Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éide chatha battle armour
" Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.
éide bréige fancy dress
" An t-imeacht is fearr liomsa ná carnabhal na bpáistí agus iad gléasta in éide bréige.
éide uniform
" Gheobhadh Pobal Dílis Thuaisceart Bhéal Feirste bábóga gléasta in éide Scoil Cailíní Ard Eoin le go dtiocfadh leo seilí a chaitheamh leo i rith laethanta saoire na Nollag, ar eagla na n-airíonna aistarraingte agus an scoil druidte.
éide uniform
" Ní raibh an bheirt eile sásta éide arm Shasana a chur orthu féin agus b'éigean dóibh siúl thart nocht ar feadh tamaill.
éide uniform
" Go dtí le gairid, bhí siad le feiceáil ag máirseáil timpeall an cathrach in éide an UVF nó na nDúchrónach, ach i mbliana d'úsáid Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Clogherty, an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 (nó PTA) agus chuir sé in iúl dóibh go raibh cosc ar éide na n-eagraíochtaí paramíliteacha.
seirbhísí in éide uniformed services
" Dúradh fiú in altanna faoin 11 Meán Fómhair a foilsíodh sa *New York Times* le déanaí gurbh é an cogadh fuar idir na seirbhísí in éide ba chúis leis na deacrachtaí cumarsáide ar an lá tubaisteach sin.
éide uniform
" Ar ndóigh, chreid formhór na ndaoine i Nua-Eabhrac go raibh pá níos fearr tuillte ag na laochra seo in éide.
in éide in uniform
" "Chomh luath agus a bhain Seoirse Dubya Mheiriceá a chulaith Santy de chuir sé é féin in arm agus in éide.
bhuachaillí na héide goirme the boys in blue
" Agus, dár ndóigh, ná déanaimis dearmad ar iompar "ainmhí" na nGardaí a chuir alltacht ar an bpobal ar 6 Bealtaine 2002, nuair a thug scata de bhuachaillí na héide goirme bascadh ceart do dhream mac léinn a bhí ag léirsiú i lár Bhaile Átha Cliath.
in éide in uniform
" "Chomh luath agus a bhain Seoirse Dubya Mheiriceá a chulaith Santy de chuir sé é féin in arm agus in éide.
gan a n-éide oifigiúil without their official uniform
" Lena chois sin, beidh cead ag na Gardaí dul isteach i dtábhairní gan a n-éide oifigiúil a bheith á caitheamh acu agus fianaise a bhailiú le tábhairneoir a tharraingt os comhair cúirte, agus rachfar ar ais go dtí an seanam dúnta ar an Déardaoin, is é sin 11.
na laochra in éide uniformed heroes
" " Mar chomhréiteach, táthar ag moladh go dtógfaí leacht cuimhneacháin faoi leith do "na laochra in éide" i mBattery Park, atá in aice láimhe.
státseirbhísigh faoi éide uniformed civil service workers
" Tar éis an tsaoil, seo an áit a bhfuil go leor de na státseirbhísigh faoi éide ina gcónaí, gan trácht ar na fostaithe oifige sin ar fad nach saothraíonn milliún dollar sa bhliain, ná baol air.
in éide Moslamach in Muslim dress
" Fiú amháin na cailíní in éide Moslamach a bhí ag snámh in uisce domhain na Mara Rua, amach ó chathair Aqaba, bhí an gháir chéanna acu - "Welcome in Jordan!" Is daoine lácha, gealgháireacha iad muintir na hIordáine agus níl mórán acu faoi láthair le bheith sona faoi.
éide dhubh black clothing
" Réab bean óg le scian grianghraf ag léiriú fir ag dul in airde ar mhealbhacán agus tamall ina dhiaidh sin rinne bean, a bhí gléasta in éide dhubh sa mhodh ceartchreidmheach, ionsaí ar sceits do chuid an ealaíontóra Mheiriceánaigh Raymond Pettibon.
éide agus fáinní óir gold vestments and rings
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
éide uniform
" Tá na heachtraí seo curtha síos do shaighdiúirí in éide an Airm ach, bhí lorg na seirbhísí rúnda le mothú orthu.
a héide banaltra her nurse's uniform
" Bhuail sí le cara dá cuid a bhí díreach i ndiaidh a seal oibre san otharlann a chríochnú agus a raibh a héide banaltra uirthi go fóill.
ár n-éide our uniform
" "Ní thugann ár n-éide fiú cosaint dúinn," arsa Armie.
riail an mhóraimh in éide úr majority rule in new clothes
" " Tá muid uilig i bhfách le "tacaíocht trasphobail" ach ciallaíonn sé go dtig leis na haontachtaithe bac a chur ar chinneadh ar bith nach maith leo - riail an mhóraimh in éide úr, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
Éide nua na n-aeróstach the new uniforms of the air stewards
" Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus? Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
éide uniform
" Is fear óg réchúiseach é Daniel, agus éide an mhic léinn á caitheamh aige: T-léine dhearg, bríste bánbhuí agus seanbhróga reatha.
éide uniform
" Ansin dúirt sé lena thréad: "Bígí ciúin!" Tháinig duine de na gardaí in éide go dtí an t-umar baiste agus d'amharc sé suas an bealach.
cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois stick to their traditional work uniforms
" Dúirt siad gur cheart do na fir dhóiteáin go léir cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois.
éide uniform
éide pharaimíleatach paramilitary uniform
" Nuair a rinne na hOráistigh ionsaí ar ár bparáid ar Lá Fhéile Pádraig i 1996 (*Beo!*, eagrán 18), mhaígh an *Liverpool Daily Post *go raibh beirt, a raibh éide pharaimíleatach á caitheamh acu, ar dhíon an Ionaid Éireannaigh ag croitheadh bhratach na hÉireann ar an lá.
éide an UVF agus na nDúchrónach the uniform of the UVF and the Black and Tans
" Éide an UVF ======= Bhí iontas ar a lán daoine in Éirinn baill de bhannaí ceoil feadóige de chuid na nOráisteach a fheiceáil ar chlár *Léargas *agus iad gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach.
éide uniform
" Bhí 1,000 éide sa bhreis ag na Francaigh agus d’earcaigh siad cuid mhaith Éireannach don arm.
éide uniform
" Deir sé nuair a bhí sé ina mhac léinn ealaíne nach raibh nóta ceoil de chineál ar bith le cluinstin i nDún éideann, áit a raibh sé ag staidéar.
éide ghioblach an ghaineamhlaigh the ragged uniform of the desert
" I mbliana bhíodar ar ais san áit ba dhual dóibh, agus shiúladar tharainn go bródúil crosta, gléasta go fóill in éide ghioblach an ghaineamhlaigh.
éide na bhfreastalaithe the waiters' uniform
" Bhí sé go hiontach na daoine sin a fheiceáil, iad uilig gléasta i léinte bána agus bríste nó sciortaí dubha (éide na bhfreastalaithe) ag siúl i dtreo Aintree ar maidin.
éide Óglaigh na hÉireann the uniform of the Irish Volunteers
" Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.
grúpa cléireach in éide a group of robed clergy
" Chomh maith le crosa agus greasa guairneánacha teibí, tá roinnt mhaith íomhánna eile ann, ina measc dragún, leoin, grúpa cléireach in éide, ba ag lí lao, agus torc allta.
éide Arm na hAontachta in the uniform of the Union Army
" Ní rabhamar ag súil le hatmaisféar an champa airm ar an láthair champála, ach dar fia, cé a shiúil tharainn agus sinn ag fadú na tine ach buíon saighdiúirí gléasta in éide Arm na hAontachta.
gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach dressed in UVF and Black and Tans uniform
" B’amhlaidh a bhí i gcás na bparáidí: Cé go raibh baill de bhannaí ceoil feadóige na nOráisteach le feiceáil go rialta agus iad gléasta in éide an UVF agus na nDúchrónach, ní dhearna na póilíní faic faoi go dtí gur tháinig an Jim Larkin Republican Flute Band (JLRFB) ar an saol i 1997.
éide a chaitheamh to wear a uniform
" Dúirt na póilíní leo go raibh sé in aghaidh an dlí éide a chaitheamh agus nuair a luaigh na ceoltóirí go raibh na dílseoirí i gcónaí gléasta in éide, chuir siad stad leosan fosta.
éide uniform
" Bhí caint faoin íomhá seo den chíobhaí a úsáid ar éide fhórsaí síochána na Nua-Shéalainne san Afganastáin.
éide uniform
" San ionsaí ar an Devenish Arms agus ar Graham’s Bookmakers, ba iad na póilíní a thug an piostal Browning do na dúnmharfóirí! Cad é mar a fuarthas na gunnaí? Bhuel, mar a fuair an Breitheamh Peter Cory amach, chuaigh fear de chuid an UDA/UFF, Ken Barrett – an fear a phléadáil ciontach as Pat Finucane a mharú – isteach i mbeairic de chuid an UDR agus éide an UDR air.
éide scoile gheal, a bright school uniform,
" Bhí siad uilig gléasta in éide scoile gheal, agus d'amharc siad féin agus a dtuismitheoirí ar na bláthanna, bréagáin agus léinte sacair ar an scrín, gach duine fós faoi bhrón mar gheall ar bhás an bhuachalla óig.
tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine. the police are dressed in British police uniforms
" Is é an chéad rud atá le feiceáil agus duine ag dul thairsti ná Winston Churchill Avenue, agus tá na póilíní gléasta in éide phóilíní na Breataine.
éide meánscoile secondary school uniform
" Cá ndeachaigh an t-am? Conas mar a charn na coinní beaga sin thar na blianta ar fad le gur fhág siad mo mhac ina sheasamh os mo chomhair agus éide meánscoile air agus m’iníon – an babaí – faoi éide naíscoile? Chuirfinn ceist ar Naomh Agaistín ach ní dóigh liom go dtuigfinn an freagra.
éide uniform
" Ar an drochuair, ní raibh gach duine in éide saighdiúra chomh cróga sin.
Éide uniform
" Ach fiafraigh fios an bhealaigh de,Labharfaidh glór dorchla lán cruinnisÉide cruthanta arís é-Is é an post an duine.
éide scoile school uniform
" Oíche Dé Sathairn bhíos mar bouncer ag dioscó i Chicago agus maidin Dé Luain bhíos thar n-ais in éide scoile arís – bhí sé sin deacair! Bhí mo chuid cairde ar fad imithe chomh maith.
éide an Phiarsaigh Pearse’s uniform
" Cuirtéis i nGaolainn ghlan tugtha ag oifigeach faoi arm is in éide an Phiarsaigh.
faoi éide duaithnithe in chamouflage dress
" Saighdiúirí faoi éide duaithnithe ar nós craiceann síoraif, rud a bheadh níos fearr sa ngaineamhlach ná ar an sliabh, agus raidhfil ina ghlaic ag chuile dhuine acu.
an éide dhubh orthu in clerical garb
" Seansaol Bisiúil ======= Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin.
folaithe in éide na measúlachta hidden clothed in respectability
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
t-éide saighdiúra ab fhearr faoin ghréin best soldier’s uniform in the world
" Is fada ó friothadh amach nárbh é an *bull’s wool* an t-éide saighdiúra ab fhearr faoin ghréin do theas na hAfraice.
gléasta ó bhaithis go bonn in éide dhubh dressed from head to foot in black
" Errigal i Leitir Ceanainn oíche Dé Sathairn seo a chuaigh thart? Luath go leor san oíche a bhailigh siad isteach, iad gléasta ó bhaithis go bonn in éide dhubh agus cuma bhagrach orthu.
in éide fear tíre in civilian clothes
" Thug oifigeach airm, in éide fear tíre, cuairt oíche air sa chillín go gairid ina dhiaidh sin.
gleasta ina éide airm dressed in his army uniform
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
gléasta in éide dhorcha dressed in dark clothing
" Go tobann ón láimh dheis, tháinig corradh le céad duine, iad gléasta in éide dhorcha agus thuig mé gur seo na Giúdaigh agus iad ag siúl i dtreo na seomraí gáis.
in éide in a uniform
" “*Happy holidays!*” a scairteann fear Coca Cola agus é gléasta in éide Shan Nioclás.
a arm agus a éide his weapons and clothing
" Ní bhíodh de shaoltacht ag gach ridire acu ach a arm agus a éide agus a chapall, agus ní bhíodh de chuallacht aige ach a ghiolla.