Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thochail dream eile díog roimhe another group dug a ditch in front of it
" Le stad a chur leis an bhóithrín uafásach seo, thochail dream eile díog roimhe, agus chuir siad bolláin in aice leis.
sáinnithe i ndíog stuck in a ditch
" Chuaigh an carr den bhealach mhór agus fágadh sáinnithe i ndíog mé.
díog ditch
" Bhí McMahon chomh hólta sin i ndiaidh ceann de na seisiúin seo i Málainn gur chuir sé a ghluaisteán i ndíog ar a bhealach abhaile.
díog ditch
" Bhí McMahon chomh hólta sin i ndiaidh ceann de na seisiúin seo i Málainn gur chuir sé a ghluaisteán i ndíog ar a bhealach abhaile.
díoga ditches
" Nócha bliain tar éis don chogadh críochnú, tá a rian fós le feiceáil sna díoga, agus faightear uirlisí díge, pléascáin agus coirp, fiú, ar na feirmeacha ansin go minic.
díog ditch
" Ní bhfuair ach capall amháin bás sa Grand National i mbliana, buíochas le Dia: Tyneandthyneagain, a thit isteach i ndíog le linn an rása.
bealach iarainn na ndíog the iron way of the ditches
" Ar ár gcéad lá, chuaigh muid suas Sas de Mezdi (2,727 méadar) ar an Via Ferrata delle Trincee (bealach iarainn na ndíog).
na hiománaithe ar an gclaí, the hurlers on the ditch,
" Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
Chlais ditch
" Bhí ár mballa féin againn, ‘an Chlais Dubh’, nó an ‘clash doo’ mar a thugtar air i mBéarla an Chabháin go fóill.
clais ditch
" Bíonn lochán le fásra nó clais mharbhánta ag teastáil ón Earc Luachra i gcomhair am an ghoir.
staighre agus claíocha cloch eatarthu a stairs and stone ditches between them
" An seanchóras garraíodóireachta: iomairí os cionn a chéile mar a bheadh staighre agus claíocha cloch eatarthu.
na hiománaithe ar an chlaí seo these hurlers on the ditch
" Ceisteanna i Réimsí Eile Saoil ========== Na *Northern Irish*, na hiománaithe ar an chlaí seo, an ansa leo *The Late, Late Show* nó Jonathan Ross? U2 nó Guns and Roses? Laethanta saoire i dTír Chonaill nó i bPort Rois? An abrann siad ‘TG Ceathair’ nó ‘TG Four’? (Maidir leis an teilifís de, cén fáth nach n-amharcann aon duine ó thuaidh ar *Fair City*? Ó thosaigh sé i 1989, cad chuige nár chuala oiread is duine amháin éinne ag fiafraí "Bhfaca tú Fair City aréir?") An dtugann siad douze points d'Éirinn agus null points don Ríocht Aontaithe sa chomórtas Eoraifíse? An dtugann siad Arm na Breataine nó An tArm ar, em, Arm na Breataine? An bhfuil naoi nó sé chontae in Ultaibh? Tá na mílte ceist againn ó thuaidh a léiríonn a bhfreagraí cén dearcadh polaitíochta atá ag duine, agus miondifríochtaí saíochta.