Pota Focal Intergaelic
A | á | B | C | D
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a dheichiú leabhar his tenth book
" Tá sé díreach i ndiaidh a dheichiú leabhar a fhoilsiú agus é - creid é nó ná creid - 97 mbliana d'aois.
atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar which is within 7-10 kilemetres
" Cosnóidh an bóthar féin €680 milliún - é sin á chaitheamh agus caoi á cur ar an M2 atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar den M3 nua.
deichiú comhdháil bhliantúil tenth annual conference
" Bhí deis agam dul chuig deichiú comhdháil bhliantúil an *North American Association for Celtic Language Teachers* in Ollscoil Concordia i Montreal, Ceanada, i mí na Bealtaine.
an deichiú cuid one-tenth
" I bhfocail eile, tá líomhaintí maidir le hionsaithe gnéis curtha i leith an deichiú cuid de na sagairt a oirníodh sa deoise bheag tuaithe seo ón bhliain 1932 ar aghaidh.
an deichiú ceann the tenth one
" Is í an tuarascáil “An Teaghlach” an deichiú ceann atá eisithe ag Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht.
10% de dhaonra na Breataine. 10% of the population of Britain.
" Is ionann é sin beagnach agus 10% de dhaonra na Breataine.
thart fá 10 faoin chéad around ten percent
" Sa lá atá inniu ann, síltear gur Caitlicigh iad thart fá 10 faoin chéad de mhuintir na hAlban.
nach maireann ach ar feadh 10 nó 15 nóiméad which only lasts 10 or 15 minutes
" Mar sin, is minic go mbíonn stad acu idir teacht agus imeacht nach maireann ach ar feadh 10 nó 15 nóiméad (stadann eitleáin Ryanair ar feadh 25 nóiméad de ghnáth).
gluaiseacht deich slat chun tosaigh, to move 10 yards forward,
" Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
bainfidh Poblacht na hÉireann a deich in aghaidh a náid. Ireland will win 10-0
" I dtreo dheireadh na míosa, beidh cluiche acu in éadan fhoireann na hAirgintíne agus bainfidh Poblacht na hÉireann a deich in aghaidh a náid.
deichiú haois tenth century
" Rinne foireann ó Mhúsaem na Breataine agus English Heritage tástáil ar an déantán airgid agus dhearbhaigh siad nach ndearnadh é sa deichiú haois, ach dúirt siad go raibh seans ann go raibh an píosa adhmaid féin barántúil.
aon deichiú cuid Éireannach, one tenth Irish
" Tá sé aon cheathrú Síneach, aon leath Afracach, aon deichiú cuid Éireannach, trí fhichiú cuid Rúiseach, Spáinneach, Francach, Sasanach agus Gearmánach.
10 n-oiread tenfold
" Má thagann forbairt ar an gcalafort sin, mar atá beartaithe, b’fhéidir go mbeidh an stát ag iarraidh an talamh sin a cheannach ar ais, ar 10 n-oiread an airgid ar ar díoladh é.
mbainfidh siad tuairim is 10 gcinn they’ll win about ten of them
" Tá 18 suíochán faoi chaibidil i mbliana, ach is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na Daonlathaigh, agus na pobalbhreitheanna ag taispeáint go mbainfidh siad tuairim is 10 gcinn.
chun an deichiú bonn sin a bhaint amach to get that tenth medal
" Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.
deichiú bonn uile Éireann tenth All Ireland medal
" Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?
Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann I dozed a little some ten minutes
"Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann os comhair na tine agus nuair a mhúscail mé, bhí mé ag stanadh ar phictiúr os mo chomhair agus mo mháthair mhór, Julia, a bhí ann.
meáchan breá folláin 10 gcloch ann weighing a good healthy ten stone
" Bliain is fiche d’aois, 5’11” ar airde agus meáchan breá folláin 10 gcloch ann, ní bheadh a fhios agat ag breathnú ar Simon Metin faoin gcath a chuir sé suas le fanacht ina bheatha.
is ionann sin agus 10 léitheoir that’s as much as ten readers
" An amhlaidh nach bhfuil oiread is duine amháin acu siúd a bheadh sásta Gaelscéal a cheannach gach seachtain ach é a bheith curtha ar fáil? Dá bhféadfaí 5% den 200 a fháil leis an nuachtán Ghaeilge a cheannach go rialta, is ionann sin agus 10 léitheoir i mbaile nach raibh aon léitheoir ag Gaelscéal go dtí seo.
in achar gairid 10 mbomaite in the short space of ten minutes
" Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla lá tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh sé gach rud! In ionad lusanna ildaite, tá gach rud dóite agus liath anois agus tá cuma uafásach air agus tá dochar déanta don ghnáthóg seo.