Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó thráth go chéile now and again
" Go deimhin, ní ligfinn do mo pháistí féin siúl ar scoil leo féin mar gheall ar a chontúirtí is atá an bóthar sin, cé go ndéanaim iarracht siúl ar scoil leo ó thráth go chéile nuair a bhíonn an deis sin agam.
ó thráth go chéile now and again
" Beidh na léachtaí agus an t-ábhar teagaisc eile don Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió á seachadadh ar an idirlíon, rud a fhágfaidh go mbeidh duine in ann an cúrsa a dhéanamh áit ar bith ar domhan, fad is go mbeidh deis aige teacht chuig ceardlanna a bheas ar siúl ó thráth go chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
ó thráth go chéile. from time to time.
" ‘Féinleigheas’ a thug sé air - *ten-spot* laethúil, dhá channa Arthur, ocht gcupán Nescafé (nó tae Barry’s), idir fiche is tríocha rólaí Drum agus pé ar bith diabhlaíocht eile a tháinig faoina raon ó thráth go chéile.
tagann tocht orm ó am go chéile. I get emotional from time to time
" Ian: Tá mé buartha má bhí mé ródhian ort, a Bhaloir, ach tagann tocht orm ó am go chéile.
ag seinm le chéile ó am go chéile playing together from time to time
" In 2004, mar shampla, tháinig Planxty le chéile in athuair agus rinne roinnt seónna i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus tá Moving Hearts ag seinm le chéile ó am go chéile chomh maith.
ó am go chéile occasionally
" Beidh Nuacht, Léirmheasanna, Féilte, Céad Oícheantaí, seáp sé nó seachrán ‘Ar an Seit’ ó am go chéile, de réir mar a oireann siad don gcolún.
Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile one must jump from speaker to speaker
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile some perfunctory reforms were done
" Sna hathchlónna éagsúla a foilsíodh anuas go 2004, rinneadh corr-mhionleasú ó thráth go chéile ach ní dhearnadh aon athbhreithniú substaintiúil ar na rialacha gramadaí.
ar ais chuici féin ó am go chéile she becomes her old self occasionally
" Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile.
dhearadh ó am go chéile to design now and again
" Ach is fiú pictiúr nó ‘portráid’ a dhearadh ó am go chéile a léiríonn cá bhfuil do threo agus cá bhfuil do mhian – ag an am áirithe sin.
ó am go chéile occassionally
" Úsáidtear teanga le cur síos a dhéanamh ar dhaoine; chun iad a cheiliúradh, a mholadh nó, ó am go chéile, chun iad a cháineadh.
ó am go chéile now and again
" Baineann Colm Ó Snodaigh an-sásamh as bheith ag seinm i seisiúin cheoil sa teach tábhairne, in ainneoin go mbíonn air "The Lonesome Boatman" a chasadh ó am go chéile.