Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tearmann d'éin fhiáine wild bird sanctuary
" Tearmann d'éin fhiáine atá ann, ar imeall Loch Cuan.
Éan seilge ríogúil maorga regal stately hunting bird
" Éan seilge ríogúil maorga atá ann ach éan a gcuirfeadh éanacha beaga gan tábhacht an ruaig air más gá.
sheanchonablach éin an old bird carcass
" Nach sin an tsamhail chuí den intleachtaí Éireannach? É mórtasach ach gan chumhacht in aghaidh na sluaite cúngaigeanta?" "Sea," arsa an dochtúir, "agus an dara ní?" "An dara rud a chonaic mé madadh rua i lár an lae ghil agus é ag tarraingt ar sheanchonablach éin.
éin choimhthíocha exotic birds
" Díolann cuid acu earraí gan mhaith ar thaobh an bhóthair, agus tá daoine eile ann a thógann éin choimhthíocha nó madraí póir.
éan cuideáin a loner
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
ceiliúr na n-éan the song of the birds
" Ní raibh trácht ann, gan fuaim ar bith le cluinstean ach ceiliúr na n-éan.
coimhéadta éan bird-watching
" An chéad imeacht eile a bheas ar siúl ná deireadh seachtaine coimhéadta éan ar Thoraigh, ag toiseacht ar an 7 Meitheamh.
Réadlann Éan Bird Observatory
" Is é seo Réadlann Éan de chuid Birdwatch Ireland.
a lán saghsanna éan many types of birds
" Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing.
cór éan a choir of birds
" Bhí ceiliúradh ó chroí ar siúl ag cór éan an bealach ar fad.
cúrsa faire éan bird-watching course
" Tá mé ag déanamh cúrsa faire éan ag Réadlann na nÉan, agus tá mé ag baint an-sult as.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin we had intended looking at the birds
" "Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
le giolc an éin with the chirping of the bird
" Fear maith sionnach a mharú ba dh'ea an Céideach, siúráilte, é amuigh le giolc an éin lena ghunna.
Cleití éin bird feathers
" Cleití éin á dtabhairt faoi deara aige.
guth éin ghrágaigh the voice of a croaking bird
" Is fearr liom éisteacht le hamhráin Mhaori ná leis an gcaint, mar tá na fuaimeanna stadach, dar liom, mar a bheadh guth éin ghrágaigh! Bhíodh Gaeilge agam ar scoil, ach is fada an lá sin.
le haghaidh éan faoi lánchluimhrí for fully-fledged chicks
" Tá níos mó ná 30 péire acu in Albain anois agus bhí an bhliain seo ar an bhliain ab fhearr riamh le haghaidh éan faoi lánchluimhrí (d’fhág 26 acu a nead).
fairtheoirí éan birdwatchers
" *“Twitchers” *a thugtar ar na fairtheoirí éan agus tá níos mó ná trí mhilliún acu sa Bhreatain.
éan corr an odd person
" Is féidir a bheith deimhin de i gcónaí go mbeidh éan corr amháin agat i rang Gaeilge: má bhíonn leat, ní bheidh an t-ál iomlán suite os do chomhair, iad ag grágaíl d’aonghob.
feidhm nádúrtha éin natural bird function
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
ríocht na n-éan the bird kingdom
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
scaoth éan swarm of birds
" Ba é an staraí ealaíne / ainmhíchara an Dochtúir Peter Husard a bhunaigh an músaem in Chichester sna Stáit Aontaithe i lár na seachtóidí, agus ó shin i leith tá staidéar á dhéanamh ansin ar ainmhithe éagsúla agus ar a gcuid ealaíne, mar shampla: na patrúin a fhágann caocháin agus iad ag tochailt faoi thalamh; an dóigh a dtiteann cac staile i bhfoirm pirimide; na marcanna a fhágann cait ina dtimpeallacht féin nó an t-eagar a chuireann scaoth éan orthu féin ag eitilt sa spéir le titim na hoíche.
tearmann éan bird sanctuary
" Ina dhiaidh sin, thaistil mé go cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.
an líon beach, féileacán agus éan the number of bees, butterflies and birds
" Tugadh tacaíocht don dearcadh seo cúpla bliain ó shin nuair a foilsíodh staidéar sa mBreatain a thaispeáin go raibh laghdú mór tagtha ar an líon beach, féileacán agus éan i gceantar a raibh bia a raibh modhnú géiniteach déanta air ag fás ann.
tearmann éan bird sanctuary
" Ina dhiaidh sin, thaistil mé go cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.
éan corr. odd man out, outsider.
" Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr.
ina éan scoite, companionless,
" Is trua gur fágadh an duine seo ina éan scoite, ach is maith an rud é go bhfuil bunús mór an phobail náisiúnaigh ag tabhairt bata is bóthar don dearcadh diúltach atá aige.
na héin aistreáin the migratory birds
" Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.
éan na finscéalaíochta, the bird of legend,
" Ag siúl ar shráideanna ciúine Gernika (mar a thugtar air sa Bhascais), agus mé ar laethanta saoire i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin, rith sé liom go raibh an baile cosúil leis an fhéinics, éan na finscéalaíochta, a d’éirigh aníos athbheo as luaithreach tine.
sheilg siad na héin mhaorga seo. they hunted these stately birds.
" Dála daoine ar fud an domhain, mheas muintir na háite go raibh na hiolair ag déanamh slada ar a gcuid uan agus sheilg siad na héin mhaorga seo.
éan corr outsider
" D’aithin Mac Grianna é féin ina éan corr i measc na bpáistí eile.
bhí na héin ina ndúiseacht the birds were awake
" – faoin am sin bhí na héin ina ndúiseacht le fada! Ba ar éigin a d’fhan mé i mo dhúiseacht, ach níor chuir a leithéid stop le Shea riamh.
ealta éan flock of birds
" Nó b’fhéidir go ndearna ealta éan damáiste d’innill an eitleáin.
éin chuideáin geeks
" Féile ina gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain le labhairt fá rince agus fá’n áit atá ag an rince i gcomhthéacs an chultúir.
éan cuideáin geek
n-éan avian, birds
" Le blianta beaga anuas, tháinig SARS agus ulpóg na n-éan agus d’imigh siad arís gan mórán dochair déanta acu, ainneoin an rírá fúthu ag an am.
eití éan birds wings
" Sníomhann fuachteití éan,oighear-ré,sin mo scéal.
héin birds
" Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
éin uisce water hen
" Tugtar loonie ar an mbonn dollar tar éis an éin uisce comónta, an ‘Loon’ agus mar gheall ar an ainm seo, tugtar ‘toonie’ ar an mbonn dhá dollar.
Corr-éan odd bird
an t-éan is ansa liom ansin my favourite bird
" Is é an gainéad an t-éan is ansa liom ansin - tá sé an-mhór, an-deartha is maorga agus tá sé go hiontach é a fheiceáil ag tolgadh anuas ó airde an aeir síos díreach ingearach ag 90 céim isteach san fharraige le hiasc a cheapadh faoin fharraige.
héin órga golden birds
" Bhí na soilse mearbhallacha ag scairteadh, cluais le héisteacht ar na héin órga agus ar na foghlaithe mara, agus Disco Paradise ag bíogadh ’s ag bogadh arís tar éis leathbhliain seaca.
Scata éan siocbhána a group of frost-white birds
sciurd éan amach tharam a bird shot out by me
" Bhíog mé nuair a sciurd éan amach tharam ag screadaíl.
cineálacha éin kinds of bird(s)
" Tá go leor cineálacha éin ar an oileán ach, ar nós gach oileáin bhig, níl mórán ainmhithe air.
Léiríonn sé éan creiche ollmhór it shows a massive raptor
" Léiríonn sé éan creiche ollmhór agus jíp ina chrúba aige.
raibh fraoch an éin dírithe ar the bird’s ire was directed at
" Dúirt Deller, agus é ag caint faoin saothar, gur deis a bhí ann a mhíshasamh a chur in iúl agus go raibh fraoch an éin dírithe ar an jíp agus ar shotalacht na ndaoine a bhí á thiomáint.
an t-éan marbh cáiliúil sin that famous dead bird
" Mhol sé le *Mrs Thatcher* comparáid a dhéanamh idir ceannaireacht Michael Foot ar an *Labour Party* agus an t-éan marbh cáiliúil sin i *Monthy Python*.
mór le caomhnóir éan in a relationship with a bird conservationist
" Sular fhág sí, bhí sí mór le caomhnóir éan, Mark, ach anois tá páirtí nua aige.
ceol binn na n-éan the birds’ sweet music
" I ndiaidh aifreann na maidine, bhí scaifte breá daoine bailithe le chéile ag an chrosbhealach, ceol binn na n-éan le cloisteáil mar mhaise ar cheol na cruite.
ag beannú don éan greeting the bird(s)
" Gura fada buan iad ag beannú don éan is don dúlra thart orthu.
cantain na n-éan bird song
" Ina leabhar *The Healing Power of the Human Voice* (2005) meabhraíonn James D’Angelo dúinn go bhfuil an nádúr daonna fite fuaite leis an dúlra agus cá hionadh mar sin éifeacht amhrán na farraige is na gaoithe orainn, cantain na n-éan agus mar sin de.
an fliú éan bird flu
" Deir Rialtas na hAstráile go mbeidh siad ábalta an fliú éan a choinneáil faoi smacht san am atá romhainn ach tá amhras ar Dháithí Ó Colchúin faoi a bhfuil ráite acu go dtí seo faoin ngalar.
éin birds
" Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!
éin birds
" Bhí Liz Curtis buíoch gur míníodh di roimh ré go bhfuil cuid de na héin ar Oileáin Farne in iarthuaisceart Shasana an-fhraochta ar fad!
éin chuideáin geeks
" Tá seal caite ag Breandán de Gallaí ag freastal ar chomhdháil i dtuaisceart Chríoch Lochlainn mar a gcruinníonn éin chuideáin damhsa an domhain ar an aon láthair.
n-éan cuideáin strange guys
" Measann Roseanne Smith gur chailleamar fuinneamh agus díograis na n-éan cuideáin, nó na Outliers.