Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a áireamh consider, reckon
" /O'Connor's Rock) Curlew Mts D'fhéadfaimis an fionnuisce a bhaist Páirc an Fhionnuisce a áireamh ar an dul céanna leis an nead cumasc thoir.
san áireamh included
" Tá tuiscint níos fearr againn anois gur féidir cabhrú le gach duine a phoitéinseal is fearr a bhaint amach, na daoine míchumasacha san áireamh.
ag cur san áireamh taking into consideration
" Is leor go fóill ag cur san áireamh na ganntanas foirne atá san áit.
ag cur san áireamh taking into consideration
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
san áireamh included
" Coinníodh an cheist beo ach ní raibh mórán daoine, go leor Gaeilgeoirí san áireamh, a shíl go dtiocfadh an lá (nó an oíche) riamh a mbeadh stáisiún teilifíse Gaeilge ag craoladh beo.
san áireamh included
" Bhí a lán mac léinn ann chomh maith, mic léinn leighis san áireamh, agus cótaí bána agus steiteascóip orthu.
san áireamh included
" Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire! Obair cheannródaíoch ======= Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí.
san áireamh included
" Ansin tháinig a lán speiceas leis na Normannaigh, cuid acu mar fhoinsí bia, cúpla cineál éisc san áireamh.
gan CBL san áireamh not including VAT
" Ní chosnaíonn an gnáth e-shiopa ach €2,500 (níos lú ná £2,000 Éireannach), gan CBL san áireamh.
san áireamh included
" Bíonn an *Portadown News* ag spochadh as achan taobh sna Sé Chontae, rialtas na Breataine san áireamh ("insecurity minister" Jane Kennedy, mar shampla).
san áireamh included
" **PM:** Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa choimhlint ó thuaidh? **ANO:** Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh.
Fág as an áireamh don't consider
" Fág as an áireamh na polaiteoirí a sheas siar agus a dhruid a súile cé go raibh a fhios acu go raibh gaimbíneachas i gceist agus go raibh socruithe mídhleathacha á ndéanamh ag a gcairde.
san áireamh included
" Tá breis agus 5,000 de na leabhair eile faoi Ruairí díolta freisin, an ceann nua, *Ruairí san Ospidéal*, san áireamh.
áireamh speisialta special enumeration
" Bhain mé an-taitneamh as an tseancháipéis de bhreis agus 1,000 leathanach a léamh agus mionscrúdú a dhéanamh ar na léarscáileanna cuimsitheacha a thaispeáin meath na Gaeilge ón mbliain 1911 go dtí an bhliain 1925 nuair a dhein na Gardaí Síochána áireamh speisialta le comparáid a dhéanamh le daonáireamh na bliana 1911.
Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach they didn't take into consideration the unionist community
" Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach mar phobal a raibh saol acu féin, agus nach n-imeodh mar a shlogfadh an talamh iad nuair a d'imeodh na Sasanaigh.
daoine aonair san áireamh individuals included
" Tá baill de Gluaiseacht ar fud na tíre, agus cé nach mbíodh ach eagraíochtaí ó choláistí ann roimhe seo tá gach saghas duine páirteach ann anois - a lán daoine aonair san áireamh.
san áireamh included
" Chuir sí tús leis an deireadh seachtaine Gaeilge seo trí bliana ó shin agus d'éirigh go seoigh le gach imeacht go dtí seo, an ceann thuasluaite ag deireadh na míosa seo caite san áireamh.
san áireamh included
" Anois tá sprioc nua againn: freastal trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla orthu siúd atá ag lorg leabhar Gaeilge áit ar bith ar domhan, iadsan atá ag foghlaim na Gaeilge san áireamh.
san áireamh included
" Má sheasann an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt lena ndearcadh go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile, dlí na heaglaise san áireamh, feicim bliain chrua eile i ndán dár dteagascóirí moráltachta.
san áireamh included
" Ar Oileán Gavrinis, tá carn agus clocha maisithe ann atá cosúil le Brú na Bóinne, agus tá méid mór dolmainí achan áit, na dolmainí fada a dtugtar *allées couvertes *orthu san áireamh.
san áireamh included
" Murab ionann agus tíortha eile, tá a lán daoine in Éirinn ag úsáid na dteachtaireachtaí téacs úd (atá níos daoire ná gnáth-theachtaireachtaí) chun a vóta a chaitheamh - mé féin san áireamh.
san áireamh in the reckoning
" Is fearr i bhfad an socrú atá anois ann agus, dar ndóigh; déanann córas an chúldorais an séasúr iomána agus peile i bhfad níos spéisiúla toisc go mbíonn go leor contaetha fós san áireamh suas go dtí mí Iúil.
san áireamh included
" Tá daoine ag fáil bháis agus á ngortú mar gheall orthu, sibhialtaigh agus páistí san áireamh, agus na mílte foirgneamh scriosta acu.
nuair a chuireann tú san áireamh when you take into account
" Is iontach an t-éacht é sin ag club ar bith agus nuair a chuireann tú san áireamh gur baile beag agus club beag i lár tíre atá i gceist, is iontaí fós é mar éacht.
san áireamh included
" Bhí an baile plódaithe le muintir na háite agus cúpla turasóir ag féachaint ar a raibh ag tarlú go himeallach agus go heaglach, mise san áireamh! B'iontach an t-atmaisféar a bhí ann, áfach.
nuair a chuirtear san áireamh when you consider
" Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
ag cur san áireamh taking into consideration
" Glactar leis freisin go ndéanfar athbhreithniú air seo gach cúig bliana, ag cur san áireamh an ráta náisiúnta boilscithe.
cás san áireamh a case included
" Is é an aidhm atá agam ná ceann a chur ar an margadh a chosnódh thart ar €700, cás san áireamh.
san áireamh included
" Faoi dheireadh, bhí deis agam an teanga a chloisint agus a chleachtadh le daoine eile! Rang ag an mbunleibhéal a bhí i gceist, agus ba thosaitheoirí an chuid is mó de na daltaí (mé féin san áireamh).
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur gá do dhuine seoladh baile a bheith aige sula mbíonn cead aige vóta a chaitheamh sa stát seo.
san áireamh included
" Ach an raibh an ceart aige? Cinnte, chreid an t-uafás daoine go raibh, Jack McConnell, an Chéad Aire, san áireamh.
an t-áireamh the counting
" Cé mhéad duine atá páirteach san eagraíocht faoi láthair? Idir 30 agus 60 - braitheann sé ar an chaoi a ndéanann tú an t-áireamh.
san áireamh included
" Tá praghas íseal ar na turais seo, agus tá tae agus scóna san áireamh.
san áireamh included
" Sna ceantair tuaithe - ceantair Ghaeltachta san áireamh - méadófar an táille seirbhíse do ghnólachtaí nua ó €8,800 go €20,000.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" " Is ráiteas rud beag sotalach é seo nuair a chuireann tú san áireamh gurbh é Charles Saatchi a cheannaigh suiteáil de chuid na ndeartháireacha ar £500,000 darbh ainm *Hell*, agus a rinne iad a tharrtháil ón bhochtanas agus ón easpa aitheantais nuair a bhí siad ag dul i mbun oibre ar dtús.
ba cheart é sin a chur san áireamh that should be taken into consideration
" Tá cearta thar an gcoiteann ag an bpíb uilleann aitheantas a bheith aici mar uirlis cheoil náisiúnta na hÉireann agus ba cheart é sin a chur san áireamh nuair a bhíonn tacaíocht stáit á lorg.
a chur san áireamh to take into account
" Ní mór cúrsaí geilleagair na tíre agus polasaithe an rialtais a chur san áireamh chomh maith.
san áireamh included
" I bhfocail shimplí, thit an Rialtas idir dhá stól nuair a chinn sé ar ocht roinn rialtais agus Oifig na nOibreacha Poiblí a bhogadh amach as an bpríomhchathair agus seacht gcinn - Roinn an Taoisigh agus an Roinn Airgeadais san áireamh - a fhágáil inti.
san áireamh included
" Rannpháirtíocht sna himeachtaí a mhéadú go 250,000 duine (d'fhreastail 50,000 duine ar imeachtaí na bliana anuraidh - agus níl na scoileanna san áireamh san fhigiúr seo!).
curtha san áireamh taken into consideration
" Ní éiríonn le gach déagóir plean chomh dian seo a leanúint, áfach - agus tá sé seo curtha san áireamh ag True Love Waits chomh maith.
as an áireamh ar fad totally excluded
" Fágadh siúcra as an áireamh ar fad mar nach bhféadfaí a theacht ar réiteach.
nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh when you consider the country's social history
" Gan amhras, caithfidh an Rialtas an caiteachas atá á dhéanamh aige a chosaint, ach ní bheifeá ag súil le cinneadh mar seo i gcás na hÉireann nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh.
a chur san áireamh to take into consideration
" Gan dearcadh bhaill an CLG sna Sé Chontae a chur san áireamh, thabharfadh an pobalmheas seo le fios go bhféadfadh tromlach de bhaill an CLG sa stát seo ann féin a bheith i gcoinne sacar agus rugbaí a cheadú i bPáirc an Chrócaigh.
san áireamh included
" Mar shampla, má tá scileanna maithe oifige agat, Microsoft Office san áireamh, go minic ní fhaigheann tú ach £5 (€7.
Caithfear a chur san áireamh it must be taken into consideration
" (Caithfear a chur san áireamh go raibh timpeall nócha faoin gcéad de phobal na Spáinne i gcoinne an chogaidh.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Ar ndóigh, ba ré chrua i stair na tíre í ré an Chumannachais, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an tSeicslóvaic rathúil mar thír roimh an dara cogadh domhanda, agus nascanna láidre eacnamaíocha aici ar fud iarthar na hEorpa.
san áireamh included
" Cad is fiú na mílte duine óg a bheith ag fágaint na scoile (an ghaelscoil san áireamh) agus Gaeilge mhaith acu mura bhfuil pobal Gaeilge lasmuigh de gheata na scoile chun fáiltiú rompu isteach? *Is as Baile Átha Cliath é Vivian Uíbh Eachach.
san áireamh included
" Taobh amuigh de sin, braithimid ar tháillí ranganna, cíos a fhaighimid don Halla Nua agus ó sheomraí an Árais a chur ar fáil do ghrúpaí éagsúla, táillí ballraíochta agus brabús ón mbeár chun ár gcostaisí (iasachtaí ón mbanc san áireamh) a ghlanadh.
san áireamh included
" Nuair a chríochnaigh babhta a haon bhí rud amháin suntasach agus ina údar imní ag an lucht leanúna: nár cháiligh contae ar bith as Cúige Laighean, Cill Chainnigh san áireamh, do bhabhtaí ceannais na Sraithe Náisiúnta.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Tá sé seo suimiúil nuair a chuireann tú san áireamh gur tháinig an stíl lom seo, an tÍostachas, chun tosaigh an chéad lá riamh mar fhreagra dáiríre ar na lochtanna a d'aithin roinnt ealaíontóirí ar an chineál ealaíne a bhí á shaothrú ag an am.
a chur san áireamh to take into consideration
" Conas, mar sin, ar féidir comparáid a dhéanamh idir an tír seo agus aon tír eile san Eoraip? Cen mhaith a bheith ag caint faoin ollchaiteachas sa chóras sláinte nuair is soiléir go gcaithfear daonra na tíre a chur san áireamh agus an caiteachas sin á mheas? Go hidirnáisiúnta, nuair a bhíonn na heacnamaithe ag plé cúrsaí caiteachais, déanann siad tagairt don chaiteachas mar chéatadán den Olltáirgeacht Intíre (OTI).
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Déarfaidh daoine leat a bhíonn sna tithe tábhairne go minic nach bhfuil an laghdú sin le feiceáil agus ní bheifeá ag súil lena leithéid i ndáiríre, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil siad ag mealladh daoine anois nach rachadh in aice le tábhairne roimhe seo de bharr na toite.
a chur san áireamh to take into consideration
" Dar ndóigh, déanann cluiche aithimeartha neart airgid bhreise don CLG ach ní cóir é sin a chur san áireamh.
san áireamh included
" Físcheamaraí agus fístaifeadáin, trealamh digiteach san áireamh.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Is dócha, nuair a chuireann tú san áireamh an méid atá bainte amach aici, go bhfuil éalúchas mar seo tuillte go maith aici! *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Faoi láthair, tá suas le 60 duine ag fanacht ar shaothar uaithi - rud atá dúshlánach go leor nuair a chuireann tú san áireamh nach mbíonn Marla ag péinteáil ach ar feadh uair an chloig, trí lá sa tseachtain! Páiste faoi leith ======= Tá roinnt daoine den bharúil gur páiste faoi leith, cineál *prodigy*, í Marla ach diúltaíonn a tuismitheoirí glacadh leis sin; tá siad sásta a admháil go bhfuil bua aici ach, taobh amuigh de sin, deir siad gur gnáthpháiste atá inti.
san áireamh included
" Ar an 20 Deireadh Fómhair vótáil Comhairle na Cathrach i bhfábhar cosc a chur ar chaitheamh tobac i ngach áit phoiblí faoi dhíon, bialanna, tithe tábhairne, siopaí agus oifigí san áireamh.
san áireamh included
" "Is déagóirí iad anois agus tá gach rud á cheistiú acu, a dtógáil trí Ghaeilge san áireamh! Má bhíonn deacrachtaí againne, agus Gaeilgeoirí atá ionainn atá ag obair i réimse na teangeolaíochta (is léachtóir le Fraincis i Má Nuad é a fear céile, Éamon Ó Ciosáin), tá mé cinnte go mbeadh sé i bhfad níos deacra ar thuismitheoirí eile, tuismitheoirí nach bhfuil tuiscint iomlán acu ar an dátheangachas.
san áireamh included
" Bhí daoine ann as roinnt tíortha, an Ollainn, an Ghearmáin, an Iorua, Éirinn, Sasana, na Stáit Aontaithe agus Ceanada san áireamh.
nuair a chuirtear san áireamh when you consider
" ” Éacht ======= Is éacht nach beag é an t-éacht a bhain foireann *Amharc Éireann *amach nuair a chuirtear san áireamh nach raibh áiseanna nua-aimseartha acu nó fiú saotharlann ar fáil dóibh in Éirinn.
san áireamh included
" Nílim cinnte d’fhoclaíocht Riail 42 mar a bhí, ach curtha go simplí bhí sí ann lena chinntiú gur cluichí Gaelacha amháin a d’imreofaí ar pháirceanna CLG, Páirc an Chrócaigh san áireamh.
á gcur san áireamh being taken into consideration
" "Má scaoiltear le forbairt tithíochta i gceantair ar nós an Spidéil, gan cúrsaí teanga a bheith á gcur san áireamh, ní fada go bplúchfar an Ghaeilge in áiteanna mar é,” a deir sé.
san áireamh included
" Ach is gnó ollmhór é: sa Bhreatain, caitear £25 billiún ar earraí agus seirbhísí postdíola gach bliain, timpeall £400 i gcás gach aon duine, páistí san áireamh.
san áireamh included
" Agus níl sé féin, agus Éireannaigh eile a rugadh agus a tógadh i Sasana, san áireamh san fhigiúr sin.
san áireamh included
" Ach is gnó ollmhór é: sa Bhreatain, caitear £25 billiún ar earraí agus seirbhísí postdíola gach bliain, timpeall £400 i gcás gach aon duine, páistí san áireamh.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Ar an ábhar sin is cúis mhór díomá é a laghad Gaeilge a bheith le léamh ar shuímh oifigiúla an chumainn, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil cumann ar bith eile sa tír ina bhfuil níos mó de lucht labhartha na Gaeilge le fáil.
san áireamh included
" Cáineadh sceimhlitheoireacht ach ní cosúil go raibh sceimhlitheoireacht rialtais san áireamh ansin.
san áireamh including
" Tá fuaimrian an fhíseáin le fáil i sé theanga Eorpacha, Gàidhlig na hAlban san áireamh.
trasna na teorann san áireamh including across the border
" Ba mhaith linn freisin lámh a shíneadh amach chuig an phobal, trasna na teorann san áireamh.
caithfear sin a chur san áireamh that must be brought into consideration
" Ach tá pobal na hÉireann i ndiaidh athrú agus pobal ilchultúrtha atá ann anois agus caithfear sin a chur san áireamh freisin.
gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh without taking into consideration your ability to repay
" Ní bhíonn drogall ar bhainc áirithe cur le do theorainn chreidmheasa gan do chumas aisíoctha a chur san áireamh.
san áireamh included
" Táimid ar fad ciontach, mise mé féin san áireamh sa mhéid is nach bhfuil aon rud, sa lá atá inniu ann, curtha ar fáil againn don ghnáthphobal.
cáin san áireamh tax included
" 50 an ticéad fillte, cáin san áireamh.
scileanna áirimh enumeration skills
" Cloistear go minic nach bhfuil ár gcuid scileanna áirimh thar moladh beirte ach go bhfios dom ní mholtar riamh gur cheart Matamaitic a bhaint ón churaclam.
san áireamh in consideration
" Ceann de na cúiseanna go bhfuil an tseirbhís chomh heasnamhach sin ná nuair a rinneadh príobháidiú ar Eircom, agus nuair a tugadh ar lámh é d’úinéirí a raibh níos mó spéise acu sa bhrabús ná i soláthar seirbhíse, cailleadh an deis oibleagáid shóisialta a choinneáil san áireamh.
san áireamh including
" Cé gur thug Príomh-Chonstábla an PSNI, Hugh Orde “a healthy split” ar an socrú seo is féidir a bheith cinnte go bhfuil go leor i mBrainse Speisialta an PSNI – ag cur san áireamh gur beag difear idir é agus Brainse Speisialta an RUC ó thaobh pearsanra – nach bhfuil pioc sásta le socrú nua ar bith a chuirfeadh deireadh lena gcumas troid in aghaidh Shinn Féin agus an IRA.
san áireamh including
" Cé gur thug Príomh-Chonstábla an PSNI, Hugh Orde “a healthy split” ar an socrú seo is féidir a bheith cinnte go bhfuil go leor i mBrainse Speisialta an PSNI – ag cur san áireamh gur beag difear idir é agus Brainse Speisialta an RUC ó thaobh pearsanra – nach bhfuil pioc sásta le socrú nua ar bith a chuirfeadh deireadh lena gcumas troid in aghaidh Shinn Féin agus an IRA.
curtha san áireamh taken into consideration
" nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas d’ardú céime inmheánach.
san áireamh included
" Má bhí titim amach idir é agus Martin Galvin de chuid Noraid, ní haon ionadh san, nuair a chuireann tú tuairimíocht thraidisiúnta Ghaeil Mheiriceá san áireamh.
turas treoraithe san áireamh guided tour included
" 50 le dul isteach, turas treoraithe san áireamh.
dúnmharú san áireamh including murder
" Moll mór cáipéisí ======= Tháinig an dá ghrúpa ar mholl mór cáipéisí a chruthaigh go raibh eolas cruinn ag údaráis na Breataine fá choiriúlacht – dúnmharú san áireamh – a raibh reisimint dá arm páirteach inti.
nuair a chuireann tú san áireamh when you consider
" Mar a dúirt an tAthair Brian Darcy le déanaí, ní nach ionadh nach bhfuil muinín níos mó ag daoine ina bhfuil le rá ag an eaglais, nuair a chuireann tú san áireamh chomh mór ar strae is a bhí compás morálta na heaglaise agus iad ag plé le líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí.
ag cur san áireamh counting
" Agus níl seo ag cur san áireamh na tuismitheoirí a thugann cuairt ar a gclann gach deireadh seachtaine agus a fhanann i lóistíní leaba agus bricfeasta anseo agus ansiúd ar fud na Gaeltachta.
thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh I would take into consideration the vocal range of a church choir
" Agus mé ag cumadh píosaí mar sin thógfainn réimse gutha de chór eaglaise san áireamh.
san áireamh included
" Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid *Minor League*? Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna *Minor Leagues* leath chomh maith is atá sé sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste.
na toscaí sin a chur san áireamh to take those factors into consideration
" Beidh ar cheannaire an LO na toscaí sin a chur san áireamh agus na roghanna éagsúla á meá aige.
nuair a chuireann tú san áireamh when you take into consideration
" Caitlicigh v Protastúnaigh atá i gceist, ach is údar gáirí ar bhealach é nuair a chuireann tú san áireamh gur cuma sa diabhal leis na himreoirí ina gcroí istigh (nach de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban a bhformhór) faoin tseafóid sheicteach.
ní thugann sin san áireamh that doesn't take into consideration
" Chun cinn Cheana féin, tá na Daonlathaigh chun cinn i gcúig chomórtas toghchánaíochta Seanaid i Missouri, Montana, Ohio, Pennsylvania agus Rhode Island, áiteanna a raibh Seanadóirí Poblachtánacha i réim, ach ní thugann sin san áireamh go bhféadfadh leis an bpáirtí suíocháin a chailliúint in áiteanna eile.
san áireamh included
" Beidh na páirtithe polaitíochta uilig – Sinn Féin agus an DUP san áireamh – i Sráid Downing ag tús na míosa seo ach ní ólfaidh siad tae uimhir a deich ach gheobhaidh siad brioscaí agus deoch béal dorais, in uimhir a 11, Sráid Downing, áit chónaithe Gordon Brown.
san áireamh including
" Leoga, scríobh iriseoir leis an *Guardian* gur dhúirt ceannaire an Bhoird Póilíneachta, Sir Desmond Rea, go raibh an córas rialaithe is fearr sa Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i dtuaisceart na hÉireann, áit a dtiocfadh leo oifigigh – agus oifigigh MI5 san áireamh – a choinneáil cuntasach as a gcuid gníomhaíochtaí.
nuair a chuirtear san áireamh when one considers
" Tá sé tábhachtach go ndéanfaí fóirithint ar na seandaoine seo, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí ollmhóra atá ag baint le hearnáil na dtithe altranais in Éirinn.
ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, taking into consideration all these trends,
" Agus deireadh 2006 ag druidim linn, seo ceist shuimiúil: ag cur san áireamh na dtreochtaí seo ar fad, cén chuma a bheidh ar eitleáin i gceann fiche nó tríocha bliain? Ar dtús, caithfimid a rá nach mbeidh cuma ródhifriúil ar roinnt mhaith acu! Bíonn saolré timpeall 25 nó 30 bliain ag aerlínéar nua-aimseartha mar an Airbus A320 nó Boeing 737 - tar éis na tréimhse sin éiríonn an chothabháil róchostasach.
cluichí scoile san áireamh, including school games,
" Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh.
nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh that sports organisations don't consider the interests of young people
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
póstaeir agus uirlisí san áireamh. including posters and instruments.
" Tá 16,000 leabhar agus irisleabhar ar fáil, 10,000 grianghraf, 9,000 fonn i bhfoirm dhigiteach, 6,500 bileog bhailéid, 2,500 clár teilifíse, 1,000 fístéip agus DVD agus go leor ábhair eile, póstaeir agus uirlisí san áireamh.
ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí bearing in mind our politicians' modesty
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
as an áireamh out of the reckoning
" Gan choinne, bhris mé isteach air, ag tuar nach raibh Máirín as an áireamh fós.
le cur as an áireamh, to be eliminated,
" Bhí Kelleher díreach le cur as an áireamh, agus bheadh seans ann go mbaileodh Máirín vótaí uaidh nach mbeifeá, b’fhéidir, ag súil leo.
tá bia agus scannáin san áireamh i bpraghas an ticéid. food and films are included in the price of the ticket.
" Ar eitilt thrasatlantach Aer Lingus, caithfidh tú íoc as deochanna, ach tá bia agus scannáin san áireamh i bpraghas an ticéid.
a chur san áireamh to take into consideration
" Bua Chaisleán Cnucha i bhFéile Náisiúnta na nGael (comórtas uile-Éireann do na clubanna san aoisghrúpa Faoi 14) a chur san áireamh agus bliain iontach a bhí inti ó thaobh na hiománaíochta i mBaile Átha Cliath.