Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuile shúil every hope
" Cén fhís atá agat féin don eagraíocht? Ár ndóigh tá muid ar fad ag súil le ré nua anois i gcur chun cinn na Gaeilge agus bheadh chuile shúil agam go mbeadh an earnáil phobail tríd an gComhdháil comhpháirteach le Foras na Gaeilge sa ré nua seo.
chuile lá chomh meadhrach every bit as tipsy, merry
" " Chuaigh uair isteach agus fán am sin bhí ná girseachaí chuile lá chomh meadhrach leis na gasúraí.
chuile lá chomh meadhrach every bit as tipsy, merry
" " Chuaigh uair isteach agus fán am sin bhí ná girseachaí chuile lá chomh meadhrach leis na gasúraí.
chuile cheard every corner
" Tagann daoine ó chuile cheard den tír agus ó áiteacha thar lear go Baile Átha Cliath agus caitheann siad an deireadh seachtaine ar fad, de ló agus d'oíche, ag gabháil fhoinn agus ag éisteacht le hamhráin.
chuile chearn every corner
" Tagann daoine ó chuile chearn den tír chuig an Oireachtas agus tuilleadh ó áiteacha thar lear.
chuile cheard every corner
" Ach b'fhéidir an rud is mó a tharraingeoidh aird i mbliana ná taispeántas speisialta amhránaíochta a bheas á thabhairt ag daoine óga atá ag teacht as chuile cheard chun a gcuid amhrán a chur i láthair an phobail le bród agus le mórtas.
chuile cheo eile everything else
" Tá ar a cumas braon taise a shú as plandaí nuair a bhíonn chuile cheo eile spalptha leis an tart.
ó chuile cheard from every corner
" ó chuile cheard ======= Deir Muiris Ó Rócháin, stiúrthóir na scoile, gurb iad na scoláirí is tábhachtaí, ach ar ndóigh taobh amuigh de na ranganna iad féin bíonn an baile lán le ceoltóirí.
chuile chéim every step
" Spuaiceanna ag éirí níos mó le chuile chéim, ach iad ar gach aon taobh de mo chos.
chuile phioc every bit
" Ach ní leor é chun an baol ó Sellafield a mhaolú: tá monarchana eile ar an láthair chéanna atá chuile phioc chomh contúirteach léi, nó níos measa.
ar chuile chúinne dorcha on every dark corner
" Tá sé thar am an rúndacht seo a scuabadh chun siúil, agus solas a chaitheamh ar chuile chúinne dorcha atá fanta i dtithe an stáit.
chuile phingin a fháisceadh amach to squeeze every penny
" "Beidh siad ag iarraidh chuile phingin a fháisceadh amach as an gcomhlacht," a dúirt siad.
chuile chearn every corner
" Freisin, mar gheall go bhfuil sé lonnaithe i gceantar Gaeltachta, tagann Gaeilgeoirí ó chuile chearn den tír chugainn ag foghlaim ár dteanga álainn.
chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann every colour that there could be
" Deirtear go bhfuil chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín.
in chuile mhóreagraíocht in every big organization
" Ach níor chóir dearmad a dhéanamh den mhéid seo: in chuile mhóreagraíocht, bíonn gá le creideamh éigin leis an struchtúr a choimeád le chéile.
chuile ghné den saol every aspect of life
" Deintear clúdach ar chuile ghné den saol go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
chuile chuileog every fly
" Tá chuile bhláth, chuile chuileog ina eachtra duit má tá féith na suime ionat.
tá chuile chosúlacht ar an scéal it seems very likely
" 25% faoi láthair) agus tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh siadsan ag ardú as seo go ceann dhá bhliain nó trí, is cuma cé a bheas i mbun rialtais.
chuile bhall den fhoireann every member of staff
" " Is léir go bhfuil an-mheas ag chuile bhall den fhoireann san ionad ar Ray.
chuile cheathrú each quarter
" 5% den daonra ag baint úsáide as an leathanbhanda anois (agus go raibh fás de 30% sa mhargadh in chuile cheathrú anuraidh), ach ní leor iad na figiúirí seo nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil ag éirí le tromlach na dtíortha ECFE níos mó ná 12% dá ndaonra a mhealladh i dtreo an leathanbhanda.
i mórán chuile ghné in virtually every aspect
" Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann.
go bhfuil chuile iarracht á déanamh that every effort is being made
" Tá sé suntasach freisin go bhfuil chuile iarracht á déanamh le tamall anuas sa mBreatain comhairle an Ard-Aighne don rialtas ansin faoi an raibh an t-ionradh dleathach a choinneáil faoi cheilt.
ó chuile aicme from every class
" Bhínn ag bualadh le daoine ó chuile aicme agus chomh luath agus a chloisidís gur oibrigh mé le Gael Linn, bhíodh an-mheas acu orm.
chuile aoisghrúpa every age-group
" “Ar an taobh eile den scéal, nuair a tháinig mise go Conamara i dtosach, ba Ghaeilge ar fad, beagnach, a bhí dá húsáid ag chuile aoisghrúpa ón Spidéal siar go Carna.
go súfaidh na meáin chuile dheoir that the media will suck every drop
" Is cinnte go súfaidh na meáin chuile dheoir as an scéal sin.
chuile ócáid every event
" Bheartaigh mé, agus cinneadh coinsiasach a bhí ann, dul i measc an phobail chomh mór agus a d’fhéadfainn, dul ag chuile ócáid ag a bhfuair mé cuireadh.
chuile chearn every corner
" Go bunúsach, íocann sealgairí trófaithe, a thagann ó chuile chearn den domhan, airgead mór (suas le $10,000 uaireanta) chun ainmhí a mharú i spás fálaithe.
chuile chanúint agus blas every dialect and accent
" Bhí orm dul i dtaithí ar an saghas Gaeilge a bhí ag chuile dhuine sa ghrúpa mar bhí chuile chanúint agus blas le cluinstin ann.
Dála chuile dhuine eile like everyone else
" Dála chuile dhuine eile, rinne mé go leor leor dearmad agus bhí neart deacrachtaí agam agus mé ag foghlaim (go háirithe leis an tuiseal ginideach) ach bhí an fonn foghlamtha agus an grá don Ghaeilge chomh láidir ionam nach raibh sé riamh i gceist agam éirí as.
chuile shaoránach every citizen
" Agus an rud atá ag gabháil a tharlú go sciobtha sa tír seo ná go dtiocfaidh daoine ar an tuiscint go bhfuil deireadh le ré na gcarranna agus go gcaithfidh muid córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth a chur ar fáil do chuile shaoránach in Éirinn, bíodh sé i mBaile Átha Cliath, i gClár Chlainne Mhuiris, i nGaillimh nó pé áit.
chuile stát every state
" Chomh maith le húdaráis áitiúla, tá parlaimint dá gcuid féin ag chuile stát agus ag an dá Chríoch, agus tá parlaimint náisiúnta i gCanberra.
agus go réiteodh sé sin chuile shórt and that that would solve everything
" Ach mar a dúirt duine de na daoine ag an gcruinniú, bheadh sé amaideach a cheapadh gur féidir le dream daoine geala a theacht le chéile, airgead a chaitheamh ar phóilíní agus go réiteodh sé sin chuile shórt.
ar chuile shaghas nuaíochta on every kind of new thing
" Ná deinimis dearmad go raibh láithreacht thuarach Dev (cad déarfadh “an fear fada?”) ag oibriú mar choscán neamhráite ar chuile shaghas nuaíochta, ar chuile shórt dul sa tseans.
chuile shórt everything
" Bhuel, bhí daoine sásta breathnú ar dtús agus nuair a chonaic siad an méid a chonaic siad, bhí siad ag rá, ‘Bhuel, b’fhéidir nach maith linn chuile shórt ach is maith linn cuid de na rudaí a fheiceann muid.
thuig chuile dhuine everyone understood
" “Nuair a glacadh an cinneadh go mbeadh cainéal nua ag teastáil agus gur ghá cainéal nua a thógáil, bhí sé le tuiscint – thuig chuile dhuine agus ghlac chuile dhuine leis – go mbeadh an cainéal seo neamhspleách lá is faide anonn.
chuile dhuine beo absolutely everyone
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
lucht tacaíochta de chuile chineál supporters of every kind
"lucht tacaíochta de chuile chineál acu ach le blianta beaga anuas tá tacaíocht á fáil acu ó chuid de na daoine is saibhre san Astráil, duine de mhuintir Besen as Melbourne, cuir i gcás, a bhfuil sé de cháil orthu gur fiú $1.
chuile mhionshonra sa staid, every small detail in the stadium,
" Má dhéantar bainistiú ar chuile mhionshonra sa staid, is amhlaidh is iontaí an seó teilifíse.
Go mbeadh chuile rud bunoscionn. That everything would be upside down.
" Go mbeadh chuile rud bunoscionn.
Bíonn sé difriúil chuile uair. It's different every time.
" AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis? ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair.
Tá gnótha chuile áit aici she has business everywhere
" Tá gnótha chuile áit aici ach san áit ar cheart di bheith.
áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit. where he greeted everyone in the place by name.
" I ndiaidh an agallaimh chuaigh muid go dtí bialann phlódaithe, áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit.
chuile shaoránach every citizen
" Sa chéad dul síos, cé leis í? Cé atá i dteideal athrú a dhéanamh? Cén fáth? Cén íomhá den tír atá á cur chun cinn ag bratach? Agus i gcás na Nua-Shéalainne, cén bhaint atá acu anois leis an mBreatain? Is dócha gur maith an rud é féiniúlacht a cheistiú, agus mar a dúirt duine sa lucht éisteachta ansin, ba cheart do chuile shaoránach an rud a phlé, ní hamháin an Ríchomhairle.
ó chuile réimse from every area
" Bhí roinnt mhaith smaointe bailithe agam na míonna roimhe sin ó cheoltóirí ó chuile réimse agus bhí Sarah-Jane Woods mar phearsa thagartha agam nuair a bhí ceisteanna ann.
ar chuile rian! on every track!
" Bhí sé i gceist agam go mbeadh uirlis dhifriúil le cloisteáil ar chuile rian! Uaireanta mhalartaigh mé an uirlis le cur in oiriúint don phíosa ceoil, abair dá mbeadh nótaí níos ísle ná an D ar an bhfeadóg.
Seinntear chuile phíosa go mall, each piece is played slowly,
" Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.
chuile thurasóir every tourist
" Tá dinnseanchas a bhaineann le Te Rerenga Wairua nach mbeadh ar eolas ag chuile thurasóir a théann ansin.
chuile bhall adhmaid each piece of wood
" Tá brí ar leith ag baint le chuile bhall adhmaid sna tithe seo - ar nós dealbh i séipéal.
Chuir sé mearbhall ar chuile dhuine He confused everybody
" Chuir sé mearbhall ar chuile dhuine – ní raibh daoine cinnte cé acu ar spiaire de chuid Arm na Breataine é, nó an raibh sé ag obair do na Sealadaigh.
chuile phíosa véarsaíochta every poem, verse
" Tá nótaí dátheangacha ar chuile phíosa véarsaíochta scríofa ag Mac Dhonnagáin chomh maith, a chuireann eolas suimiúil i dtaobh na ndánta agus na bhfilí os comhair an léitheora.
mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua if you don't seize your opportunity with every new person
" ’ “Tá mé cinnte gur cheap go leor daoine, ‘Tá an t-amadán seo ag dul thart ag rá go bhfuil sé ag scríobh bheathaisnéis Joe Éinniú nó ag scríobh bheathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, ach mura n-ndeir tú é sin, mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua nó le chuile dhuine a chastar ort go minic, cén seans eile atá agat labhairt faoi, é a tharraingt anuas.
bhí chuile dhuine faoi dhraíocht aige, he had everyone under a spell,
" Bhí ciúnas iomlán ann agus éisteadh leis agus dúirt sé an t-amhrán agus bhí chuile dhuine faoi dhraíocht aige, ní hamháin ag an gcumas amhránaíochta nó fonnadóireachta a bhí ann, an glór faoi leith sin a bhí aige ach chomh maith leis sin an phearsantacht, go raibh sé i gceannas.
bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír. everyone really enjoyed the segment.
" Bheadh ionadh orm dá dtuigfeadh níos mó ná tríocha faoin gcéad den lucht féachana céard a bhí á rá ag na haisteoirí, ach d’ainneoin sin, bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír.
chuile rud i nGaeilge everything in Irish
" Nó murab é an *stigma* is cúis le hiad a bheith drogallach íoc as na drámaí a fheiceáil, caithfidh gurb é is cúis lena gcuid leisce ná go síleann siad gur chóir do chuile rud i nGaeilge a bheith saor in aisce *de thoradh* é a bheith i nGaeilge.
chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. there is every chance that they like my stuff already
" Tá na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéid – mar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin.
mórán chuile dhuine almost everyone
" Samhlaím go bhfuil mórán chuile dhuine dena truaillitheoirí cláraithe le REPS, an Rural Environmental Protection Scheme, faoina bhfaigheann siad slám maith airgid chuile bhliain leis an dtimpeallacht a chaomhnú, mar dhea.
chuile uair every time
" Ach chuile uair, i ndiaidh dó an drochghníomh a dhéanamh, thagadh sé ar ais ón dorchadas, gan aon athrú air, mar bheadh gnáthdhuine ann.
chuile ardán every platform
" Agus bígí ag súil le Mícheál Martin d’fheiscint i lár an aonaigh ar chuile ardán raidió agus teilifíse idir an dá linn.
chuile lá every single day
" Téann sé ag traenáil chuile lá i linn snámha an bhaile, áit a gcuireann sé aithne ar gharda tarrthála, Simon.
mórán chuile thír almost every country
" Faoin am seo, is cluiche domhanda é an sacar, á imirt ag mórán chuile thír ach an Vatacáin.
chuile chearn every corner
" Bím ar an RnaG agus mo ríomhaire le mo thaobh ó mhaidin go faoithin lá an chomhairimh, ag iarraidh smacht a chur ar na huimhreacha a thagann chugainn as chuile chearn ar fud na tíre, le go mbeidh coiste saineolaithe an chláir agus na héisteoirí sa mbaile in ann ciall a bhaint as an eolas go léir.
chuile dhuine eile everyone else
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
chuile every single
" Tá spéis ar leith aige in Oileáin Árann agus téann sé ann ar saoire chuile bhliain lena theaghlach.
chuile every single
" Síneann sé isteach i mórán chuile bhaile agus chuile phobal.
chuile dhuine everyone
" Bíonn an chéad bhliain in áit nua deacair ar chuile dhuine ach tá an chéad bhliain sin curtha dínn anois agus muid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.
chuile every single
" ) Logálann 50% dóibh siúd isteach chuile lá beo.
chuile shórt every single thing
" – cloisimse an nuacht ag a seacht a chlog ar maidin, agus coinneoidh mé súil ar cad tá ar siúl sa tír, caithfidh tú a thuiscint céard tá ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath! Tá an-fhaisean ag muintir Bhaile Átha Cliath a cheapadh go bhfuil chuile shórt ag tarlú i mBaile Átha Cliath agus níl aon neart acub ar sin, ach sin é an fáth a léimse, chomh minic is atá mé in ann, an Connacht Tribune, an Meath Chronicle agus The Farmers Journal, mar tuigfidh tú ansin .
chuile Bhéarla all (types of) English
" Glactar le chuile Bhéarla anois.
Tugaim chuile shórt I give everything
" Tugaim chuile shórt do chuile shórt agus ní thuigim nuair nach dtugann daoine eile.
Chuile sheans very likely
" html ) Chuile sheans nár chuala tú mar gheall air, ach tá an ‘Brúghrúpa ar son Iosrael’ sa Bhruiséil chomh maith ag iarraidh an tionchar céanna a imirt ar bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh.
chuile every single
" Smaoinigh anois ar an mbogearra idirlín a úsáidfeas tú chuile lá.
chuile sheans every likelihood
" Agus má ionsaítear an Iaráin, chuile sheans go gcuirfear tús leis an Tríú Cogadh Domhanda.
chuile ní everything
chuile striapach every whore
" Bhain O Kelly a cáilíochtaí amach ón Guildhall School of Music and Drama in 2007 agus cruthaíonn sí í féin go sonrach nuair a théann sí as a cranna cumhachta ar fad le Seán, í ag cur ina luí air go bhfuil sé ‘ag dul suas ar chuile striapach sa bhaile’ agus anois á dtabhairt abhaile leis.
chuile bhealach every way
" Scéal comhaimsireach, suite i mbruachbhaile anaithnid i Tokyo, i bhfad ar shiúl ar chuile bhealach ó chathair iltíreach na dturasóirí.
chuile lá every single day
" com ó d’oibrigh mé féin go dian ar an suíomh sin le blianta agus tuigim an obair chrua a chuireann foireann Chomhdáil Náisiúnta na Gaeilge ann chuile lá: treaslaím leo! Is mór agam gur bhuaigh Arseblog mar ní raibh a fhios conas a bhféadfadh mé féin is mo chomhláithreoir an t-ardán a aimsiú agus an péire againn sáite isteach i lár an tslua agus gan mórán spáis idir na cathaoireacha.
ar chuile bhealach in every single way
" Bhain mé an dochtúireacht amach ag Stanford sa bhliain 1975, ach d’fhág mé an saol acadúil ar feadh deich mbliana ina dhiaidh sin agus chuaigh mé leis an nGaeilge! Bhí mé gníomhach i gcúrsaí Ghaeilge na hAlban chomh maith le Gaeilge na hÉireann, agus bhí mé ag múineadh Gaeilge agus ag foghlaim Gaeilge ar chuile bhealach.
chuile lá every single day
" Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile.
chuile mhaidin every morning
" Bíonn an nuachtán ar fad ar fáil beo chuile mhaidin agus tá a chartlann ar fáil ar praghas.
chuile dhuine everyone
" Oibríonn na hainmneacha eastáit ar thiománaithe tacsaí, ar na custaiméirí, ar chuile dhuine.
chuile chearn every corner
" Faoi thús na mílaoise bhí an nua-aoiseachas tagtha go chuile chearn den tír agus ní raibh ach seacht faoin gcéad de mhuintir na tíre ag brath ar an fheirmeoireacht mar ghléas beo.
chuile lá every single day
" Is aoibhinn liom mo phost agus caithfidh mé a rá go bhfoghlaimím rud éigin nua faoi na rónta nó faoin bhfarraige i gcoitinne, chuile lá.
chuile every single
" D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
chuile every single
" Mar gheall ar an gcorás imirceach i dToronto, tagann 107,000 imirceach idirnáisiúnta anseo as gach cearn den domhan chuile bhliain.
chuile cheann acu every single one of them
" Tá siad sin lárnaithe agus chuir siad na polasaithe lárnacha seo anall go dtí an córas lárnach atá i mB’l’ Átha Cliath agus iadsan a chuir anuas chugainn iad agus a cheap go sloigfeadh muidne chuile cheann acu go héasca.
ar chuile bhlas of every kind of taste
" Craobhóga beaga le duilleoga móra garbha agus duilleoga beaga míne a bhíonn ar fáil – ar chuile phraghas, agus ar chuile bhlas.
Mar is eol do chuile dhuine as everyone knows
" Sprioc na Straitéise Fiche Bliain =========== Mar is eol do chuile dhuine faoin am seo, ’sé an sprioc atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 cainteoirí laethúla ann taobh amuigh den chóras oideachais faoi cheann fiche bliain.
chuile chúiseamh ina leith every charge against her
" Shéan Tymoshenko chuile chúiseamh ina leith, agus í mar aon le baill dá páirtí “Batkivshchyna” (athartha) go neamhbhalbh den tuairim nach bhfuil ar bun ag an Uachtaráin Yanukovich ach feachtas chun deireadh a chur leis an bhfreasúra polaitiúil roimh an toghchán parlaiminte san fhómhar.
chuile oíche eadar a naoi every night between nine
" Sin an ceol a chasann Cian Ó Cíobháin chuile oíche eadar a naoi agus a haon déag.
ar chuile bhealach in everything
" Is doiligh a bheith cruinn ceart i gcónaí ar chuile bhealach agus ní bhím cruinn ceart i dtólamh, ach ádhúil go leor (ag meangadh), an dream a bhfuil sí acu ó thús, ní bhíonn siadsan cruinn baileach i dtólamh ach oiread! (gáire croíúil) **SMM: Tháinig tú go hÉirinn ag teagasc Gaeilge na hAlban roimhe seo.
giolc a fháil chuile uair to receive a tweet on the hour
" Twisst === Ar mhaith leat giolc a fháil chuile uair a mbeidh an Stáisiún Idirnáisiúnta Spás ag trasnú na spéire gar duit? Ar bhonn rialta faighim giolc <https://twitter.
Chuile uair a bhogaim amach every time I move out
" Chuile uair a bhogaim amach as an nGaeltacht, cloisim daoine ag moladh TG4 go hard.
amach os comhair chuile dhuine in front of everyone
" Bhí foireann nuachta ó TG4 ann leis an scéal a cheapadh agus iad ag béarlóireacht le chéile, amach os comhair chuile dhuine.
chuile dhuine mar sprioc aoire aige all who were target(s) of his satire
" Feictear a acmhainn grinn ghéir ann agus bhí chuile dhuine mar sprioc aoire aige, James Joyce, Patrick Kavanagh, an Eaglais Chaitliceach, an Rialtas agus lucht athréimniú na teanga ina measc.
Ní ag Dul i Míne atá Chuile Líne people are not becoming more refined
" Ní ag Dul i Míne atá Chuile Líne ============== Is iomaí áit a raibh mé lá Nollag, más sa bPolainn é, ag coinneáil bia leis na bochtáin, nó ag taifeadadh seanamhrán sa Rómáín, ach is i Málta is measa a bhí uaigneas orm Lá Nollag thar áit ar bith ar domhan.
le fáil aige chuile dhuine available to all
" Bheadh sé sin le fáil aige chuile dhuine agus bheadh daoine ag déanamh staidéir ar Ghaeilge na háite seobh.
tá chuile chileán féithe den fharraige ann the sea in all its different aspects is there
" Tá an fharraige mhór thart anseobh againn agus tá chuile chileán féithe den fharraige ann.
faoi chuile ní a bhainfeas le about everything pertaining to
" Ba cheart an comhoibriú sin a bheith idir graithí turasóireachta agus muintir na n-oileán agus socrú a bheith déanta le muintir na n-oileán iad féin faoi chuile ní a bhainfeas le dhul isteach agus amach ar na hoileáin.
chuile dhuine beo all of the human race
" Agus muna dtaitníonn YouTube leat ar fáth éigin, tabhair aird ar Vimeo, atá gleoite agus dírithe ar cheardaithe físeáin in ionad chuile dhuine beo.
Chuile shaoránach every single citizen
" Chuile shaoránach ar fud an oileáin seo, tá baint acub le Teach Laighean, tá siad ag íoc as agus ba chóir go dtuigfidís cén obair atá ar siúl ann.