Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile they hoodwinked Australian voters
" Fuarthas amach le deireanaí gur chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile.
an líon Astrálach the number of Australians
" Fógraíodh lá bróin san Astráil seachtain dár gcionn de bharr an líon Astrálach a maraíodh agus a goineadh.
gur shíolraigh an pheil Astrálach that Australian football originated from
" Tá roinnt mhaith daoine ann a cheapann gur shíolraigh an pheil Astrálach ón bpeil Ghaelach - nó gur col ceathracha iad ar a laghad.
triail Astrálach the trying of Australians
" Níl sé soiléir cén fáth ar tugadh an oiread sin airde ar an gcás sin nuair a dhéantar neamhshuim d’fhormhór na 150 cás eile a bhaineann le triail Astrálach thar lear.
pholasaí eachtrach na hAstráile Australian foreign policy
" Dúirt duine de na hionadaithe tar éis an chruinnithe nach le plé a dhéanamh ar pholasaí eachtrach na hAstráile bhí siad ansin.
luachanna Astrálacha Australian values
" Tamall tar éis an chruinnithe, dúirt Brendan Nelson, an tAire Oideachais, gur chóir níos mó béime a chur ar “luachanna Astrálacha”.
níorbh Astrálach é Simpson Simpson was not an Australian
" B’aisteach an sampla é mar níorbh Astrálach é Simpson ach Sasanach.
naonúr Astrálach a ghabháil to arrest nine Australians
" Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu.
bhratach na hAstráile the Australian flag
" Bhí cuid den slua ag caitheamh bhratach na hAstráile agus cuid mhaith acu faoi thionchar an óil.
meon na nAstrálach the mentality of the Australians
" Ceann de na leithscéalta ba sheafóidí a léigh mé ná ráiteas a thug cathaoirleach Choiste Thír Eoghain inar dhúirt sé, is cosúil, go raibh meon na nAstrálach tar éis dul i gcion ar na peileadóirí! Chuir sin ag gáirí mé.
barr iomlán bananaí na hAstráile the whole Australian banana crop
" Is sa gceantar a buaileadh a fhásann barr iomlán bananaí na hAstráile nach mór agus ceaptar gur scriosadh níos mó ná 80% de sin.
nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor that I didn't meet many Australians
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
dul sa tóir ar na hAstrálaigh to go looking for the Australians
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
do gheilleagar na hAstráile, for the Australian economy
" Is cinnte go bhfuil an earnáil turasóireachta iontach tábhachtach do gheilleagar na hAstráile, ach measaim gur cheart dóibh treoracha agus srianta áirithe a leagan síos do na ceantair seo nó beidh siad uilig millte, agus nuair a bheidh an damáiste déanta, beidh sé ródhéanach.
an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, to make the change from hurling to the Australian game,
" Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin.
an cluiche gairmiúil Astrálach the professional Australian game
" Traenáil chrua san AstráilBhí an difríocht idir an cluiche gairmiúil Astrálach agus na cluichí Gaelacha ó thaobh na traenála le tuiscint go soiléir freisin.
mothúcháin fhrith-Astrálacha anti-Australian sentiments
" D’éirigh go maith leis an íomhá seo nuair a bhí fórsaí ón Nua-Shéalainn i dTíomór Thoir mar go bhfuil mothúcháin fhrith-Astrálacha ag muintir Tíomór agus na hIndinéise.
faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach about the rough, brutal tactics of the Australians
" Mearbhall na nAstrálach An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta.
ar bhunús na peile Astrálaí, on the origin of Australian football,
" Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
le linn chamchuairt na nAstrálach thall during an Australian tour over there
" Dhá bhliain ó shin, chaill na hAstrálaigh sraith de chomórtais thrialacha a d’imir siad i gcoinne fhoireann Shasana le linn chamchuairt na nAstrálach thall.
dearcadh na nAstrálach the attitude of Australians
" Measaim gur chuir an Mardi Gras bliantúil go mór leis an bhfeachtas a bhí – agus atá – ar siúl sa tír seo le dearcadh na nAstrálach i leith an phobail seo a athrú.
carachtar na nAstrálach. character of the Australians
" Is dóigh liom go mbaineann an droch-cháil atá ar Canberra le stair na cathrach, le híomhá dhiúltach na bpolaiteoirí agus le tréithe áirithe a bhaineann le carachtar na nAstrálach.
na sé choilíneacht Astrálacha the six Australian colonies
" Stair Nuair a tháinig na sé choilíneacht Astrálacha le chéile sa bhliain 1901 le tír neamhspleách a bhunú, cuireadh ceist na príomhchathrach ar an méar fhada.
chúrsaí Astrálacha. Australian affairs
" (Ní raibh a fhios ag an saol mór go raibh sé ann de bharr nach dtugann na meáin thar lear – go háirithe san Stáit Aontaithe – mórán airde ar chúrsaí Astrálacha.
le hAmbasáid na hAstráile a chosaint. to defend the Australian Embassy
" Tá 110 saighdiúir lonnaithe i mBagdad, sa cheantar daingnithe ar a dtugtar an Crioslach Glas, le hAmbasáid na hAstráile a chosaint.
báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh boats and sailors of the Australian navy
" Anuas air sin, tá báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice.
Páirtí Lucht Oibre na hAstráile Australian Labor Party
" Cuireadh tús le beartas na coinneála éigeantaí sa bhliain 1992 agus Páirtí Lucht Oibre na hAstráile i réim.
Dála na nAstrálach like the Australians, or the same as the Australians
" Dála na nAstrálach ag an AIS, dhírigh na húdaráis sa Bhreatain Mhór ar spóirt áirithe, seachas a bheith ag díriú ar gach spórt ar chlár na gCluichí Oilimpeacha.
go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain. that Australians are the second fattest population in the world.
" Baineadh geit astu ní ba luaithe i mbliana nuair a foilsíodh tuarascáil a léirigh go bhfuil muintir na hAstráile ar an dara daonra is raimhre ar domhain.
muintir na hAstráile the Australian people
" Mar a mhínigh mé ag tús an ailt, is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí agus measaim go bhfuil a bhformhór sásta le dáta reatha an lae náisiúnta, de réir dealraimh.
Lá na hAstráile Australian Day
" ” Ainmníodh 26 Eanáir mar ‘Lá na hAstráile’ go hoifigiúil sa bhliain 1946, agus ceithre bliana déag ní ba dhéanaí, ainmníodh an chéad duine mar ‘Astrálach na Bliana’ ar an lá.
De réir dhlí na hAstráile by Australian law
" De réir dhlí na hAstráile, tógfar aon bhád a ghabhfar ar an ealaín seo go hionad coinneála ar Oileán Nollag - críoch de chuid na hAstráile atá san Aigéan Indiach - fad is a dhéantar iarratais ar thearmann na bpaisinéirí a mheas.
mhuintir na hAstráile the Australians
" Cuireann formhór mór mhuintir na hAstráile geall ar an rás, fiú iad siúd nach mbíonn aon bhaint acu le cúrsaí geallta is graí de ghnáth.
Astrálaigh Australian(s)
" Is breá leis na hAstrálaigh an pheil, nó ‘footie’ mar a thugann siad uirthi, ach feictear dom nach bhfuil daoine ná airgead go leor sa tír seo chun tacú le ceithre chineál peile ná iad a mhaoiniú ar bonn náisiúnta proifisiúnta.
Astrálach Australian
" Is é ‘Visceral’ an teideal atá ar an taispeántas agus tá sé bunaithe ar shaothar a rinne SymbioticA, foras Astrálach, a chruthaíonn ábhar ealaíne atá bunaithe ar theicneolaíocht na clónála agus a mbíonn idir shaothrúchán fíocháin agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist.
Astrálach na Bliana Australian of the Year
" Is gné neamhghnáth de shochaí na hAstráile é go n-ainmnítear duine go hoifigiúil gach bliain mar Astrálach na Bliana.
Lá na hAstráile Australian Day
" Fógraíonn an Príomh-Aire ainm an duine a thabhaíonn an dámhachtain seo mar bhuaicphointe an chomóraidh ar son Lá na hAstráile, an lá náisiúnta a cheiliúrtar ar 26 Eanáir.
muintir na hAstráile the Australians
" Fear Cúise ===== Tá ardmheas ag muintir na hAstráile ar dhaoine daonnachtúla, dála McKeon, agus ní raibh éinne ag súil le haon chonspóid, dá bhrí sin, nuair a fógraíodh a cheapachán ag searmanas mór in Canberra, an phríomhchathair.
stair na hAstráile Australian history
" Meastar go forleathan go bhfuil Ned Kelly, an ceithearnach coille a crochadh sa bhliain 1880 nuair nach raibh sé ach cúig bliana fichead, ar an duine Éireannach-Astrálach is clúití – nó míchlúití – i stair na hAstráile.
mhuintir na hAstráile the Australians
" Tá deighilt i measc mhuintir na hAstráile i dtaca leis an gCeallach, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin ar an iris seo (Eagrán 5, Meán Fómhair 2001).
muintir na hAstráile the Australians
" Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
mhuintir na hAstráile the Australians
" Tháinig sé aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile nuair a thug feisirí Pháirtí an Lucht Oibre bata agus bóthar do Kevin Rudd, a bhí ina Phríomh-Aire ag an am, i mí an Mheithimh 2010 (Eagrán 111, Iúil 2010).
gheilleagar na hAstráile the Australian economy
" Mhaígh sé go ndéanfadh a leithéid an-dochar do gheilleagar na hAstráile agus go mbeadh “people’s revolt” i gcoinne na cánach de bharr gur inis an Príomh-Aire bréag chorpanta dóibh.
lucht leanúna pheil na hAstráile of the Australian football supporters
" Ar an bhfoireann, bhí ról lárnach aige ar nós imreoir lár páirce sa pheil Ghaelach agus thuill sé meas lucht leanúna pheil na hAstráile.
ar tír mór san Astráil on the Australian mainland
" Tá líon na gcóálaí ar tír mór san Astráil tite 51 faoin gcéad le trí bliana anuas, de réir an Líonra, agus tá titim de 64 faoin gcéad le sonrú ó cuireadh tús le monatóireacht an Líonra deich mbliana ó shin.
shaíocht na hAstráile Australian culture
" Ní hionadh é mar sin go bhfuil spéis ar leith ag lucht staire na tíre sa tionchar a d’imir na Gaeil ar shaíocht na hAstráile.
dúnghaois inimirce na hAstráile the Australian immigration policy
"dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile the Australian Dept. of Immigration and Citizenship
" D’eisigh Roinn Inimirce agus Saoránachta na hAstráile tuarascáil ar na mallaibh faoi na tíortha as ar tháinig inimircigh le cur fúthu anseo sa bhliain airgeadais 2001/12, agus dealraíonn an staidreamh inti ar an gclaochlú seo.
rábálaí Astrálach an Australian sprinter
" Ritheadh an rún d’aon ghuth le leithscéal a ghabháil le Peter Norman, rábálaí Astrálach a tháinig sa dara háit sa rás dhá chéad méadar sna Cluichí Oilimpeacha i Meicsiceo sa bhliain 1968.
Tá Mealladh na nAstrálach Inti she can attract the Australians
" Tá Mealladh na nAstrálach Inti =============== Ní raibh an tréigean seo le feiceáil i mbliana, áfach, mar go bhfuil cóisir ar siúl ó cheann ceann na bliana le céad bliain na cathrach a cheiliúradh agus imeachtaí éagsúla go leor ann le freastal ar gach riachtanas.
Cailleadh Astrálaigh go leor many Australians died
" Cailleadh Astrálaigh go leor le linn an chogaidh agus b’údar aiféala agus teannais é neodracht na hÉireann ar fud an Chomhlathais.
cimí Éireannacha agus bundúchasaigh na hAstráile Irish prisoners and native Australians
" 
Mar shampla, an caidreamh idir cimí Éireannacha agus bundúchasaigh na hAstráile.
i stair na hAstráile in Australian history
" Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc a thug sé nuair a fógraíodh ainmneacha na haireachta go raibh an líon ba mhó ban inti le hais aon rialtas eile i stair na hAstráile.
nuachtáin na hAstráile the Australian newspapers
" Is le News Corporation de chuid Rupert Murdoch breis is 70 faoin gcéad de nuachtáin na hAstráile.
ACT Australian Capital Territory
" Is féidir leis na lánúineacha ádhúla seo fanacht sa bhaile anois, ámh, mar gur ritheadh bille sa tionól áitiúil in Canberra le déanaí a thugann cead dóibh pósadh san *Australian Capital Territory* (ACT), an chríoch bheag ina bhfuil an phríomhchathair.
inar cailleadh na mílte Astrálach in which thousands of Australians died
" Aisteach le rá, níl aon tagairt inti do chogadh amháin inar cailleadh na mílte Astrálach agus a mhair breis is céad bliain – Cogadh na Teorann.
mhuintir na hAstráile the Australian people
" Chuaigh an feachtas i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile toisc gur chuir sé ina luí orthu go raibh gluaisteán de chuid Holden ina íocón fíor-Astrálach agus go mbeadh sé ina ghníomh tírghrách ceann a cheannach dá bharr.
córas gradam na hAstráile the Australian system of honorary awards
" Bunaíodh córas gradam na hAstráile, an Order of Australia, sa bhliain 1975 in ionad an chórais impiriúil Bhriotanaigh, agus cuireadh deireadh leis na teidil ‘ridire’ agus ‘dáma’ sa chóras áitiúil beagnach tríocha bliain ó shin.
mhuintir na hAstráile the Australian people
" Cé gur tháinig fógairt Abbott aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile, níorbh aon ionadh é gur chinn Abbott go dtabharfaí isteach in athuair na teidil impiriúla thuas.
dá ghéillsinigh Astrálacha for his Australian subjects
" Is deis iontach í dá ghéillsinigh Astrálacha, leithéidí an ollaimh thuas, a ndílseacht a nochtadh don ábhar rí de shiotalach acu.
oirdheisceart na hAstráile the Australian south east
" Bhí a chroí istigh sna capaill fhiáine agus baineann an dán is clúití leis, ‘*The Man from Snowy River*’ le hiarracht rathúil corraitheach na capaill a thiomsú sna hAlpa in oirdheisceart na hAstráile.
Bromaigh na hAstráile the young Australian stallions
" Bromaigh na hAstráile ========= Meastar go bhfuil tuairim is 400,000 capall fiáin san Astráil, a bhformhór acu sna ceantair is iargúlta i dtuaisceart na tíre.
eagraíochtaí comhshaoil na hAstráile Australian environmental groups
" Tá éacht oibre déanta ag eagraíochtaí comhshaoil na hAstráile le fiche bliain anuas, dar le Dáithí Ó Colchúin .
muintir na hAstráile the Australian people
" Bí ag caint ar an nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre.
Astrálaigh Australian(s)
" Chaith Bearnaí Ó Doibhlin súil ar mhodhanna éagsúla caide an Astrálaigh.
na hAstráile Australian
" Neamart an pholaiteora i leith fhulaingt agus marú saighdiúirí na hAstráile san Afganastáin a tharraing aird Bhearnaí Uí Dhoibhlin.
mhuintir na hAstráile of the Australian people
" Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách.
Astrálach of Australians
" Ní beag an líon Astrálach atá míshásta le Jeaic an Aonaigh in uachtar cúinne a mbrataí.
Bunreacht na hAstráile the Australian Constitution
" Tá iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.
chóras oideachais na hAstráile the Australian education system
" Ní lia tír ná córas míchothromaíochta agus ní taise do chóras oideachais na hAstráile é dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
dearcadh mhuintir na hAstráile the Australians’ view
" Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre.
an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile how the large Australian parties think more
" Dearcann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo ar an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile a sochar polaitíochta féin ná urraim agus ceart a roinnt leis an té atá thíos.
reachtaíocht na hAstráile Australian legislation
" Tá Bearnaí Ó Doibhlin ag súil nach chun donais ná chun nimhe a rachfas saoirse cainte mar gheall ar leasú an Bolt Clause i reachtaíocht na hAstráile.