Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Go mbeannaí Dia Meiriceá God bless America
" Go mbeannaí Dia Meiriceá! *Is as Iarthar Chorcaí ó dhúchas é Barra Ó Donnabháin.
an tOileán Úr The New World, America
" ' "As go brách liom ansin go dtí an tOileán Úr fá choinne cruinnithe le Seoirse Mac Sceiche i Washington.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá that we'd fall out with our friends in America
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
lucht míleata Mheiriceá America's military
" Is é an córas Iridium, a fheidhmítear ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus nach dtugann eolas chomh cruinn céanna ar láthair na bhfón, a úsáideann lucht míleata Mheiriceá agus is cosúil nár baineadh fóin ón gcóras sin de na hiriseoirí le linn an chogaidh.
teacht i gcabhair ar Mheiriceá to come to America's aid
" Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
Mheiriceá Laidineach Latin America
" An toradh a bhí air sin ná gur thosaigh daoine a theacht ar imirce go Meiriceá as réimse i bhfad níos leithne tíortha, go háirithe tíortha Mheiriceá Laidineach agus na hÁise.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
ní thoghtar rialtais i Meiriceá governments aren't elected in America
" Ar dtús, ní thoghtar rialtais i Meiriceá ar an dóigh chéanna in aon chor is a thoghtar iad in Éirinn.
ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas from the Hispanic countries of Central and South America
" Is aneas atá an sruth ag rith anois go láidir, ámh - ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas.
in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá against America's foreign policies
" I Meiriceá Theas, is é sin, taobh istigh de limistéir cumhachta Mheiriceá féin, is creabhar ceart é Veiniséala agus a uachtarán, Hugo Chávez, atá glan in aghaidh pholasaithe eachtracha Mheiriceá, ach atá ag soláthar 15% den ola a úsáideann an tír sin.
ar liosta spriocanna Mheiriceá on America's list of targets
" Agus ní gá trácht a dhéanamh ar an Iaráin agus an Chóiré Thuaidh, atá ag forbairt arm chomh tapaidh agus is féidir, iad suite de go bhfuilid sa chéad áit eile ar liosta spriocanna Mheiriceá.
Státrúnaí Mheiriceá America's Secretary of State
" Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo? Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
Rúnaí Cosanta Mheiriceá America's Secretary of Defence
" Bolton, ar ambasadóir Mheiriceá ag na Náisiúin Aontaithe é anois, Donald Rumsfeld, atá anois mar Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Paul Wolfowitz, iar-Rúnaí Cosanta Mheiriceá, agus Lewis Libby, státseirbhíseach in oifig an leasuachtaráin, a dhíotáil binse fiosraithe Comhdhála le déanaí as leabhar éithigh a thabhairt.
ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá from suspects that are captured in America
" Ní cheadaítear céasadh ainrialta ar thalamh na Stát Aontaithe féin i láthair na huaire, agus dá réir sin, chun eolas a bhrú ó amhrasaigh a ghabhtar i Meiriceá, ní mór iad a sheoladh thar lear.
is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, little attention would be paid at all to violence with guns in America,
" Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
thar mhachairí Mheiriceá. over the plains of America.
" B’éigean dóibh glacadh leis na poist ab isle céim agus is beag post ab ísle céim ná tiomáint eallaigh thar mhachairí Mheiriceá.
ón chósta thoir Mheiriceá from the east coast of America
" Imíonn beagnach gach eitilt ón chósta thoir Mheiriceá go dtí an Eoraip idir 6.
cúlú Mheiriceá the retreat of America
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le To compare the retreat of America from Iraq
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
nuair a chúlóidh Meiriceá, when America retreats
" Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú.
báúil le Meirceá. sympathetic to America.
" Gan tuiscint dá laghad a bheith acu ar chastacht an Mheánoirthir (tuairiscíodh tamall ó shin nach raibh an chuid is mó de pholaiteoirí Washinton in ann an difríocht idir Moslamach Sunnaíoch agus Moslamach Síteach a mhíniú), chuireadar arm ollmhór go dtí an Iaráic agus chuireadar isteach rialtas nua atá báúil le Meirceá.
a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta who would keep America engaged in continuous war
" In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.
Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá. This is the biggest university stadium in America
" Tá an staid seo ar an staid ollscoile is mó i Meiriceá.
go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí. that they would flood the borders of America with drugs.
" Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí.
Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá the police of America are almost like an army
" Is geall le harm iad póilíní Mheiriceá le tamall anuas.
Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá the future of America is hanging in the balance
" Tá todhchaí Mheiriceá idir dhá cheann na meá mar gheall ar an gceist seo.
chinn sé ansin ar thriall ar Mheiriceá. he then decided to head for America.
" Chaith sé seal ag obair ar na láithreáin tógála i Manchain agus i Londain agus chinn sé ansin ar thriall ar Mheiriceá.
go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh that Australia would take a stand with America in the war
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
an acmhainn do can America ... ?
" " Tá a fhios ag an domhan, ar ndóigh, go socrófar rud éigin i Washington, ach an cheist is mó atá ar bhéalaibh chosmhuintir Mheiriceá anois ná "an acmhainn do Mheiriceá iad a shábháil?" agus más ea, "an rachaidh an tír síos leo?"
Oileán Úr America
" Bhí na praghsanna íseal san Oileán Úr, ach ní tír bhocht í Meiriceá, dar leis.
Oileáin Úir America
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
Oileáin Úir America
" Nach ndeachaigh aon chéad caoga duine ó Oireachtas na Gaeilge go Ceanada le haghaidh Oireachtas an Oileáin Úir? Agus níl cuntas ar an airgead a fuair siad ó TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta as na cearta craolacháin ó Chill Airne.
Meiriceá na gcoillte cúil hidden America
" Asarlaíocht Iodálaigh ====== Glacann Sorrentino seilbh ar chaint, mores agus zeitgeist Bhleá Cliath na náideanna agus Meiriceá na gcoillte cúil.
Oileán Úr America
" Deir sé nach bhfuil sé sásta dul isteach go mion sa scéal nó go mbíonn an chuma chéanna gach bliain ar thuras na nGael chuig an Oileán Úr.
thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh America gave them a strict warning
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
Oileán Úr America
" Nuair a thagann daoine aitheanta ón Oileán Úr ar cuairt chugainn, bítear ag súil le bheith ag léamh fúthu sna nuachtáin nó le cluinstin mar gheall orthu ar an raidió nó ar an teilifís tamall maith sula leagann siad cos ar thalamh na hÉireann.
ba é Meiriceá mangaire na troda America was the war monger
" I bhfaiteadh súile, ba é Meiriceá mangaire na troda agus an Rúis an síochánaí.
Oileán Úr America
" Athrú poirt a bhí i ndán dóibh, mar dhea, nuair a reáchtáil DiFranco ceardlann amhránaíochta agus ceoil i seanteach plandála i Louisiana – ceantar atá fréamhaithe go dlúth i stair fhoiréigneach, bhrónach, sclábhaithe Afracacha san Oileán Úr.
ladrainn Mheiriceá á leanstan America’s drones following him
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
seolfadh Meiriceá nó an ECAT America or NATO would send
" Níor mhaith liom go seolfadh Meiriceá nó an ECAT a gcuid tancanna isteach san Úcráin – cé a d’fhéadfadh Cogadh mór fuilteach a shamhlú agus muid ag cuimhneamh ar an Chogadh Mhór a thosaigh céad bliain ó shin.
chun na héiginnteachta san Oileáin Úr to uncertainty in America
" B'anseo a d'fhág an t-aos óg slán ag cairde is ag gaolta sular imigh siad siad chun na héiginnteachta san Oileáin Úr nó i Sasana nó i dtíortha níos faide i gcéin.
tOileán Úr America
" Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.