Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa tsochaí Ollannach in Dutch society
" De bharr go rabhamar thar lear chailleamar an histéire mhór a tharla sa tsochaí Ollannach tar éis na heachtra.
an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach the tolerant Dutch society
" Ó bhí an toghchán ann, is minic mé ag cur ceiste orm féin an bhfuil deireadh tobann tagtha leis an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach a raibh an oiread sin measa agam air.
grianghrafadóir Ollannach a Dutch photographer
" Beidh dhá leabhar nua á bhfoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta roimh dheireadh na bliana a bhfuil baint aige leo: leabhar taistil faoi Neipeal agus leabhar de ghrianghrafanna dá cheantar dúchais a ghlac grianghrafadóir Ollannach.
na hOllannaigh the Dutch
" Roinn na hOllannaigh, na Gearmánaigh agus na Sasanaigh an t-oileán eatarthu ag an am.
Ollainnis Dutch
" Cé go bhfuil formhór na n-altanna i mBéarla (461,000), tá líon mór iontrálacha le fáil i nGearmáinis (193,000), Fraincis (77,000), Polainnis (53,000), Sualainnis (59,000), agus Ollainnis (50,000).
Ollainnis Dutch
" Tá tuairim is 1,000 duine i mbun staidéir ar theangacha san ollscoil faoi láthair, agus naoi dteanga dhifriúla - Gaeilge, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis, Ollainnis, Portaingéilis agus an Béarla mar theanga iasachta - ar fáil.
chúlra stairiúil Ollanach Dutch historical background
" In 1804, cuireadh tús le Cumann Staire Nua-Eabhrac agus b’fhéidir mar gheall ar an chúlra stairiúil Ollanach a bhí ag Nua-Eabhrac, ghlac an cumann le Naomh Nioclás mar phatrún.
Ollainnis Dutch
" ” Tá cuid de shaothar Éilís aistrithe go Gearmáinis, Fraincis, Ollainnis, Danmhairgis, Rúisis, Slóivéinis agus teangacha eile nach iad.
chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh the English drove out the Dutch
" Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó an tSín.
nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach when the middle class was thriving in Dutch society
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
na hÍsiltírigh the Dutch
" Is é an rud is suntasaí faoin áit seo ná Battery Park, áit ar thóg na hÍsiltírigh agus na Sasanaigh dúnta chun an cuan a chosaint.
bean chróga Dhúitseach brave Dutch woman
" Tá daoine eile ann nár aithin mise: Corrie Ten Boom, bean chróga Dhúitseach a thug dídean do Ghiúdaigh le linn an dara cogadh domhanda; Barbara Ward, bean chumasach eile a thuig tábhacht an chomhshaoil roimh mhórán daoine eile agus Chiara Lubich, bunaitheoir na gluaiseachta spioradálta, Focolare.
aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le to follow the Dutch system which took
" Agus feidhm á baint as scoláireacht de chuid na hÍsiltíre a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar agus na ndochtúirí sa tír sin fén réimeas dleathach ana-dhifriúil, dhiúltaigh na breithimh aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le ‘*560 patients (some 0.
ré órga na hÍsiltíre the Dutch golden age
" Fear na dtéamaí ollmhóra é, téamaí cosúil le Réabhlóid na Fraince, ré órga na hÍsiltíre nó an nasc idir an tírdhreach fisiciúil agus an chuimhne dhaonna.
Ollanach Dutch person
" Is Ollanach é Hijmans a chaith dhá bhliain déag dá shaol ag cur faoi in Éirinn.
saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo. the work of this Dutch artist.
" Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.
saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo. the work of this Dutch artist.
" Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.
Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre the golden age of Dutch art
" Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar le Scuderie del Quirinale sa Róimh ar na mallaibh le súil a chaitheamh ar thaispeántas a amharcann siar ar shaothar Johannes Vermeer agus ar Ré Órga Ealaín na hÍsiltíre.