gan ‘an chomhairle chúntach’ a fháil ó réimsí leathana de shaol na Gaeilge mar a rinneadh nuair a tiomsaíodh leaganacha eile den Chaighdeán Oifigiúil na blianta siar.
ar a éadan ná ar a áiteamh physically nor was his argument
" Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin, níor fágadh ainimh ná máchail ar a éadan ná ar a áiteamh.
inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh the judges refused the argument
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh breith Ard-Chúirte inar dhiúltaigh an binse d’áiteamh Marie Fleming, a bhfuil an t-ilscléaróis ag dul di le blianta, ligean di éalú ó fhulaingt ghleann goirt na ndeor.