Pota Focal Intergaelic
óg | óige | óigh | boig- | ig | ógh
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teanga an aosa óig the language of the young people
" I dtréimhse iontach gairid d'athraigh teanga an aosa óig go Béarla.
ar son an aosa óig for the young people
" Ba chóir go mbeadh an rialtas buartha má thagann sé i gceist go mbeadh leisce ar dhaoine maithe obair dheonach a dhéanamh ar son an aosa óig timpeall na tíre toisc go bhfuil eagla orthu roimh líomhaintí agus cásanna cúirte.
i bhforbairt an duine óig in the development of the young person
" Tá an-suim ag Colmán Ó Flatharta sa spórt ach, níos tábhachtaí ná sin, tá spéis ar leith aige i bhforbairt an duine óig tríd an spórt.
freagrach as leas an imreora óig responsible for the welfare of the young player
" An fhadhb leis seo ná nach bhfuil aon duine amháin freagrach as leas an imreora óig.
i bhfoirm stócaigh óig in the form of a young man
" Is ina luathshaothar a fheiceann muid é ag meabhrú ar an domhan miangasach, go minic i bhfoirm stócaigh óig.
nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh that sports organisations don't consider the interests of young people
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
samhlaíocht páiste óig the imagination of a young child
" D’fhéadfaí, ar ndóigh, nach raibh sna taomanna céanna ach samhlaíocht páiste óig ar strae le linn am scoile nó chothaigh Mac Grianna an tsamhlaíocht go dílis lena chuid léitheoireachta.
rannpháirtíocht an ghasúir óig participation of the young boy
" Dúirt Connolly gurbh é an aidhm a bhí aige maidir le rannpháirtíocht an ghasúir óig ná go marófaí é, nó go maródh sé duine éigin eile.
ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig. as regards suicide amongst the young.
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
scéal gasúir óig the story of a young boy
" “Cuid ghoilliúnach eile den chlár is ea scéal gasúir óig a raibh drochbhail air agus muid i mbun scannánaíochta.
aigne an aosa óig the youthful minds
" Mhúnlaigh sé sin, ní nach ionadh, aigne an aosa óig.
aosa óig youth
" Mhaígh Sarkozy gur ghá tabhairt faoi cheisteanna móra na tíre - fadhb na dífhostaíochta, mar shampla, go háirithe i measc an aosa óig, athchóiriú ar an gcóras dlí agus ar an oideachas tríú leibhéal, agus cúrsaí slándála taobh istigh den tír - chun an Fhrainc a chur ina ceart arís.
aosa óig youth
" Tá fadhb ann, go háirithe i measc an aosa óig.
aosa óig youth
" Ach, dar ndóigh tá siocair eile go bhfuil Ciarraí ceannasach ó thaobh na peile: an pheil seachas an iománaíocht a bheith mar chéad rogha (cé is moite de thuaisceart an chontae) i measc an aosa óig, rud a thugann buntáiste dóibh i gcoinne na gcontaetha eile ina bhfuil an iománaíocht in uachtar.
an aosa óig the youth
" Tá dhá rud ag tarlú -- tá an Ghaeilge ag fás sa nGalltacht agus, b’fhéidir, ag fáil bháis sa nGaeltacht -- b’fhéidir sách sciobtha anois mar go bhfuil sí ag meath i measc an aosa óig.
atá i mbéal an aosa óig are ‘all the go’ amongst the youth
" Cuirim i gcás na déithe beaga atá i mbéal an aosa óig, is beag duine acu siúd a bhfuil na tréithe seo aige nó aici.
go háirithe i measc an aosa óig particularly among the youth
" Anuas air sin, a deir sé, is léir nach féidir le rialtas Fillon dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta sa tír, go háirithe i measc an aosa óig.
tá aghaidh an bhuachalla óig air he has the face of a young boy
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
mealladh an aosa óig enticing the youth
" Rinne Fiachra Ó Marcaigh ó Amas cur i láthair ar bhorradh na teicneolaíochta agus labhair Mícheál Ó Foighil ó Choláiste Lurgan faoi thábhacht úsáid na teicneolaíochta i mealladh an aosa óig don teanga.
inar buaileadh cloigeann an fhir óig in which the young man’s head was stroke
" B’ionsaí mearchiallach brúidiúil é inar buaileadh cloigeann an fhir óig seacht n-uaire déag le tua.
dhúnmharú an linbh óig the murder of the young child
" Ba leathfhreagairt é (más féidir freagairt cheart a thabhairt riamh ar choir chomh huafásach leis) ar dhúnmharú an linbh óig a raibh dúchas Éireannach ann, an Learphollach Jamie Bolger i Sasana, sa bhliain 1993.
an aosa óig the youth
" Cheapfá gur measa ar fad a bheadh an fhadhb i measc an aosa óig.
i measc an aosa óig among the youth
" " Is léir nach bhfuil fonn air scéal mór a dhéanamh de na físeáin, agus ní thugann sé aon cheann don tuairim go bhfuil níos mó déanta acu chun íomhá dhearfach a chothú don teanga i measc an aosa óig ná mar atá déanta ag aon tionscnamh eile le blianta fada.
i measc an aosa óig fhaiseanta amongst the young and fashionable
" Is stíl Airgintíneach é an alpagarta atá an-choitianta i measc an aosa óig fhaiseanta le tamall anuas.
is ar leas an aosa óig it’s to the benefit of the children
" Ba cheart dúinn níos mó aird suntasach a thabhairt ar an fhadhb seo mar shaoránaigh na tíre, mar is ar leas an aosa óig atá muid agus an chéad ghlúin eile aníos inár ndiaidh.
an aosa óig the young people
" Tá an mhí-úsáid alcóil ag dul in olcas in Éirinn le deich mbliana anuas, go háirithe i measc an aosa óig.
mar gheall ar dhúnmharú fir óig regarding the murder of a young man
" Léireoidh tuarascáil Ombudsman na Póilíneachta i dTuaisceart Éireann mar gheall ar dhúnmharú fir óig i 1997 go raibh na fórsaí cosanta ag tabhairt cead a gcinn do bhrathadóirí a rogha rud a dhéanamh.
aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig copy the speech of young people
" Ar cheart don dream a bhíonn ag scríobh scripteanna trí Ghaeilge do chláracha daoine óga ar an teilifís aithris a dhéanamh ar chaint an aosa óig nó arbh fhearr leaganacha “cearta” den teanga a úsáid, a fhiafraíonn Breandán de Gallaí.
duine óig in Éirinn youth in Ireland
" Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid.
don ghlúin óig aníos for the next generation
" Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.