Pota Focal Intergaelic
ad | D | dúd | iúd | lúd
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa tóir ar an lipéad úd after that label
" Níos measa fós, tá ceannaire úr ag Páirtí an Lucht Oibre atá sa tóir ar an lipéad úd a bhronn na meáin chumarsáide ar Dick Spring tráth: "fíorcheannaire an fhreasúra".
sádh amach an cloigeann úd that head was stuck out
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
an mbunalt úd that original article
" Bhí aithne aici ar an té a scríobh an t-alt, agus chrom sí faoin mbord féachaint an raibh fáil aici ar an mbunalt úd.
le himeacht an chluiche iomráitigh úd during the course of that famous match
" (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.
an cúl úd that goal
" Is cuimhin féin go maith ar an áit a rabhas ag féachaint ar an gcluiche sin nuair a scóráil Schillaci an cúl úd ar son na hIodáile a chuir an Phoblacht s’againne amach as Corn an Domhain.
an cosc ar chasadh an amhráin úd the ban on the playing of that song
" Ach bhí daoine eile a labhair faoi thuismitheoirí agus faoi ghaolta a bhí i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola agus a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse ar son na Poblachta, agus a dúirt, cuid acu ar aon nós, go raibh an t-am tagtha an cosc ar chasadh an amhráin úd a ardú.
úd sna soicindí deireanacha a try in the closing seconds
" Dáiríre, seans maith gur fháiltigh go leor daoine roimhe ar an ábhar gur amhrán poblachtánach é! An chéad chluiche rugbaí mar chluiche, céard tá le rá faoi? Díomá is mó a bhí ar lucht leanúna na hÉireann toisc gur scóráil an Fhrainc úd sna soicindí deireanacha chun an bua a “robáil” tar éis d’Éirinn troid ar ais i ndiaidh dóibh titim ar gcúl le deich bpointe go luath sa chluiche.
ar an lá fuilteach úd, on that bloody day,
" Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini, a scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.
léiritheoirí na scannán úd the producers of those films
" Is eol dúinn go ndearna léiritheoirí na scannán úd grinnstaidéar ar bhunábhar *Saoirse?.
sa chluiche cáiliúil úd in that famous match
" Cé nach raibh mórán idir na foirne sa chluiche cáiliúil úd i 1977, bhí Ciarraí ag imirt thar cionn agus bhí an lámh in uachtar acu sa dara leath.
cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, this devices were banned,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
Bhí oiread oilc ar na heagraíochtaí faoin ráiteas úd the organisation were so annoyed about that statement
" Bhí oiread oilc ar na heagraíochtaí faoin ráiteas úd gur éiligh siad go dtarraingeofaí siar é.
leis an idé-eolaíocht úd with that ideology
" Ní hé gurbh iad na Naitsithe a chaith seal sa Tibéid an t-aon teagmháil a bhí ag an Dalaí Láma leis an idé-eolaíocht úd ach an oiread.
úd that
" Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd.
úd that particular
" Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.
úd that
" Sin an chaoi ar labhair na dúile liom an oíche úd.
úd that
" ‘Bunaíodh formhór na gcuntas ar an nGorta Mór dar foilsíodh go fóill ar dhoiciméid Bhéarla, ainneoin gur chainteoirí Gaeilge go leor acu sin ar bhuail an t-imeacht úd a bhuille marfach féin orthu.
úd that
" Nuair a tháinig fadhbanna inimirce chun cinn i dtíortha eile san Eoraip, bhreathnaigh siad ar an Ísiltír, an tírín beag ceannródaíoch úd a raibh rúin na sochaí ilchultúrtha oibrithe amach aici.
Úd those
" An ‘Dá Arm Aigne’ Úd ========== Soláthraíonn oidhreacht chúltúrtha na hÉireann, ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta, mar shampla, sár-bhonn don chruthaitheacht.
talamh úd such land(s)
" Ní féidir dul timpeall an domhain ag crochadh bratach, á rá gur leatsa féin an talamh úd”, a dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada ag an am.
rialach úd that rule
" Tháinig 705 duine slán as an tubaiste, ina measc Bruce Ismay, mar chuaigh seisean isteach sa bhád tarrthála deiridh, d’ainneoin na rialach úd faoi ‘mná agus páiste chun tosaigh.
Dáilcheantar úd that constituency
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
togra úd that project
" Tá sé dochreidte, ach chuaigh na meáin chumarsáide príobháideacha ar fad - gur le billiúnaithe iad ar ndóigh, cuid mhór díobh -, an córas polaitíochta agus geilleagair taobh thiar den togra úd ar fad, mar gurb é a gcóras féin atá i mbaol agus chun a gcóras féin a shábháil.
an té úd that person who
" Ba chabhair mhór é an *QuickGuide* ag an té úd atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnéithe lárnacha i ngramadach na Gaeilge ar iompú na boise.
teastas úd that certificate
" Chomh tobann céanna, tháinig deireadh leis an scéal, ámh, nuair a thogair an t-uachtarán an teastas úd a chur suas ar an idirlíon agus deireadh a chur leis na scéalta.
Nochtadh ainm an pheileadóra úd that players name was made known
" Nochtadh ainm an pheileadóra úd ó shin faoi phribhléid na Parlaiminte – Ryan Giggs – cé go raibh sé seo ar eolas ag an saol fódhlach a bhuíochas don twitterati.
úd that
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
an dream úd that group
" Aird ar Fhaillí, Tachtar an Teachtaire ================ Beidh an dream úd atá tiománta ar Bhéarla éigeantach a bhrú ar phobal na Gaeilge is na Gaeltachta sásta go maith leis an chinneadh seo fosta.
thógas an seanghalar úd I caught that old disease
" Déanta na fírinne, ba shuarach m'aird ar an gcathair bheag chéanna murach gur thógas an seanghalar úd a chráigh daoine riamh anall, braistint an ghrá, rud a thug anseo mé tamaillín ó shin.
uileghabhálach úd that ubiquitous
" Thuigeas gurbh ann do ghaol éigin (an nasc 'Ceilteach' uileghabhálach úd, nach brí leis go hiondúil ach brí a bheith in easnamh air) idir Éirinn agus an Ghailís ag dul siar sa stair.
an tuar duairc úd that gloomy prediction
" Tá cúig bliana caite ó deineadh an tuar duairc úd sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, nach mairfeadh an teanga mar rogha-theanga an phobail níos mó ná fiche bliain mura nglacfaí céimeanna ar leith le dul i ngleic leis an mheath.
nach bhfíorófar an tuar úd that that prophesy shall not come to pass
" Tá cúig bliana de sin imithe cheana féin agus fán am a thiocfaidh deireadh le do chonradh, ní bheidh ach deich mbliana fágtha lena chinntiú nach bhfíorófar an tuar úd.
úd those
" Baintear úsáid go tráthrialta as an leabhar mar shlat dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh chomh beag agus is féidir a dhéanamh d'iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun tosaigh.
uaibhreach úd that proud
" Sa chontae uaibhreach úd is sa chathair is mó a dhéantar an fhéile seo a cheiliúradh, is ní heol dom mórán bailte ná sráidbhailte Chorcaí a thugann an t-ómós céanna di agus a thugann lucht na cathrach.
míoltóga mallaithe úd those accursed midges
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
an gcathair úd that city
" Ó bhí comórtas sacair na hEorpa ann i mbliana, is beag duine in Éirinn nár chuala trácht ar an gcathair úd.
cuimhní an lae úd that days memories
" Bhí a fhios agam, ón chuma a bhí orthu go raibh siad faoi bhrú millteanach, go raibh cuimhní an lae úd leo gach lá agus ní raibh aon éalú san oíche mar ba mhinic faoi thromluí iad.
channa smolchaite úd that used can
" Ritheann an íomhá liom den channa smolchaite úd ag fáil greadadh fíochmhar síos an bóthar.
bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu they have that unbroken chain
" Faoin am a dtiocfaidh aon áit Ghalltachta amháin an timpeall ar fad (> iar-Ghaeltacht > réamh-Ghaeltacht > ath-Ghaeltacht), bheadh súil le Dia agam go mbeidh roinnt bailte fearainn misniúla fós san fhíor-Ghaeltacht in ann a mhaíomh go bhfuil an slabhra gan briseadh úd acu a shíneann siar na cianta.
nach bhfaca an t-iontas úd didn’t see that amazing sight
" Ach tá daoine ina gcónaí ar feadh an chósta anseo nach bhfaca an t-iontas úd ach uair nó dhó lena mbeo.
Chroch an naomh úd a chuid seolta the saint took off
" Chroch an naomh úd a chuid seolta le heolas a chur ar na farraigí siar.
achoimre chumasach ar an éagóir úd a capable summing up of that injustice
" ” Thug an Feisire Timothy Charles Harrington ó Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann achoimre chumasach ar an éagóir úd do Theach na dTeachtaí ar an 13 Lúnasa 1883: *“He was conveyed more than 200 miles from his home, and put upon his trial in Dublin.
sa réimse úd in that field
" Fisiceoir ab ea Bohr agus i 1922, bronnadh duais Nobel air don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige sa réimse úd.
sileadh na n-ionoirfiní úd the release of those endorphins
" Go bunúsach, oibríonn gáire rialta sa tslí chéanna agus sileadh na n-ionoirfiní úd a bhíonn á lorg againn – ag bogshodar ar na sráideanna agus ár marú féin ar mhuileann coise seo na beatha.
bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd those games had a special excitement and taste
" Cé go bhfuil sé ráite gurb í an choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘*Dubs*’.
Mar a léiríonn an pointe úd as that point shows
" Mar a léiríonn an pointe úd go beacht, cúpla lá i ndiaidh foilsiú forlíonadh an *Sunday Independent*, tharla gur cuireadh agallamh ar dhuine de na pearsana spóirt is mó cáil ar domhan, Lance Armstrong.
Lucht na cóilíneachta úd those colonists
" Lucht na cóilíneachta úd, Iosrael, bhí orthu na cadhnraí a bhaint amach as a gcuid ladrann siadsan sa Táidsíceastáin ar na mallaibh, cionn as gur bhuail taom scanradh iad nuair a thosaigh cuid acu, na ladrainn, ag dúiseacht astu féin san oíche.
an réalteolaí Polannach úd that Polish astronomer
" Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’.
n-aithneodh na filí úd those poets would recognize
" Ní dóigh liom go n-aithneodh na filí úd comharthaí sóirt an ghrá chomhaimseartha, ámh, mar galar de shaghas eile ar fad is ea an grá seo, faraor.
an sprioc úd that aim
" Más ea go raibh an sprioc úd aige, theip go glan air.
thodhchaí na sár-imreoirí úd the future of those great players
" Ní raibh Craobhchomórtas na Sé Náisiún sa rugbaí ach ar tí tosú nuair a bhí tuairimíocht ar bun faoi thodhchaí na sár-imreoirí úd Brian Ó Drisceoil agus Rónán Ó Gadhra atá 34 agus 36 bliain d’aois faoi seach.
Dá scriosfaí an dlí úd should that law be negated
" Dá scriosfaí an dlí úd, chuirfí iachall ar gach stát sa tír póstaí aeracha a aithint, cuma cá dtarla siad.
an ghibiris bhriotach úd that broken patois
" Is fada daoine i saol na Gaeilge ag magadh faoin Ghaelscoilis, an ghibiris bhriotach úd a bhíonn á labhairt ag daltaí Ghaelscoileanna fud fad na tíre.
an cinneadh úd a ghlacadh accept that decision
" Ní saoirse go réasún, dar le Kant, agus nuair a roghnaíonn duine an t-ordú catagórach, feidhmíonn an duine sin go neamhspleách óir is é a réasún féin a thugann air an cinneadh úd a ghlacadh.
le linn na tréimhse úd at the time
" Tá bunús maith leis seo nó tháinig méadú mór ar an choiriúlacht sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí i roinnt tíortha saibhre, agus ar ndóigh, tugadh suaitheadh láidir do gheilleagair na dtíortha seo le linn na tréimhse úd.
Tá óir ar fáil sna cnoic úd there’s gold in dem dar hills
" Tá óir ar fáil sna cnoic úd gan aon amhras agus tá acmhainní aiceanta na hÉireann mar a bhíodh an Yukon tráth.
dá spórt úd á gcraoladh those two sports being broadcast
" Rannpháirtíocht Réasúnta an Phobail ============ Ba léir le linn mo chuairte giorra go bhfuil suim mhór i measc mhuintir Mheiriceá sa pheil Mheiriceánach agus sa chluiche corr nó bhí an méid sin le léamh ar a raibh de chluichí sa dá spórt úd á gcraoladh ar stáisiúin éagsúla teilifíse chuile oíche agus na sluaite daoine i láthair ag na cluichí sin.
aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd recognized by another member of that exclusive club
" Beatha teanga í a labhairt a deirtear ach is deacair a shamhlú go mbeadh aon rath ar an Ghaeilge gan scríbhneoirí nó léitheoirí ach an oiread, rud atá aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd, Seán Tadhg Ó Gairbhí: “Is í fírinne an scéil nach mbéarfaidh aon nuachtán Béarla nó Fraincise an Béarla nó an Fhraincis go dtí an uaigh leis.
dán grámhar úd that loving poem
" Ní comórtas é a shamhlaím le soineantacht agus nádúr na hóige a raibh Ní Dhomhnaill ag déanamh cur síos air sa dán grámhar úd.
go fiú leis an gcorrlach úd even with those odds
" Ach fós féin, glacann daoine páirt ann go fiú leis an gcorrlach úd.
millfí tionscal na turasóireachta sa chathair úd that city's tourist industry would be ruined
" Suntasach go maith, dúnadh fiú Dealbh na Saoirse, go dtí gur tháinig rialtas Nua-Eabhrac i gcabhair, agus faitíos orthu go millfí tionscal na turasóireachta sa chathair úd.
dhiomail siad na seansanna úd they squandered those chances
" Cé gur sheas na Poblachtánaithe ar an bpointe gurb iad na Daonlathaigh nach raibh sásta dul i mbun cainteanna, b'é an tuairim choiteann go raibh seansanna go leor ag na Poblachtánaigh cheana féin an bille a athrú nuair a pléadh é sa Chomhdháil, ach dhiomail siad na seansanna úd trí iarrachtaí an bille a chur ar neamhní seachas é a fheabhsú.
Cia hé an fear baileach binnbhriathrach úd who’s that fine elequent man
"Cia hé an fear baileach binnbhriathrach úd ar a bhfuil an folt cas ciardhubh agus an dá ghruaidh chorcra chomhdhearga ar láimh chlí Oisín mhic Fhinn?’ a deir Gráinne.
i ndiaidh an imeachta úid after that event
" Rith sé liom i ndiaidh an imeachta úid, agus ní don chéad uair é, gur beag an aird a thugtar ar spórt na mban i gcoitinne le hais a dtugtar do spórt na bhfear seachas an chorr-uair a dhéanann bean gaisce as an ngnáth ar an ardán idirnáisiúnta.
ag an bpointe diamhair úd at that magical point
" Ach tá fianaise áirithe ann go bhfuil clochmhílte ar leith ar an mbóthar sin bainte amach againn le gairid, agus go bhfuil muid ag an bpointe diamhair úd nach bhfuil aon dul siar anois air.
an dá éacht ghránna úd those two horrible acts
" Agus doirteadh go leor fola idir an dá éacht ghránna úd.
gnéithe de na cultúir úd aspects of those cultures
" Tá tréimhsí caite agam i Meiriceá Theas, san Áise agus san Eoraip ó shin, agus cé go ndeachaigh gnéithe de na cultúir úd i bhfeidhm orm, déanaim iarracht gan iad a bhrú ar dhaoine eile.
focal draíochtúil úd that magical word
" Is le fórsaí ECAT sé chontae den tírín iathghlais, pointe a shaothródh diúracán nó dhó ansiúd agus is ‘páirtnéir’ cogaíochta le ECAT na 26 contae eile, bíodh go bhfuil an focal draíochtúil úd ‘síocháin’ baiste ar an ghaol chéanna.
Ba cheart go mbeadh na focail úd those words ... ought to be
" *” Ba cheart go mbeadh na focail úd ó Edward Snowden greannta i gcloich ar thairseach gach roinn rialtas in Éirinn ach faraor géar is go drogallach a scaoileann an státchóras eolas faoin phróiseas rialaithe sa tír seo.
An uair úd at that time
" An uair úd, slí bheatha ab ea ceird agus ceol an cheird a bhí againne.
gcailín bocht aimsire úd a luaitear that poor servant girl who's mentioned
" Ar tugadh bata agus bóthar don gcailín bocht aimsire úd a luaitear? ’Bhfuil a cnámha siúd caite i gcúinne éigin den chill chéanna? Gach seans go bhfuil.
chríochnaigh an ghéarchéim úd that crisis finished
" Cé gur chríochnaigh an ghéarchéim úd go síochánta, bhíothas a rá go raibh deighilt mhór sa tír i rith an ama agus nach raibh sé cinnte go n-éireodh le ceannairí na tíre an dá thaobh a shásamh agus an tsíocháin a choinneáil.
ghlac sé leis an bpost úd he accepted that job
" Tá sé 66 anois, rud a ciallaíonn gur ghlac sé leis an bpost úd ag am dá shaol ina mbíonn an chuid is mó againn ag smaoineamh faoin áit ar chóir duinn ár gcóisir scoir a shocrú! Kurzweil, Mac na nAthruithe ============ Le cúlra tionscantach i gcórais aithint optúil carachtar (OCR an Bhéarla) agus téacs go teanga (chruthaigh sé an chéad léitheoir téacs uathoibritheach sna seachtóidí!) ní raibh ach líne amháin i sainchuntas a phoist i nGoogle: “*to bring natural language understanding to Google*”.
an ghéarchéim úd that crisis
" Ach léiríonn an neamh-éifeacht a bhaineann le freagra na dtíortha iartharach ar an ghéarchéim úd a laige is atá siad.
ar chóir fanacht sa pholaití úd ought (they) stay in that polity
" I mí Meán Fómhair, nuair a bheidh reifreann in Albain, beidh cuid den Riocht Aontaithe ag freagairt na ceiste ar chóir fanacht sa pholaití úd ar chor ar bith.
mhuintir na dtíortha úd the people of those countries
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.
an cinneadh úd that decision
" Tá a fhios againn anois ar ndóigh nach raibh in aitheasc an Aire Ryan ach baothchaint agus galamaisíocht agus nach ar leas na teanga a deineadh an cinneadh úd deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach.
ceantracha úd those places
" Toradh amháin is ea go dtuigim anois a dhonacht is atá gnóthaí rochtana idirlín 3G in áiteanna ar leith agus braithim ciontach faoin ráiméis a bhí mé ag caitheamh ‘síos na píopaí’ chugaibh sna ceantracha úd.
fiú an deamhan úd even that demon
" Glacaim buíochas ó chroí leis na daoine a chuidigh linn ó thosach ama, go háirithe na heagarthóirí, na colúnaithe agus na scríbhneoirí (fiú an deamhan úd, Balor na Súile Nimhe, nár chaill eagrán ar bith den chéad seasca agus sé cinn acu a foilsíodh); leis na dearthóirí, Michal agus Rónán Ó Dochartaigh; an fhoireann oibre anseo i nGleann Cholm Cille (Siobhán agus Gearóidín) agus libhse, ach go háirithe, ár gcuid léitheoirí.
uair úd na sceanartála go deireanach that gutting period of late
" Gabhaim buíochas le Foras na Gaeilge a phléigh linn go tacúil ón chéad lá amach -- nó gur tháinig uair úd na sceanartála go deireanach.
cluiche gallda úd that foreign game
" Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar.
dream úd those people
" Tá scéal na spailpíní ceoil ag Colm Ó Snodaigh, an dream úd a gcloistear a saothar ar fud an domhain i rith an ama, ach nach gcuimhnítear orthu féin ach go hannamh.
an cloigeann úd that head
" Gheobhaimid deis an samhradh seo, má bhíonn an saol ina cheart, siúl le cladach agus feicfimid an cloigeann úd ag gobadh aníos go fiosrach ag faire isteach orainn.
ngalar úd that disease
" Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag caitheamh súile ar an ngalar úd a chuimlíonn de shaol an Éireannaigh níos minice ná d'aon dream eile ar domhan, an F.