Pota Focal Intergaelic
ól | oil | fóil | góil | il | sóil
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá thromluithe óil nó drugaí of his drink or drugs nightmare
" Ach de réir a chéile thuig sé nach i gceann eile dá thromluithe óil nó drugaí a bhí sé, nach móide go mbeadh cos eile faoi ar maidin amárach ná arú amárach ná bliain ó arú amárach mura mbeadh cos mharbh mhístuama adhmaid nó phlaistigh ann.
faoi thionchar an óil under the influence of alcohol
" Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.
an t-uafás óil a huge amount of drinking
" Is cinnte go mbíonn an t-uafás óil ar ócáidí móra rugbaí agus sacair agus cluichí Gaelacha.
a thugann comhlachtaí óil given by drinks companies
" Luaitear sa chomhthéacs sin an urraíocht a thugann comhlachtaí óil d’eagraíochtaí, do chumainn agus do chomórtais spóirt.
ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, looking out for drinking under the influence of drink,
" Cé go ndeir 62% go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne chomh minic céanna ó thosaigh na Gardaí ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, léirigh breis agus an ceathrú cuid (28%) athrú ar a n-iompar, á rá nach dtéann siad chuig an teach tábhairne chomh minic.
Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil noisy teenagers under the influence of alcohol
" Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil (agus rudaí nach é, b’fhéidir) ar fud na páirce.
an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil the way that we are happy to accept the drinking culture
" Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.
lucht óil drinkers
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
óil drinking
" Tharla doirtí móra ola a thruailligh uisce óil agus limistéir iascaireachta is feirmeoireachta, rud a d’fhág go raibh ar na hOgoni bia a allmhairiú.
fadhb óil a drinking problem
" Bhí fadhb óil ag an athair agus bhí ar Lula - agus é in aois a sheacht mbliana - oráistí a dhíol ar an tsráid agus snas a chur ar bhróga le hioncam a sholáthar.
fadhb dhona óil a bad drinking problem
" Fágadh athair Neal, fear a raibh fadhb dhona óil air, i bhfeighil Neal óig agus ní go rómhaith a chruthaigh sé mar thuismitheoir.
ceist ainmheasarthacht an óil the matter of alcoholism
"ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’.
más é saol an óil atá uait if you seek the drinking experience
" Ar ndóigh níl sna deochanna seo ach leithscéalta chun turasóirí óga gan chéill a dheighilt lena gcuid airgid, ach más é saol an óil atá uait, ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar *Bourbon Street*.
tá lucht an óil ann there are the alcoholics
" Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh.
tigh an óil in the ale house
" Sean-nós Gaelach é an deontas a chaitheamh tigh an óil.
na comhlachtaí óil the drinks companies
" Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí spóirt in Éirinn an ceangal atá acu leis na comhlachtaí óil a bhriseadh.