Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éagóir injustice
" Go tobann, bhí an saol is a mháthair ag caint faoin ráiteas a athraíodh, agus faoin éagóir a deineadh ar James Kelly dá bharr.
éagóir injustice
" Sa chás seo arís feicimid an éagóir a bhíonn ann ó thaobh an dlí de sna Stáit Aontaithe nuair a bhíonn daoine dubha, agus fir dhubha go háirithe, i gceist.
héagóracha injustices
" Ní hamháin sin ach bheadh an lá tugtha ag éisteacht agam leis an mbean seo atá chomh paiseanta sin faoina cuid oibre; chomh tógtha le maitheas a dhéanamh; lena gcearta a fháil do na daoine atá ar an imeall; le haird dhaoine a tharraingt ar na héagóracha atá á ndéanamh ar na daoine is laige sa tsochaí.
éagóir injustice
" Rinneadh éagóir throm ar phobal na Gaeltachta agus ar lucht na Gaeilge thar na blianta nuair nár cuireadh ar fáil seirbhís chuí teilifíse dóibh mar a rinneadh don phobal Béarla.
éagóir injustice
" Cinnte, cuirimis fáilte roimh an díchoimisiúnú ach, mar a leanann an lá an oíche, fanaimis ansin leis an chéad bhac polaitiúil eile agus leis an chéad éagóir eile, fíor nó cumtha, a fhanfaidh go deo i gcuimhne na ndaoine i sráideanna cúnga Bhéal Feirste.
éagóir injustice
" Sin an dochar breise a rinne an chinsireacht, thar an éagóir a rinne sé ar na daoine féin.
éagóir wrong, injustice
" Bhí daoine áirithe freagrach as éagóir, bhí siad freagrach as claondearcadh, as idirdhealú, ach chomh maith leis sin ba léir dom an toradh uafásach a bhí ar an doirteadh fola nó ar an mbás ar chaon taobh.
éagóir wrong
" Ach is é an fhírinne gur beag teacht aniar atá ag amhrasán ar bith a chreideann go ndearna na Gardaí éagóir air agus é á cheistiú laistigh den stáisiún.
éagóracha wrongs
" Ní ghlacann Trimble agus an UUP gur ann dá leithéid, ach cad é mar a thig leis an IRA, a tchí é féin mar chosantóir na gCaitliceach, scor nuair atá ionsaithe á ndéanamh ar Chaitlicigh ar bhonn laethúil? Ba chirte go mbeadh Trimble ag tabhairt aghaidhe ar lucht caite na mbuamaí píopa - chan in áit, ach oiread éagóracha, fíora nó cumtha, an IRA.
éagóracha unjust
" Tá gach cuma air anois nach fada go ndéanfar dlíthe troma éagóracha leabhail an stáit seo a leasú ó bhonn.
éagóir mhór great wrong
" Ceapaim gur éagóir mhór é ó thaobh cúrsaí oideachais de nach dtugtar aon bhuneolas do ghasúir faoi chúrsaí dlí agus iad ag dul amach sa saol mór, mar is gné bhunúsach é d´ár saol.
éagóir mhillteanach terrible wrong
" Rinneadh éagóir mhillteanach ar na mná seo a chaith a saol ag sclábhaíocht mar phionós ar pheacaí in éadan na heaglaise.
éagóir shóisialta social injustice
" Rinne Käthe Kallwitz agus Francisco Goya, mar shampla, cur síos a bhí macánta agus brúidiúil ar an éagóir shóisialta a bhí le feiceáil thart timpeall orthu.
éagóir injustice
" Mar is anseo atá aire á tabhairt do shaibhreas teanga, cultúrtha agus oidhreachta ár sinsear agus nár mhór an éagóir é neamhaird a thabhairt air sin.
éagóir injustice
éagóir injustice
" Má bhuaileann tú do bhean chéile, ní leor é a rá gur bhuail tú í mar go ndearna sí éagóir ort.
í ag machnamh ar éagóir an tsaoil thinking about the unfairness of the world
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
dhlíthe éagóracha leabhail unjust libel laws
" Ainm ar nós *Hibernia*, iris eile den scoth a bhí ina bhior sa bheo ag údaráis an stáit seo nuair ba ghá, ach freisin a d'fhulaing go mór ó dhlíthe éagóracha leabhail an stáit seo.
ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith doing anyone an injustice
" Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús.
ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith doing anyone an injustice
" Nó sílim gurbh é Frank Kermode a scríobh (tá súil agam nach bhfuil mé ag déanamh éagóra ar dhuine ar bith); tá seisean ar bhord eagarthóireachta an *London Review of Books *ón tús.
polasaithe éagóracha unjust policies
" Deir siad nach bhfuil sé ceart ná cóir go dtarlódh a leithéid nuair a dhiúltaíonn an tAontas agus SAM deireadh a chur le bacanna ar importálacha bia agus eile ó na tíortha sin, agus nuair a leantar le polasaithe éagóracha ar nós an Chomhpholasaí Talmhaíochta.
éagóir injustice
" Cuirfear dlús leis an bhfeachtas seo níos deireanaí sa mbliain nuair a thabharfas Kirsty Gusmao, bean an uachtaráin (is Astrálach í féin), cuairt ar an Astráil lena mhíniú do phobal na tíre go bhfuil éagóir á himirt ag an rialtas.
éagóir injustice
" Is beag duine san Astráil nach n-aontódh gur déanadh éagóir ar bhundúchasaigh na tíre san aimsir a caitheadh, má tá tuiscint ar bith acu ar stair na tíre.
ag déanamh éagóra ar being unfair to
" Agus, ar fhaitíos go gceapfadh duine go bhfuil mé ag déanamh éagóra ar mhuintir Liatroma, deir an Dr McMaster go bhfuil na torthaí ag dul le torthaí na suirbhéanna eile a rinneadh i gceantair eile sa tír agus go bhfuil an leibhéal raimhreachta inchurtha lena bhfuil ar fáil i dtíortha forbartha eile.
éagóir injustice
" éagóir ======= Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu.
éagóir injustice
" éagóir ======= Ba cheart a rá ag an staid seo nach n-áireofar go deo muintir McBrearty, Adrienne McGlinchy nó Frank Shortt (úinéir The Point Inn i Rinn Uí Choigligh a ciontaíodh go héagórach as ligean do dhrugaí bheith ar díol ina theach leanna) i measc na naomh, ach ní hionann sin le rá nár déanadh éagóir orthu.
éagóir injustice
éagóir injustice
" “Sin bean a bhfuil fuath don éagóir ag dó inti,” ar sé.
éagóir injustice
" Tá sé os cionn na coimhlinte agus tá sé de dhualgas oraibh cibé duine nó dream a dhéanann éagóir a thabhairt os comhair na cúirte.
éagóir injustice
" B’fhéidir go bhfuil cuid áirithe den fhírinne sa mhéid sin, ach le tamall anuas níl aon dabht ach go bhfuil na rialacha smachta imithe ó smacht! Tá sé feicthe againn freisin níos mó ná uair amháin go bhfuil imreoirí sásta dul i muinín dhlí na tíre chun sásamh a fháil nuair is cosúil, dar leo féin, go bhfuil éagóir déanta orthu.
éagóir injustice
" Ainneoin go bhfuil obair an Dr Eamonn Walsh le dhá bhliain anuas molta sa tuarascáil, glacfaidh sé meall mór ama an éagóir a chur ina cheart.
éagóir injustice
" ) Measann Neil Kinnock agus a leithéid go scoiltfidh an polasaí nua an córas oideachais, agus go mbeidh deighilt, éagóir agus leatrom mar thoradh air.
éagóir injustice
" Is cinnte go bhfuil cineál de dhroch-chlú orthu, ach ceapaim go bhfuil éagóir éigin á déanamh orthu agus, má thógtar iad díreach mar atá siad, is daoine deasa, spéisiúla iad.
ar mhuin “éagóir na staire” on the back of 'an injustice of history'
" In aimsir an ghátair náisiúnta tá an-bhaol ann go dtiocfadh deachtóir chun cumhachta ar mhuin “éagóir na staire”.
éagóir injustice
" Is cinnte go bhfuil cineál de dhroch-chlú orthu, ach ceapaim go bhfuil éagóir éigin á déanamh orthu agus, má thógtar iad díreach mar atá siad, is daoine deasa, spéisiúla iad.
a mhacasamhail d’éagóir such an injustice
" Dochreidte, b’fhéidir, ach tharla a mhacasamhail d’éagóir sa státseirbhís le scór bliain anuas.
éagóir injustice
" Munar féidir tabhairt ar an státseirbhís cloí le rud chomh simplí leis na ciorcláin i leith na Gaeilge, an bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go gcloífidh siad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus lena gcuid dualgas eile i leith na teanga? Nach aisteach fosta nár tháinig an éagóir seo chun solais i bhfad ó shin! Chaithfeá ceist a chur faoi éifeacht na n-eagraíochtaí Gaeilge – Foras na Gaeilge agus a réamhtheachta, Bord na Gaeilge – a bhí, agus atá, in ainm is a bheith ag cur comhairle ar an rialtas faoi chúrsaí teanga.
nithe éagóracha unjust things
" Ach, ag an am chéanna, ní féidir leis na haontachtaithe a shéanadh go ndearnadh nithe éagóracha ar a son siúd - dúnmharú san áireamh.
ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda in which the wrongs of the Second World War will be remembered
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.
éagóir wrong
" Má rinne dream amháin éagóir, rinne an dream eile a mhacasamhail.
éagóir injustice
" Rinneadh éagóir ar na daoine seo agus scriosadh a saol orthu.
éagóir a wrong thing
" Dá ndéanadh duine eile éagóir bhí sé amuigh aige; dá ndéanainnse éagóir ní thiocfadh a dheireadh a inse.
éagóir injustice
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
éagóir uafásach terrible injustice
" Meastar go forleathan gurbh é ba chúis leis an éagóir uafásach seo ná gur chuir Brundage brú ar na Meiriceánaigh déanamh amhlaidh.
éagóir wrong-doing
" Inár n-aigne, is ionann Auschwitz agus bás, fulaingt, éagóir agus gráin ar scála is deacair dúinn a shamhlú nó a thuiscint.
éagóir mhillteanach dreadful wrong
" éagóir mhillteanachChóir a bheith 25 bliain ó shin, rinne ministir Preispitéireach, an tOirmhinneach David Armstrong, éagóir mhillteanach: i 1983, chroith sé lámh shagairt Chaitlicigh aimsir na Nollag.
éagóir injustice
" Ar an bhfiche cúigiú Deireadh Fómhair 2005, fuair beirt dhéagóirí bás i Clichy-sous-Bois, bruachbhaile bocht thart ar 15 ciliméadar ar an taobh thoir thuaidh de Pharás.
éagóir injustice
" Is cinnte go rachfaí i ngleic leis an éagóir atá á déanamh ar an ngrúpa eitneach seo dá mba fhoinse saibhir gáis nó ola í a n-áit dhúchais.
Is éagóir it's an injustice
" Is éagóir ar chách neamhaird a dhéanamh ar aon éagóir amháin.
éagóir injustice
" Is measa fós an éagóir seo atá á déanamh ar an ngrúpa eitneach seo i bhfianaise an méid airgid a thuilleann idir Shell is an Stát Nigéireach as an ola.
éagóir injustice
" Cé gurb íad na Stáit Aontaithe an tír is mó ar Chríocha Mheirceá lena samhlaímid an ciníochas agus an cos ar bolg ar an gcine gorm, tá tíortha eile ar an mór-roinn sin ina ndearnadh, agus ina ndéantar fós, éagóir agus leatrom ar dhreamanna eitneacha mionlaigh.
éagóracha injustices
" Gannchuid Talún, Mórchuid Bochtaineachta Ba bheag an sólás a bhain muintir Chambacuá as, áfach, go raibh éagóracha á ndéanamh ar mhionlaigh eile, leis.
éagóir injustice
" Dar le cách ba chóir go mbeadh cic saor ag na hÉireannaigh an tráth ar láimhseáil Mac Annraoi an liathróid agus rinneadh, dá bhrí sin, éagóir ar fhoireann na hÉireann.
éagóir injustice
" Deineadh neamhaird de na pobail seo go stairiúil – a dtugann an dréachtstraitéis ‘Gaeltacht ghréasáin’ orthu – agus is mithid an éagóir sin a cheartú.
cánacha éagóracha unjust taxes
" Gearrtar cánacha éagóracha orthu.
éagóir injustice
"éagóir mhór á déanamh ar Pat O Donnell, éagóir a théann siar go dtí an t-am nuair a tharrtháil Pat, in éineacht lena dheartháir agus a mhac, beirt gharda, ón bhfoireann tumadóireachta sin atá acu, agus daoine eile, ón mbás i mBéal Deirg, ar an lá ar theip ar an mbád tarrthála a bhí faoi stiúir phríomh-cheannfort an Gharda i Maigh Eo, nuair nach raibh siadsan in ann a dhéanamh! Tá olc acu do Pat ó shin agus níl ceist ar bith gurb shin é atá ann.
éagóra injustice
" Má bhíonn tú páirteach i bhfeachtas in aghaidh éagóra le blianta fada, is minic go mothaíonn tú nach bhfuil aon dul chun cinn déanta agat, ach ní féidir an fhírinne a cheilt go deo.
hÉagóra injustice
" Dhá Mháthair na hÉagóra ======== Cad a spreag na himeachtaí míchlúiteacha a tharla ag deireadh an chluiche úd? Ar an gcéad dul síos, bhí dóchas mór i measc phobal an dá chontae, go mbéarfaí Craobh Laighean ar ais go dtí a gcontae féin don chéad uair le roinnt blianta: caoga bliain i gcás chontae Lú agus deich mbliana i gcás chontae na Mí.
éagóir injustice
" Dá bhrí sin, má dhéantar ‘éagóir’ ar a chlub/chontae is é dualgas an imreora/leantóra é a chosaint, bíodh sé ceart nó mícheart.
éagóir injustice
" Craobhscaoilim an tuairim sin, ag cur san áireamh éagóir shraitheach na bliana seo caite nuair a tugadh droim láimhe do ‘Das weisse Band’, le Haneke, agus don sárshaothar ‘Un Prophete’ a rinne Jacques Audiard.
éagóir injustice
" Ba chóir go mbeadh muintir Chorcaí ar buille agus éileamh a chur faoi bhráid bhainisteoir na foirne agus Choiste an Chontae an éagóir atá déanta ar fhíorlaoch a chur ina ceart.
na héagóra injustice
" Tá trí bliana is ceithre fhichead slán ag Hessel, tuigeann sé go bhfuil a rás nach mór rite aige, ach achainíonn ar dhaoine cur i gcoinne na héagóra agus an mhíbhuntáiste agus stop a chur le truailliú na cruinne.
in aghaidh na héagóra against injustice
" in ann vótaí a mhealladh ó dhaoine nach raibh meas mada acu ar a pháirtí, de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach: an intleachtóir ag troid ar son an ghnáthdhuine agus ag labhairt amach in aghaidh na héagóra, bíodh sé sa mbaile nó thar lear.
héagóir na trialach the injustice of the trial
" Dúirt Eileen Gillespie nach raibh sí ag scríobh chuige maidir le héagóir na trialach ach faoi dhroch-choinníollacha na carcrach.
chonaic siad éagóracha they saw injustices
" Ach is daoine iad na sagairt seo, fearacht Íosa Críost féin, nach raibh sásta a mbéal a choinneáil druidte nuair a chonaic siad éagóracha thart orthu, ná go raibh géarghá le rudaí a athrú.
chun aird a tharraing ar éagóir to bring attention to injustice
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
Seasamh in Aghaidh na hÉagóra taking a stand against injustice
" Seasamh in Aghaidh na hÉagóra ============== D’inis an bheirt Mheiriceánach do Norman roimh bhronnadh na mbonn go raibh sé beartaithe acu a dtacaíocht don ghluaiseacht, Olympic Project for Human Rights (OPHR), a léiriú lena linn.
crochadh fear san éagóir dá dheasca a man was hung unjustly as a result
" Mar thoradh ar an eachtra, tharla ceann de na cásanna ba mheasa de shéanadh cearta teanga ar chlár an domhain nuair nár tugadh cothrom na Féinne do fhianaise a tugadh trí mheán na Gaeilge agus nuair a crochadh fear san éagóir dá dheasca.
crochadh eisean san éagóir freisin he also was unjustly hung
" '”* Ar a bhealach go crann a chrochta, tuairiscítear gur dhúirt an Seoigheach: “Feicfidh mé Íosa Críost ar ball beag – crochadh eisean san éagóir freisin.
achoimre chumasach ar an éagóir úd a capable summing up of that injustice
" ” Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: *“He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin.
Ceartú na hÉagóra correcting the injustice
" Ceartú na hÉagóra ======= Tráthúil go leor, tá fiosrúchán eile á éileamh san am i láthair ag polaiteoirí sa Bhreatain faoi cheannaireacht an Tiarna Alton.
in éagóracha struchtúracha in structural injustice
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
tá éagóir le cur ina ceart there’s an injustice to be corrected
" Sásaíonn sé bunéilimh uile an genré agus na luacha a ghabhann leis: tá éagóir le cur ina ceart, fear cruaidh onórach (Tommy Lee), agus turas le taisteal chun slánaithe.
héagóracha atá fite fuaite injustices which are interwoven
" Cáineadh Eorpach ====== Tá na héagóracha atá fite fuaite i gcóras inimirce na hÉireann tugtha faoi deara ag eagraíochtaí lasmuigh den tír, leis.
n-éagóracha éagsúla a imrítear ar various injustices practised against
" Ina ainneoin sin, agus in ainneoin na n-éagóracha éagsúla a imrítear ar imircigh sa Ríocht, tá cainteanna ar siúl idir an tAontas is Maracó mar chuid den Chomhaontú Comhlachais faoi Chomhaontú um athghlacadh isteach daoine a n-éiríonn leo taisteal gan cead ó Mharacó go dtí an tAontas.
mar gheall ar an éagóir about the injustice
" “Mar shaoránaigh Cheanada nach Dúchasach sinn, ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn mar gheall ar an éagóir agus ar an idirdhealú atá á dhéanamh ag an rialtas ar an bPobal Dúchasach i gCeanada” -William Leonard Felepchuk, ionadaí Chomhphobal na Mac Léinn sna Staidéir Dúchasacha agus Ceanadacha, Ollscoil Ottawa.
ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar such a practice does an injustice to
" Déarfadh lucht a cháinte go ndéanann a leithéid de chleachtas éagóir ar dhaltaí nach bhfuil neart acu ar pheacaí a sinsir.
na héagóracha the injustices
" Ós rud é gurb ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) a fuarthas roinnt mhaith de na hairm, na hacmhainní is an oiliúint a lig d’fhórsaí míleata Ghuatamala ár a dhéanamh ar mhuintir na tíre, tá sé sách oiriúnach gur ar na Stáit Aontaithe a thug na mílte Guatamalach aghaidh agus iad ag iarraidh teitheadh ón sléacht is ó na héagóracha a bhí ar siúl ina dtír dhúchais.
is leitheadaí an éagóir the more widespread the injustice
" Ach dá mhéad imirceach mná ar domhan is ea is leitheadaí an éagóir a dhéantar orthu, ar máithreacha, íníonacha, deirfiúracha is mná céile iad.
tá éagóir níos measa ansin that’s a greater wrong
" Tá meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
d'éagóracha injustices
" Ach is léir óna chuid giolcanna nach bhfuil smaoineamh dearfach ina chloigeann aige ach milleán a chur ar dhaoine eile gan tagairt ar bith a dhéanamh d'éagóracha Protastúnacha/aontachtacha/ dílseacha, do pheacaí PUL.
chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra she added insult to injury
" Ba dhóigh liom, ámh, gur chuir sí an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a dúirt sí nach raibh ní ba mhó ban san aireacht de bharr go raibh an ceapachán bunaithe ar thuillteanas! Folly agus Fallaí ======= D’admhaigh Abbott san aitheasc a thug sé le linn fhógairt a aireachta go raibh díomá air nach raibh níos mó ná bean amháin ina chomh-aireacht, ach go raibh mná den scoth sna páirtithe coimeádacha ‘ag bualadh ar dhoras’ na comh-aireachta.
faoi na héagóracha about the injustices
" Deir sé gur minic a bhíonn fonn air screadaíl faoi na héagóracha a fheiceann sé ar na sráideanna agus dar leis go ndeánann airgead bog muid agus gur fíormharthanóirí iad na daoine atá ina chuid pictiúr, a mhaireann in ainneoin an chruatain agus na hainnise a fhulaingíonn siad ar bhonn laethúil.
nach ndearna éagóir riamh who never committed a crime
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
ag seasamh in aghaidh na héagóra opposing injustice
" Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
a bhéimníonn an éagóir a rinneadh ar which emphasises the injustice done to
" Cuma na Córa ===== Cé go raibh Hardiman sásta go raibh airgead faighte ag scoileanna neamh-Chaitliceacha freisin ó 1921, rud a bhéimníonn an éagóir a rinneadh ar ghealltanas ginearálta Airteagal 44, thuig sé gur cruthaíodh “a largely State funded but entirely clerically administered system of education” mar thoradh.
i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint in place to avoid unjust convictions
" Agus é ag iomrascáil le pionós an bháis i Meiriceá, admhaíonn sé go ndearna sé botún tubaisteach i rith an chéid téarma a chaith sé ar an gCúirt Uachtarach i 1976 nuair a thug sé cead dosna caoga stát an éiric sin a ghearradh ar dhúnmharfóirí speisialta dá mba rud é gur chuir na stáit rialacha speisialta i bhfeidhm chun ciontuithe éagóracha a sheachaint.
éagóracha unjust
" Tharla go leor rudaí éagóracha in Éirinn, thuaidh agus theas, le linn na haoise seo caite nár cheart dúinn, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill , a ligean i ndearmad.
Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine one may find mistakes and injustice in strange places
" Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine.