Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bagairt ar an Astráil threatening Australia
" Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil.
cén fáth gurb é leas na hAstráile why it's in Australia's interest
" An rud is mó atá ag cur as don phobal ná nach bhfuil sé mínithe fós ag an rialtas cén fáth gurb é leas na hAstráile dul ag troid.
díbríodh go dtí an Astráil iad they were banished to Australia
" Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.
Dhiúltaigh an Astráil Australia refused
" Dhiúltaigh an Astráil glacadh feasta leis an gCúirt Idirnáisiúnta Bhreithiúnais agus an Binse Idirnáisiúnta ar an gCoinbhinsiún maidir le Dlí na Mara dhá mhí sular bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach.
go dtí go sroichfidís an Astráil until they had reached Australia
" Tá cuid den phobal ag rá nár chóir don AFP an t-eolas a roinnt leis na póilíní thall mar go bhféadfaí pionós báis a ghearradh orthu má chiontaítear iad agus nár chóir iad a ghabháil go dtí go sroichfidís an Astráil.
An Astráil Gheal White Australia
" Bhí polasaí inimirce an rialtais (An Astráil Gheal) bunaithe ar chiníochas go dtí na seachtóidí.
cósta thiar na hAstraile the western coast of Australia
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thosaigh mé ar thuras síos cósta thiar na hAstraile – mé féin agus na mílte cúlphacálaí eile! Is cinnte go raibh a draíocht féin ag baint leis an Astráil, ach dar liomsa nach raibh ag éirí léi an Afraic a shárú.
faoi chósta thoir na hAstráile. about the east coast of Australia.
" Thar áit ar bith eile ar domhan, bhí an oiread sin dea-scéalta cloiste agam faoi chósta thoir na hAstráile.
ag taisteal abhaile ón Astráil travelling home from Australia
" Tugadh an sprioclá seo don teaghlach mar go raibh an mac is sine ag taisteal abhaile ón Astráil chun bheith ag colbha na leapa.
cósta thoir na hAstráile the east coast of Australia
" Bhí sé ar thuras taiscéalaíochta thar cósta thoir na hAstráile ag an am.
mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, because of the ageing of the population of Australia,
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
as gach cearn from every corner of Australia
" Mealltar daoine, ní hamháin as gach cearn den Astráil, ach as tíortha ar fud an domhain chun an cheantair seo.
meastar go forleathan san Astráil it is widely thought in Australia
" De réir suirbhéanna éagsúla, meastar go forleathan san Astráil nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do dhaoine atá ag obair ar chonradh AWA.
tháinig athrú ar rialtas na hAstráile the government of Australia changed
" Tá an t-olltoghchán thart, na vótaí comhairthe agus, mar a bhíothas ag súil leis, tháinig athrú ar rialtas na hAstráile den chéad uair ón mbliain 1996.
tháinig sé ar imirce chun na hAstráile he emigrated to Australia
" Rugadh Lee sa Chóiré i 1985, agus tháinig sé ar imirce chun na hAstráile lena thuismitheoirí agus é ceithre bliana d’aois.
saol dhúchasaigh na hAstráile life of the natives of Australia
" Faoi láthair ar a laghad tá siad ag obair as lámh a chéile ar chláracha praiticiúla le dul i ngleic leis na fadhbanna éagsúla a bhaineann le saol dhúchasaigh na hAstráile mar atá sé faoi láthair.
de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin because the first European settlement in Australia was founded there
" Bhí muintir Sydney den tuairim go mba cheart dá gcathairsean a bheith mar phríomhchathair na tíre de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin sa bhliain 1788 agus an choilíneacht á cur ar bun mar áitreabh pionóis.
aird na hAstráile Australia's attention
" Ní háibhéil é a rá go raibh aird na hAstráile dírithe ar an bpríomhchathair, Canberra, ar an 19 agus an 20 Aibreán i mbliana agus comhdháil náisiúnta – ar a tugadh Australia 2020 Summit – ar siúl.
gur chóir don Astráil a bheith ina poblacht that Australia should be a republic
" Cé gur eascair go leor moltaí an-suimiúla as an ócáid, bhí muintir na tíre thar a bheith tógtha le moladh faoi leith: gur chóir don Astráil a bheith ina poblacht roimh 2020.
formhór mhuintir na hAstráile most of the people of Australia
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe that the people of Australia have a lot of respect for the current queen of the UK
" Tuigeann Rudd freisin go bhfuil an-mheas ag muintir na hAstráile ar bhanríon reatha na Ríochta Aontaithe, ach nach bhfuil an meas céanna acu ar an duine a thiocfaidh i gcomharbacht uirthi: a mac.
go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh that Australia would take a stand with America in the war
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, president of the Olympic Committe of Australia
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
Iarthair na hAstráile Western Australia
" Bhí preasagallamh ag príomhaire Iarthair na hAstráile, Colin Barnett - atá ina bhall den Pháirtí Liobrálach - ar an lá céanna inar mhaígh sé gur tharla an pléascadh de dheasca gur steall daoine ar bord peitreal d’aon turas ar fud an bháid.
lár na hAstráile the centre of Australia
" ) Tugtar an Red Centre ar lár na hAstráile agus is minic atá an lár dearg feicthe agam.
abhus here in Australia
" Cé gur tréimhse an-fhada í sin, ní raibh ceist Arm na hAstráile sa chogadh ina cnámh spairne polaitiúil ná ina mórábhar i mbéal an phobail abhus go dtí le déanaí, in ainneoin gur maraíodh 21 saighdiúir agus gortaíodh tuairim is 150 acu ann.
aeráid na hAstráile Australia’s climate
" Mar a deir mo mháthair i gcónaí – ‘níor chaith éinne cóta riamh ar *Home & Away!*’ In ainneoin an dearcaidh choitianta sin ar aeráid na hAstráile, bíonn sé fuar go leor sa gheimhreadh in áiteanna agus bíonn neart bláir shneachta idir Canberra agus Melbourne.
aird na hAstráile attention of people in Australia
" Bhí aird na hAstráile dírithe ar ionchoisne cróinéara in Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, ar na saolta deireanacha seo.
thabhairt chun na hAstráile to bring to Australia
" Bhí John Howard ina Phríomh-Aire um an dtaca sin agus dhiúltaigh sé scun scan cead a thabhairt do chaptaen an Tampa na teifigh a tharrtháil sé a thabhairt chun na hAstráile.
i bhforbairt na hAstráile in the development of Australia
" Bhí baint ríthábhachtach ag na Squatters, mar a thugtaí orthu, i bhforbairt na hAstráile san ochtú haois déag, agus bhí an Rianach i measc lucht na buannachta, na suiteoirí, ba shaibhre sa choilíneacht.
ag iarraidh an Astráil a chosaint trying to defend Australia
" Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?
bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile Australia's premier soccer league competition
" Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile.
pholaiteoirí na hAstráile Australia’s politicians
" Níl sé amuigh ar pholaiteoirí na hAstráile gur dream iad a bhíonn ar thús cadhnaíochta i dtaca le beartas sóisialta.
lia-chleachtóirí na hAstráile Australia’s medical practitioners
" Anuas air sin, tá lia-chleachtóirí na hAstráile an-amhrasach faoin ról a bheadh acu dá gceadófaí eotanáis thoilteanach.
ag tréigean iargúil na hAstráile abandoning the Australia outback
" Tá go leor daoine ag tréigean iargúil na hAstráile na laethanta seo ach tá Dáithí Ó Colchúin dóchasach mar sin féin go mairfidh na pobail atá lonnaithe inti.
faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile about the way the people of Australia
" In eagrán mhí na Samhna de (i)Beo!(/i), scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais.
ról ard-ghobharnóir na hAstráile, Governor General of Australia
" Déanann Bearnaí Ó Doibhlin cur síos ar ról ard-ghobharnóir na hAstráile, an té a fheidhmíonn mar ionadaí Bhanríon na Ríochta Aontaithe thall.
an Astráil Australia
" Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
lár na hAstráile the centre of Australia
" Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile.
Ní fearrde an Astráil Australia is the worse off due to
" Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta.