Pota Focal Intergaelic
a | án | aen | an- | ana | and
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an streachailt the struggle
" Ní bhíonn an streachailt chéanna le déanamh agat nuair a bhíonn conradh ceart agat.
tá teorainn leis an bhrú there's a limit to the pressure
" Mar sin féin, molann Virgin uaireanta d'Altan triail a bhaint as rudaí nua, ach tá teorainn leis an bhrú is féidir leo a chur ar an ghrúpa.
An todhchaí The future
" An todhchaí ======= Níl sé i gceist ag Mairéad éirí as a bheith ag seinm le hAltan go ceann i bhfad.
An Rinn Ring, Co. Waterford
" Is í An Rinn an Ghaeltacht is lú aithne agus is lú achair sa tír.
an teanga a choimeád ina beatha. keep the language alive
" Is deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaelainn i gcúinne beag torthúil agus tá an-chreidiúint ag dul do mhuintir na Rinne as ucht an teanga a choimeád ina beatha.
buailte ar an Aigéan Ciúin beside the Pacific Ocean
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
eacnamaíocht an tsaormhargaidh free-market economics
" Is Coimeádach é, ar ndóigh, agus oifigeach in arm Shasana fosta - an sórt duine a thug tacaíocht do Margaret Thatcher nuair a bhí sí ag moladh eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus ag argóint in aghaidh idirghabháil an stáit nuair a bhí gnólacht ar bith i dtrioblóid.
an chalaois fraud
" Is léir anois go bhfuil a lán feisirí ag cailleadh trua do na feirmeoirí, go mór mhór nuair a chloiseann siad faoi 'leaba agus bricfeasta' (an leasainm a thugtar ar an chalaois a tharlaíonn nuair a thugann feirmeoirí caoirigh ar iasacht d'fheirmeoirí eile chun iad a chur i bhfolach ar chigirí) nó faoi fheirmeoirí a bheith ag thabhairt an ghalair do na caoirigh atá acu d'aon turas chun cúiteamh a fháil.
an ghéarchéim the crisis
" Míshásamh ======= I measc an lucht gnó faoin tuath fiú tá míshásamh ann faoin dóigh a bhfuil an ghéarchéim ag cur isteach orthu - géarchéim a tháinig chun cinn an chéad lá riamh mar gheall ar dhrochghrúdarlach muc a bheith á cheannach ag feirmeoirí áirithe.
ar bhuntáistí an dátheangachais on the advantages of bilingualism
" Tá cur síos sa bhileog ar bhuntáistí an dátheangachais agus ar Comhluadar.
dul i bhfeidhm make an impact on
" Easpa ama le dul i bhfeidhm ar an dtimpeallacht déarfainn an míbhuntáiste is mó i measc tuismitheoirí.
gnáthimeachtaí an tsaoil everyday activities
" , is gá den bpáiste Éireannach dul i muinín an Bhéarla rómhinic agus gnáthimeachtaí an tsaoil á leanúint aige/aici.
an chéad chuach the first cuckoo
" Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…" á theilgean aici go hard san aer.
an blaoch the call
" Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…" á theilgean aici go hard san aer.
an t-uaillmhaíomh macallach the echoing call
" Cloisim i mo chloigeann anois é, an t-uaillmhaíomh macallach úd a dhúisíonn iad siúd atá tar éis an geimhreadh a chaitheamh ina dtromchodladh duairc.
an nóis taistil the custom of travelling
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
corramhrán an odd song
" Tá an oiread sin spéise sa teach seo sna hamhráin is go mbíonn corramhrán ag teacht ón taobh istigh den bheár freisin.
gan beann agam ar an teilifís paying no heed to the television
" Bhí mé ag úthairt liom sa bhaile tráthnóna Dé Sathairn amháin agus gan beann agam ar an teilifís a bhí ar siúl sa chúlra.
ar thóir an spraoi looking for fun
" In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi.
nach bhfuil an dara rogha acu that they have no other choice
" Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).
bhí an chuma ar an scéal it seemed
" Bhí náire ormsa ach bhí an chuma ar an scéal nár chuir an easpa príobháideachta isteach ar dhuine ar bith eile! Ag caint ar a bheith ag brath go rabhthas i gcónaí ag faire ort: tá pictiúir den réabhlóidí Che Guevara, a throid le Castro i réabhlóid na gcaogaidí, le feiceáil ar fud na háite.
dul ar an ordóg to hitchhike
" B'fhéidir go mbeadh fonn ort dul ar an ordóg ó áit go háit.
dhealga an chactais the cactus spines
" Fanóidh muid anseo go dochloíte ag déanamh angaidh mar dhealga an chactais i gcroí bhur gCinnteachta, i gcnámh droma bhur gCumais; ag canadh amhráin ár gcráiteachta; ag léirsiú ar shráideacha na hagóide; ag líonadh na bpríosún le dínit na tragóide.
a chuaigh i bhfeidhm orm which made an impression on me
" Ba iad na daoine ansin níos mó ná rud ar bith eile a chuaigh i bhfeidhm orm, cé go bhfuil sé go hálainn mar áit fosta.
an tslua-thurasóireacht mass tourism
" Go hádhúil, níl an t-oileán millte ag an tslua-thurasóireacht go fóill.
aimsíodh an fhianaise the evidence was discovered
" Ach ní i mí an Aibreáin a aimsíodh an fhianaise seo sa Chartlann Náisiúnta agus ní hé Michael Heney a d'aimsigh í.
Deineadh an scéal a thairiscint The story was offered
" Deineadh an scéal a thairiscint d'iriseoirí éagsúla ach níor tugadh aon aird air seachas sa News of the World agus i gceann de na nuachtáin áitiúla.
an-chasta very complicated
" Ach nuair a rinne Kelly féin iarracht an 'scúp' iontach seo a thabhairt do na meáin chumarsáide roimhe sin, tugadh an chluas bhodhar dó! Cén fáth a bhfaca Michael Heney scéal san áit nach bhfaca éinne eile é? An é go raibh an fhianaise nua a d'aimsigh Kelly an-chasta agus nach bhféadfaí a tábhacht a thuiscint go héasca? Cé go bhfuil scéal Thriail na nArm an-chasta, níl rud ar bith casta faoin bhfianaise nua.
an mearbhall the confusion
" Tá sé greannmhar an mearbhall a fheiceáil a bhíonn ar na meáin chumarsáide nuair a chuirtear ceann dá mbunmhiotais as a riocht.
san airdeall ar an ghalar on the alert against the disease
" Faoi láthair, tá tréidlianna na Roinne Talmhaíochta san airdeall ar an ghalar ag an teorainn, ag aerfoirt agus ag calafoirt, agus tá cosc ar iompórtáil ainmhithe agus táirgí ainmhithe.
an-tógálach infectious
" Tógálach ======= Tá an galar crúibe agus béil an-tógálach mar aicíd agus aistríonn sé go gasta ó ainmhí go hainmhí; bíonn tréimhse goir idir dhá lá agus lá is fiche aige.
an bhacaí the lameness
" Na comharthaí a i gcás na gcaorach, níor mhair siad i bhfad - d'imigh an bhacaí agus an fiabhras i gceann lá nó dhó agus go minic bíonn an galar ciúin i measc na gcaorach.
an-léargas insight
" Is é seo an chéad uair atá a shaothar le feiceáil mar seo in Éirinn agus tugann an taispeántas an-léargas ar an phróiseas deartha a bhaineann le hataí Treacy chomh maith leis an scil agus leis an chumas ar leith atá aige mar ealaíontóir.
an-tógtha excited
" 'Cad é sa diabhal atá siad a dhéanamh?' Nuair a chuaigh mé go dtí an siopa, tháinig Peadar chugam sa tsráid agus é an-tógtha.
ar an idirlíon on the Internet
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
ag biorú an chlaí replenishing the stone wall
" Bhíodh sé ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao nó ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó nó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr.
cloch chorrach an unsteady rock
" Bhíodh sé ag cur cruógaí beaga air féin, ag freastal ar lao nó ag réiteach ar ghamhain, ag coinneáil súil ar an mbó nó díreach ag biorú an chlaí mar dhea, ag socrú cloch chorrach anseo is dhá chloch ansiúd ar a barr.
Bhíodh brí bhreise ina choiscéim There would be an extra spring in his step
" Bhíodh brí bhreise ina choiscéim ag dul chuig an doras nuair a chloiseadh sé guthanna gasúr.
thar an tairseach over the threshold
" D'fháiltíodh isteach thar an tairseach iad.
b'in an cháil a bhí riamh air that was always his reputation
" Is b'in an cháil a bhí riamh air.
ar a bunaíodh an stát on which the state was founded
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht that religion and politics were synonymous
" Nuair a bhí cinneadh le déanamh an mbeadh Fear Manach mar chuid den Saorstát nó den Ríocht Aontaithe, bhí an cinneadh a rinneadh bunaithe ar thorthaí dhaonáireamh 1911; agus de bharr gur ghlac daoine leis gurbh ionann an creideamh agus an pholaitíocht, tá Fear Manach fós sa Ríocht Aontaithe.
in éadán an bhraighdeanais against internment
" I 1971, bhí na hagóidí ar siúl in éadán an bhraighdeanais agus mhol go leor ceannairí pobail gan na foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
de réir fhigiúirí an daonáirimh according to census figures
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
le haimhleas an phobail Chaitlicigh to the detriment of the Catholic population
" Bheadh sé le haimhleas an phobail Chaitlicigh, dar leo fosta, gan iad féin a chur chun tosaigh.
an cheist achrannach the difficult question/matter
" Go follasach, choinnigh na páirtithe polaitíochta amach as an cheist achrannach.
Chomhaontú Aoine an Chéasta the Good Friday Agreement
" Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d'athaontú na tíre.
is lú an fonn a bheidh orthu they will be less enthusiastic
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
meon an léigir siege mentality
" Tá spiorad na nAontachach in isle brí, meon an léigir níos láidre ná mar a bhí riamh.
an Balor bunaidh the original Balor
" Ar an dóigh sin a chualathas dó ar na mallaibh go bhfuil scéal scannalach, sclamhach dá chur thart: nach é Balor s'againne an Balor bunaidh ar chor ar bith, ach go mbíodh boc den ainm céanna leis ina chónaí ar Thoraigh san am fadó.
an scaifte sin that crowd
" An rud a chuireann Balor i leith Chumann na Staraithe Samhailteacha agus an scaifte sin a bhíonn siad ag iarraidh a shásamh, tá sé le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill díreach faoi bhun an fhocail ársa, álainn sin lena gcuireann sé síos ar ghaoth Oileán Thoraí: an focal 'onamataipéach'.
gur beag is fiú an teorainn that the border isn't worth much
" D'admhaigh Willie ar na mallaibh gur beag is fiú an teorainn mar áis leis an ghalar crúibe is béil a cheansú.
an-cháilithe very qualified
" Bhí traenáil agus taithí mhaith faighte ag foireann Digital, agus iad an-cháilithe.
an chéad iarraidh seo this first time round
" Triallom! (= Triallaimis!) Bíodh gur 'Beo' is ainm don iris beolíne seo, triallfaimid tamall i measc na marbh an chéad iarraidh seo.
an-rathúil successful
" Tá tréimhse an-rathúil romhainn má bhíonn ar ár gcumas ar fad cur le chéile agus leas a bhaint as na deiseanna ar fad atá agus a bheas ar fáil dúinn.
an chaidrimh relations
" In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tar éis tarlú sa tsochaí ó thaobh an chaidrimh idir ciníocha de, an bhfuil rudaí athraithe an oiread sin i ndáiríre? Ba cheart go spreagfadh roinnt eachtraí a tharla le tamall anuas muid le ceist a chur cad é go díreach atá athraithe, cad iad na hathruithe atá i gceist, cad iad na rudaí nár athraigh fós agus cén fáth nár athraigh siad.
nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo they seldom pay for this bad behaviour
" Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo.
an sclábhaíocht slavery
" Níl an sclábhaíocht i gceist sa tír seo níos mó, ná ní dhéantar linseáil ar dhaoine go poiblí a thuilleadh; tá oifigigh de chuid na bpóilíní ann, áfach, atá ciníoch agus tugtha don dúnmharú, agus pobal ciníoch Mheiriceá ag tabhairt cead a gcinn dóibh agus á spreagadh chun gnímh.
an caimileon fealltach agus gránna seo this insidious and ugly chameleon
" Tá sé beo bríomhar agus borradh faoi, an caimileon fealltach agus gránna seo.
an nós habit
" Ach fós níl aon fhianaise ann go bhfuil an nós an Béarla a úsáid go minic seachas an Ghaeilge ag athrú.
nocht sé foléine he showed an undershirt
" Ní raibh sé sásta teacht go Learpholl chun labhairt leo fiú, cé go ndearna Robbie Fowler, captaen Learpholl FC, ráiteas os comhair an tsaoil mhóir ar an chlár teilifíse "Match of the Day" nuair a nocht sé foléine a raibh "Support the dockers" scríofa uirthi.
éirí as an agóid abandon their protest
" Ghearr an Cumann Peile (an FA) fíneáil £5,000 ar Fowler de bharr na heachtra sin, agus thuill Tony Blair drochmheas na ngnáthdhaoine i Learpholl nuair ab éigean do na dugairí éirí as an agóid i mí an Mhárta 1998.
an-dílis very loyal
" D'éirigh ár bhfeisire áitiúil, Peter Kilfoyle, a bhí an-dílis do Tony Blair, as a phost mar aire fiú, ag rá go raibh an páirtí ag briseadh an cheangail leis na gnáthdhaoine.
an Chlochaois the Stone Age
" "Gabhaigí níos faide siar fós, a phluaiseoirí, 'fhad leis an Chlochaois óna dtáinig sibh," a chomhairlíonn Balor don bheirt.
an t-aon chúis sóláis the only consolation
" Ba í an t-aon chúis sóláis a bhí ann do Bhalor sa chéad eagrán den iris úr ná go raibh tús áite aige féin ar an chuach chantalach sin Antaine Ó Fartacháin, "An Rógaire Dubh" féin.
Déan an dá thrá a fhreastal do two things at once
" "Déan an dá thrá a fhreastal," a chomhairlíonn Balor don eagarthóir.
an céatadán percentage
" Mar sin, d'ísligh an céatadán a théann ar phá agus ar thuarastal.
an bhorrtha the boom
" ) Tá costas na dtionscadal sa Phlean Forbartha Náisiúnta ardaithe go mór de bharr an bhorrtha i dtionscal na tógála, agus tá moill curtha ar go leor de na tionscadail.
ag béal an tolláin at the end of the tunnel
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
an bhriogáid dóiteáin the fire brigade
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
an bonnán the horn, the bittern
" Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004? Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht.
an chéirseach the song thrush
" B'fhearr liom féin a bheith ag éisteacht leis an lon dubh is an chéirseach is an fuiseoigín le chéile! *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
an fuiseoigín the lark
" B'fhearr liom féin a bheith ag éisteacht leis an lon dubh is an chéirseach is an fuiseoigín le chéile! *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
an ghné aspect
" Dar leis féin gurb é an coincheap féin an ghné is tábhachtaí den ealaín agus gur rud tánaisteach é an ealaín féin a chruthú.
An Tír Tairngire the Promised Land
" Ar saoire dhuit, seas ar Bhinn Dhiarmada agus feic dul faoi glórmhar na gréine; seas ag Ceann Sratha agus cífir an Bhrasaoil; seas ar Bharr Chnoc Bhréanainn agus cífir, siar ó dheas uait ag íor na spéire, An Tír Tairngire.
clabhsúr an end
" Cúpla lá pléisiúrtha ======= Chuir an eachtra sin clabhsúr le mo thuras timpeall an locha.
go mbronnfar seoladh that an address will be awarded
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
an-dua a lot of effort
" Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.
an aon ionadh é is it any wonder
" Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh? B'fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis.
an caidreamh the association
" Nuair a chuireann na meáin cúrsaí na sé chontae agus cúrsaí na sé chontae fichead inár láthair mar aonaid ar leith, an aon ionadh é gur mar sin a thosaíonn muid ag smaoineamh? B'fhéidir nach bhfuil an fhadhb chomh holc céanna in áit ar nós Thír Chonaill mar go bhfeiceann an pobal ansin an caidreamh atá eatarthu féin agus an pobal ar an taobh eile den teorainn, caidreamh nár cuireadh stop riamh leis.
bíonn an dealramh air it appears
" Nuair a léann tú giota eolais mar sin i nuachtán bíonn an dealramh air nach bhfuil ann ach comhtharlúint shuimiúil.
comhtharlúint shuimiúil an interesting coincidence
" Nuair a léann tú giota eolais mar sin i nuachtán bíonn an dealramh air nach bhfuil ann ach comhtharlúint shuimiúil.
i bhfábhar an chomhaontaithe in favour of the agreement
" Bhíomar ag cur agallaimh ar aontachtóir a bhí i bhfábhar an chomhaontaithe faoin gcruachás ina raibh sí toisc nach raibh ach iarrthóir aontachtach frithchomhaontaithe ag seasamh sa toghchán.
an sconsa the tap
" "Ní ólaim uisce as an sconsa anois," a dúirt mo chara Emer.
an bhuinneach diarrhoea
" Bhí muid ag cur amach agus bhí an bhuinneach orainn.
an mháinliacht the surgery
" Ansin chuaigh mé chuig an mháinliacht agus chuir mé an buidéal isteach sa bhosca samplaí a théann chuig an tsaotharlann fá choinne scrúdaithe.
an-ghafa very busy
" Í réchúiseach fáilteach, cé gur léir go raibh sí an-ghafa.
dul i bhfeidhm ort make an impression on you
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
an ghnáthscléip the usual crack, gaiety
" Agus ós rud é anois go bhfuil an chontúirt a bhí ann maidir leis an ngalar crúibe agus béil laghdaithe, is féidir a bheith cinnte go mbeidh an ghnáthscléip a bhíonn ann i gcónaí ag tarlú arís i mbliana.
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
le haghaidh an fhíorsheisiúin for the real session
" agus nuair a chríochnaíonn an rud foirmeálta tá sé de nós ag na fonnadóirí bualadh le chéile le haghaidh an fhíorsheisiúin ar chúl Thigh Uí Chléirigh (nó "The Blonde's" mar is fearr aithne air).
splanc a bhaint as an tsaol enjoy life
" Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d'intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol.
Beidh an saol ag caint ort everyone will be talking about you
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Is mór an gar it's just as well
" Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d'imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig.
go dtig cearr beag ar an bhuachaill that the boy becomes a bit touched
" Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.
an rud a fhóireann daofa what suits them
" Is ábhar tinnis dóibh fosta an easpa tuigbhéala atá ag an aos óg ar an rud a fhóireann daofa, nó gur minic iad ag dul thart agus éadach suaithní orthu.
Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile it doesn't suit you one way or the other
" Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile".
ag tacú leis an argóint seo supporting this argument
" Deir na múinteoirí agus an Roinn Oideachais nach bhfuil fianaise ar bith ann ag tacú leis an argóint seo.
mar a thagair an Direánach don abhainn as Máirtín Ó Direáin referred to the river
" Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fán 'Life Chianda', mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, tá againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.