Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Spleodar na hóige. The exuberance of youth.
bhrú óige youth hostel
" Sna hochtóidí, agus a lán daoine óga ag teacht go hAmstardam, bhain an chathair úsáid as an fhoirgneamh mar bhrú óige.
chúntóir óige youth assistant
" Chaith Frances tamall ag obair go deonach san Ind, agus tá post aici anois mar chúntóir óige leis an eagraíocht Save the Children i nGlaschú.
eite óige youth wing
" Tá an UDA ag dul a chur cosc aoise ar ógánaigh atá ag iarraidh dul isteach sa Ulster Young Militants, eite óige na heagraíochta - is léir go bhfuil siad ag pleanáil don todhchaí.
brú óige youth hostel
" Is ar an Bhaile Thiar atá cónaí ar an chuid is mó den phobal agus is ann fosta atá an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an bhunscoil agus an mheánscoil, an t-óstán, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn.
club óige youth club
" Reáchtáiltear chuile chineál imeachta i Halla Spóirt na scoile, ó champaí peile go club óige.
chun an óige a mhealladh to attract the young people
" An uair sin ba leor an geansaí chun an óige a mhealladh.
in óige an imreora in the player's youth
" Rud éigin a tharla in óige an imreora, seans.
ar an óige on the young people
" As seo go ceann cúig bliana eile ba chóir díriú níos mó ar an óige - go deimhin tá pleananna ann faoi láthair chuige seo.
léitheoireacht shoineanta na hóige the innocent reading of youth
" Admhaíonn sé go bhfuil cumha air i ndiaidh léitheoireacht shoineanta na hóige ach ag an am chéanna is í an léitheoireacht shoineanta sin aige an bhunchloch faoi shaothar acadúil an dhuine fhásta.
coistí óige youth committees
" Chuidíomar le bunú naíolann lán-Ghaeilge, naíonraí agus coistí óige ar fud an chontae.
fuinneamh na hóige the energy of youth
" Is duine é atá gealgháireach agus, mar a fuair mé féin amach le linn na n-oícheanta a chaith mé ag ól leis féin agus lena chara Bob Burke an mhí seo caite, duine a bhfuil fuinneamh na hóige ag baint leis.
dhá bhrú óige two youth hostels
"dhá bhrú óige in Ulapul agus bhí an dá cheann lán - fuair mé an leaba dheireanach, chóir a bheith.
brú óige youth hostel
" Bhí mé in ann bheith ag spaisteoireacht timpeall gan a bheith ag troid in aghaidh taoide turasóirí! Tá tionscal na turasóireachta neamhfhorbartha go leor ann – mar shampla, níor tháinig an chéad eagrán de *Lonely Planet Slovenia *amach go dtí 2004! Bhíodh an brú óige inar fhan mé féin i Ljubljana ina phríosún míleata tráth, rud a chuireann stair chasta fhoréigneach an chuid sin den Eoraip i gcuimhne duit.
laethanta órga na hóige the golden days of your youth
" Éiríonn an frustrachas ionat agus tagann an t-uaigneas i ndiaidh laethanta órga na hóige.
brú óige hostel
" Chaith mé oíche i mbrú óige i mbaile beag ciúin darbh ainm Wooler, ar imeall Chnoic Cheviot.
brú óige hostel
" Chaith mé oíche i mbrú óige i mbaile beag ciúin darbh ainm Wooler, ar imeall Chnoic Cheviot.
brúnna óige youth hostels
" Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh gach áit sna tithe ósta agus sna brúnna óige curtha in áirithe.
brúnna óige youth hostels
" Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh gach áit sna tithe ósta agus sna brúnna óige curtha in áirithe.
brú óige youth hostel
" Bhí greim ag an bhfonn taistil ort agus, nuair a tharlaíonn sé sin, is deacair fáil réidh leis! Cuireadh síol an phlean taistil atá agam anois i mbrú óige taobh amuigh de Pháirc Náisiúnta Kruger san Afraic Theas mí an Mheithimh seo caite, ach tá an plean athraithe ar a laghad fiche uair ó shin.
na cóisirí sa bhrú óige, the parties in the youth hostel,
" Cairde agus féile Thóg Duncan agus Lawrence amach ag rince muid oíche amháin agus b’iontach an taithí é – bíonn sé deacair go leor coinneáil suas leis na hAfracaigh agus iad ag rince! Chuir an cairdeas agus an fhéile a taispeánadh dúinn na laethanta sin meangadh mór millteach ar m’aghaidh, agus ní bhaineann na dea-chuimhní ar fad atá agam ar Livingstone le Victoria Falls nó leis na cóisirí sa bhrú óige, ach leis na daoine a casadh orm sa mhargadh sin.
an brú óige a roghnaigh mé the youth hostel I chose
" Faraor, bhí an brú óige a roghnaigh mé brocach (bhí blatóga coiteanna mar chomhluadar agam sa chistin), ach seachas sin, is cathair an-deas é Sydney.
i mbrú óige in a youth hostel
" D’fhan mé thar oíche i mbrú óige san Òban, baile gleoite atá suite ar bhá mór idir cnoic agus oileáin.
níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, there is no shortage of youth, experience, diversity or conspicuousness,
" Agus Barack Obama, Hillary Clinton, agus John Edwards mar na hiarrthóirí atá chun tosaigh faoi láthair, níl aon ghanntanas óige, taithí, ilghnéitheachta ná feiceálachta i gceist, agus síltear go fairsing gur duine den triúr seo a bheas mar chéad uachtarán eile Mheiriceá.
i mbrú óige in a youth hostel
" Tar éis dom oíche dheas chompordach a chaitheamh i mbrú óige ansin, bhraitheas réidh le thabhairt faoi Bhealach na Banríona Charlotte.
de réir cara óna óige, according to a friend from his youth
" Rugadh é in Sussex sa bhliain 1948 agus, de réir cara óna óige, bhí sé tugtha do scéalta a insint, fiú agus é in aois scoile.
an t-iliomad brúnna óige, a great number of youth hostels,
" Le freastal ar riachtanais an ghrúpa seo, tá an t-iliomad brúnna óige, caifí agus clubanna oíche anois ar oscailt sa bhaile.
an duine ab óige acu, the youngest one of them,
" Ach nuair a bhuaileann siad le chéile 30 bliain ina dhiaidh sin, tá Jackie, an duine ab óige acu, marbh.
a bhí níb óige ná mise, who was younger than me
" Ar dtús thosaigh deirfiúr de mo chuid, a bhí níb óige ná mise, ag foghlaim na fidle.
ó aimsir a hóige, from the time of her youth,
" **Dúil mhór**Tugann an leabhar léargas ar an dúil mhór a bhí ag Sylvia Plath san ealaín ó aimsir a hóige, agus ar an dóigh éasca a n-aistríodh sí idir an scríbhneoireacht agus an líníocht, ag meascadh an dá rud go nádúrtha réidh lena chéile.
na mná óige seo of this young woman
" Tugtar léargas in *Eye Rhymes* ar spiorad fiosrach cruthaitheach na mná óige seo tríd an saothar eispriseanaíoch nua-aimseartha a scríobh sí, chomh maith le grianghraif agus íomhánna faisin de chuid Plath atá curtha i gcló den chéad uair anseo.
níb óige ná mise. younger than me
" Dúradh liom roimh an gcluiche go mbeinn ag déanamh marcála ar leaid óg darbh ainm dó Mick Holden a bhí sé bliana, b’fhéidir, níb óige ná mise.
a bhaineann lena óige Chaitliceach. which pertains to his Catholic youth
" Tá *pop memorabilia* iontu fosta, mar aon le paidrín plaisteach atá lonrach sa dorchadas, ar iarsma é a bhaineann lena óige Chaitliceach.
iníon is óige youngest daughter
" Cá ndeachaigh an t-am? Tá an iníon is óige le tosú ar bhunscoil.
baois na hóige youthful foolishness
" Níl aon leithscéal aige dá iompar seachas baois na hóige agus deir sé go bhfuil náire agus aiféala air faoina iompar ag an am.
dá óige iad despite their young age
" Tuigeann siad, dá óige iad, go bhfuil deireadh leis an neach beag bídeach a raibh gean acu air.
ó thús a hóige from her earliest days
" ” Ceol ó thús a hóige Dúirt Cathy in am amháin go mbíodh sí ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin.
mheanma na hóige youthful spirit
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
óige youth
" An Ghaeltacht SMM: Do mheas ar Árainn Mhór, taobh do mháthar – ar chaith tú mórán laethe saoire istigh ann? CNC: Chaith mé níos mó laethanta saoire ann nuair a bhí mé níos óige, ach níor thaitin sé liom, le bheith fíreannach, ag an am.
óige youth
" Rinne an nuachtán, an *Christian Science Monitor*, taighde idirnáisiúnta sa bhliain 2008, cuir i gcás, inar léirigh na rannpháirtithe go raibh óige na tíre seo ar an dream ba mhíchráifí ar domhan.
Brú Óige youth hostel
" Thiomáin muid trí shíobadh sneachta suas bóthar an A9 an oíche sin i dtreo An Aghaidh Mór agus bhí an Brú Óige ag Loch Mór beagnach dúnta nuair a shroich muid an áit.
úire na hóige freshness of youth
" Ní minic a thuairiscím léiritheoir a thaispeánann úire na hóige agus gaois na críonnachta mar í san aon chéad scannán amháin.
Óige youth
" Óige sa Fhrainc ===== Mar is eol dúinn anois, níor stop na Naitsithe leis an bPolainn, agus níorbh fhada go raibh an Fhrainc ina seilbh acu chomh maith.
óige youth
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
duine níos óige a younger person
" (file ainaithnid) Tá formhór na ndaoine lán in ann gabháil amach ag siúl chuig an ollmhargadh nó duine níos óige ná iad a sheoladh chuig an siopa chun greim bia a cheannach.
óige youth
" Sa ghrianghraf úd, tá meangadh mór gáirí ar an mbeirt agus iad ag breith leathbharróige ar a chéile le sceitimíní áthais.
i measc na hóige amongst the youth
" Níorbh fhearr áit tosaithe don straitéis nua dar liom ná i measc na hóige.
na hóige the youth
" Mar bharr ar an donas, tá fadhb an iomarca meáchain go dona i measc na hóige san Astráil freisin.
d’óige na tíre of the countries youth
" Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
níos óige younger
" Níl aon fhocal ar leith do dheartháir ná deirfiúr ach tá focail ann don deartháir níos sine is níos óige agus an deirfiúr níos sine is níos óige araon mar go léirítear stádas i measc na clainne leo.
thábhacht na hóige the importance of youth
" Tuigimid uilig go bhfuil an tír ina ciseach le fiacha ach ní mór cuimhneamh ar thábhacht na hóige agus a mbaineann leis an sonas is an dearfacht sa mhéid a tharlóidh amach anseo.
dhíocas na hóige youthful vigour
" Beirt mhionúr eile isteach ar an bpáirc mar ionadaithe agus is maith ann iad agus a bhfuil d’fhuinneamh agus de dhíocas na hóige iontu.
le linn a óige during his youth
" Sé atá sa leabhar, aistí beathaisnéise faoin saol a bhí ag an údar le linn a óige i Brooklyn Nua-Eabhrach agus i Luimneach chomh maith lena choimhlint le bochtanas agus le fadhb ólacháin a athar agus faoi iarrachtaí a mháthar an teaghlach a choimeád beo.
de neart agus de bhrí na hóige of strength and youthful vigour
" Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é.
le linn m’óige during my youth
" Thugtaí na Fritíortha ar an Astráil agus an Nua-Shéalainn nuair a bhí mé ag déanamh staidéir ar an tíreolas agus ar an stair le linn m’óige in Éirinn, cé nach raibh ceachtar acu antapódach go beacht uainn.
mar ar chaith mé blianta m’óige where I spent my youth
" Tá mé ag cur fúm sa Rinn le hocht mbliain anois, mar ar chaith mé blianta m’óige agus is breá le Joe, mo mhac, an Rinn.
do ghlúin níos óige for a younger generation
" Tubaiste 9/11 nó cúl Ray Houghton i gcoinne na Sasanach b'fhéidir atá mar chlochmhílte do ghlúin níos óige.
Gnóthaí Óige youth affairs
" Agus í ag caint ar an ábhar, dúirt Frances Fitzgerald, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, “is féidir le maistíneacht tionchar uafásach agus creimeach a imirt ar ár gcuid páistí agus ar dhaoine óga, ar a bhféinmhuinín, a bhféinmheas, a sláinte intinne.
ag carnadh cuimhní órga na hóige garnering golden memories of childhood
" An rud is aistí agus is follasaí idir an samhradh in Éirinn agus an samhradh thar lear, dar liom, ná a laghad páistí a bhíos le feiceáil ag imirt taobh amuigh i lár an lae, iad ag béiceadh agus ag screadach, ag carnadh cuimhní órga na hóige don saol fada atá rompu.
le linn m’óige when I was young
" Bhí an Ghaeilg cineál úsáideach domhsa fosta mar bhí Feis Bhéal Feirste faoi lán seoil le linn m’óige agus bhí deis acu sin a ghnóthaigh na pointí ab airde sna comórtais éagsúla dul ar laethanta saoire Gaeltachta.
le linn a óige during his childhood
" ”* Chuirtí píonós ar Hamilton aige baile le linn a óige dá mba rud gur chuala an t-athair an Béarlachas á labhairt.
ina óige when he was young
" Bhí mé ag *The Plough and the Stars*, léiriúchán de chuid Amharclann na Mainistreach (is fiú go mór é a fheiceáil) agus le linn taighde a bhí mé a dhéanamh ar an dráma, fuair mé amach go raibh an drámadóir Sean O Casey ina bhall den Ord Oráisteach ina óige.
cumann fuinniúil óige bunaithe an energetic youth club based
" “Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn these childhood incidents mould and guide us
" Múnlaíonn agus treoraíonn na heachtraí óige seo sinn amach sa saol, mórán i ngan fhios dúinn féin is dócha, ach tá an-chuid daoine thart orainn sa saol, níos mó ná mar a shamhlaítear, atá gearrtha gonta i dtólamh.
mar gheall ar d’óige about your childhood
" Coláiste na bhFiann ======= **CF: Abair liom mar gheall ar d’óige ar dtús agus an spreagadh a fuair tú i leith na Gaeilge ach go háirithe.
Chaith mise m’óige I spent my youth
" Chaith mise m’óige ar na sráideanna ag cosaint Chúige Uladh, mar a mhol ár gceannairí polaitiúla agus eaglasta dúinn i gcónaí.
ina n-eiseamláirí don óige an example for youth
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
bhunaigh Enderson eagraíocht óige E. founded a youth organization
" Cártaí Poist ón Imeall ====== Dhá bhliain ó shin, bhunaigh Enderson eagraíocht óige.
le linn óige an tSaorstáit nua againn during our new fledgling Free State
" Seo cúpla ceann desna seoda liteartha a thug sé fé ndeara, seoda a shoilsíonn na cathanna cultúrtha ba thábhachtaí le linn óige an tSaorstáit nua againn.
chaith sé cuid mhaith dá óige a imirt he spent a lot of his youth playing
" ” Níl aon amhras faoi sin mar chaith sé cuid mhaith dá óige a imirt a deir a athair, Michael Mc Ginley.
trácht ar laethanta a óige a comment on his youth
" Rinne Mc Ginley féin trácht ar laethanta a óige in agallamh a rinne sé le Highland Radio i dTír Chonaill.
cruthaíonn sé nasc le m’óige it connects me with my youth
" Ní féidir liom an iomarca béime a chur ar an tionchar a bhíonn ag an mhothúchán seo orm nuair a imrím i bhfoireann mar cruthaíonn sé nasc le m’óige” a deir sé ar Highland Radio.
bhíonn an óige ar fán youth has fled
" Ba é críoch an scéil, go bhfuair an mhífhoighid an ceann is fearr air agus d’imigh an féinsmacht uaidh, rud a tharlaíonn go minic d’imreoirí ag deireadh a ré nuair a bhíonn an óige ar fán agus an neart ar meath.
obair óige youth work
" “Go díreach,” ar sí, “ach creidim go ndeachaigh sé sin amú ar chuid de na heaglaisí!” I measc na seirbhísí a chuireann an EBM ar fáil, tá ceann do dhaoine gan dídean, seirbhísí fostaíochta, an geilleagar sóisialta, obair óige agus theaghlaigh agus forbairt phobail chomh maith le tógáil síochána agus, ag an am chéanna, pobal beoga urnaitheach a chothú.
Tír na hÓige Utopia
" Tír na hÓige, nó sochaí Útóipeach, nó saol iarghanntanais atá ann.
im’ óige in my youth
" Bhí aithne agam ar fhear den chineál sin im’ óige.
Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige he attempts to (imagine) the young mascot’s predicament
" Déanann sé iarracht sáinn na sonóige óige a chuireann tús le cluiche idir Federer agus Nadal a shamhlú dúinn, ’sé sin buachall seacht mbliana d’aois darbh ainm William Caines a thugann an cuireadh don bheirt imreoir ceann nó cruit a roghnú nuair a chuirtear ar chrannaibh é, sa ‘coin-toss’ (bonn arís), ag tús cluiche.
Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo youthful spirit had this awakening
" Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo idir ‘*Wake me Up*’, ‘Anois an tAm’ agus a leithéidí, ba é seo teacht i dtír na Gaeilge ar chultúr splanctha nó ‘*viral*’ na linne seo.
is ag béal na hóige atá an chaint youth has its say
" Sa ré nua seo, is ag béal na hóige atá an chaint ar thodhchaí na Gaeilge.
bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann youth always can overcome it
" Go deimhin, ag teorainn ar bith, bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann.
Is cuma leis an óige youth doesn’t mind
" Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos! Tá an Táirge Cruthaithe ========= Tá acmhainn anois againn má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann.
a bhaineann le hóige na tíre seo which pertains to the youth of this country
" Ní dúshaothrú atá ansin, ach trácht ar an luach chomh mór sin a bhaineann le hóige na tíre seo.
Is í seo Tír na hÓige this is the land of youth
" Is í seo Tír na hÓige! Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin.
an gasúr is óige againn our youngest child
" Dá bhfheicfeá an tslí a úsáideann an gasúr is óige againn na huirlisí s’againne, d’aontófá liom.
ab óige, chun tosaigh youngest came forward
" Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile =============== Tháinig an duine ab óige, chun tosaigh agus tharraing sé an chomhla ar fhoscailt dóibh.
dréimire an airm óna óige the army ladder from his youth
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
Is iomaí páiste ar milleadh a óige many children's childhood was ruined
" Is iomaí páiste ar milleadh a óige agus ar scriosadh a shaol dá dheasca.
baois na hóige youthful madness
" Táthar ag súil go mór nach raibh i gceist leis an dearcadh cúngaigeanta ar mhná a léirigh Abbott ina ráiteas thuasluaite ach baois na hóige.
An Óige agus an tÉireannachas Youth and Irishness
" Tá mé sásta go bhfuil toradh maith tagtha ar an gcéad cheann de na tionscnaimh sin – ‘An Óige agus an tÉireannachas’.
chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo their way of life in their youth helped them
" Cé go raibh sé ina nginealach a bheith mór, láidir, crua, níl amhras faoi ach gur chabhraigh an tslí mhaireachtála a bhí acu ina n-óige leo a bheith níos láidre agus an-aclaí.
le linn a n-óige in their youth
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
aimsir m'óige i gcuimhne dom remind(ed) me of the days of my youth
" Chuir an oíche aimsir m'óige i gcuimhne dom nuair is tír gan Bhéarla a bhí sa mBreatain Bheag dar liom, ní hionann agus Éirinn, áit a raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua.
den óige of the youth
" Is iomaí baile a bhfuil líofacht tugtha do sciar suntasach den óige ann de bharr na gaelscolaíochta agus eile.
le linn a hóige during her childhood
" Bhain O’Keeffe vs Hickey et al le hionsaithe gnéis a rinneadh ar Louise O Keefe i mbunscoil i gCorcaigh le linn a hóige i 1973.
le linn a óige in his youth
" Scríbhneoir agus bon-viveur ab ea Jenkins mar aon le polaiteoir cumasach (bhí caidreamh collaí aige lena chomhghleacaí Tony Crosland le linn a óige agus le deirfiúr Jackie Kennedy níos déanaí, peacaí pearsanta a ghnóthaigh maithiúnas óna bhean chéile Jennifer).
bhuail carr é go dona ina óige a car stroke him badly in childhood
" Ina dhiaidh sin go léir, ní thuigeann an pobal gur bhuail carr é go dona ina óige, ba ar éigean a tháinig sé beo as agus fágadh sláimín airgid i gcuntas dó nuair a thiocfadh sé in inmhe.
Ar bhain imirce d’óige did your childhood migrations have a part to play
" Féith na Cruthaitheachta ======== **SMM: Ar bhain imirce d’óige ó bhaile go baile cuid mhaith le forbairt na cruthaitheachta ionat nó cad é a sheol amach i mbun pinn thú a Shéamais?** Séamas Mac Annaidh: Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach ceart go leor.
níos óige younger
" Cloistear port maíteach Walsh i scríbhneoireacht breithimh níos óige, Gerard Hogan san Ard-Chúirt, fear a rinne gearán le déanaí mar gheall ar líon na ndaoine sa phoblacht nár thaispeán meas a dhóthain do Bhunreacht na hÉireann.
a n-óige i ndílleachtlann ghruama the childhood in gloomy orphanage
" Tá aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus ní fios cad eile tráth den saol.